Nuacht an Tuaiscirt: 9 Nollaig

Nuacht an Tuaiscirt: 9 Nollaig

Covid-19

Deimhníodh dhá chás is fiche úr de Covid-19 i nDún na nGall i gceithre huaire fichead, sin an dara líon is mó de chásanna sna sé chontae fichead, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné.

220.5 cás in achan 100,000 duine an ráta cásanna atá sa chontae, an ráta is airde sa tír go fóill, i gcomparáid leis an mheán ráta náisiúnta, atá anois ag 80.2 in achan 100,000 duine.  

Bhí seacht n-othar agus fiche in otharlann Leitir Ceanainn ar an 8.00 aréir agus é deimhnithe go bhfuil an víreas Covid-19 orthu, an líon a b'airde d'othair le Covid-19 in Otharlanna na tíre aréir.

Bhí duine eile in aonad dianchúram na hotharlainne a raibh amhras ann go raibh an víreas orthu. Go náisiúnta deimhníodh 215 cás úr de Covid 19 agus fuair duine amháin eile bás mar gheall ar an víreas.

Busanna breise

Tá busanna breise ag freastal anois ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair, le cinntiú gur uasmhéid de 50% dena suíochán ar na busanna a bheas in úsáid ar sheirbhísí bus na scoile.

Chuir an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig fáilte roimh scéala atá faighte aige ó Bus Éireann maidir le seirbhísí taistil go Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus scoileanna eile.

Dúirt sé go bhfuair sé gearáin ó thuismitheoirí go raibh busanna scoile lán seachas iad a bheith leath lán, le cloí le treoirlínte Covid-19, agus go bhfuil dearbhú anois ó Bus Éireann gur leath lán a bheas busanna ag freastal ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair feasta.

Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig go mbeidh daltaí in ann taisteal go sábháilte na scoile anois agus an polasaí seo curtha i bhfeidhm ag Bus Éireann.

Tá margadh déanta le comhlachtaí busanna sa cheantar le busanna breise a chur ar fáil dona seirbhísí a bhíonn ag freastal ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair.

Bónas Nollag

Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalouge fáilte roimh chor a bheith €3m de Bhónais Nollag atá a íoc le daoine i nDún na nGall faoi Scéim Íocaíochtaí Covid-19.

Dúirt an tAire gur híocadh bónas breise de €2.9m le 10,389  duine i nDún na nGall atá ag fáil íocaíochtaí PUP inné, isteach ina gcuntais bainc.

Rinne an tAire McConalouge achainí ar dhaoine airgead a chaitheamh go háitiúil an Nollaig seo, os rud é go raibh tionchar tubaisteach ag Covid-19 ar ghnóanna i mbliana.

Dúirt sé fosta go n-íocfar 100% de bhónas Nollag i mbliana le pinsinéirí, daoine faoi mhíchumas, cúramóirí agus tuismitheoirí aonair.

Bád Eddie

Chuir Comhairleoir Contae Shinn Féin agus ball Bord Údarás na Gaeltachta, John Shéamais Ó Fearraigh, fáilte roimh an scéala go bhfuil €50,000 a chur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta do Bád Eddie ar thrá Mhachaire Chlochair i nGaothDobhair.

Dúirt sé gur seo dea-scéala don pharóiste agus don iar thuaisceart.  Tá feachtas ar bun le bliain ag coiste áitiúil, le dealbh úr a chur ag suíomh Bád Eddie ar thrá Machaire Clochair.

Dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint le Bád Eddie i nGaoth Dobhair ó thaobh na turasóireachta de, agus gur togra fiúntach an togra le struchtúr buan a chur ansin don todhchaí.

Tá sé mar sprioc ag an choiste áitiúil íomhá agus spiorad Bád Eddie a choinneáil mar lárphointe an pharóiste, a dúirt an Comhairleoir John Shéamuis Ó Fearraigh.

Tithíocht

Tá ball foirne aitheanta ag Comhairle Contae Dhún na nGall le comhairle a chur maidir leis na riachtanais tithíochta atá ag daoine aosta sa chontae.

D'fhógair an tAire Stát Tithíochta, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta, Peter Burke inné, go bhfuil comhairleoir teicniúil ceaptha anois ag achan údarás áitiúil sa tír, le plé le riachtanais tithíochta daoine aosta.

Is í Trudi O'Reilly atá ceaptha sa ról seo ag Comhairle Contae Dhún na nGall.

Sé'n príomh sprioc atá le ceapadh comhairleoirí teicniúla mar seo ar fud na tíre, ná tacú le daoine aosta maireachtáil go neamhspleách ina dtithe cónaithe féin.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John McLaughlin gur céim chun tosaigh na ceapacháin, agus iad ag cur i bhfeidhm polasaí Rialtais maidir le freastal ar dhaoine aosta. 

Beo

An Braon Gaelach

An Braon Gaelach

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Siúlach Scéalach

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

 
Tús Áite: Scéalta Spóirt

Tús Áite: Scéalta Spóirt

 
Tús Áite: Bille na dTeangacha Oifigiúla

Tús Áite: Bille na dTeangacha Oifigiúla

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 22/1/21

Tús Áite: 22/1/21

 
Mairéad Ní Neachtain : Gael Linn

Mairéad Ní Neachtain : Gael Linn

 
Daire Ó Faogáin : Strong Saol

Daire Ó Faogáin : Strong Saol

 
Orlaith Ní Chearra : Yoga agus aisteoireacht

Orlaith Ní Chearra : Yoga agus aisteoireacht

 
James Mahon : Craoltóir agus iriseoir

James Mahon : Craoltóir agus iriseoir

 
Aoibhe Ní Leathlobhair : Ceoltóir óg as Cill Dara

Aoibhe Ní Leathlobhair : Ceoltóir óg as Cill Dara

 
Ógie Ó Céilleachair : Na deá-scéalta

Ógie Ó Céilleachair : Na deá-scéalta

 
Bladhaire: Aoine Clár Iomlán

Bladhaire: Aoine Clár Iomlán

 
Jamie Coistín;ómós do Jerry Kiernan.

Jamie Coistín;ómós do Jerry Kiernan.

 
Dan Ó Céilleachair agus Leah Ní Dhonnchú;Tograí dian ghlasála

Dan Ó Céilleachair agus Leah Ní Dhonnchú;Tograí dian ghlasála

 
Darrán O Droma;Céim ar chéim

Darrán O Droma;Céim ar chéim

 
Liam Ó Loingsigh; Oileán Dairbhre

Liam Ó Loingsigh; Oileán Dairbhre

 
An Comh. Breandán Mac Gearailt;Co.Co. Chiarrai

An Comh. Breandán Mac Gearailt;Co.Co. Chiarrai

 
An Saol ó Dheas 22ú Eanair 2021

An Saol ó Dheas 22ú Eanair 2021

 
Mary Aggie.

Mary Aggie.

 
Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

 
Roise Mhic Laifeartaigh, Comhairle Contae Dhún na nGall.

Roise Mhic Laifeartaigh, Comhairle Contae Dhún na nGall.

 
Joe Ó Gallchóir as Teileann.

Joe Ó Gallchóir as Teileann.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 22102021

Barrscéalta, Clár iomlán, 22102021

 
Seamas Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

Seamas Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

 
Julianne Ní Chonchubhair, tuismitheoir.

Julianne Ní Chonchubhair, tuismitheoir.

 
Micheál Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Réigiún Údarás na Gaeltachta.

Micheál Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Réigiún Údarás na Gaeltachta.

 
Marc De Faoite, Stiúrthóir Fiontraiochta Údarás na Gaeltachta.

Marc De Faoite, Stiúrthóir Fiontraiochta Údarás na Gaeltachta.

 
Póilín Ní Chiaráin,  tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Seán Kelly, Feisire Eorpach.

Seán Kelly, Feisire Eorpach.

 
John Downing,  Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 22 Eanáir 2021.

Adhmhaidin: Dé hAoine 22 Eanáir 2021.

 
Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil

 
Tús Áite: Forbairt drugaí do Covid-19

Tús Áite: Forbairt drugaí do Covid-19

 
Tús Áite: Cásanna cúirte don oideachas

Tús Áite: Cásanna cúirte don oideachas

 
Tús Áite: Acht na dTeangacha Oifigiúla

Tús Áite: Acht na dTeangacha Oifigiúla

 
Tús Áite: Brú ar ospidéil

Tús Áite: Brú ar ospidéil

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 21/1/21

Tús Áite: 21/1/21

 
Cumann Mhic Reachtain : Daithí Mac Uait

Cumann Mhic Reachtain : Daithí Mac Uait

 
Diarmuid Ó Mathúna : Mo Food Blog

Diarmuid Ó Mathúna : Mo Food Blog

 
Dara Mac Gearailt : Cóitseáil saoil

Dara Mac Gearailt : Cóitseáil saoil

 
Aoi sa Chathaoir: Fiachna Ó Braonáin

Aoi sa Chathaoir: Fiachna Ó Braonáin

 
Bladhaire : Clár Iomlán Déardaoin 21/1/21

Bladhaire : Clár Iomlán Déardaoin 21/1/21

 
Mick Ó Brien;Dlúth chéirnín nua ar cheol Goodman

Mick Ó Brien;Dlúth chéirnín nua ar cheol Goodman

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Coláiste Bhríde, Rann na Feirste

Coláiste Bhríde, Rann na Feirste

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Tús Áite

Tús Áite

Barrscéalta

Barrscéalta

Bladhaire

Bladhaire

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís