Nuacht an Tuaiscirt: 20 Deireadh Fómhair

Nuacht an Tuaiscirt: 20 Deireadh Fómhair

Covid-19

Tiocfaidh srianta Leibhéal 5 an Rialtais maidir le Covid-19 i bhfeidhm i nDún na nGall ag an mheán oíche san oíche amárach agus beidh siad i bhfeidhm ar feadh sé seachtainí.

Deimhníodh 39 cás úr den víreas i dtréimhse ceithre huaire fichead i nDún a nGall tráthnóna inné. 347.4 cás in achan 100,000 duine an ráta coicíse sa chontae seo faoi láthair i gcomparáid leis an mheán ráta náisiúnta de 261.7 cás in achan 100,000.

Tá seachtar déag in Otharlann Leitir Ceanainn faoi láthair a bhfuil an víreas corónach orthu, beirt acu sin san Aonad Dianchúram agus tá ceathrar a bhfuil amhras ann go bhfuil an víreas orthu. Tá sé beartaithe ag an rialtas plé a dhéanamh ar chóras fíneálacha a chur i bhfeidhm maidir le daoine a bheith ag sárú na srianta.

Deir an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh go bhfuil frustrachas  mór ag baint leis an chinneadh go mbeidh srianta éagsúla i bhfeidhm ar oileán na hÉireann ar dhá thaobh na teorann.

Dúirt sé nach luíonn sé le ciall, go háirithe sna contaetha cois teorann go bhfuil gnóanna foscailte sna 6 contae ach druidte sna sé contae is fiche. Is cinnte go bhfuil sé doiligh an víreas a chloí sa tír uilig nuair atá dhá chóras éagsúil i bhfeidhm, a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh.

Múinteoirí

Deir Ard Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann, John Boyle go bhfuil príomhoidí i nDún na nGall i dteagmháil leis go rialta agus imní mhór orthu faoin chóras tástála Covid-19 sna scoltacha.

Dúirt sé go raibh príomhoidí ag fanacht suas le coicís maidir le heolas faoi rianú teagmhála a i ndiaidh cás dearfach de Covid 19 a bheith sa scoil.

Tá praiseach iomlán déanta ag an rialtas agus ag Feidhmeannacht na Seirbhisí maidir leis an chóras rianú teagmhála agus níl sé ceart go bhfuil ar phríomhoidí fanacht an fhad sin le treoir ó Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte agus le heolas faoi rianú teagmhála, a dúirt John Boyle.

Deoraithe ag pilleadh abhaile

Tá fianaise go bhfuil bunadh Dhún na nGall ag iarraidh pilleadh ar ais na bhaile agus a bheith ag obair i nDún na nGall de bharr tionchar Covid-19, dar leis an Chomhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh.

Measann sé go bhfuil ceangal idir an méadú atá ar iarratais phleanála sa chontae le tamall agus bunadh na contae ag iarraidh pilleadh ar ais na bhaile.

Tá méadú ar na hiarratais phleanála i gceantar bardais na nGleanntach le tamall, a dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh, agus tá gá le foireann breise san Rannóg Pleanála dá bharr, a dúirt sé.

Meabhairshláinte

Tá méadú mór i líon na n-othar le fadhbanna móra meabhairshláinte, a deir Stiúrthóir Cliniciúil Sheirbhísí Meabhair Shláinte Dhún na nGall, an Dr Clifford Haley.

Tá méadú i mbliana ar líon na ndaoine sa chontae atá ag fáil comhar leighis de bharr mí-ordú déphólach, scitsifréine agus dúlagar síciatrach.  

Dúirt sé go raibh an méadú mór seo le tabhairt faoi deara i mí Iúil, agus go raibh go leor dochtúirí teaghlaigh agus seirbhísí sláinte eile ag cur othair i dtreo na seirbhísí meabhair shláinte le haghaidh cóir leighis.

Rinneadh laghdú ó 34 go 20 ar líon na leapacha san aonad géar mhíochaine in Aonad Síciatrach Leitir Ceanainn, le cloí le scaradh sóisialta, a dúirt sé.

De réir mar atá méadú ar chásanna covid sna hotharlanna, tá méadú fosta ar éileamh do sheirbhísí meabhair shláinte, a dúirt an Dochtúir Haley.

Oileáin

Caithfear caitheamh le pobal na n-oileán mar an gcéanna le pobal ar tír mór maidir le seirbhísí dóiteáin de, a deir an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

D'iarr sé ar an Chomhairle Contae Stáisiún Dóiteáin agus Briogáid Dóiteáin a chur ar fáil ar oileán Thóraigh, agus cothromaíocht páighe a thabhairt dona hoibrithe deonacha dóiteáin in Árainn Mór.

Cé gur chuir an Chomhairle go leor trealamh sábháilteacht dóiteáin ar fáil do thithe ar na hoileáin, ní leor é sin i gcás dóiteáin, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig.

Níor cheart gur ceist faoi chúrsaí airgid atá san cheist seo, nuair a d'fhéadfaí beatha daoine a bheith i mbaol, a deir sé.

Beo

Béal Maidine

Béal Maidine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Rogha na Seachtaine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Scéalta spóirt

Tús Áite: Scéalta spóirt

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Maolú srianta

Tús Áite: Maolú srianta

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 27/11/2020

Tús Áite: 27/11/2020

 
Aoi sa Chathaoir. Noel Ó Gallchóir.

Aoi sa Chathaoir. Noel Ó Gallchóir.

 
Tadhg Mac Dhonnagáin, ó Futa Fata.

Tadhg Mac Dhonnagáin, ó Futa Fata.

 
Póilín Nic Géidigh.

Póilín Nic Géidigh.

 
Ciara Ní Bhrádaigh.

Ciara Ní Bhrádaigh.

 
Hugh Carr leis 'Na Deá-Scéalta'.

Hugh Carr leis 'Na Deá-Scéalta'.

 
Bladhaire, Clár Iomlán, 271120.

Bladhaire, Clár Iomlán, 271120.

 
Tomás Rua Ó Cadhla

Tomás Rua Ó Cadhla

 
Marc Ó Conchúir

Marc Ó Conchúir

 
Seán Ó Súilleabháin: Cathaoirleach ar Chumann Staire Uíbh Laoire

Seán Ó Súilleabháin: Cathaoirleach ar Chumann Staire Uíbh Laoire

 
Leanaí ó Scoil Naomh Eirc

Leanaí ó Scoil Naomh Eirc

 
Seán Ó Cónaill

Seán Ó Cónaill

 
An Saol Ó Dheas 27/11/2020

An Saol Ó Dheas 27/11/2020

 
Mary Aggie.

Mary Aggie.

 
An file Máire “Dinny” Wren.

An file Máire “Dinny” Wren.

 
Diane Ni Chanainn, conraithe Diane.

Diane Ni Chanainn, conraithe Diane.

 
Aodán Ó Cearúil as Carraig a tSeascain, Gaoth Dobhair.

Aodán Ó Cearúil as Carraig a tSeascain, Gaoth Dobhair.

 
Donnchadh Ó Baoill, Údarás na Gaeltachta.

Donnchadh Ó Baoill, Údarás na Gaeltachta.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár iomlán. 27/11/2020.

Barrscéalta, Clár iomlán. 27/11/2020.

 
Aoibhín Ní Chonghaile, Oifigeach Réigiúnach, Aontas na Macléinn Dara Leibhéal in Éirinn.

Aoibhín Ní Chonghaile, Oifigeach Réigiúnach, Aontas na Macléinn Dara Leibhéal in Éirinn.

 
Máirtín Ó Conghaile, Coiste tacaíochta Chalafort Ros a Mhíl.

Máirtín Ó Conghaile, Coiste tacaíochta Chalafort Ros a Mhíl.

 
Seán Ó Neachtain, iar Fheisire Eorpach.

Seán Ó Neachtain, iar Fheisire Eorpach.

 
Catherine Connolly, T.D. ;eas Ceann Comhairle.

Catherine Connolly, T.D. ;eas Ceann Comhairle.

 
Dónal Nolan, leas-eagarthóir, An Kerryman.

Dónal Nolan, leas-eagarthóir, An Kerryman.

 
Éilish Ní Dhochartaigh, príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall.

Éilish Ní Dhochartaigh, príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair,

Nuacht an Iarthair,

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

Adhmhaidin: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

 
Tús Áite: Snámh san fharraige

Tús Áite: Snámh san fharraige

 
Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Ghaelcholáiste i nDún Dealgan

Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Ghaelcholáiste i nDún Dealgan

 
Tús Áite: Aire Dlí agus Cirt á ceistiú

Tús Áite: Aire Dlí agus Cirt á ceistiú

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 26/11/2020

Tús Áite: 26/11/2020

 
Sinéad Ní Scollaigh, Na Gaelgals.

Sinéad Ní Scollaigh, Na Gaelgals.

 
Eoin P Ó Murchú.

Eoin P Ó Murchú.

 
Gael thar Sáile Macdara Ó Drisceoil.

Gael thar Sáile Macdara Ó Drisceoil.

 
Mír an cheoil le Emma Ní Chearúil ó Raidió na Life.

Mír an cheoil le Emma Ní Chearúil ó Raidió na Life.

 
Conor Byrne.

Conor Byrne.

 
Frainc Mac Bradaigh, ón Iris Eaglasta An Timire.

Frainc Mac Bradaigh, ón Iris Eaglasta An Timire.

 
Eoghan Mac Cormaic ón chomhlacht cluiche.ie

Eoghan Mac Cormaic ón chomhlacht cluiche.ie

 
Ciarán Mac Fheargusa, Úinéir an chomhlachta Óga Yoga.

Ciarán Mac Fheargusa, Úinéir an chomhlachta Óga Yoga.

 
Bladhaire, Clár iomlán, 26/11/2020

Bladhaire, Clár iomlán, 26/11/2020

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Bladhaire

Bladhaire

Tús Áite

Tús Áite

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís