Nuacht an Tuaiscirt: 8 Nollaig
Covid-19
Deimhníodh 27 cás úr de Covid-19 i nDún na nGall i gceithre huaire fichead, sin an dara líon is mó de chásanna sna sé chontae fichead, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné.
232.4 cás in achan 100,000 duine an ráta cásanna atá sa chontae, an ráta is airde sa tír, i gcomparáid leis an mheán ráta náisiúnta, atá anois ag 80.4 in achan 100,000 duine.
Go náisiúnta tráthnóna inné,deimhníodh 242 cás úr de Covid-19 agus ní bhfuair duine ar bith eile bás i gceithre huaire fichead mar gheall ar an víreas.
In Otharlann Leitir Ceanainn aréir bhí 30 othar san otharlann a raibh cás den víreas orthu, an líon is airde de chásanna in Otharlanna na tíre aréir, agus bhí duine amháin acusan san aonad dianchúram.
Comharthaí bóthair
Tá dearbhú tugtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall go gclúdófar an téacs Béarla ar chomharthaí bóthair Gaeltachta i nDún na nGall roimh dheireadh Feabhra seo chugainn, ag eascairt ó ghearán a rinne an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.
Dearbhaíodh fosta, i ndiaidh iniúchadh a dhéanamh ar chomharthaíocht bóthair sa Ghaeltacht, go gceartófaí aon bhotúin nó mílitriú ar chomharthaí bóthair sa chontae roimh dheireadh mí Mheithimh seo chugainn.
Is mór an trua gur bhéigean gearán a dhéanamh leis an Choimisinéir Teanga le go mbeadh comharthaí bóthair Gaeltachta ag cloí le Acht na dTeangacha, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig.
Tá feidhmeannaigh agus bainisteoirí sa Chomhairle Contae atá ag taispeáint dímheas don Ghaeilge go minic, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig.
Mic léinn
Tá mac léinn in achan cheathrar atá ag freastal ar Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn ó cheantar atá faoi mhíbhuntáiste, an sciar is mó in aon institiúid oideachais tríú leibhéal sa tír.
Léiríonn tuarascáil de chuid an Údaráis um Ard-Oideachais go bhfuil 25% de dhaltaí in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn ó cheantar atá faoi mhíbhuntáiste.
Tá sé sin i bhfad níos airde ná an meán ráta náisiúnta de 10% de mhic léinn tríú leibhéal a bhfuil cónaí orthu i gceantar atá faoi mhíbhuntáiste.
Tá 52% dena daltaí ansin ó cheantar atá faoi bhun an mheán do cheantair mhíbhuntáiste agus níl ach 3% de dhaltaí na hInstitiúide gur ó cheantar saibhir iad.
Tá 36% de dhaltaí ó Choláiste na Trionóide ó cheantar atá aitheanta mar cheantar saibhir.
Míoca
Tá measúnú eile a dhéanamh ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar thithe dá gcuid ina bhfuil na brící lochtacha míoca, a dúirt an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtas Áitiúil, Darragh O'Brien.
Dúirt sé é sin agus é ag freagairt ceiste ón Teachta Dála Pádraig Mac Lochlainn, maidir le cén tacaíocht airgid go díreach a bheas ar fáil don Chomhairle le cóiriú a dhéanamh ar corradh le míle teach de chuid na Comhairle ina bhfuil na brící lochtacha.
Dúirt an tAire O'Brien leis an Teachta Mac Lochlainn, chomh luath agus a bheas an measúnú críochnaithe ag an Chomhairle Contae, go ndéanfaidh an Roinn cinneadh maidir le cén dóigh is fearr le tabhairt faoin fhadhb.