Nuacht an Tuaiscirt: 29 Meán Fómhair

Nuacht an Tuaiscirt: 29 Meán Fómhair

Covid-19

22 cás úr eile den víreas corónach a deimhníodh i dtréimhse ceithre huaire fichead i nDún na nGall, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Sláinte tráthnóna inné.  

As an 390 cás a fógraíodh go náisiúnta inné, bhí 209 cás acu sin i mBaile Átha Cliath agus 22 cás a bhí i nDún na nGall, an dá chontae sa tír a bhfuil srianta leibhéal a trí an rialtais i bhfeidhm iontu.

De réir figiúirí ar shuíomh gov.ie, bunaithe ar an mheánoíche Dé Sathairn, tá 873 cás deimhnithe sa chontae ó thús na géarchéime.

Rena Donaghey

D'impigh Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Rena Donaghey, ar phobal na contae aire a thabhairt dá chéile agus cloí go daingean le srianta Covid-19.

Caithfidh an pobal ar fad achan iarracht a fháil le bua a fháil ar an víreas, a dúirt sí, agus tá sé tábhachtach go ndéanfaidh pobal na contae achan iarracht le go mbeidh laghdú ar líon na gcásanna úra Covid-19 sa chontae, a dúirt an Comhairleoir Donaghey.

Dúirt sí ag cruinniú míosúil na Comhairle Contae i Leitir Ceanainn inné, gur ábhar díomá gur bhéigean Dún na nGall a chur san áireamh i Srianta Leibheál 3, ach nach aon ábhar iontais é sin, de bharr méadú mór ar chásanna den víreas sa chontae le tamall.

Tá tionchar tromchúiseach ag an víreas seo, agus caithfidh an pobal ar fad achan iarracht a dhéanamh cloí le srianta, laghdú a dhéanamh ar líon na ndaoine a chastar orthu, agus mascanna a chaitheamh in áiteanna poiblí, a dúirt sí.

Dúirt an Comhairleoir Donaghey fosta go mbeidh Comhairle Contae Dhún na nGall ag comhoibriú le Comhairle Chathair Dhoire agus an tSratha Báin maidir le céard is féidir a dhéanamh le laghdú a dhéanamh ar chásanna den víreas san iarthuaisceart.

Íocaíochtaí dífhostaíochta

Tá ardú tagtha ar líon na ndaoine i nDún na nGall atá ag fáil íocaíochtaí dífhostaíochta Covid-19 don chéad uair ó bhí mí na Bealtaine ann. 

5,949 duine atá ag fáil íocaíochtaí PUP an rialtais an tseachtain seo, méadu de 126. 

Bhí laghdú leanúnach ar líon na ndaoine a bhí ag fáil an íocaíocht seo ó bhí mí na Bealtaine ann, nuair a bhí 22,700 duine ag fáíl íocaíocht PUP.  

Ní fios go fóill cén tionchar a bhéas ag srianta leibhéal 3 Covid-19 ar líon na n-íocaíochtaí sa chondae, agus go leor gnónna druidte arís in athuair. 

Údaráis áitiúla

Caithfear a theacht ar shocrú mar is ceart maidir le maoiniú a dhéanamh ar údaráis áitiúla, seachas feidhm a bheith ar dhaoine cáin a íoc ar a dtithe cónaithe, a dúirt an Comhairleoir Contae Anthony Molloy.

Dúirt sé go bhfuil an cháin mhaoine áitiúil mar fhoinse tábhachtach ioncaim don Chomhairle Contae, agus go bhfuil sé riachtanach le forbairtí a dhéanamh sa chontae.

Bhí sé tábhachtach gan laghdú a dhéanamh ar an cháin mhaoine áitiúil ag cruinniú an lae inné, a dúirt sé, le gur féidir leanstan le tograí áirithe ar fud na contae, a dúirt an Comhairleoir Molloy.

Busanna Feda

Cuirfidh Comhlacht Busanna Feda tús leis an tSeirbhís Bus ó Dhún na nGall go Gaillimh arís Déardaoin seo an chéad lá de Dheireadh Fómhair.

Cuireadh deireadh leis an tseirbhís níos mo no 6 mhí o shin mar gheall ar an ghéarchéim sláinte

Ni bheidh cead ach 50% de phaisinéirí a iompar ar an bhus agus deir an Comhlacht go bhfuil sé riachtanach suíochán a chur in airithe roimh ré.

Deir an comhlacht chomh maith go mbeidh siad ag leanstan go dlúth leis na srianta ata leagtha sios ag an Rialtas.

Banc na hÉireann

Tá sé ráite ag Banc na hÉireann i nDún na nGall go mbeidh a gcraobhacha ar an Bhun Bheag, i mBun Dobhráin, agus ar na Gleanntaí a ndruid go sealadach le go mbeidh a gcuid foirne ábalta seirbhís leanúnach a chur ar fáil i gcraobh Leitir Ceanainn.

Glanadh agus sciúradh craobh de Bhanc na hÉireann i Leitir Ceanainn an tseachtain seo faoi threoir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, agus tá cuid d'fhoireann Leitir Ceanainn ag féinaonrú. 

Beidh an measín airgid go fóill ag feidhmiú i mBun Dobhráin, ar na Gleanntaí agus ar an Bhun Bheag.

Beo

Scoth an Déardaoin

Scoth an Déardaoin

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Comhairle na Gaelscolaíochta

Tús Áite: Comhairle na Gaelscolaíochta

 
Tús Áite: Téarmaí na bliana

Tús Áite: Téarmaí na bliana

 
Tús Áite: Stella O’Malley

Tús Áite: Stella O’Malley

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 3/12/2020

Tús Áite: 3/12/2020

 
Lámha Síos : Ruth Nic Giolla Iasachta

Lámha Síos : Ruth Nic Giolla Iasachta

 
Rap Cairdis : Bairbre Ní Choistealbha

Rap Cairdis : Bairbre Ní Choistealbha

 
Jack Logan agus Feargal Máirtín : Podchraoladh

Jack Logan agus Feargal Máirtín : Podchraoladh

 
Éigse Dhiarmuidín : Cormac Ó hAodha

Éigse Dhiarmuidín : Cormac Ó hAodha

 
Ceol Beo : Ellie Nic Fhionnghaile agus Aisling Ní Churraighín

Ceol Beo : Ellie Nic Fhionnghaile agus Aisling Ní Churraighín

 
Michelle Tiernan : Cois Farraige

Michelle Tiernan : Cois Farraige

 
Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 3/12/20

Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 3/12/20

 
Páidí Mac Gearailt

Páidí Mac Gearailt

 
Agallamh Beirte: Ag Éalú Ón Scoil

Agallamh Beirte: Ag Éalú Ón Scoil

 
Tomás Ó Loingsigh

Tomás Ó Loingsigh

 
Séamus Ó Drisceoil

Séamus Ó Drisceoil

 
Emma Verling

Emma Verling

 
An Saol Ó Dheas 03/12/20

An Saol Ó Dheas 03/12/20

 
Aengus Ó Snodaigh, T.D. Sinn Féin.

Aengus Ó Snodaigh, T.D. Sinn Féin.

 
Frank Allen, Cathaoirleach, Iarnród Éireann.

Frank Allen, Cathaoirleach, Iarnród Éireann.

 
Páidí Ó Sé, Bainisteoir, Comharchumann chorca Dhuibhne.

Páidí Ó Sé, Bainisteoir, Comharchumann chorca Dhuibhne.

 
Peadar Tóibín, T.D., Co na Mí.

Peadar Tóibín, T.D., Co na Mí.

 
Séamus Ó Briain, príomhiude Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

Séamus Ó Briain, príomhiude Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

 
Dr. Lisa Ní Chuinneagáin, Londain.

Dr. Lisa Ní Chuinneagáin, Londain.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Tús Áite: Mír na Meán

Tús Áite: Mír na Meán

 
Tús Áite: Mír na Leabhar

Tús Áite: Mír na Leabhar

 
Tús Áite: Vacsaín

Tús Áite: Vacsaín

 
Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 2/12/2020

Tús Áite: 2/12/2020

 
Barrscéalta: Anthony Hayden

Barrscéalta: Anthony Hayden

 
Tadhg Ó Dúbhshláine.

Tadhg Ó Dúbhshláine.

 
Caitlín Uí Aodha agus Deirdre Uí Fhlannúra.

Caitlín Uí Aodha agus Deirdre Uí Fhlannúra.

 
Risteárd Mac Liam.

Risteárd Mac Liam.

 
An tAthair Eoghan Ó Cadhla.

An tAthair Eoghan Ó Cadhla.

 
Tús Áite: Painéal na Meán Idirnáisiúnta

Tús Áite: Painéal na Meán Idirnáisiúnta

 
Tús Áite: Dúnmharú Pat Finucane

Tús Áite: Dúnmharú Pat Finucane

 
Tús Áite: Athoscailt siopaí agus eile

Tús Áite: Athoscailt siopaí agus eile

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 1/12/2020

Tús Áite: 1/12/2020

 
Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

 
Breandán Ó Cíobháin.

Breandán Ó Cíobháin.

 
Cáit Verling.

Cáit Verling.

 
Muiris Breathnach.

Muiris Breathnach.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Tús Áite

Tús Áite

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bladhaire

Bladhaire

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís