Nuacht an Tuaiscirt: 1 Deireadh Fómhair

Nuacht an Tuaiscirt: 1 Deireadh Fómhair

Covid-19

Deimhníodh 31 cás úr eile den víreas corónach i nDún na nGall i dtréimhse ceithre huaire fichead de réir na bhfigiúirí a d'eisigh an Roinn Sláinte tráthnóna inné.  

429 cás úr a deimhníodh go náisiúnta tráthnóna inné agus fuair duine amháin eile bás mar gheall ar Covid-19.  

Thug an Príomh Oifigeach Leighis Gníomhach, an Dochtúir Rónan Glynn le fios ag an phreas ócáid tráthnóna inné gur deimhníodh 4,384 cás úr den víreas go náisiúnta le ceithre lá dhéag, agus go raibh 336 dona cásanna sin i nDún na nGall, 8% de na cásanna le coicís.  

Sé meánaois na gcásanna le coicís nó 33 bliain d'aois agus baineann 67% de na cásanna le daoine faoi 45 bliain d'aois.  

De réir figiúirí ar shuíomh idirlín an rialtais, gov.ie, atá bunaithe ar eolas ón mheán oíche oíche Luain, 918 cás atá deimhnithe sa chontae ó thús na géarchéime anois, ach níl na figiúirí le dhá lá san áireamh ansin.

Bád Tárrthála

Tá Bád Tárrthála RNLI Árainn Mhór i mbun seirbhíse arís i ndiaidh d'fhoireann an bháid a bheith ag féin aonrú le seachtain.  

Bhí cás Covid-19 ar dhuine den fhoireann agus b'éigean don fhoireann uilig féin aonrú agus tástálacha Covid 19 a fháil déanta.  

Rinneadh an bád tarrthála agus trealamh an bháid a ghlanadh le linn na seachtaine chomh maith le stáisiún an bháid.  

Bhí bádaí agus criúnna eile i mbun cúramaí Bhád Tárrthála Árainn Mhór le linn don fhoireann a bheith ag féin aonarú.

Ionad Óige

Tá díomá ar choiste Ionad Óige Ghaoth Dobhair faoin mhoill fhada torthaí staidéar féidearthachta maidir le cás gnó do Ionad Óige Ghaoth Dobhair a fhoilsiú, le go bhféadfaí an togra a bhogadh ar aghaidh.  

Dúirt ball den choiste, an tAthair Brian Ó Fearraigh go bhfuil an feachtas seo ar bun ó 2010, agus go bhfuil moilleadóireacht iontach ar bun ag Roinn na Gaeltachta maidir le forbairt an togra.  

Measann sé gur easpa foirne i Roinn na Gaeltachta is cúis leis an mhoill measúnú a dhéanamh ar an taighde a rinneadh.  

Tá pleananna ag an choiste ionad sain-thógtha do aos óg Ghaoth Dobhair a thógáil ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair.  

Dúirt an tAthair Ó Fearraigh fosta go bhfuil súil acu go mbeidh beirt oibrí óige a fhostú i nGaoth Dobhair go luath le dul i mbun oibre go páirt aimseartha le seirbhísí don óige a chur ar fáil sa pharóiste.

Coláiste Crana

Cúig bliain is fiche is an lá inniu a chur Coláiste Crana tús leis an phróiseas chun scoil úr a thógáil agus cúig bliain is fiche ar aghaidh níl dul chun cinn ar bith déanta.  

Tá iarrachtaí ar bun le blianta suíomh a aimsiú le campas oideachais trí scoile a fhorbairt i mBun Crannacha agus bhíthear ag díriú ar shuíomh mhonarcha Fruit of the Loom ar an bhaile, suíomh a díoladh le ceannaitheoir eile anuraidh.  

Dúirt Coláiste Crana ag tús na bliana go mbeadh siad ag lorg suíomh do scoil s'acu féin anois leis an togra a bhrú ar aghaidh mar go bhfuil deacrachtaí móra suíomh fóirsteanach a aimsiú do thrí scoil le chéile.  

Dúirt Príomhoide na scoile inniu go bhfuil sé doiligh a chreidbheáil i ndiaidh 25 bliain nach bhfuil scoil úr faighte ag Coláiste Crana, rud a fhágann go bhfuil brú ollmhór spáise ar an scoil agus deacrachtaí maidir le háiseanna eile na scoile.

Tithíocht

Tá cead pleanála faighte ag Habinteg Housing Association le 34 aonad tithíocht shóisialta a thógáil i gCaisleán na Finne.  Beidh costas de €5.8m le tógáil na dtithe seo ar Bhóthar Rath Bhotha i gCaisleán na Finne.  

Tá Habinteg, a bunaíodh i Leifear i 2001, cláraithe mar chomhnaidhm carthanachta tithíochta, agus ba iad a thóg 53 aonad tithíochta ag Páirc an Bhaile Dhuibh i Leifear.  

Dúirt Cathaoirleach Habinteg, An Dr Paul Armstrong, gur ceannaíodh an suíomh don fhorbairt i gCaisleán na Finne i 2006, agus go bhfuil súil tús a chur leis an obair thógála ar an láthair san dara ceathrú den bhliain seo chugainn, a dúirt sé.  

Tá sé mar aidhm na tithe ar fad a bheith críochnaithe san tríú ceathrú de 2022.

Plean úr rialtais

Deir an Seanadóir Elisha McCallion nach féidir neamhaird a dhéanamh do phobal an iarthuaiscirt faoi phlean úr an rialtais 'New Decade, New Approach.

Dúirt sí sa tSeanad go gcaithfidh an rialtas soiléiriú a thabhairt ar cá seasann siad ar thograí ar nós Choláiste Mhic Aoidh i nDoire a leathnú, Bealach an A5 atá iontach tábhachtach do phobal Dhún na nGall, An Plean Forbartha Náisiúnta agus Plean Fáis Chuimsitheach an Iarthuaiscirt.

 Thug an tAire Stáit maidir le gnóthaí an Aontais Eorpaigh Thomas Byrne le fios don Seanadóir Mc Callion go bhfuil an rialtas dáiríre faoi fhorbairtí i réigiún an iarthuaiscirt. 

Oifigeach Pleanála Teanga

Tá Barra Ó Scannláin ceaptha ina Oifigeach Pleanála Teanga sa Ghaeltacht Lár.  Clúdaíonn an limistéir Gleann Fhinne, An Coimín, Baile na Finne, An Duchoraidh agus Éadan Fhionn Fá.  

Faoi láthair, tá sé ag scrúdú torthaí dhá shuirbhé a rinne Coiste Pleanála Teanga na Gaeltachta Lár anuraidh.  

Dúirt Barra O Scannláin go bhfuil sé ag iarraidh níos mó ionchur anois ón phobal le cur le torthaí na gceistneoirí sa dóigh is go mbeidh an plean ionadaíoch ar mhianta agus ar thaithí an phobail.  

Is as Bealach Féich do Bharra Ó Scannláin agus tá sé i ndiaidh dhá bhliain a chaitheamh in Ollscoil Edmonton, in Alberta Cheanada ag teagasc Gaeilge.

Iascaigh Intíre Éireann

Tá Francis O'Donnell as an Charraig ceaptha mar Phríomhfheidhmeannach ar Iascaigh Intíre Éireann.  Tá sé ag obair faoi láthair mar Stiúrthóir ar cheantar Abhantraí an Iarthair d'iascaigh Intíre Éireann agus rachaidh sé i mbun a dhualgais úra i gceann coicíse.  

D'oibir Francis O'Donnell fosta leis an Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara.  

Dúirt Francis O'Donnell gur an fhís ata aige ina ról úr nó an acmhainn iascaigh intíre a chaomhnú agus a fhorbairt agus cinntiú go mbeidh an earnáil slán dona glúnta atá le theacht.

Beo

Scoth an Déardaoin

Scoth an Déardaoin

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Comhairle na Gaelscolaíochta

Tús Áite: Comhairle na Gaelscolaíochta

 
Tús Áite: Téarmaí na bliana

Tús Áite: Téarmaí na bliana

 
Tús Áite: Stella O’Malley

Tús Áite: Stella O’Malley

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 3/12/2020

Tús Áite: 3/12/2020

 
Lámha Síos : Ruth Nic Giolla Iasachta

Lámha Síos : Ruth Nic Giolla Iasachta

 
Rap Cairdis : Bairbre Ní Choistealbha

Rap Cairdis : Bairbre Ní Choistealbha

 
Jack Logan agus Feargal Máirtín : Podchraoladh

Jack Logan agus Feargal Máirtín : Podchraoladh

 
Éigse Dhiarmuidín : Cormac Ó hAodha

Éigse Dhiarmuidín : Cormac Ó hAodha

 
Ceol Beo : Ellie Nic Fhionnghaile agus Aisling Ní Churraighín

Ceol Beo : Ellie Nic Fhionnghaile agus Aisling Ní Churraighín

 
Michelle Tiernan : Cois Farraige

Michelle Tiernan : Cois Farraige

 
Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 3/12/20

Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 3/12/20

 
Páidí Mac Gearailt

Páidí Mac Gearailt

 
Agallamh Beirte: Ag Éalú Ón Scoil

Agallamh Beirte: Ag Éalú Ón Scoil

 
Tomás Ó Loingsigh

Tomás Ó Loingsigh

 
Séamus Ó Drisceoil

Séamus Ó Drisceoil

 
Emma Verling

Emma Verling

 
An Saol Ó Dheas 03/12/20

An Saol Ó Dheas 03/12/20

 
Aengus Ó Snodaigh, T.D. Sinn Féin.

Aengus Ó Snodaigh, T.D. Sinn Féin.

 
Frank Allen, Cathaoirleach, Iarnród Éireann.

Frank Allen, Cathaoirleach, Iarnród Éireann.

 
Páidí Ó Sé, Bainisteoir, Comharchumann chorca Dhuibhne.

Páidí Ó Sé, Bainisteoir, Comharchumann chorca Dhuibhne.

 
Peadar Tóibín, T.D., Co na Mí.

Peadar Tóibín, T.D., Co na Mí.

 
Séamus Ó Briain, príomhiude Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

Séamus Ó Briain, príomhiude Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

 
Dr. Lisa Ní Chuinneagáin, Londain.

Dr. Lisa Ní Chuinneagáin, Londain.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Tús Áite: Mír na Meán

Tús Áite: Mír na Meán

 
Tús Áite: Mír na Leabhar

Tús Áite: Mír na Leabhar

 
Tús Áite: Vacsaín

Tús Áite: Vacsaín

 
Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 2/12/2020

Tús Áite: 2/12/2020

 
Barrscéalta: Anthony Hayden

Barrscéalta: Anthony Hayden

 
Tadhg Ó Dúbhshláine.

Tadhg Ó Dúbhshláine.

 
Caitlín Uí Aodha agus Deirdre Uí Fhlannúra.

Caitlín Uí Aodha agus Deirdre Uí Fhlannúra.

 
Risteárd Mac Liam.

Risteárd Mac Liam.

 
An tAthair Eoghan Ó Cadhla.

An tAthair Eoghan Ó Cadhla.

 
Tús Áite: Painéal na Meán Idirnáisiúnta

Tús Áite: Painéal na Meán Idirnáisiúnta

 
Tús Áite: Dúnmharú Pat Finucane

Tús Áite: Dúnmharú Pat Finucane

 
Tús Áite: Athoscailt siopaí agus eile

Tús Áite: Athoscailt siopaí agus eile

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 1/12/2020

Tús Áite: 1/12/2020

 
Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

 
Breandán Ó Cíobháin.

Breandán Ó Cíobháin.

 
Cáit Verling.

Cáit Verling.

 
Muiris Breathnach.

Muiris Breathnach.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Tús Áite

Tús Áite

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bladhaire

Bladhaire

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís