Nuacht an Tuaiscirt: 29 Deireadh Fómhair

Nuacht an Tuaiscirt: 29 Deireadh Fómhair

Covid-19

Deimhníodh 20 cás úr den víreas corónach i dtréimhse ceithre huaire fichead i nDún na nGall tráthnóna inné.

313 cás in achan 100,000 duine an ráta i nDún na nGall faoi láthair maidir leis an víreas i gcomparáid leis an mheán ráta náisiúnta de 299 cás in achan 100,000.  

Deimhníodh 498 cás úr den víreas sa chontae seo idir an 14ú Deireadh Fómhair agus an 27ú Deireadh Fómhair.

Siopadóireacht na Nollag

Tá sé níos tábhachtaí i mbliana thar bliain ar bith eile go ndéanfadh an pobal siopadóireacht na Nollag sa bhaile agus tacú le gnóanna áitiúla, a dúirt, Ann Doherty as Carraig Airt a bhfuil feachtas siopadóireachta seolta aici ar Twitter.  

Donegal Your Christmas an t-ainm atá ar an fheachtas agus sin an haischlib atá le húsáid fosta.

Tá liosta d'achan chineál gnó sa chontae curtha ar an liosta ag Anne Doherty ar Twitter agus tá sí ag iarraidh go gcuirfidh daoine leis an liosta sin ag úsáid an hais-chlib.  

Dúirt Anne Doherty gur deis iontach atá in Twitter chun do ghnó a chur ar ardán domhanda.  

Dúirt sí fosta go dtuigeann sí gur seo am cruaidh do dhaoine, go háirithe iad siúd a chaill postanna nó ar dearnadh laghdú ar a n-ioncam ach d'impigh sí ar dhuine ar bith a bhfuil airgead le spáráil acu é a chaitheamh ar ghnóanna sa chontae an Nollaig seo.

Taisteal

Tá laghdú suntasach ar an líon tráchta atá ag taistil ar bhóithre Dhún na nGall ó cuireadh srianta leibhéal a 5 an rialtais i bhfeidhm sa chontae.  

De réir anailíse a rinneadh ar chúrsaí tráchta na contae De Máirt, bunaithe ar fhigiúirí ó Bhonneagair Iompar Éireann, bhí titim 20% ar an méid tráchta a bhí ag taistil ar roinnt dona bóithre sa chontae i gcomparáid leis an Mháirt roimhe sin.  

Tá gléasanna cuntais tráchta ag an TII ar aon bhealach dhéag de phríomh bhóithre Dhún na nGall.

I measc na mbóithre a raibh titim ar an líon tráchta a bhí ag taisteal orthu, bhí bealach an N13, taobh amuigh de Leitir Ceanainn, áit a raibh titim 22%, Bealach an Bhearnais Mhóir idir Bealach Féith agus Baile Dhún na nGall áit a raibh titim 20% agus Bealach an N14 idir Leifear agus Leitir Ceanainn áit a raibh titim 22%.

Liostaí feithimh tiomána

Tá 1,330 duine i nDún na nGall ar liostaí feithimh tiomána san am i láthair de réir figiúirí atá eisithe.  

Tá 697 duine ar an liosta feithimh in Ionad Tástála Leitir Ceanainn, 398 in Ionad Tástála Bhaile Dhún na nGall, agus 235 duine atá ar liosta feithimh Bhun Crannacha.  

Deir an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre go bhfuil achan seans go mbeidh ar dhaoine a dhéanann iarratas don scrúdú tiomána anois fanacht sé mhí don scrúdú.

Scéim chúitimh míoca

Corradh le 40 iarratas a rinneadh ar scéim chúitimh míoca i nDún na nGall le linn na míosa seo agus tá níos lú ná 100 iarratas déanta ar an scéim chúitimh go dtí seo.  

Tá litreacha faighte ag roinnt úinéir tithe le coicís ag déanamh tairiscint daofa lena dtithe a chóiriú, agus meastar go mbeidh tuilleadh tairiscintí a bhfáil ag úinéirí tí taobh istigh de sheachtain.

Dúradh ag cruinniú de Choiste míoca na Comhairle Contae inné go bhfuil rudaí ag bogadh níos moille ná mar a bhíthear ag dréim leis faoin scéim.

Eitinn Bhólachta

Cuireadh níos mó ná daichead ainmhí chun báis ar fheirm in Oirthear Dhún na nGall le roinnt seachtainí mar go raibh an Eitinn Bhólachta orthu.  

Tá sé ar cheann dona heachtraí is measa a tuairiscíodh sa chontae go dtí seo maidir le hEitinn Bhólachta de, agus meastar go nglacfaidh sé dhá bhliain don fheirm a theacht as an eachtra seo.  

Dúirt Oifigeach Sláinte Ainmhithe Dhún na nGall ón eagraíocht Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann, Laurence McNamee, go bhfuil sé neamhghnách go mbeadh an oiread sin cásanna den Eitinn Bhólachta i measc tréad amháin.  

Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach anois iarracht a dhéanamh foinse an ghalair a aimsiú agus tá an Roinn Talmhaíochta ag iarraidh ar fheirmeoirí a bhfuil brocacha ar a dtalamh teagmháil a dhéanamh leo.

Gradaim Oireachtais

Bronnadh Gradam Pearsa Raidió na Bliana ar Áine Ní Bhreisleáin an tigh seo ag ócáid bhronnta Ghradaim an Oireachtais a bhí ar siúl ar líne aréir.  

Bíonn Áine le cluinstin ar an chlár Bladhaire a bhíonn a chraoladh ó Stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta anseo sna Doirí Beaga.  

Bronnadh Buaic Ghradam Cumarsáide an Oireachtais aréir ar an láithreoir aitheanta Áine Ní Churráin.  Chaith Áine Ní Churráin 40 bliain ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta anseo sna Doirí Beaga, a mhórchuid acu sin mar láithreoir ar an chlár irise Barrscéalta.  

D'éirigh sí as a cuid dualgas leis an raidió i rith an tsamhraidh.  

Bronnadh Gradam Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Pobail Tráchtála ar an chlár Ruaille Buaille a bhíonn le cluinstin ar raidió Highland leis an láithreoir Colm Ferriter.

Beo

Príomhscéalta na Nuachta

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Iris Aniar

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Arracht

Tús Áite: Arracht

 
Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta

Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta

 
Tús Áite: Maolú srianta

Tús Áite: Maolú srianta

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 24/11/2020

Tús Áite: 24/11/2020

 
Muireann Nic Giolla Rua

Muireann Nic Giolla Rua

 
Darach Ó Murchú

Darach Ó Murchú

 
Johnny Mac Uidhir

Johnny Mac Uidhir

 
Éamonn Ó Corcora agus Seáinín Mac Eoin

Éamonn Ó Corcora agus Seáinín Mac Eoin

 
An Saol Ó Dheas 24/11/20

An Saol Ó Dheas 24/11/20

 
An Ath. Éamonn Ó Gallchóir, Sagart Paróiste Cill Chartha.

An Ath. Éamonn Ó Gallchóir, Sagart Paróiste Cill Chartha.

 
Aindriú Ó Cearúil, Rath Chairn ach gur as Gaoth Dobhair o dhúchas do.

Aindriú Ó Cearúil, Rath Chairn ach gur as Gaoth Dobhair o dhúchas do.

 
Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

 
An Garda Tomas Joseph Mac Giolla Bhríde.

An Garda Tomas Joseph Mac Giolla Bhríde.

 
An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.

An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.

 
Poilín Nic Geidigh, ó Sheomra na Nuachta.

Poilín Nic Geidigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár Iomlán, 24/11/2020.

Barrscéalta, Clár Iomlán, 24/11/2020.

 
Eamonn Turraoin, Criostal na Rinne.

Eamonn Turraoin, Criostal na Rinne.

 
Dr Illona Duffy, dochtúir teaghlaigh.

Dr Illona Duffy, dochtúir teaghlaigh.

 
Kevin O Hara, Sinn Féin.

Kevin O Hara, Sinn Féin.

 
Dr. Ciarán Ó hÓgartaigh, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Dr. Ciarán Ó hÓgartaigh, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

 
Eoghan Corry, eagarthóir Air & Travel.

Eoghan Corry, eagarthóir Air & Travel.

 
Patrick Joseph Mac Aoidh, teach ósta Dixons, Mín Lárach.

Patrick Joseph Mac Aoidh, teach ósta Dixons, Mín Lárach.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin.

Adhmhaidin.

 
Tús Áite: Cluichí peile thar an deireadh seachtaine

Tús Áite: Cluichí peile thar an deireadh seachtaine

 
Tús Áite: TG4

Tús Áite: TG4

 
Tús Áite: Baill de chuid RTÉ i dtrioblóid

Tús Áite: Baill de chuid RTÉ i dtrioblóid

 
Tús Áite: Srianta sna sé chondae

Tús Áite: Srianta sna sé chondae

 
Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Covid-19

Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Covid-19

 
Tús Áite: 23/11/2020

Tús Áite: 23/11/2020

 
Clíodhna Ní Cheallacháin

Clíodhna Ní Cheallacháin

 
Philip King

Philip King

 
Micheál Ó Muircheartaigh agus Charlie McKeever

Micheál Ó Muircheartaigh agus Charlie McKeever

 
Saol Ó Dheas 23/11/20

Saol Ó Dheas 23/11/20

 
Plé ar chluichí an Chumainn Lúthchleas Gaeil a bhí ar siúil Dé Sathairn agus De Domhnaigh.

Plé ar chluichí an Chumainn Lúthchleas Gaeil a bhí ar siúil Dé Sathairn agus De Domhnaigh.

 
Nicola Ní Bhaoill as Loch na nDeorann, Anagaire

Nicola Ní Bhaoill as Loch na nDeorann, Anagaire

 
Seamus Ó Briain,  Frances Uí Chnáimhsí, agus Ciarán Ó Domhnaill,

Seamus Ó Briain,  Frances Uí Chnáimhsí, agus Ciarán Ó Domhnaill,

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 24/11/2020.

Barrscéalta, Clár iomlán, 24/11/2020.

 
Seán Ó Súilleabháin

Seán Ó Súilleabháin

 
Johnny Frank Ó Súilleabháin

Johnny Frank Ó Súilleabháin

 
Cartlann Bhóthar na Léinsí 22/11/2020

Cartlann Bhóthar na Léinsí 22/11/2020

 
Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

 
Tús Áite: Scéalta Spóirt

Tús Áite: Scéalta Spóirt

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Tús Áite

Tús Áite

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Bladhaire

Bladhaire

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís