Nuacht an Tuaiscirt: 30 Deireadh Fómhair

Nuacht an Tuaiscirt: 30 Deireadh Fómhair

Covid-19

Deimhníodh 56 cás úr den víreas corónach i dtréimhse ceithre huaire fichead i nDún na nGall an tríú líon is airde de chásanna úra sa tír, de réir na bhfigiúirí is deireanaí a d'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna inné.

866 cás úr a deimhníodh go náisiúnta inné agus fuair seisear eile bás mar gheall ar an víreas.

317 cás in achan céad míle duine an ráta coicíse i nDún na nGall faoi láthair i gcomparáid leis an mheán ráta náisiúnta de 292 cás in achan 100,000.

Deimhníodh 505 cás úr den víreas corónach in nDún na nGall idir an 15ú agus an 28ú Deireadh Fómhair.

Coiste Iascaigh

Tá naonúr ball ó earnáil na hiascaireachta i nDún nGall ainmnithe ar Choiste Polasaí Corparáideach Iascaigh Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Beidh an chéad chruinniú ag an choiste iomlán Dé Máirt seo chugainn, le socrú a dhéanamh do chruinniú a bheas ag an Choiste leis an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue go luath, maidir le clár oibre an choiste agus oibreacha atá le déanamh.

I measc na mball atá ainmnithe ar an choiste úr seo, tá príomhfheidhmeannach Chumann Iascairí na gCealla Beaga, Seán O'Donoghue, Eddie Kelly ó Chomharchumann Iascaigh Cheann Mhálainne, Francis O'Donnell, príomhfheidhmeannach Iascaigh Intíre Éireann, Jim O'Toole, príomhfheidhmeannach Bhord Iascaigh Mhara, John O'Brien as Inis Bó Finne agus Gerry Early as Árainn Mhór.

Seo an chéad uair le blianta fada Coiste Corparáideach Iascaigh curtha ar bun ag Comhairle Contae Dhún na nGall.

John O'Brien

Tá an ball ainmnithe ar Choiste Iascaigh na Comhairle Contae John O'Brien, dóchasach gur dul chun cinn don earnáil é, an coiste seo a bheith curtha ar bun, agus deir sé gur deis atá san choiste seo dul chun cinn riachtanach a dhéanamh.

Tá gá díriú ar cheisteanna móra tromchúiseacha atá ag cur isteach ar an earnáil i láthair na huaire, a dúirt John O'Brien.

D'fhéadfadh tionchar tubaisteach a bheith ag imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach ar an earnáil i nDún na nGall, a deir sé.

Caithfear díriú ar fhorbairt ag céibheanna, céibh Mhachaire Rabhartaigh go háirithe, le cois daoine óga a mhealladh le tabhairt faoin iascaireacht, a dúirt sé. 

Coiste Talmhaíochta


Beidh cruinniú ag Coiste Talmhaíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall leis an Aire Talmhaíochta Charlie McConologue Dé hAoine seo chugainn.

Beidh cathaoirleach an Choiste, an Comhairleoir Liam Blaney, i láthair ag an chruinniú chomh maith le hionadaithe ó Eagrais Talmhaíochta ar fud na Contae.

I measc na n-ábhar a bheas a phlé, beidh an Breatimeacht, Scéimeanna Deontais agus Scéimeanna Timpeallachta.

Dúirt an Comhairleoir Contae Bernard McGuinness, ball den Choiste, gur an Breatimeacht an cheist is tábhachtaí faoi láthair d'fheirmeoirí Dhún na nGall.

Dúirt sé gur Dún na nGall is mo a bheas buailte maidir le hainmhithe agus ábhar bia atá á dtabhairt trasna na teorann go laethúil agus go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfeadh an Coiste a n-imní in iúl don Aire.

Beo

Ceol Binn ó na Beanna

Ceol Binn ó na Beanna

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

An Bóthar go Nashville

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Eagla ar mhná dul ag rith go poiblí

Tús Áite: Eagla ar mhná dul ag rith go poiblí

 
Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

 
Tús Áite: Fiosrúchán faoi dhúnmharú Finucane

Tús Áite: Fiosrúchán faoi dhúnmharú Finucane

 
Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Covid-19

Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Covid-19

 
Tús Áite: 30/11/2020

Tús Áite: 30/11/2020

 
Tús Áite: Scéalta spóirt

Tús Áite: Scéalta spóirt

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Maolú srianta

Tús Áite: Maolú srianta

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 27/11/2020

Tús Áite: 27/11/2020

 
Aoi sa Chathaoir. Noel Ó Gallchóir.

Aoi sa Chathaoir. Noel Ó Gallchóir.

 
Tadhg Mac Dhonnagáin, ó Futa Fata.

Tadhg Mac Dhonnagáin, ó Futa Fata.

 
Póilín Nic Géidigh.

Póilín Nic Géidigh.

 
Ciara Ní Bhrádaigh.

Ciara Ní Bhrádaigh.

 
Hugh Carr leis 'Na Deá-Scéalta'.

Hugh Carr leis 'Na Deá-Scéalta'.

 
Bladhaire, Clár Iomlán, 271120.

Bladhaire, Clár Iomlán, 271120.

 
Tomás Rua Ó Cadhla.

Tomás Rua Ó Cadhla.

 
Marc Ó Conchúir.

Marc Ó Conchúir.

 
Seán Ó Súilleabháin: Cathaoirleach ar Chumann Staire Uíbh Laoire.

Seán Ó Súilleabháin: Cathaoirleach ar Chumann Staire Uíbh Laoire.

 
Leanaí ó Scoil Naomh Eirc.

Leanaí ó Scoil Naomh Eirc.

 
Seán Ó Cónaill.

Seán Ó Cónaill.

 
An Saol Ó Dheas: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

An Saol Ó Dheas: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

 
Mary Aggie.

Mary Aggie.

 
An file Máire “Dinny” Wren.

An file Máire “Dinny” Wren.

 
Diane Ni Chanainn, conraithe Diane.

Diane Ni Chanainn, conraithe Diane.

 
Aodán Ó Cearúil as Carraig a tSeascain, Gaoth Dobhair.

Aodán Ó Cearúil as Carraig a tSeascain, Gaoth Dobhair.

 
Donnchadh Ó Baoill, Údarás na Gaeltachta.

Donnchadh Ó Baoill, Údarás na Gaeltachta.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta: De hAoine 27 Samhain 2020.

Barrscéalta: De hAoine 27 Samhain 2020.

 
Aoibhín Ní Chonghaile, Oifigeach Réigiúnach, Aontas na Macléinn Dara Leibhéal in Éirinn.

Aoibhín Ní Chonghaile, Oifigeach Réigiúnach, Aontas na Macléinn Dara Leibhéal in Éirinn.

 
Máirtín Ó Conghaile, Coiste tacaíochta Chalafort Ros a Mhíl.

Máirtín Ó Conghaile, Coiste tacaíochta Chalafort Ros a Mhíl.

 
Seán Ó Neachtain, iar Fheisire Eorpach.

Seán Ó Neachtain, iar Fheisire Eorpach.

 
Catherine Connolly, T.D. ;eas Ceann Comhairle.

Catherine Connolly, T.D. ;eas Ceann Comhairle.

 
Dónal Nolan, leas-eagarthóir, An Kerryman.

Dónal Nolan, leas-eagarthóir, An Kerryman.

 
Éilish Ní Dhochartaigh, príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall.

Éilish Ní Dhochartaigh, príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair,

Nuacht an Iarthair,

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

Adhmhaidin: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

 
Tús Áite: Snámh san fharraige

Tús Áite: Snámh san fharraige

 
Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Ghaelcholáiste i nDún Dealgan

Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Ghaelcholáiste i nDún Dealgan

 
Tús Áite: Aire Dlí agus Cirt á ceistiú

Tús Áite: Aire Dlí agus Cirt á ceistiú

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 26/11/2020

Tús Áite: 26/11/2020

 
Sinéad Ní Scollaigh, Na Gaelgals.

Sinéad Ní Scollaigh, Na Gaelgals.

 
Eoin P Ó Murchú.

Eoin P Ó Murchú.

 
Gael thar Sáile Macdara Ó Drisceoil.

Gael thar Sáile Macdara Ó Drisceoil.

 
Mír an cheoil le Emma Ní Chearúil ó Raidió na Life.

Mír an cheoil le Emma Ní Chearúil ó Raidió na Life.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Tús Áite

Tús Áite

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Bladhaire

Bladhaire

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís