Nuacht an Tuaiscirt: 5 Deireadh Fómhair

Nuacht an Tuaiscirt: 5 Deireadh Fómhair

Covid-19

Tá an Rialtas le plé a dhéanamh inniu ar mholadh ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí go gcuirfí srianta Leibhéal 5 Covid 19 i bhfeidhm ar fud na tíre.  

Bhí tuairimíocht láidir inné go mbeadh srianta Leibhéal 4 an rialtais a gcur i bhfeidhm i nDún na nGall agus i mBaile Átha Cliath ach tá an Fhoireann Éigeandála ag moladh anois dianghlasáil a chur i bhfeidhm sa tír arís.

Deimhníodh 31 cás úr eile den víreas corónach i dtréimhse ceithre huaire fichead i nDún na nGall inné.

Tá an ráta is airde maidir le cásanna Covid-19 i dtréimhse coicíse go fóill i nDún na nGall, 257 cás in achan 100,000 duine an ráta sa chontae faoi láthair.  

Tá aon duine dhéag in Otharlann Leitir Ceanainn faoi láthair a bhfuil sé deimhnithe go bhfuil an víreas orthu agus tá seisear eile a bhfuil amhras ann go bhfuil an víreas orthu.

Tá duine amháin in Aonad Dianchúram na hOtharlainne mar gheall ar an víreas corónach.

Tráthnóna inné fosta, fógraíodh 462 cás de Covid-19 sna 6 contae i dtréimhse ceithre huaire fichead, agus baineann 91 cás acu sin le ceantar Chomhairle Chathair Dhoire agus an tSratha Báin, atá buailte ar an teorainn le contae Dhún na nGall.

Tá níos mó cásanna fógartha sa cheantar sin le seachtain ná mar a bhí le hocht mí anuas. 

Fear gortaithe

Tá Gardaí Dhún na nGall ag fiosrú eachtra a tharla ag teach i gConmhaigh maidin Dé Domhnaigh.  Tógadh fear ón teach agus bhí sé ar iarraidh ar feadh tréimhse ama.  

Tugadh an fear chun na hotharlainne de bharr gortaithe a bhain dó ach níl sé i mbaol báis.  

Níl aon eolas eile a thabhairt ag na Gardaí faoi láthair ach tá siad ag iarraidh ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu faoin eachtra teagmháil a dhéanamh leo.  

Bhí cosc iomlán ar na meáin ar ordú ón Gharda Síochána, aon tuairisciú a dhéanamh ar an eachtra seo i rith an lae inné.

Fear ar iarraidh

Tá na Gardaí ag lorg eolais faoi fhear atá ar iarraidh óna bhaile i gCionn Caslach ó bhí maidin Dé Sathairn ann.  

Tá Patrick O'Keefe 35 bliain d'aois, 5 troithe agus 9 n-orlaí ar airde, le gruaig agus féasóg dorcha donn.  Bhí sé ag caitheamh cóta liath agus bróga siúil donna nuair a chonacthas go deireanach é.  

Iarrtar ar an phobal scairt a chur ar Ghardaí Bhaile na nGallóglach má tá aon eolas acu faoi Patrick O'Keefe.

Uisce beatha

Tá tús a chur inniu le táirgeadh uisce beatha den chéad uair i nDrioglann Chroithlí.  

Tá sprioc ag an chomhlacht cúig mhíle dhéag líotar alcól a thairgeadh i ndrioglann Chroithlí achan bhliain.  

Deir duine de stiúrthóirí Dhrioglann Chroithlí, Seosamh Ó Duibheannaigh. gur uisce beatha Éireannach braiche aonair agus poitín d'ardchaighdeán a bheas á dtáirgeadh acu.  

Tá thar 100 bairille 200 líotar uisce beatha ar chostas €6,600 réamh dhíolta ag Drioglann Chroithlí le custaiméirí cheana féin.  

Tá feirmeoirí ar an Lagán in oirthear Dhún na nGall ag fás eorna don drioglann le húsáid leis an uisce beatha a dhéanamh.  Beidh ionad cuairteoirí, beár agus bialann mar pháirt den togra seo fosta, agus beidh sé sin ar oscailt ar an bhliain seo chugainn.  

Tá dhá dhuine dhéag fostaithe sa drioglann go lán aimseartha agus cuirfear le sin amach anseo nuair a bheas ionad na gcuairteoirí oscailte.  

Tá sé 180 bliain ó tairgeadh uisce beatha go dleathach i gcontae Dhún na nGall.

Otharlann Leitir Ceanainn

Dúirt Príomhfheidhmeannach Saolta Tony Canavan go bhfuil súil  ag an ghrúpa go gcuirfear níos mo seirbhísí agus leapacha ar fáil in Otharlann Leitir Ceanainn an geimhreadh seo, chomh maith le níos mo seirbhísí cúram baile, rud atá fíor thábhachtach, a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil an Otharlann iontach gnóthach faoi láthair le hothair nach bhfuil Covid-19 orthu ach go bhfuil ardú de réir a chéile ag teacht ar líon na gcásanna Covid-19 san otharlann.

 Dúirt Tony Canavan gur féidir i gcónaí tuilleadh leapacha a chur ar fáil san Aonad Dianchúraim ma bhíonn gá leo agus dúirt sé go bhfuil comhoibriú maith idir na hOtharlanna agus gur féidir i gcónaí othair a aistriú go hotharlanna eile ma bhíonn an Otharlann faoi bhrú. 

Beo

Sruth na Maoile

Sruth na Maoile

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Bladhaire

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Cead pleanála tugtha do Bhreanndán Ó Beaglaoích

Cead pleanála tugtha do Bhreanndán Ó Beaglaoích

 
Lorcán Ó Máirtín agus Danny Ó Domhnaill.

Lorcán Ó Máirtín agus Danny Ó Domhnaill.

 
John Ó Colla as Mín Lárach, Gort a' Choirce.

John Ó Colla as Mín Lárach, Gort a' Choirce.

 
Diane Ní Chanainn, mír rialta.

Diane Ní Chanainn, mír rialta.

 
Antoin Ó Dochartaigh agus a mháthair  Eileen Nic Suibhne as Machaire Gathlán, Na Doirí Beaga.

Antoin Ó Dochartaigh agus a mháthair Eileen Nic Suibhne as Machaire Gathlán, Na Doirí Beaga.

 
John O Brien, ball ainmnithe ar Choiste Iascaigh na Comhairle Contae.

John O Brien, ball ainmnithe ar Choiste Iascaigh na Comhairle Contae.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár Iomlán, 30/10/2020.

Barrscéalta, Clár Iomlán, 30/10/2020.

 
Michael Mc Cann, Uachtarán Chumann Naomh Uinseann de Pól san Iarthar.

Michael Mc Cann, Uachtarán Chumann Naomh Uinseann de Pól san Iarthar.

 
John O'Brien, Coiste Polasaí Iascaigh, Comhairle Condae, Dún na nGall.

John O'Brien, Coiste Polasaí Iascaigh, Comhairle Condae, Dún na nGall.

 
Gobnait Ní Mhuineacháin, Comhairleoir Condae, Corcaigh.

Gobnait Ní Mhuineacháin, Comhairleoir Condae, Corcaigh.

 
Máirín Uí Chéidigh, tráchtaire, Boston.

Máirín Uí Chéidigh, tráchtaire, Boston.

 
Padraig Ó Mianáin, Príomh-Eagarthóir Concise English-Irish Dictionary.

Padraig Ó Mianáin, Príomh-Eagarthóir Concise English-Irish Dictionary.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
Niall Ó Donghaile, Seanadóir, Sinn Féin.

Niall Ó Donghaile, Seanadóir, Sinn Féin.

 
Deirbhle Nic Craith, INTO.

Deirbhle Nic Craith, INTO.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 30 Deireadh Fómhair 2020.

Adhmhaidin: Dé hAoine 30 Deireadh Fómhair 2020.

 
Caitlín Mhic Ruairí, An Luinnigh, Joe Mangan, Gort a Choirce agus Dónal & Leanne Ui Mhaolainne, Gort a Choirce.

Caitlín Mhic Ruairí, An Luinnigh, Joe Mangan, Gort a Choirce agus Dónal & Leanne Ui Mhaolainne, Gort a Choirce.

 
Áine Ní Bhreisleáin, Iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Áine Ní Bhreisleáin, Iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Dr. Tony Delap, doctor teaghlaigh i nGaoth Dobhair.

An Dr. Tony Delap, doctor teaghlaigh i nGaoth Dobhair.

 
Michelle Nic Grianna, ó sheomra na Nuachta.

Michelle Nic Grianna, ó sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta:  Déardaoin 29 Deireadh Fómhair 2020.

Barrscéalta: Déardaoin 29 Deireadh Fómhair 2020.

 
Anne Doherty, Carraig Airt.

Anne Doherty, Carraig Airt.

 
MacDara Mac Donncha, Cumann Lúthchleas Gael, Port Láirge.

MacDara Mac Donncha, Cumann Lúthchleas Gael, Port Láirge.

 
Mairéad Farrell, T.D. Gaillimh Thiar.

Mairéad Farrell, T.D. Gaillimh Thiar.

 
Gearóid Mac Giollla Fhinnín, Treviglio, An Iodáil.

Gearóid Mac Giollla Fhinnín, Treviglio, An Iodáil.

 
Dr. Tadhg Crowley, Cumann Leighis na hÉireann.

Dr. Tadhg Crowley, Cumann Leighis na hÉireann.

 
Micheál Ó Conchúir, An Bhruiséil.

Micheál Ó Conchúir, An Bhruiséil.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Tús Áite: Leasuithe dlí le cásanna a bhaineann le foréigean gnéasach

Tús Áite: Leasuithe dlí le cásanna a bhaineann le foréigean gnéasach

 
Tús Áite: Feachtas chun Gaelscoil a bhunú i gCo. Lú

Tús Áite: Feachtas chun Gaelscoil a bhunú i gCo. Lú

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: Vóta ar son ghníomhaíocht thionsclaíoch do mhúinteoirí

Tús Áite: Vóta ar son ghníomhaíocht thionsclaíoch do mhúinteoirí

 
Tús Áite: Teaghlach básaithe i gCeann Toirc

Tús Áite: Teaghlach básaithe i gCeann Toirc

 
Tús Áite: Tragóid i mBaile an tSaoir

Tús Áite: Tragóid i mBaile an tSaoir

 
Tús Áite: 28/10/20

Tús Áite: 28/10/20

 
Connie Mhicí Ó Gallchóir, Bainisteoir comhlacht athchúrsála Bryson.

Connie Mhicí Ó Gallchóir, Bainisteoir comhlacht athchúrsála Bryson.

 
Josephine Uí Cheallaigh, Michelle Nic Giolla Bhríde, Marie Mhic Laifeartaigh agus Nóirín Nic Eamharcaigh.

Josephine Uí Cheallaigh, Michelle Nic Giolla Bhríde, Marie Mhic Laifeartaigh agus Nóirín Nic Eamharcaigh.

 
Elaine Ní Fhíoruisce, Muintearas/ Óige na Gaeltachta.

Elaine Ní Fhíoruisce, Muintearas/ Óige na Gaeltachta.

 
Caitlín Ní Bhroin, Oifigeach Forbartha Eacla i mBaile na Finne.

Caitlín Ní Bhroin, Oifigeach Forbartha Eacla i mBaile na Finne.

 
Load More...
Tús Áite

Tús Áite

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Bladhaire

Bladhaire

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís