Nuacht an Tuaiscirt: 23 Deireadh Fómhair

Nuacht an Tuaiscirt: 23 Deireadh Fómhair

Covid-19

Deimhníodh 56 cás úr de Covid-19 i gcontae Dhún na nGall tráthnóna inné. Deimhníodh 164 cás den víreas sa chontae ó thús na seachtaine seo, agus 1,834 cás atá deimhnithe sa chontae go dáta, leis na figiúirí is deireanaí san áireamh. Bhí 511 cás úr de Covid-19 i nDún na nGall le ceithre lá dhéag. Tá ráta de 321 cás in aghaidh achan 100,000 duine i gcontae Dhún na nGall i láthair na huaire.

Forúm Freagartha Pobail

Dúirt Liam Mac a Bhaird, Stiúrthóir Seirbhísí Pleanála agus Forbairt Pobail Chomhairle Contae Dhún na nGall go mbeidh an Fórum Freagartha Pobail do Covid 19 a bhunaigh an Chomhairle Contae i mí Mhárta a athbhunú arís sa Chontae os rud é go bhfuil an Chontae ar ais ag srianta leibhéil 5 an Rialtais. Dúirt sé go mbeidh an Fóram ar fáil arís le cuidiú le daoine atá ina gcónaí leo féin agus le daoine leochaileacha. Dúirt Liam Mac a Bhaird go raibh ról tábhachtach ag an Fhóram san Earrach agus measann sé go mbeidh éileamh ar an Fhóram arís anois. Dúirt an Comhairleoir Contae Marie Therese Ní Ghallchóir go mbeidh sé níos deacra an t-am seo mar go bhfuil na hoícheanta fada agus é dorcha níos luaithe agus nach mbeidh sé chomh furast ag Grúpaí Deonacha cuairt a thabhairt ar thithe,  go háirithe mall sa tráthnóna.

Maoiniú breise ag teastáil

Teastaíonn maoiniú breise do thograí mara le forbairt a dhéanamh ar chalafoirt agus ar bhonneagair mara ar fud Dhún na nGall, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh. Dúirt sé ag cruinniú de Choiste Polasaí Corparáideach Iascaireachta na Comhairle Contae le gairid nach bhfuil go leor airgid a chur ar fáil don Chomhairle Contae le cóiriú riachtanach a dhéanamh ag na calafoirt go háirithe.
Tá go leor fostaithe in earnáil na hiascaireachta i nDún na nGall, ach níl an infheistíocht cheart a dhéanamh ag an Rialtas san earnáil seo, a dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh. 

Cruinniú á lorg le hUisce Éireann

Tá sé tábhachtach cruinniú a lorg le hUisce Éireann leis na deacrachtaí uilig atá sa Chontae maidir leis an tsoláthair uisce a phlé, a dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Naughton. Dúirt sé nach dtugtar deis do Chomhairleoirí Contae na ceisteanna atá acu a thógáil le hUisce Éireann. Tá sé thar am ag an Chomhairle Contae ceann ródaíocht a thaispeáint agus éileamh a dhéanamh le huisce Éireann freastal ar chruinniú den Chomhairle Contae nó Ceardlann a chur ar fáil do Chomhairleoirí le freagra a fháil ar cheisteanna atá ag déanamh bhuartha daofa. Dúirt an Comhairleoir Micheál Naughton go bhfuil na táillí atá a ngearradh ar dhaoine le ceangal leis an chóras uisce scainnealach agus go bhfuil sé tábhachtach na ceisteanna seo agus ceisteanna eile a phlé le hUisce Éireann  chomh luath agus is féidir.

Veaineanna Campála

Deir an Comhairleoir Contae Michael McClafferty go bhfuil plé leanúnach aige le Comhairle Contae Dhún na nGall maidir le áiseanna mar is ceart a bheith ar fáil do veaineanna campála sa chontae an Samhradh seo chugainn. Deir sé go bhfuil súil aige go mbeidh an tarraingt céanna ar Dhún na nGall i measc turasóirí ón tír seo an Samhradh seo chugainn, mar a bhí i mbliana. Ach, caithfear áiseanna a bheith ar fáil le freastal mar is ceart ar na turasóirí, a dúirt sé. Dúirt sé go raibh 50 veain campála i nDún Fionnchaidh deireadh seachtaine amháin i mí Lúnasa. Bhí éileamh fosta ar áiseanna fana gcoinne ar an Fhál Carrach, i Machaire Rabhartaigh agus i bPort Artúir i nGaoth Dobhair, a dúirt an Comhairleoir Mac Laifeartaigh. D'iarr sé ar úinéirí talún a bheadh sásta talamh a chur ar fáil don Chomhairle do ionad do veaineanna campála, teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle Contae. Caithfear a chinntiú go mbeidh na háiseanna seo ar fáil an samhradh seo chugainn, a dúirt an Comhairleoir Mac Laifeartaigh.
 

Beo

Béal Maidine

Béal Maidine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Rogha na Seachtaine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Scéalta spóirt

Tús Áite: Scéalta spóirt

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Maolú srianta

Tús Áite: Maolú srianta

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 27/11/2020

Tús Áite: 27/11/2020

 
Aoi sa Chathaoir. Noel Ó Gallchóir.

Aoi sa Chathaoir. Noel Ó Gallchóir.

 
Tadhg Mac Dhonnagáin, ó Futa Fata.

Tadhg Mac Dhonnagáin, ó Futa Fata.

 
Póilín Nic Géidigh.

Póilín Nic Géidigh.

 
Ciara Ní Bhrádaigh.

Ciara Ní Bhrádaigh.

 
Hugh Carr leis 'Na Deá-Scéalta'.

Hugh Carr leis 'Na Deá-Scéalta'.

 
Bladhaire, Clár Iomlán, 271120.

Bladhaire, Clár Iomlán, 271120.

 
Tomás Rua Ó Cadhla

Tomás Rua Ó Cadhla

 
Marc Ó Conchúir

Marc Ó Conchúir

 
Seán Ó Súilleabháin: Cathaoirleach ar Chumann Staire Uíbh Laoire

Seán Ó Súilleabháin: Cathaoirleach ar Chumann Staire Uíbh Laoire

 
Leanaí ó Scoil Naomh Eirc

Leanaí ó Scoil Naomh Eirc

 
Seán Ó Cónaill

Seán Ó Cónaill

 
An Saol Ó Dheas 27/11/2020

An Saol Ó Dheas 27/11/2020

 
Mary Aggie.

Mary Aggie.

 
An file Máire “Dinny” Wren.

An file Máire “Dinny” Wren.

 
Diane Ni Chanainn, conraithe Diane.

Diane Ni Chanainn, conraithe Diane.

 
Aodán Ó Cearúil as Carraig a tSeascain, Gaoth Dobhair.

Aodán Ó Cearúil as Carraig a tSeascain, Gaoth Dobhair.

 
Donnchadh Ó Baoill, Údarás na Gaeltachta.

Donnchadh Ó Baoill, Údarás na Gaeltachta.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár iomlán. 27/11/2020.

Barrscéalta, Clár iomlán. 27/11/2020.

 
Aoibhín Ní Chonghaile, Oifigeach Réigiúnach, Aontas na Macléinn Dara Leibhéal in Éirinn.

Aoibhín Ní Chonghaile, Oifigeach Réigiúnach, Aontas na Macléinn Dara Leibhéal in Éirinn.

 
Máirtín Ó Conghaile, Coiste tacaíochta Chalafort Ros a Mhíl.

Máirtín Ó Conghaile, Coiste tacaíochta Chalafort Ros a Mhíl.

 
Seán Ó Neachtain, iar Fheisire Eorpach.

Seán Ó Neachtain, iar Fheisire Eorpach.

 
Catherine Connolly, T.D. ;eas Ceann Comhairle.

Catherine Connolly, T.D. ;eas Ceann Comhairle.

 
Dónal Nolan, leas-eagarthóir, An Kerryman.

Dónal Nolan, leas-eagarthóir, An Kerryman.

 
Éilish Ní Dhochartaigh, príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall.

Éilish Ní Dhochartaigh, príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair,

Nuacht an Iarthair,

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

Adhmhaidin: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

 
Tús Áite: Snámh san fharraige

Tús Áite: Snámh san fharraige

 
Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Ghaelcholáiste i nDún Dealgan

Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Ghaelcholáiste i nDún Dealgan

 
Tús Áite: Aire Dlí agus Cirt á ceistiú

Tús Áite: Aire Dlí agus Cirt á ceistiú

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 26/11/2020

Tús Áite: 26/11/2020

 
Sinéad Ní Scollaigh, Na Gaelgals.

Sinéad Ní Scollaigh, Na Gaelgals.

 
Eoin P Ó Murchú.

Eoin P Ó Murchú.

 
Gael thar Sáile Macdara Ó Drisceoil.

Gael thar Sáile Macdara Ó Drisceoil.

 
Mír an cheoil le Emma Ní Chearúil ó Raidió na Life.

Mír an cheoil le Emma Ní Chearúil ó Raidió na Life.

 
Conor Byrne.

Conor Byrne.

 
Frainc Mac Bradaigh, ón Iris Eaglasta An Timire.

Frainc Mac Bradaigh, ón Iris Eaglasta An Timire.

 
Eoghan Mac Cormaic ón chomhlacht cluiche.ie

Eoghan Mac Cormaic ón chomhlacht cluiche.ie

 
Ciarán Mac Fheargusa, Úinéir an chomhlachta Óga Yoga.

Ciarán Mac Fheargusa, Úinéir an chomhlachta Óga Yoga.

 
Bladhaire, Clár iomlán, 26/11/2020

Bladhaire, Clár iomlán, 26/11/2020

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Bladhaire

Bladhaire

Tús Áite

Tús Áite

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís