Nuacht an Tuaiscirt: 27 Deireadh Fómhair

Nuacht an Tuaiscirt: 27 Deireadh Fómhair

Covid-19

Deimhníodh 51 cás úr den víreas corónach i nDún na nGall i dtréimhse ceithre huaire fichead tráthnóna inné.
Bhí an cúigiú ráta a b'airde de cásanna úra Covid-19 i dtréimhse ceithre huaire fichead i nDún na nGall inné.

939 cás úr a deimhníodh go náisiúnta, agus fuair triúir eile bás mar gheall ar an víreas.
Tá ceathrar déag in Otharlann Leitir Ceanainn a bhfuil sé deimhnithe go bhfuil an víreas orthu, beirt acusan

san ionad dianchúram, agus tá seachtar san otharlann a bhfuil amhras ann go bhfuil an víreas orthu, beirt acusan san ionad dianchúram fosta.

De réir tuarascála na Feidhmeannachta Sláinte ag a hocht a chlog aréir, ní raibh leapacha ar bith saor san ionad dianchúram in Otharlann Leitir Ceanainn.

Gardaí ar dualgas

Tá fadhbanna móra maidir le heaspa Gardaí a bheith ar dualgas i nDún na nGall faoi láthair, a deir urlabhraí Chomhnaidhm Ionadaíoch an Gharda Síochána i nDún na nGall, Breandán O'Connor.

Dúirt sé go bhféadfaí beatha Gardaí a chur i mbaol agus iad ag freastal ar eachtraí áirithe, más rud é go bhfuil siad ag brath ar chuidiú ó Ghardaí eile agus gan Gardaí ar fáil ag an am.

Tá míshuaimhneas i measc Gardaí sa chontae ag eascairt ó eachtra i gConbhuí ag tús na míosa, inar scaoileadh fear sa ghlúin le crosbhogha agus inár tiomáineadh feithicil tríd teach cónaithe, agus gurbh éigean fanacht uaireanta a chloig le tacaíocht a fháil ó Aonad Armtha an Gharda Síochána.

Tá sé ráite ag Breandán O'Connor gur ábhar tromchúiseach ar fad é an easpa tacaíochta atá ar fáil go gasta do Ghardaí agus eachtraí áirithe ar bun.

Tá baol níos mó do Ghardaí i nDún na nGall agus gníomhaíochtaí easaontóirí ar bun sna Sé Contae, a dúirt sé.

Thagair sé d'eachtra in iarthar Dhún na nGall inar dúradh go raibh scian ag duine agus gur tugadh le fios dona Gardaí a bhí ag déileáil leis an eachtra go mbeadh sé roinnt uaireanta a chloig sula mbeadh fáil ar an Aonad Armtha le tacú leo.

Iarratais phleanála

Tá méadú de réir a chéile ar líon na n-iarratas pleanála i gceantar bardais na nGleanntach, agus teaghlaigh ar pilleadh ar ais na bhaile le tithe a thógáil sa cheantar, a dúirt an Comhairleoir Contae Nóirín Nic Gairbheith.

Dúirt sí go bhfuil brú ar an rannóg pleanála i gceantar bardais na nGleanntach faoi láthair, agus go dteastaíonn foireann bhreise ansin.

Dúirt an Comhairleoir Nic Gairbheith go bhfuil srianta áirithe i bhfeidhm san rannóg pleanála de bharr tionchar Covid-19.

Rinneadh 194 iarratas pleanála sa cheantar bardais idir Eanáir agus deireadh mí Iúil i mbliana, agus táthar ag dréim go mbeidh thar 300 iarratas roimh dheireadh na bliana.

Ceadaíodh 109 iarratas as an 194 iarratas go dáta, diúltaíodh 13 iarratas, cuireadh siar cinneadh maidir le 55 iarratas agus bhí 43 iarratas neamhbhailí.

Síbíní óil


Tá Gardaí ag fiosrú tuairiscí faoi shíbíní óil atá a reáchtáil go mídhleáthach i gceantar Inis Eoghain. 

Tá sé ráite ag an Cheannfort Goretti Sheridan go bhfuil Gardaí ag scrúdú láthreacha áit a bhfuil céadúnais ólacháin acu, agus go bhfuil patróil breise ar siúl ag na Gardaí agus iad ar an airdeall faoi shíbíní sa cheantar. 

D'iarr sí ar an phobal gan freastail ar shíbíní mar seo atá ag sárú rialacha Covid-19, agus fanacht sa bhaile ar feadh na 6 seachtainí seo le cloí leis na srianta atá i bhfeidhm. 

Tástálacha ailse


Cuirfear tús inniu arís leis an chlár Breastcheck.  

Cuireadh stop leis an tseirbhís i mí an Mhárta mar gheall ar an ghéarchéim Covid 19 agus in ainneoin míshásamh a bheith léirithe ag go leor grúpaí ailse sa chontae faoin chinneadh an tseirbhís a chur ar ceal ag an am, níor cuireadh tús in athuair leis an tseirbhís go dtí anois.

Tá teagmháil a dhéanamh ag Breastcheck anois leofa siúd a raibh coinní acu i mí an Mhárta agus beidh na mná sin ar bharr an liosta nuair a chuirfear tús leis an tseirbhís arís inniu.

Tugadh le fios go bhfuil obair uasghrádaithe déanta ar na haonaid soghluaiste agus ar chlinicí Breastcheck le cinntiú go bhfuil srianta Covid-19 a gcomhlíonadh agus go bhfuil an pobal slán sábháilte

Mórthaispeántas Bia agus Deoch


Cuireadh tús inniu le Mórthaispeántas Bia agus Deoch atá a reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta le hardán a thabhairt do na hearraí atá a gcur ar fáil ag comhlachtaí Gaeltachta ar fud na tíre.

Tá an mórthaispeántas seo a reachtáil inniu agus amárach mar chuid de cheiliúradh 40 bliana de Údarás na Gaeltachta agus beidh naoi gcomhlacht as Dún na nGall páirteach san ócáid atá ar siúl ar líne.

Is iad na comhlachtaí as an chontae seo a bhéas i láthair ar líne inniu ná Arán Ard Teoranta, Irish Fish Canners, Kombucha Éireannach Teoranta, Bácús Uí Bhaoill Teoranta, Bácús Cois Farraige, Zero Bacon, Irish Premium Oysters, Drioglann Shliabh Liag, and Bellaville Farm.

Beo

Príomhscéalta na Nuachta

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Iris Aniar

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Arracht

Tús Áite: Arracht

 
Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta

Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta

 
Tús Áite: Maolú srianta

Tús Áite: Maolú srianta

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 24/11/2020

Tús Áite: 24/11/2020

 
Muireann Nic Giolla Rua

Muireann Nic Giolla Rua

 
Darach Ó Murchú

Darach Ó Murchú

 
Johnny Mac Uidhir

Johnny Mac Uidhir

 
Éamonn Ó Corcora agus Seáinín Mac Eoin

Éamonn Ó Corcora agus Seáinín Mac Eoin

 
An Saol Ó Dheas 24/11/20

An Saol Ó Dheas 24/11/20

 
An Ath. Éamonn Ó Gallchóir, Sagart Paróiste Cill Chartha.

An Ath. Éamonn Ó Gallchóir, Sagart Paróiste Cill Chartha.

 
Aindriú Ó Cearúil, Rath Chairn ach gur as Gaoth Dobhair o dhúchas do.

Aindriú Ó Cearúil, Rath Chairn ach gur as Gaoth Dobhair o dhúchas do.

 
Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

 
An Garda Tomas Joseph Mac Giolla Bhríde.

An Garda Tomas Joseph Mac Giolla Bhríde.

 
An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.

An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.

 
Poilín Nic Geidigh, ó Sheomra na Nuachta.

Poilín Nic Geidigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár Iomlán, 24/11/2020.

Barrscéalta, Clár Iomlán, 24/11/2020.

 
Eamonn Turraoin, Criostal na Rinne.

Eamonn Turraoin, Criostal na Rinne.

 
Dr Illona Duffy, dochtúir teaghlaigh.

Dr Illona Duffy, dochtúir teaghlaigh.

 
Kevin O Hara, Sinn Féin.

Kevin O Hara, Sinn Féin.

 
Dr. Ciarán Ó hÓgartaigh, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Dr. Ciarán Ó hÓgartaigh, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

 
Eoghan Corry, eagarthóir Air & Travel.

Eoghan Corry, eagarthóir Air & Travel.

 
Patrick Joseph Mac Aoidh, teach ósta Dixons, Mín Lárach.

Patrick Joseph Mac Aoidh, teach ósta Dixons, Mín Lárach.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin.

Adhmhaidin.

 
Tús Áite: Cluichí peile thar an deireadh seachtaine

Tús Áite: Cluichí peile thar an deireadh seachtaine

 
Tús Áite: TG4

Tús Áite: TG4

 
Tús Áite: Baill de chuid RTÉ i dtrioblóid

Tús Áite: Baill de chuid RTÉ i dtrioblóid

 
Tús Áite: Srianta sna sé chondae

Tús Áite: Srianta sna sé chondae

 
Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Covid-19

Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Covid-19

 
Tús Áite: 23/11/2020

Tús Áite: 23/11/2020

 
Clíodhna Ní Cheallacháin

Clíodhna Ní Cheallacháin

 
Philip King

Philip King

 
Micheál Ó Muircheartaigh agus Charlie McKeever

Micheál Ó Muircheartaigh agus Charlie McKeever

 
Saol Ó Dheas 23/11/20

Saol Ó Dheas 23/11/20

 
Plé ar chluichí an Chumainn Lúthchleas Gaeil a bhí ar siúil Dé Sathairn agus De Domhnaigh.

Plé ar chluichí an Chumainn Lúthchleas Gaeil a bhí ar siúil Dé Sathairn agus De Domhnaigh.

 
Nicola Ní Bhaoill as Loch na nDeorann, Anagaire

Nicola Ní Bhaoill as Loch na nDeorann, Anagaire

 
Seamus Ó Briain,  Frances Uí Chnáimhsí, agus Ciarán Ó Domhnaill,

Seamus Ó Briain,  Frances Uí Chnáimhsí, agus Ciarán Ó Domhnaill,

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 24/11/2020.

Barrscéalta, Clár iomlán, 24/11/2020.

 
Seán Ó Súilleabháin

Seán Ó Súilleabháin

 
Johnny Frank Ó Súilleabháin

Johnny Frank Ó Súilleabháin

 
Cartlann Bhóthar na Léinsí 22/11/2020

Cartlann Bhóthar na Léinsí 22/11/2020

 
Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

 
Tús Áite: Scéalta Spóirt

Tús Áite: Scéalta Spóirt

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Tús Áite

Tús Áite

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Bladhaire

Bladhaire

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís