Nuacht an Iarthair: 29 Meán Fómhair

Nuacht an Iarthair: 29 Meán Fómhair

Sluaite i nGaillimh

Tá sé deimhnithe ag na Gardaí  go raibh slua daoine óga bailithe timpeall ar an gCladach agus ar an bPóirse Caoch i nGaillimh tráthóna inné cé go bhfuil sé iarrtha ar an bpobal cloí leis na treoracha sláinte faoin ar an víreas corónach.

Dúirt na Gardaí cé go raibh suas le ceithre scór duine bailithe ansin thart ar 9 chlog nach raibh sé chomh dona agus a bhí ráite ar na meáin shóisialta agus go raibh seisear Gardaí ar an láthair ar feadh uair a chloig go dtí go raibh an slua scaipithe.

Tá an méid a tharla aréir cáinte ar na meáin sghóisialta ag Méara na Cathrach Mike agus dúirt sé go mbeidh sé ag iarraidh cruinniú leis na Gardaí, lucht na gcolaistí 3ú leibhéal agus leis an gComhairle Cathrach le déileáil leis seo.
 

Ionad coireála séarachais

Tá imní léirithe anois nach mbeidh a ndóthain spáis san ionad coireála séarachais atá ag Oileáin Caorach le freastal ar Chathair na Gaillimhe go fadtéarmach.

Dúirt comhairleoirí cathrach go bhfuil ceadanna pleanála diúltaithe cheanna fhéin in oirthear na cathrach mar gheall ar chúrsaí séarachais.
 

Dúirt an Príomhfheidhmeannach Breandan McGrath go bhfuil a ndóthain spáis in Oileáin Caorach le freastal ar an éileamh gearr thréimhse atá sa gcathair ach go gcaithfear breathnú ar an bplean fad théarma atá ann den chathair.

Tógfaidh sé cuid mhaith de scór blianta, a dúirt sé ,forbairt a dhéanamh ar chóras eile ar imeall thoir na cathrach.
 

Togra nua spóirt

Tá togra nua spóirt Gaeltachta seolta, agus é mar chuspóir aige cur leis an líon daoine a ghlacann páirt i rothaíocht agus  infreastruchtúr caitheamh aimsire a fhorbairt san nGaeltacht.

 Tá sé i gceist ag Gaeltacht.cc forbairt a dhéanamh ar chúrsaí do rothaithe Gaeltachta, a dúirt Pádraic Ó Cuinn atá taobh thiar den togra.

Duirt Ó Cuinn "feiceann muid go bhfuil luach ar leith ag baint le rothaithe ar fud na Gaeltachta a thabhairt le chéile faoi chlub agus branda amháin, ag cur le féiniúlacht na Gaeltachta agus, ar ndóigh, ag tabhairt san áireamh go bhfuil clubanna aonaracha ag feidhmiú cheana féin i roinnt ceantair Ghaeltachta."
 
Tá an togra cheana féin ag obair le  daoine éagsúla maidir le gréasán de bhealaí rothaíochta gairbhéil ar chaighdeán domhanda a fhorbairt i nGaeltacht na Gaillimhe.

Beo

Scoth an Déardaoin

Scoth an Déardaoin

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Comhairle na Gaelscolaíochta

Tús Áite: Comhairle na Gaelscolaíochta

 
Tús Áite: Téarmaí na bliana

Tús Áite: Téarmaí na bliana

 
Tús Áite: Stella O’Malley

Tús Áite: Stella O’Malley

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 3/12/2020

Tús Áite: 3/12/2020

 
Lámha Síos : Ruth Nic Giolla Iasachta

Lámha Síos : Ruth Nic Giolla Iasachta

 
Rap Cairdis : Bairbre Ní Choistealbha

Rap Cairdis : Bairbre Ní Choistealbha

 
Jack Logan agus Feargal Máirtín : Podchraoladh

Jack Logan agus Feargal Máirtín : Podchraoladh

 
Éigse Dhiarmuidín : Cormac Ó hAodha

Éigse Dhiarmuidín : Cormac Ó hAodha

 
Ceol Beo : Ellie Nic Fhionnghaile agus Aisling Ní Churraighín

Ceol Beo : Ellie Nic Fhionnghaile agus Aisling Ní Churraighín

 
Michelle Tiernan : Cois Farraige

Michelle Tiernan : Cois Farraige

 
Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 3/12/20

Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 3/12/20

 
Páidí Mac Gearailt

Páidí Mac Gearailt

 
Agallamh Beirte: Ag Éalú Ón Scoil

Agallamh Beirte: Ag Éalú Ón Scoil

 
Tomás Ó Loingsigh

Tomás Ó Loingsigh

 
Séamus Ó Drisceoil

Séamus Ó Drisceoil

 
Emma Verling

Emma Verling

 
An Saol Ó Dheas 03/12/20

An Saol Ó Dheas 03/12/20

 
Aengus Ó Snodaigh, T.D. Sinn Féin.

Aengus Ó Snodaigh, T.D. Sinn Féin.

 
Frank Allen, Cathaoirleach, Iarnród Éireann.

Frank Allen, Cathaoirleach, Iarnród Éireann.

 
Páidí Ó Sé, Bainisteoir, Comharchumann chorca Dhuibhne.

Páidí Ó Sé, Bainisteoir, Comharchumann chorca Dhuibhne.

 
Peadar Tóibín, T.D., Co na Mí.

Peadar Tóibín, T.D., Co na Mí.

 
Séamus Ó Briain, príomhiude Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

Séamus Ó Briain, príomhiude Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

 
Dr. Lisa Ní Chuinneagáin, Londain.

Dr. Lisa Ní Chuinneagáin, Londain.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Tús Áite: Mír na Meán

Tús Áite: Mír na Meán

 
Tús Áite: Mír na Leabhar

Tús Áite: Mír na Leabhar

 
Tús Áite: Vacsaín

Tús Áite: Vacsaín

 
Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 2/12/2020

Tús Áite: 2/12/2020

 
Barrscéalta: Anthony Hayden

Barrscéalta: Anthony Hayden

 
Tadhg Ó Dúbhshláine.

Tadhg Ó Dúbhshláine.

 
Caitlín Uí Aodha agus Deirdre Uí Fhlannúra.

Caitlín Uí Aodha agus Deirdre Uí Fhlannúra.

 
Risteárd Mac Liam.

Risteárd Mac Liam.

 
An tAthair Eoghan Ó Cadhla.

An tAthair Eoghan Ó Cadhla.

 
Tús Áite: Painéal na Meán Idirnáisiúnta

Tús Áite: Painéal na Meán Idirnáisiúnta

 
Tús Áite: Dúnmharú Pat Finucane

Tús Áite: Dúnmharú Pat Finucane

 
Tús Áite: Athoscailt siopaí agus eile

Tús Áite: Athoscailt siopaí agus eile

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 1/12/2020

Tús Áite: 1/12/2020

 
Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

 
Breandán Ó Cíobháin.

Breandán Ó Cíobháin.

 
Cáit Verling.

Cáit Verling.

 
Muiris Breathnach.

Muiris Breathnach.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Tús Áite

Tús Áite

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bladhaire

Bladhaire

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís