Nuacht an Tuaiscirt: 4 Nollaig
Randox le tástálacha Covid-19 a dhéanamh
Tá sé deimhnithe ag an comhlacht Randox ar an Chlochan Liath go bhfuil siad ag tógáil Saotharlann tástála Covid-19 ag an láthair oibre ar an Chlochán Liath. Tá sé beartaithe acu suas le 30,000 tástálacha Covid-19 a dhéanamh sa lá. Dúirt an Dr. Peter Fitzgerald, Stiúrthóir an chomhlachta go gcuirfear tús leis an tástáil i Mí Eanáir na bliana seo chugainn. Beidh 50 post breise a chruthú sa chomhlacht a bhfuil 110 duine fostaithe ann cheanna féin. Tá Randox ar cheann de na cliantchomhlachtaí is mó atá ag Údarás na Gaeltachta agus ar cheann de na cliantchomhlachtaí is mó a chuireann fostaíocht ar fáil sa Ghaeltacht.
Covid-19
Deimhníodh sé chás agus fiche úr de Covid 19 i nDún na nGall i gceithre huaire fichead, sin an dara líon is mó de chásanna sna 6 condae fichead, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné. 212.3 cás in achan 100,000 duine an ráta cásanna atá sa chontae, an ráta is airde sa tír, i gcomparáid leis an mheán ráta náisiúnta, atá anois ag 79.7 in achan 100,000 duine. Bhí 36 othar in otharlann Leitir Ceanainn ar an 8.00 aréir agus é deimhnithe go bhfuil an víreas Covid-19 orthu, an líon a b'airde d'othair le Covid-19 in Otharlanna na tíre aréir. Bhí duine amháin acusan ag fáil cóir leighis in aonad dianchúram na hotharlainne, agus bhí duine eile san otharlann aréir a raibh amhras ann go raibh an víreas orthu. Go náisiúnta tráthnóna inné deimhníodh 306 cás úr den Víreas Corónach agus fuair duine eile bás mar gheall ar an víreas.
Togra Athghiniúna
Rinne Rannóg Pleanála Chomhairle Contae Dhún na nGall iarratas an tseachtain seo chuig an Ronn Gnóthaí Tuaithe agus Forbartha Pobail ar dheontas do thogra athghiniúna chalafoirt Ailt an Chorráin. Déanfaidh an obair seo athrú mór ar an cheantar, atá ag teastáil go géar, a dúirt an Comhairleoir Contae áitiúil, Nóirín Nic Gairbheith. San áireamh beidh ionaid dona báid farantóireachta, oifig don mháistir cuain, oifig turasóireachta, leithris phoiblí agus siopa agus bialann, le cois ionad cultúrtha agus oidhreachta. Beidh costas iomlán de €4m ag baint leis an togra athghniúna ag céibh Ailt an Chorráin. Tá súil an obair ar fad a bheith críochnaithe, ag brath ar mhaoiniú, fa cheann ocht mí dhéag. Tá maoiniú faighte ag an Chomhairle Contae don chéad chuid den obair athghiniúna in Ailt an Chorráin, le déileáil le sean fhoirgnimh atá i lár an bhaile agus le réitigh a fháil de aispeist atá iontu, agus tá súil tús a chur leis an obair sin i mí Mhárta.
Foláireamh Aimsire
Tá rabhadh aimsire, stádas buí fógraithe ag Oifig na hAimsire do Chondae Dhún na nGall ar maidin inniu. Tá galaí gaoithe 100 ciliméadar san uair tuartha don Chondae agus tá baol tuillte ar bhealtaí cois cósta. Mairfidh an stádas buí seo ón 11 a chlog ar maidin inniu go dtí'n 11 a chlog anocht. Moltar do thiománaithe a bheith cúramach agus iad ag taisteal ar bhóithre na Condae inniu. Agus tá tuairiscí go bhfuil bealach an Bhearnais Mhór thar a bheith sleamhnáin maidin inniu agus iarrtar ar thiománaithe a bheith cúramach. Agus tá an tseirbhís héileacaptar go hOileáin Thoraigh ar ceall inniu agus tá na seirbhísí farantóireachta go hOileán Aráinn Mhór ar ceall inniu chomh maith, da bharr na droch aimsire.