Nuacht an Tuaiscirt: 11 Samhain

Nuacht an Tuaiscirt: 11 Samhain

Covid-19

Deimhníodh 21 cás úr eile den víreas corónach i dtréimhse ceithre huaire fichead, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné, an dara líon is mó de chásanna sa tír.

Tá an ráta cásanna sa chontae anois ag 284.5 in achan 100,000 duine, an ráta is airde sna 6 contae fichead, i gcomparáid leis an mheánráta náisiúnta de 151 in achan 100,000.

Bhí cúig othar is fiche le Covid-19 in Otharlann Leitir Ceanainn ag a 8.00 aréir, an ceathrú líon is mó othair leis an víreas in otharlanna na tíre ag an am sin aréir.

Bhí ochtar eile san otharlann aréir a raibh amhras go bhfuil an víreas orthu.

Bhí othar amháin faoi chúram in Aonad Dian Chúram Otharlann Leitir Ceanainn aréir de bharr Covid-19.

Go náisiúnta, deimhníodh 270 cás úr den víreas agus fógraíodh go bhfuair seisear déag eile bás mar gheall ar an víreas.

Easpag Ráth Bhotha

Deir Easpag Dheoise Ráth Bhotha, Alan Mc Eochagáin, nach bhfuil sé sásta leis an dóigh a bhfuil an rialtas ag caitheamh le gnóthaí eaglasta i gcomhthéacs na géarchéime sláinte.

Dúirt sé go gcreideann sé go bhfuil easpa tuigmheála ag leibhéal rialtais maidir leis an tábhacht a bhaineann le cleachtadh an chreidimh do shláinte an phobail.

Is léir go bhfuil beag á dhéanamh den Eaglais sa tír faoi láthair agus tá imní ar an Easpag Mac Eochagáin go bhfuil meon frith-eaglasta á léiriú ag polaiteoirí sinsearacha na tíre i gcomhthéacs na srianta atá i bhfeidhm.

Tá sé tábhachtach go gcuirfeadh an pobal in iúl iad féin dá gcuid ionadaithe poiblí an tábhacht a bhaineann le freastal ar Aifrinn agus seirbhísí eaglasta faoi láthair, i dtimpeallacht atá slán sábháilte ó thaobh treoracha an rialtais de, a dúirt an tEaspag Mac Eochagáin.

Ailse brollaigh

Cuirfear tús arís inniu leis an chlár Breastcheck ag Otharlann Leitir Ceanainn.

Cuireadh stop leis an tseirbhís i mí an Mhárta mar gheall ar an ghéarchéim Covid 19 agus in ainneoin míshásamh a bheith léirithe ag go leor grúpaí ailse sa chontae faoin chinneadh an tseirbhís a chur ar ceal ag an am, níor cuireadh tús in athuair leis an tseirbhís go dtí anois.

Beidh aonad Breastcheck Otharlann Leitir Ceanainn ag feidhmiú cúig lá sa tseachtain leis na liostaí feithimh a laghdú nuair a chuirfear tús leis an tseirbhís arís inniu.

Tá 5,110 bean i nDún na nGall ag fanacht le coinne Breastcheck de réir na bhfigiúirí is deireanaí ó Fheidhmeanacht na Seirbhísí Sláinte.

Aerfort Dhún na nGall

Tiocfaidh ionadaithe ó Aerfort Dhún na nGall os comhair cruinniú de Chomhchoiste Oireachtais ar ghnóthaí iompar agus Cumarsáide maidin inniu chomh maith le ionadaithe ó aerfoirt Chnoc Mhuire agus Chiarraí.

Deir Leas-Chathaoirleach an Choiste Kieran O' Donnell go bhfuil sé tábhachtach anois go ndéanfar plé ar an chóras soilse tráchta maidir le taisteal idirnáisiúnta idir ballstáit an Aontais Eorpaigh go hairithe i gcomhthéacs daoine as an tír seo atá thar lear agus ag iarraidh pilleadh na baile don Nollaig.

Dhéanfar plé ar chúrsaí eitlíochta agus na haerfoirt mar gheall ar an ghéarchéim sláinte sa Dáil inniu chomh maith.

Ceadaíodh maoiniú €6 mhilliún do Aerfort Dhún na nGall faoi phacásite de €80 milliún i mbuiséad na bliana seo do aerfoirt na tíre.

Scéim Tithíochta

Tá an Comhairleoir Contae Micheal Choilm Mac Giolla Easpaig ag moladh go dtógfaí Ionad Súgartha agus ionad beag pobail i Machaire Chlochair nuair a bhéas an Scéim Tithíochta a thógáil ar an suíomh ina bhfuil Ardscoil Mhuire.

Tácead pleanála tugtha le 9 dteach is 20 a thógáil chomh maith le 5 Aonad do dhaoine le riachtanais speisialta.

Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig ag cruinniú de cheantar Bardais na nGleanntach le gairid go bhfuil sé tábhachtach  na haiseanna breise a thógáil nuair a bheas na tithe a dtógáil.

Táthar ag súil go gcuirfear tés leis an obair thógála taobh istigh de 6 mhí.

Tithíocht shóisialta

Tá obair ar bun maidir le tógáil 48 aonad de thithíocht shóisialta i gceantar bardais na nGleanntach i láthair na huaire. Cuireadh tús le obair thógála ar cheithre theach i nDún Fionnchaidh ar an 10ú lá de mhí Lúnasa.

Deir Rannóg Tithíochta na Comhairle Contae go bhfuil súil na tithe sin a bheith réidh san tríú ráithe den bhliain seo chugainn.

Dúirt an Comhairleoir Contae Michael McClafferty gur dea-scéala go bhfuil na tithe seo a dtógáil i nDún Fionnchaidh, áit a bhfuil éileamh mór ar thithíocht shóisialta, a dúirt sé.

Tá obair ar bun le dearadh a dhéanamh ar 44 aonad tithíochta ar an Chlochán Liath.  

Tá sé i gceist na tithe seo a thógáil ar shuíomh ag Bóthar an tSéipéil ar an Chlochán Liath.

Beo

Binneas Béil

Binneas Béil

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Tús Áite

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An Comhairleoir Contae Séamus Cosaí Mac Gearailt

An Comhairleoir Contae Séamus Cosaí Mac Gearailt

 
Breandán Ó Cíobháin

Breandán Ó Cíobháin

 
Cáit Verling

Cáit Verling

 
Muiris Breathnach

Muiris Breathnach

 
An Saol Ó Dheas 01/12/2020

An Saol Ó Dheas 01/12/2020

 
Tús Áite: Eagla ar mhná dul ag rith go poiblí

Tús Áite: Eagla ar mhná dul ag rith go poiblí

 
Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

 
Tús Áite: Fiosrúchán faoi dhúnmharú Finucane

Tús Áite: Fiosrúchán faoi dhúnmharú Finucane

 
Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Covid-19

Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Covid-19

 
Tús Áite: 30/11/2020

Tús Áite: 30/11/2020

 
Tús Áite: Scéalta spóirt

Tús Áite: Scéalta spóirt

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Maolú srianta

Tús Áite: Maolú srianta

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 27/11/2020

Tús Áite: 27/11/2020

 
Aoi sa Chathaoir. Noel Ó Gallchóir.

Aoi sa Chathaoir. Noel Ó Gallchóir.

 
Tadhg Mac Dhonnagáin, ó Futa Fata.

Tadhg Mac Dhonnagáin, ó Futa Fata.

 
Póilín Nic Géidigh.

Póilín Nic Géidigh.

 
Ciara Ní Bhrádaigh.

Ciara Ní Bhrádaigh.

 
Hugh Carr leis 'Na Deá-Scéalta'.

Hugh Carr leis 'Na Deá-Scéalta'.

 
Bladhaire, Clár Iomlán, 271120.

Bladhaire, Clár Iomlán, 271120.

 
Tomás Rua Ó Cadhla.

Tomás Rua Ó Cadhla.

 
Marc Ó Conchúir.

Marc Ó Conchúir.

 
Seán Ó Súilleabháin: Cathaoirleach ar Chumann Staire Uíbh Laoire.

Seán Ó Súilleabháin: Cathaoirleach ar Chumann Staire Uíbh Laoire.

 
Leanaí ó Scoil Naomh Eirc.

Leanaí ó Scoil Naomh Eirc.

 
Seán Ó Cónaill.

Seán Ó Cónaill.

 
An Saol Ó Dheas: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

An Saol Ó Dheas: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

 
Mary Aggie.

Mary Aggie.

 
An file Máire “Dinny” Wren.

An file Máire “Dinny” Wren.

 
Diane Ni Chanainn, conraithe Diane.

Diane Ni Chanainn, conraithe Diane.

 
Aodán Ó Cearúil as Carraig a tSeascain, Gaoth Dobhair.

Aodán Ó Cearúil as Carraig a tSeascain, Gaoth Dobhair.

 
Donnchadh Ó Baoill, Údarás na Gaeltachta.

Donnchadh Ó Baoill, Údarás na Gaeltachta.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta: De hAoine 27 Samhain 2020.

Barrscéalta: De hAoine 27 Samhain 2020.

 
Aoibhín Ní Chonghaile, Oifigeach Réigiúnach, Aontas na Macléinn Dara Leibhéal in Éirinn.

Aoibhín Ní Chonghaile, Oifigeach Réigiúnach, Aontas na Macléinn Dara Leibhéal in Éirinn.

 
Máirtín Ó Conghaile, Coiste tacaíochta Chalafort Ros a Mhíl.

Máirtín Ó Conghaile, Coiste tacaíochta Chalafort Ros a Mhíl.

 
Seán Ó Neachtain, iar Fheisire Eorpach.

Seán Ó Neachtain, iar Fheisire Eorpach.

 
Catherine Connolly, T.D. ;eas Ceann Comhairle.

Catherine Connolly, T.D. ;eas Ceann Comhairle.

 
Dónal Nolan, leas-eagarthóir, An Kerryman.

Dónal Nolan, leas-eagarthóir, An Kerryman.

 
Éilish Ní Dhochartaigh, príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall.

Éilish Ní Dhochartaigh, príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair,

Nuacht an Iarthair,

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

Adhmhaidin: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

 
Tús Áite: Snámh san fharraige

Tús Áite: Snámh san fharraige

 
Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Ghaelcholáiste i nDún Dealgan

Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Ghaelcholáiste i nDún Dealgan

 
Tús Áite: Aire Dlí agus Cirt á ceistiú

Tús Áite: Aire Dlí agus Cirt á ceistiú

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Tús Áite

Tús Áite

Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Bladhaire

Bladhaire

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís