Nuacht an Tuaiscirt: 17 Samhain

Nuacht an Tuaiscirt: 17 Samhain

Covid-19

Deimhníodh aon chás déag úr den víreas corónach i dtréimhse ceithre huaire fichead, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné.

Tá an ráta cásanna sa chontae anois ag 269.5 in achan 100,000 duine, i gcomparáid leis an mheánráta náisiúnta de 120.4 in achan 100,000.

Bhí 41 othar a bhfuil Covid-19 orthu in Otharlann Leitir Ceanainn ar a 8.00 aréir, an líon a b'airde le Covid 19 in otharlanna na tíre aréir de réir an eolais ón Roinn Sláinte.

Tá beirt acu sin ag fáil cóir leighis in Aonad Dianchúram na hotharlainne agus tá cúigear eile san otharlann a bhfuil amhras ann go bhfuil an víreas orthu.

Ní raibh leabaí ar bith folamh san otharlann i Leitir Ceanainn aréir.

Otharlann Leitir Ceanainn

Dúirt Grúpa Saolta a dhéanann ionadaíocht ar Otharlann Leitir Ceanainn i ráiteas tráthnóna inné, go bhfuil cúrsaí thar a bheith gnóthach san otharlann an tseachtain seo, agus go bhfuil brú ollmhór ar fhoireann na hotharlainne mar gheall ar an ardú atá tagtha ar líon na gcásanna Covid 19 san otharlann.

Deir siad go bhfuil Foireann Bainistiú Ráigeanna na hOtharlainne ag leanstán ag déanamh monatóireacht ar chúrsaí san otharlann agus ag déanamh bainistíochta ar an ráig seo atá san Otharlann.

Thug an Grúpa le fios go bhfuil teisteanna don víreas a ndéanamh ar bhaill foirne san otharlann agus ar othair, agus hiarradh ar bhaill foirne a bhí in aice baill eile a fuair toradh dearfach, féin aonrú a dhéanamh.

Deir siad fosta go bhfuil an ráig seo ag cur isteach go mór ar choinní lae agus ar obráidí san Otharlann agus go bhfuil plean curtha ar bun le gur féidir leanstan le seirbhísí leighis agus an ráig seo san otharlann.

An tAthair Pádraig Ó Baoill

Dúirt an tAthair Pádraig Ó Baoill, Sagart Paróiste Ghaoth Dobhair  nach bhfuil cothrom na Féinne a thabhairt ag an Rialtas don Eaglais Chaitliceach agus go bhfuil frithChaitliceachas sa Rialtas.

Dúirt sé nach ndéanann sé ciall ar bith go bhfuil Scoltacha agus Ollmhargaí foscailte agus Tithe Pobail ina bhfuil tréan fairsigh iontu druidte.

Aontaíonn sé go bhfuil cúrsaí sábháilteachta tábhachtach ach measann sé go bhfuil leathall iomlán a dhéanamh don Eaglais.  

Chuir an tAthair Ó Baoill fáilte roimh fhógra na gceannairí Eaglasta  gur cheart cead a thabhairt na Tithe Pobail a oscailt, ach dúirt sé gur cheart daofa seo a dhéanamh i bhfad roimhe seo.  

Tá sé ag iarraidh ar an Rialtas a bheith siosmaideach agus éisteacht le achainí an phobail.

Páirtí an Lucht Oibre

Dúirt Séamus Mac Ruairi, Urlabhraí Pháirtí an Lucht Oibre i nDún na nGall go bhfuil sé tábhachtach go dtabharfadh an Rialtas treoir maidir leis an leibhéil seirbhísí eaglasta a bhéas ceadaithe ag Nollaig.

Dúirt sé go mbeidh ar Cheannairí Eaglais ullmhúcháin a dhéanamh sna Tithe Pobail agus plean sábháilteachta a chur i bhfeidhm sna Tithe Pobail  le cinntiú go mbeidh na Tithe Pobail sábháilte.

Dúirt sé go bhfuil tréimhse na Nollag fíor thábhachtach do chuid mhór daoine sa tír. 

Ceannaigh Dún na nGall 

Tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall leanstan leis an fheachtas Ceannaigh Dún na nGall go deireadh na bliana.

Bhí an feachtas seo ar siúl ar an deireadh seachtaine ón 6ú go dtí'n 8ú lá de Shamhain le díriú ar phobal na contae, earraí agus seirbhísí as Dún na nGall a cheannacht.

Ghlac breis agus 170 gnó páirt san fheachtas agus táthar dóchasach go nglacfaidh níos mó gnóanna páirt san fheachtas ó seo go Nollaig.

D'aontaigh Comhairleoirí Condae i gceantar Bardais na nGleanntach d'aon ghuth tacú go mór leis an fheachtas seo agus leis an tábhacht earraí ón Chontae seo a cheannacht an Nollaig seo.

Beo

Binneas Béil

Binneas Béil

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Tús Áite

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Eagla ar mhná dul ag rith go poiblí

Tús Áite: Eagla ar mhná dul ag rith go poiblí

 
Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

 
Tús Áite: Fiosrúchán faoi dhúnmharú Finucane

Tús Áite: Fiosrúchán faoi dhúnmharú Finucane

 
Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Covid-19

Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Covid-19

 
Tús Áite: 30/11/2020

Tús Áite: 30/11/2020

 
Tús Áite: Scéalta spóirt

Tús Áite: Scéalta spóirt

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Maolú srianta

Tús Áite: Maolú srianta

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 27/11/2020

Tús Áite: 27/11/2020

 
Aoi sa Chathaoir. Noel Ó Gallchóir.

Aoi sa Chathaoir. Noel Ó Gallchóir.

 
Tadhg Mac Dhonnagáin, ó Futa Fata.

Tadhg Mac Dhonnagáin, ó Futa Fata.

 
Póilín Nic Géidigh.

Póilín Nic Géidigh.

 
Ciara Ní Bhrádaigh.

Ciara Ní Bhrádaigh.

 
Hugh Carr leis 'Na Deá-Scéalta'.

Hugh Carr leis 'Na Deá-Scéalta'.

 
Bladhaire, Clár Iomlán, 271120.

Bladhaire, Clár Iomlán, 271120.

 
Tomás Rua Ó Cadhla.

Tomás Rua Ó Cadhla.

 
Marc Ó Conchúir.

Marc Ó Conchúir.

 
Seán Ó Súilleabháin: Cathaoirleach ar Chumann Staire Uíbh Laoire.

Seán Ó Súilleabháin: Cathaoirleach ar Chumann Staire Uíbh Laoire.

 
Leanaí ó Scoil Naomh Eirc.

Leanaí ó Scoil Naomh Eirc.

 
Seán Ó Cónaill.

Seán Ó Cónaill.

 
An Saol Ó Dheas: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

An Saol Ó Dheas: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

 
Mary Aggie.

Mary Aggie.

 
An file Máire “Dinny” Wren.

An file Máire “Dinny” Wren.

 
Diane Ni Chanainn, conraithe Diane.

Diane Ni Chanainn, conraithe Diane.

 
Aodán Ó Cearúil as Carraig a tSeascain, Gaoth Dobhair.

Aodán Ó Cearúil as Carraig a tSeascain, Gaoth Dobhair.

 
Donnchadh Ó Baoill, Údarás na Gaeltachta.

Donnchadh Ó Baoill, Údarás na Gaeltachta.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta: De hAoine 27 Samhain 2020.

Barrscéalta: De hAoine 27 Samhain 2020.

 
Aoibhín Ní Chonghaile, Oifigeach Réigiúnach, Aontas na Macléinn Dara Leibhéal in Éirinn.

Aoibhín Ní Chonghaile, Oifigeach Réigiúnach, Aontas na Macléinn Dara Leibhéal in Éirinn.

 
Máirtín Ó Conghaile, Coiste tacaíochta Chalafort Ros a Mhíl.

Máirtín Ó Conghaile, Coiste tacaíochta Chalafort Ros a Mhíl.

 
Seán Ó Neachtain, iar Fheisire Eorpach.

Seán Ó Neachtain, iar Fheisire Eorpach.

 
Catherine Connolly, T.D. ;eas Ceann Comhairle.

Catherine Connolly, T.D. ;eas Ceann Comhairle.

 
Dónal Nolan, leas-eagarthóir, An Kerryman.

Dónal Nolan, leas-eagarthóir, An Kerryman.

 
Éilish Ní Dhochartaigh, príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall.

Éilish Ní Dhochartaigh, príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair,

Nuacht an Iarthair,

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

Adhmhaidin: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

 
Tús Áite: Snámh san fharraige

Tús Áite: Snámh san fharraige

 
Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Ghaelcholáiste i nDún Dealgan

Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Ghaelcholáiste i nDún Dealgan

 
Tús Áite: Aire Dlí agus Cirt á ceistiú

Tús Áite: Aire Dlí agus Cirt á ceistiú

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 26/11/2020

Tús Áite: 26/11/2020

 
Sinéad Ní Scollaigh, Na Gaelgals.

Sinéad Ní Scollaigh, Na Gaelgals.

 
Eoin P Ó Murchú.

Eoin P Ó Murchú.

 
Gael thar Sáile Macdara Ó Drisceoil.

Gael thar Sáile Macdara Ó Drisceoil.

 
Mír an cheoil le Emma Ní Chearúil ó Raidió na Life.

Mír an cheoil le Emma Ní Chearúil ó Raidió na Life.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Tús Áite

Tús Áite

Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Bladhaire

Bladhaire

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís