Nuacht an Tuaiscirt: 28 Deireadh Fómhair

Nuacht an Tuaiscirt: 28 Deireadh Fómhair

Covid-19

Níor deimhníodh ach seacht gcás úra den víreas corónach i nDún na nGall tráthnóna inné, an líon is lú de chásanna a fógraíodh sa chontae le sé seachtaine.  

720 cás úr a deimhníodh go náisiúnta inné, agus fuair cúigear eile bás mar gheall ar an víreas.  

Tá an ráta coicíse de chásanna sa chontae anois ag 319.1 in achan 100,000 duine, i gcomparáid leis an mheánráta náisiúnta de 307.6 in achan 100,000.

Cumann Naomh Uinseann de Pól

Dúirt Rosa Glackin, Uachtarán Réigiúnach an Iarthuaiscirt de Chumann Naomh Uinseann de Pól, nach raibh rudaí chomh holc riamh agus atá faoi láthair sa chumann mar gheall ar thionchar an víris chorónaigh.  

Dúirt sí go bhfuil cuid mhór daoine i gcruachás agus go bhfuil deacrachtaí móra ag an Chumann tarrtháil a thabhairt orthu, mar go bhfuil Siopaí an Chumainn ar fad druidte chomh maith leis na Tithe Pobail.  

Dúirt sí go bhfuil siad ag díriú anois ar earraí a dhíol ar an Idirlíon agus go bhfuil  sé beartaithe ag an Chumann i gcomhar le Cumann Tráchtála Leitir Ceanainn feachtas a sheoladh go luath le tabhairt ar an phobal  

Dearbháin Shop LK  a cheannacht agus iad a thabhairt ar lámh don Chumann.

Dúirt Rosa Glackin chan amháin go mbeadh tacaíocht a thabhairt do dhaoine a bhfuil tacaíocht a dhíth orthu, ach go mbeadh siad ag cuidiú fosta le gnónna áitiúla.  

Tá sí ag impí ar dhaoine a bhfuil deacrachtaí acu teagmháil a dhéanamh leo agus gan teagmháil a dhéanamh le hiasachtóirí airgid.

Teorainn

Ba cheart an teorainn idir na Sé Contae agus na Sé Contae Fichead a dhruid, má tá an tír seo dáiríre maidir le bua a fháil ar Covid-19, dar le Dochtúir Comhairleach Sinsearach.  

Tá sé ráite ag an Dochtúir Comhairleach Niall Conroy, atá ag plé le leigheas sláinte pobail i Queensland san Astráil, dá gcuirfí an beart sin i bhfeidhm go gearr théarmach, go gcuirfidh stop le spréadh an víris.

Deir an Dochtúir Conroy go bhfuil roinnt rudaí atá déanta mícheart ag údaráis sláinte na tíre seo san dóigh ar láimhseáil siad géarchéim Covid-19.

Íocaíocht Covid-19

Tháinig ardú le seachtain ar líon na ndaoine i nDún na nGall atá ag fáil íocaíocht Covid-19 an rialtais.

10,950 duine sa chontae atá ag fáil íocaíocht Covid 19 an rialtais anois i gcomparáid le 9,119 an tseachtain roimhe sin, ardú 1,831 le seachtain.  

Go náisiúnta, siad oibrithe san earnáil lóistín agus bí is mó atá ag fáil íocaíochtaí Covid 19 an rialtais an tseachtain seo.

Ceansú tráchta

Tá sé i gceist ag Comhairle Contae Dhún na nGall  bearta ceansaithe tráchta a chur i bhfeidhm i mBaile na Finne agus cosáin úra a leagaint.  

Tá sé i gceist fosta feabhas a chur ar dhromchla an bhóthair chomh maith le hobair ar chúrsaí draenála agus ar an chosán idir na comharthaí teorainneacha luais atá ann faoi láthair.  

Is é cuspóir na scéime seo, nó bearta ceansaithe tráchta, a chur i bhfeidhm leis an luas tiomána fríd an sráidbhaile a laghdú sábháilteacht a fheabhsú agus feabhas a chur ar an timpeallacht i mBaile na Finne.  

Is féidir na pleananna ar fad a fheiceáil ar shuíomh idirlín na Comhairle Contae ón la inniu go dtí an 24ú de Shamhain agus tá cuireadh a thabhairt don phobal moltaí nó aighneachtaí a chur chuig an Chomhairle Contae maidir leis na pleananna.

Ceannaigh i nDún na nGall

Dhéanfar Deireadh Seachtaine Ceannaigh i nDún na nGall nó Buy Donegal Weekend a sheoladh go hoifigiúil ar líne maidin inniu ar 10 a chlog.

Tá feachtas ar bun ag an Chomhairle Contae le pobal na Contae a mhealladh earraí a cheannacht ó ghnónna áitiúla an Nollaig seo.  

Beidh Gillian Maxwell, a thug an branda 'Flying Tiger Copenhagen' go hÉirinn, mar aoichainteoir ag ócáid an lae inniu agus bhéarfaidh baill foirne ón Chomhairle Contae eolas fosta ar an fheachtas agus an tábhacht tacaíocht a thabhairt do ghnóanna sa Chontae.  

Beidh Deireadh Seachtaine Ceannaigh i nDún na nGall ar siúl ar an 6ú agus 7u lá de mhí na Samhna.

Turasóireacht

Deir Liam Mac a Bhaird, Stiúrthóir Seirbhísí Pleanála agus Forbairt Pobail Chomhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil an Chomhairle Contae ag obair go dlúth le Fáilte Éireann le forbairt a dhéanamh ar áiteacha a bhéas tarraingteach do thurasóirí.  

Tá iarratas a mheas ag Fáilte Éireann faoi láthair le forbairt a dhéanamh ag  Dúnfort Dhúin Riabhaigh in aice le Bun Crannacha.

 Má éiríonn leis an iarratas beidh €12m d'infheistíocht ar fad i gceist, €9m ó Fáilte Éireann agus €3m ón Chomhairle Contae. Thug Oifigigh ó Fáilte Éireann cuairt ar an suíomh ar na mallaibh.

Tá 70 acra talaimh ag Dún Riabhaigh agus is leis an Chomhairle Contae an chuid is mó den talamh.

Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Arracht

Tús Áite: Arracht

 
Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta

Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta

 
Tús Áite: Maolú srianta

Tús Áite: Maolú srianta

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 24/11/2020

Tús Áite: 24/11/2020

 
Muireann Nic Giolla Rua

Muireann Nic Giolla Rua

 
Darach Ó Murchú

Darach Ó Murchú

 
Johnny Mac Uidhir

Johnny Mac Uidhir

 
Éamonn Ó Corcora agus Seáinín Mac Eoin

Éamonn Ó Corcora agus Seáinín Mac Eoin

 
An Saol Ó Dheas 24/11/20

An Saol Ó Dheas 24/11/20

 
An Ath. Éamonn Ó Gallchóir, Sagart Paróiste Cill Chartha.

An Ath. Éamonn Ó Gallchóir, Sagart Paróiste Cill Chartha.

 
Aindriú Ó Cearúil, Rath Chairn ach gur as Gaoth Dobhair o dhúchas do.

Aindriú Ó Cearúil, Rath Chairn ach gur as Gaoth Dobhair o dhúchas do.

 
Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

 
An Garda Tomas Joseph Mac Giolla Bhríde.

An Garda Tomas Joseph Mac Giolla Bhríde.

 
An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.

An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.

 
Poilín Nic Geidigh, ó Sheomra na Nuachta.

Poilín Nic Geidigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár Iomlán, 24/11/2020.

Barrscéalta, Clár Iomlán, 24/11/2020.

 
Eamonn Turraoin, Criostal na Rinne.

Eamonn Turraoin, Criostal na Rinne.

 
Dr Illona Duffy, dochtúir teaghlaigh.

Dr Illona Duffy, dochtúir teaghlaigh.

 
Kevin O Hara, Sinn Féin.

Kevin O Hara, Sinn Féin.

 
Dr. Ciarán Ó hÓgartaigh, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Dr. Ciarán Ó hÓgartaigh, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

 
Eoghan Corry, eagarthóir Air & Travel.

Eoghan Corry, eagarthóir Air & Travel.

 
Patrick Joseph Mac Aoidh, teach ósta Dixons, Mín Lárach.

Patrick Joseph Mac Aoidh, teach ósta Dixons, Mín Lárach.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin.

Adhmhaidin.

 
Tús Áite: Cluichí peile thar an deireadh seachtaine

Tús Áite: Cluichí peile thar an deireadh seachtaine

 
Tús Áite: TG4

Tús Áite: TG4

 
Tús Áite: Baill de chuid RTÉ i dtrioblóid

Tús Áite: Baill de chuid RTÉ i dtrioblóid

 
Tús Áite: Srianta sna sé chondae

Tús Áite: Srianta sna sé chondae

 
Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Covid-19

Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Covid-19

 
Tús Áite: 23/11/2020

Tús Áite: 23/11/2020

 
Clíodhna Ní Cheallacháin

Clíodhna Ní Cheallacháin

 
Philip King

Philip King

 
Micheál Ó Muircheartaigh agus Charlie McKeever

Micheál Ó Muircheartaigh agus Charlie McKeever

 
Saol Ó Dheas 23/11/20

Saol Ó Dheas 23/11/20

 
Plé ar chluichí an Chumainn Lúthchleas Gaeil a bhí ar siúil Dé Sathairn agus De Domhnaigh.

Plé ar chluichí an Chumainn Lúthchleas Gaeil a bhí ar siúil Dé Sathairn agus De Domhnaigh.

 
Nicola Ní Bhaoill as Loch na nDeorann, Anagaire

Nicola Ní Bhaoill as Loch na nDeorann, Anagaire

 
Seamus Ó Briain,  Frances Uí Chnáimhsí, agus Ciarán Ó Domhnaill,

Seamus Ó Briain,  Frances Uí Chnáimhsí, agus Ciarán Ó Domhnaill,

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 24/11/2020.

Barrscéalta, Clár iomlán, 24/11/2020.

 
Seán Ó Súilleabháin

Seán Ó Súilleabháin

 
Johnny Frank Ó Súilleabháin

Johnny Frank Ó Súilleabháin

 
Cartlann Bhóthar na Léinsí 22/11/2020

Cartlann Bhóthar na Léinsí 22/11/2020

 
Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

 
Tús Áite: Scéalta Spóirt

Tús Áite: Scéalta Spóirt

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Tús Áite

Tús Áite

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Bladhaire

Bladhaire

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís