Nuacht an Tuaiscirt: 13 Samhain

Nuacht an Tuaiscirt: 13 Samhain

Deontais

Tá chor a bheith €19m de dheontais agus de thacaíocht airgid íoctha le 2,300 gnó i gcontae Dhún na nGall, de bharr tionchar Covid-19 ar ghnóanna.  

Íocadh €18.6m de dheontais faoin scéim Atosú Gnó le lucht gnó i nDún na nGall suas go deireadh na míosa s'chuaigh thart.

Tá an scéim seo críochnaithe anois ach tá roinnt iarratais a bpróiseáil agus maoiniú le híoc faoi le lucht gnó sa chontae go fóill.

Sé'n uasmhéid airgid a íoctar faoin scéim Atosú Gnó ná €25,000 agus sé'n íosmhéid a íoctar ná €4,000.

Thréaslaigh Cathaoirleach Choiste Polasaí Corparáideach Forbairt Eacnamaíochta, Fiontair agus Éigeandála na Comhairle Contae, An Comhairleoir Ciarán Brogan, ag cruinniú den choiste inné, leis an obair atá déanta ag an Chomhairle chun tacú le lucht gnó in am dúshlánach mar seo.

Plean leathanbhanda

D'aontaigh an comhlacht atá ag soláthar plean leathanbhanda náisiúnta tuaithe an Rialtais, cur i láthair a dhéanamh ar a bplean oibre i nDún na nGall, ag cruinniú de Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Lorg Comhairleoirí Contae cruinniú le National Broadband Ireland le heolas a fháil ar a gclár oibre sa chontae agus cén uair a bheas an soláthar leathanbhanda ard luais a chur ar fáil acu san áit a bhfuil gá leis sa chontae.

Chuir an comhlacht tús le réamh obair sa chontae ar an 5ú lá de Dheireadh Fómhair, i gceantar Leitir Ceanainn.

Tá NBP le leathanbhanda ard luais a chur ar fáil do 544,000 custaiméir ar fud na tíre.

Dúirt Ceannasaí Rannóg Forbairt Eacnamaíochta, Fiontair agus Éigeandála na Comhairle Contae, Garry Martin go ndéanfaidh sé socrú an cur i láthair seo a eagrú, agus dúirt sé go bhféadfaí fiú a dhéanamh ag cruinniú míosúil na Comhairle ag deireadh na míosa seo.

Srianta Covid-19

Bhain Gardaí i nDún na nGall úsáid as na cumhachtaí breise a bronnadh orthu le déileáil le srianta Covid-19 38 iarraidh ó thús na géarchéime sláinte.

Dheimhnigh an tÚdarás Póilíneachta an tseachtain seo gur i réigiún Gardaí an iar thuaiscirt a ba mhó a bhain Gardaí úsáid as cumhachtaí breise ón 8ú Aibreán, áit ar baineadh úsáid as na cumhachtaí breise 242 iarraidh.

Go náisiúnta, d'úsáid Gardaí na cumhachtaí breise seo 702 iarraidh.

Thig fíneáil suas le €500 a chur ar dhaoine nach mbíonn ag cloí le srianta Covid-19 de réir cumhachtaí úra na nGardaí.

Margaíocht

D'iarr an Comhairleoir Contae Marie Therese Ní Ghallachóir go gcuirfeadh Comhairle Contae Dhún na nGall straitéis margaíochta ar bun dírithe ar na seacht gcinn de mhór áiseanna turasóireachta sa chontae.

Ba cheart brandáil agus margaíocht faoi leith a dhéanamh ar na háiseanna sin, faoi théama ar nós Seacht Seod Dhún na nGall, a dúirt sí.

Mhol sí fosta go mbeadh seacht seod turasóireachta eile in achan cheantar bardais, le turasóirí a mhealladh le cuairt a thabhairt ar pháirteanna éagsúla den chontae, áit a mbeadh sé furast turasóirí a mhealladh.

Dúirt sí é sin ag cruinniú na seachtaine seo de Choiste Polasaí Corparáideach, Forbairt Eacnamaíochta, Fiontair agus Éigeandála na Comhairle Contae.

Gabhla

Tá sé tugtha le fios ag Rannóg Pleanála Chomhairle Contae Dhún na nGall, tríd an Acht um Shaoráil Faisnéise, go bhfuil siad ag déileáil go fóill le sé chás maidir le forbairtí nach bhfuil ceadaithe ar oileán Ghabhla.

Baineann na cásanna seo le teach cónaithe, carbhán agus tithe soghluaiste. Tá orduithe forfheidhmithe eisithe ag an Chomhairle Contae maidir le teach amháin ar an oileán, carbhán amháin agus ceithre cinn de thithe soghluaiste.

Eisíodh na horduithe forfheidhmithe pleanála seo ar an 30ú Lúnasa 2018. Ordaíodh teach cónaithe a tógadh gan pleanáil a leagaint, díchoimisiúnú a dhéanamh ar dhabhach séarachais agus an suíomh a fhágáil mar a bhí sular tógadh an teach.

Ordaíodh carbhán agus trí theach soghluaiste a thógáil ón oileán agus ordaíodh teach soghluaiste eile a thógáil ón oileán agus adhmad a bhí a stóráil ar an láthair  in aice an tí,  a thógáil, agus féar a chur ar an suíomh.

D'iarr an Chomhairle, i gcomhfhreagrais a cuireadh ar an 30ú Lúnasa 2018,  go mbeadh na hordaithe seo ar fad curtha i gcrích taobh istigh de deich seachtainí.

Luaitear sna horduithe forfheidhmithe pleanála  a cuireadh chuig seisear ar an oileán, go bhféadfaí fineáil suas go €12.69m a chur orthu sa Chúirt nó suas le dhá bhliain sa phríosún, muna gcuirtear na beartais seo i bhfeidhm.

An tAthair Kevin O'Hara

Bronnadh Gradam Seirbhíse an Uachtaráin d'Éireannaigh thar lear ar shagart de bhunadh Dhún na nGall le gairid.

Bhronn an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney an gradam ar an Athair Kevin O'Hara, de bhunadh Shraith an Urláir, as an obair atá déanta aige san Nigéir.

Fuair an tAthair O'Hara gradam i rannóg na síochána, athmhuintearas agus forbartha.

Tá sé páirteach i gcur chun cinn cúrsaí comhshaoil, eacnamaíochta, agus cearta daonna sa Nigéir, i gcoinne oll chomhlachtaí móra ola.

Tá obair mhór déanta aige ag plé cearta daonna le comhlachtaí ola agus le Rialtas na Nígéire, agus iarrachtaí déanta aige feabhas a chur ar shaol na ndaoine ansin.

Beo

Binneas Béil

Binneas Béil

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Tús Áite

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Eagla ar mhná dul ag rith go poiblí

Tús Áite: Eagla ar mhná dul ag rith go poiblí

 
Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

 
Tús Áite: Fiosrúchán faoi dhúnmharú Finucane

Tús Áite: Fiosrúchán faoi dhúnmharú Finucane

 
Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Covid-19

Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Covid-19

 
Tús Áite: 30/11/2020

Tús Áite: 30/11/2020

 
Tús Áite: Scéalta spóirt

Tús Áite: Scéalta spóirt

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Maolú srianta

Tús Áite: Maolú srianta

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 27/11/2020

Tús Áite: 27/11/2020

 
Aoi sa Chathaoir. Noel Ó Gallchóir.

Aoi sa Chathaoir. Noel Ó Gallchóir.

 
Tadhg Mac Dhonnagáin, ó Futa Fata.

Tadhg Mac Dhonnagáin, ó Futa Fata.

 
Póilín Nic Géidigh.

Póilín Nic Géidigh.

 
Ciara Ní Bhrádaigh.

Ciara Ní Bhrádaigh.

 
Hugh Carr leis 'Na Deá-Scéalta'.

Hugh Carr leis 'Na Deá-Scéalta'.

 
Bladhaire, Clár Iomlán, 271120.

Bladhaire, Clár Iomlán, 271120.

 
Tomás Rua Ó Cadhla.

Tomás Rua Ó Cadhla.

 
Marc Ó Conchúir.

Marc Ó Conchúir.

 
Seán Ó Súilleabháin: Cathaoirleach ar Chumann Staire Uíbh Laoire.

Seán Ó Súilleabháin: Cathaoirleach ar Chumann Staire Uíbh Laoire.

 
Leanaí ó Scoil Naomh Eirc.

Leanaí ó Scoil Naomh Eirc.

 
Seán Ó Cónaill.

Seán Ó Cónaill.

 
An Saol Ó Dheas: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

An Saol Ó Dheas: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

 
Mary Aggie.

Mary Aggie.

 
An file Máire “Dinny” Wren.

An file Máire “Dinny” Wren.

 
Diane Ni Chanainn, conraithe Diane.

Diane Ni Chanainn, conraithe Diane.

 
Aodán Ó Cearúil as Carraig a tSeascain, Gaoth Dobhair.

Aodán Ó Cearúil as Carraig a tSeascain, Gaoth Dobhair.

 
Donnchadh Ó Baoill, Údarás na Gaeltachta.

Donnchadh Ó Baoill, Údarás na Gaeltachta.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta: De hAoine 27 Samhain 2020.

Barrscéalta: De hAoine 27 Samhain 2020.

 
Aoibhín Ní Chonghaile, Oifigeach Réigiúnach, Aontas na Macléinn Dara Leibhéal in Éirinn.

Aoibhín Ní Chonghaile, Oifigeach Réigiúnach, Aontas na Macléinn Dara Leibhéal in Éirinn.

 
Máirtín Ó Conghaile, Coiste tacaíochta Chalafort Ros a Mhíl.

Máirtín Ó Conghaile, Coiste tacaíochta Chalafort Ros a Mhíl.

 
Seán Ó Neachtain, iar Fheisire Eorpach.

Seán Ó Neachtain, iar Fheisire Eorpach.

 
Catherine Connolly, T.D. ;eas Ceann Comhairle.

Catherine Connolly, T.D. ;eas Ceann Comhairle.

 
Dónal Nolan, leas-eagarthóir, An Kerryman.

Dónal Nolan, leas-eagarthóir, An Kerryman.

 
Éilish Ní Dhochartaigh, príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall.

Éilish Ní Dhochartaigh, príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair,

Nuacht an Iarthair,

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

Adhmhaidin: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

 
Tús Áite: Snámh san fharraige

Tús Áite: Snámh san fharraige

 
Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Ghaelcholáiste i nDún Dealgan

Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Ghaelcholáiste i nDún Dealgan

 
Tús Áite: Aire Dlí agus Cirt á ceistiú

Tús Áite: Aire Dlí agus Cirt á ceistiú

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 26/11/2020

Tús Áite: 26/11/2020

 
Sinéad Ní Scollaigh, Na Gaelgals.

Sinéad Ní Scollaigh, Na Gaelgals.

 
Eoin P Ó Murchú.

Eoin P Ó Murchú.

 
Gael thar Sáile Macdara Ó Drisceoil.

Gael thar Sáile Macdara Ó Drisceoil.

 
Mír an cheoil le Emma Ní Chearúil ó Raidió na Life.

Mír an cheoil le Emma Ní Chearúil ó Raidió na Life.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Tús Áite

Tús Áite

Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Bladhaire

Bladhaire

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís