Nuacht an Tuaiscirt: 12 Samhain

Nuacht an Tuaiscirt: 12 Samhain

Covid-19

Deimhníodh 48 cás úr den víreas corónach i dtréimhse ceithre huaire fichead, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné, an dara líon is mó de chásanna sa tír.

Tá an ráta cásanna sa chontae anois ag 300.9 in achan 100,000 duine,  an ráta is airde sna 6 contae fichead agus níos mó ná dhá oiread an mheánráta náisiúnta de 145 in achan 100,000.

Bhí cúig othar is fiche le Covid-19 in Otharlann Leitir Ceanainn ag a 8.00 aréir, an ceathrú líon is mó othair leis an víreas in otharlanna na tíre ag an am sin aréir.

Bhí ceathrar eile san otharlann aréir a raibh amhras go bhfuil an víreas orthu. Go náisiúnta, deimhníodh 362 cás úr den víreas corónach tráthnóna inné agus fógraíodh go bhfuair beirt eile bás mar gheall ar an víreas.

Obráidí ar ceal

Cuireadh ar ceal breis agus 50% de na hobráidí a bhí le tarlú in Otharlann Leitir Ceanainn ar an mhí s'chuaigh thart, de bharr an brú a chur Covid-19 ar sheirbhísí san Otharlann.

Dúirt bainisteoir na hotharlainne, Seán Murphy gur chruthaigh Covid-19 go leor dúshláin agus deacrachtaí agus go raibh méadú mór ar leapacha san otharlann de bharr an víris.

Dúirt sé go bhfuil athbhreithniú leanúnach agus laethúil ar chúrsaí san otharlann, agus é ag tagairt den ráig de Covid-19 i measc baill foirne san otharlann ar an tseachtain seo caite.

Bhí tionchar ag an ráig seo ar obráidí agus tá níos lú obráidí anois agus béim ar obráidí práinneacha, a dúirt sé.

Dúirt sé gur dearnadh níos mó obráidí in Otharlann Leitir Ceanainn i mí Mheán Fómhair i mbliana ná mar a rinneadh i mí Mheán Fómhair anuraidh, ach go bhfuil tionchar anois ag Covid-19 ar líon na n-obráidí san otharlann.

Dúirt sé go bhfuil rannóg éigeandála na hotharlainne iontach gnóthach le cúpla mí de bharr Covid-19, ach deir sé go bhfuil siad ag bainistiú cúrsaí go maith faoi láthair. 

Iarracht robála

Tá Gardaí Bhun Cranncha ag fiosrú éachta robála ag Oifig Poist Chluain Maine i dtrátha an cúig a chlog tráthnóna inné.  Tháinig fear a raibh gunna a iompar aige agus púicín a chaitheamh aige isteach san oifig poist agus rinne sé bagairt ar an fhoireann oibre ann.

D'eirigh le ball foirne an córas aláram a chuir ar siúl agus d'éalaigh an fear ón láthair sula dtáinig na Gardaí.

Níor goideadh airgead ar bith agus níor gortaíodh duine ar bith san eachtra.

Tá Gardaí Bhun Crannacha ag lorg eolais ón phobal a bhí i gceantar Chluain Maine i dtrátha an cúig a chlog tráthnóna inné, go háirithe daoine a bhfuil ceamaraí ina gcarranna, teagmháil a dhéanamh leis na Gardaí.

Feirmeacha sliogéisc

Ní bheidh cinneadh a dhéanamh ag an Bhord Achomharc um Cheadúnais Dobharshaothraithe maidir leis na haighneachtaí atá déanta ag Coiste Sábháil Báigh Bhaile an Easa faoi fheirmeacha sliogéisc atá le forbairt ag Báigh Bhaile an Easa agus Machaire Rabhartaigh, go deireadh mhí an Mheithimh, na bliana seo chugainn.

Tá cead tugtha ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara do 14 cinn de na hiarratais a rinneadh ar fheirmeacha sliogéisc ag Báigh Bhaile an Easa agus Machaire Rabhartaigh agus tá sé ráite ag roinnt daoine áitiúla go gcuirfeadh an fhorbairt seo isteach go mór ar an cheantar.  

Bhí cinneadh le bheith déanta ag an Bhord maidir leis na haighneachtaí a cuireadh chucu ó Choiste Sábhail Báigh Bhaile an Easa agus aighneachtaí aonaracha roimh dheireadh na bliana seo.

Ach thug an Bord le fios do na grúpaí éagsúla nach mbeidh cinneadh déanta ar na haighneachtaí anois go dtí deireadh mhí an Mheithimh na bliana seo chugainn mar gheall ar na haighneachtaí a bheith chomh casta.

Beo

Binneas Béil

Binneas Béil

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Tús Áite

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An Comhairleoir Contae Séamus Cosaí Mac Gearailt

An Comhairleoir Contae Séamus Cosaí Mac Gearailt

 
Breandán Ó Cíobháin

Breandán Ó Cíobháin

 
Cáit Verling

Cáit Verling

 
Muiris Breathnach

Muiris Breathnach

 
An Saol Ó Dheas 01/12/2020

An Saol Ó Dheas 01/12/2020

 
Tús Áite: Eagla ar mhná dul ag rith go poiblí

Tús Áite: Eagla ar mhná dul ag rith go poiblí

 
Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

 
Tús Áite: Fiosrúchán faoi dhúnmharú Finucane

Tús Áite: Fiosrúchán faoi dhúnmharú Finucane

 
Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Covid-19

Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Covid-19

 
Tús Áite: 30/11/2020

Tús Áite: 30/11/2020

 
Tús Áite: Scéalta spóirt

Tús Áite: Scéalta spóirt

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Maolú srianta

Tús Áite: Maolú srianta

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 27/11/2020

Tús Áite: 27/11/2020

 
Aoi sa Chathaoir. Noel Ó Gallchóir.

Aoi sa Chathaoir. Noel Ó Gallchóir.

 
Tadhg Mac Dhonnagáin, ó Futa Fata.

Tadhg Mac Dhonnagáin, ó Futa Fata.

 
Póilín Nic Géidigh.

Póilín Nic Géidigh.

 
Ciara Ní Bhrádaigh.

Ciara Ní Bhrádaigh.

 
Hugh Carr leis 'Na Deá-Scéalta'.

Hugh Carr leis 'Na Deá-Scéalta'.

 
Bladhaire, Clár Iomlán, 271120.

Bladhaire, Clár Iomlán, 271120.

 
Tomás Rua Ó Cadhla.

Tomás Rua Ó Cadhla.

 
Marc Ó Conchúir.

Marc Ó Conchúir.

 
Seán Ó Súilleabháin: Cathaoirleach ar Chumann Staire Uíbh Laoire.

Seán Ó Súilleabháin: Cathaoirleach ar Chumann Staire Uíbh Laoire.

 
Leanaí ó Scoil Naomh Eirc.

Leanaí ó Scoil Naomh Eirc.

 
Seán Ó Cónaill.

Seán Ó Cónaill.

 
An Saol Ó Dheas: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

An Saol Ó Dheas: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

 
Mary Aggie.

Mary Aggie.

 
An file Máire “Dinny” Wren.

An file Máire “Dinny” Wren.

 
Diane Ni Chanainn, conraithe Diane.

Diane Ni Chanainn, conraithe Diane.

 
Aodán Ó Cearúil as Carraig a tSeascain, Gaoth Dobhair.

Aodán Ó Cearúil as Carraig a tSeascain, Gaoth Dobhair.

 
Donnchadh Ó Baoill, Údarás na Gaeltachta.

Donnchadh Ó Baoill, Údarás na Gaeltachta.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta: De hAoine 27 Samhain 2020.

Barrscéalta: De hAoine 27 Samhain 2020.

 
Aoibhín Ní Chonghaile, Oifigeach Réigiúnach, Aontas na Macléinn Dara Leibhéal in Éirinn.

Aoibhín Ní Chonghaile, Oifigeach Réigiúnach, Aontas na Macléinn Dara Leibhéal in Éirinn.

 
Máirtín Ó Conghaile, Coiste tacaíochta Chalafort Ros a Mhíl.

Máirtín Ó Conghaile, Coiste tacaíochta Chalafort Ros a Mhíl.

 
Seán Ó Neachtain, iar Fheisire Eorpach.

Seán Ó Neachtain, iar Fheisire Eorpach.

 
Catherine Connolly, T.D. ;eas Ceann Comhairle.

Catherine Connolly, T.D. ;eas Ceann Comhairle.

 
Dónal Nolan, leas-eagarthóir, An Kerryman.

Dónal Nolan, leas-eagarthóir, An Kerryman.

 
Éilish Ní Dhochartaigh, príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall.

Éilish Ní Dhochartaigh, príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair,

Nuacht an Iarthair,

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

Adhmhaidin: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

 
Tús Áite: Snámh san fharraige

Tús Áite: Snámh san fharraige

 
Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Ghaelcholáiste i nDún Dealgan

Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Ghaelcholáiste i nDún Dealgan

 
Tús Áite: Aire Dlí agus Cirt á ceistiú

Tús Áite: Aire Dlí agus Cirt á ceistiú

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Tús Áite

Tús Áite

Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Bladhaire

Bladhaire

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís