Nuacht an Tuaiscirt:23 cás úr de Covid

Nuacht an Tuaiscirt:23 cás úr de Covid

Cásanna den víreas corónach

23 cás úr den víreas corónach a deimhníodh i dtréimhse 24 uair a'chloig i gCo.Dhún na nGall, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Sláinte tráthnóna inné.

430 cás a deimhníodh go náisiúnta inné.

Ní bhfuair duine ar bith eile bás mar gheall ar an víreas.

D'iarr an Dr Ronan Glynn ar phobal Dhún na nGall agus Bhaile Átha Cliath oibriú ón bhaile ach amháin má tá sé riachtanach a ghabháil chuig an láthair oibre.

Dúirt sé go gcaithfidh achan duine glacadh leis go bhfuil an víreas corónach ina gceantar féin agus cloí leis na srianta leis an ghalar a sheachaint.
 

Pleananna forbartha Theach Tábhairne Sheáin Óig i nGaoth Dobhair

Tá pleananna forbartha á gcur le chéile ag Teach Tábhairne Sheáin Óig i nGaoth Dobhair le háiseanna do choirmeacha ceoil agus imeachtaí sóisialta faoi dhíon a eagrú.

Tá an fhorbairt seo le déanamh ar an chéad urlár den fhoirgneamh, le cois síniú breise a chur le cúl an fhoirgnimh.

D'fhreastal 11,500 duine ar choirmeacha ceoil a d'eagraigh Teach Sheáin Óig le 3 bliana, áit ar eagraíodh 58 imeacht nó coirmcheoil.
Tá 37 duine fostaithe ag Teach Sheáin Óig faoi láthair agus cruthóidh an fhorbairt úr seo corradh le scór go leith post breise.

Caithfear dul i ngleic le dífhostaíocht anseo-Ó Dochartaigh

'Caithfear díriú ar infheistíocht, ar fhostaíocht agus ar bhonneagair i nDún na nGall agus réigiún an iar thuaiscirt', a deir an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh, agus é ag tagairt de thuairisc go bhfuil an 3ú ráta is airde dífhostaíochta sa tír i nDún na nGall.

Léirigh tuarascáil de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí a foilsíodh le gairid go raibh Dún na nGall ar an 3ú ráta ab airde sa tír d'íocaíochtaí leasa shóisialaigh anuraidh.

Léiríodh go raibh 6,905 duine sa chontae ag fáil liúntas cuardaitheora poist anuraidh.

'Léiríonn sé sin go bhfuil polasaí faoi leith de dhíth don chontae agus don réigiún', a dúirt an Teachta Piaras Ó Dochartaigh. 

'Níl go leor béime á chur ag na háisinteachtaí forbartha agus fostaíochta ar réigiún an iar thuaiscirt', a dúirt sé.

Seirbhísí leighis trasteorann i ndiaidh Brexit

Tá obair ar bun ag an HSE lena chinntiú go leanfar le seirbhísí leighis trasteorann i ndiaidh imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach, de réir an eolais a thug Fóram Sláinte an Iarthair do bhall den Fhóram, An Comhairleoir Gerry MacMonagle.

Tugadh le fios dó go bhfuil comhráití ar siúl le go leanfar le seirbhísí leighis do othair as na 26 contae, 6 contae agus sa Bhreatain.

Tá comhráití fosta maidir le soláthar ábhair  agus trealamh leighis agus cógais, trí chalafoirt na Breataine chun na tíre seo, ionas nach mbeidh srianta ar bith i gceist.

Dúradh leis an Chomhairleoir McMonagle go bhfuil comhráití leanúnacha idir an Roinn Sláinte agus Roinn Sláinte na Breataine ar na ceisteanna seo.

Beidh tuilleadh eolais faoina pleananna atá ag na húdaráis sláinte a chur ar fáil ag cruinniú den fhóram níos moille, a tugadh le fios dó.


 

Beo

Scoth an Déardaoin

Scoth an Déardaoin

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Comhairle na Gaelscolaíochta

Tús Áite: Comhairle na Gaelscolaíochta

 
Tús Áite: Téarmaí na bliana

Tús Áite: Téarmaí na bliana

 
Tús Áite: Stella O’Malley

Tús Áite: Stella O’Malley

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 3/12/2020

Tús Áite: 3/12/2020

 
Lámha Síos : Ruth Nic Giolla Iasachta

Lámha Síos : Ruth Nic Giolla Iasachta

 
Rap Cairdis : Bairbre Ní Choistealbha

Rap Cairdis : Bairbre Ní Choistealbha

 
Jack Logan agus Feargal Máirtín : Podchraoladh

Jack Logan agus Feargal Máirtín : Podchraoladh

 
Éigse Dhiarmuidín : Cormac Ó hAodha

Éigse Dhiarmuidín : Cormac Ó hAodha

 
Ceol Beo : Ellie Nic Fhionnghaile agus Aisling Ní Churraighín

Ceol Beo : Ellie Nic Fhionnghaile agus Aisling Ní Churraighín

 
Michelle Tiernan : Cois Farraige

Michelle Tiernan : Cois Farraige

 
Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 3/12/20

Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 3/12/20

 
Páidí Mac Gearailt

Páidí Mac Gearailt

 
Agallamh Beirte: Ag Éalú Ón Scoil

Agallamh Beirte: Ag Éalú Ón Scoil

 
Tomás Ó Loingsigh

Tomás Ó Loingsigh

 
Séamus Ó Drisceoil

Séamus Ó Drisceoil

 
Emma Verling

Emma Verling

 
An Saol Ó Dheas 03/12/20

An Saol Ó Dheas 03/12/20

 
Aengus Ó Snodaigh, T.D. Sinn Féin.

Aengus Ó Snodaigh, T.D. Sinn Féin.

 
Frank Allen, Cathaoirleach, Iarnród Éireann.

Frank Allen, Cathaoirleach, Iarnród Éireann.

 
Páidí Ó Sé, Bainisteoir, Comharchumann chorca Dhuibhne.

Páidí Ó Sé, Bainisteoir, Comharchumann chorca Dhuibhne.

 
Peadar Tóibín, T.D., Co na Mí.

Peadar Tóibín, T.D., Co na Mí.

 
Séamus Ó Briain, príomhiude Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

Séamus Ó Briain, príomhiude Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

 
Dr. Lisa Ní Chuinneagáin, Londain.

Dr. Lisa Ní Chuinneagáin, Londain.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Tús Áite: Mír na Meán

Tús Áite: Mír na Meán

 
Tús Áite: Mír na Leabhar

Tús Áite: Mír na Leabhar

 
Tús Áite: Vacsaín

Tús Áite: Vacsaín

 
Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 2/12/2020

Tús Áite: 2/12/2020

 
Barrscéalta: Anthony Hayden

Barrscéalta: Anthony Hayden

 
Tadhg Ó Dúbhshláine.

Tadhg Ó Dúbhshláine.

 
Caitlín Uí Aodha agus Deirdre Uí Fhlannúra.

Caitlín Uí Aodha agus Deirdre Uí Fhlannúra.

 
Risteárd Mac Liam.

Risteárd Mac Liam.

 
An tAthair Eoghan Ó Cadhla.

An tAthair Eoghan Ó Cadhla.

 
Tús Áite: Painéal na Meán Idirnáisiúnta

Tús Áite: Painéal na Meán Idirnáisiúnta

 
Tús Áite: Dúnmharú Pat Finucane

Tús Áite: Dúnmharú Pat Finucane

 
Tús Áite: Athoscailt siopaí agus eile

Tús Áite: Athoscailt siopaí agus eile

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 1/12/2020

Tús Áite: 1/12/2020

 
Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

 
Breandán Ó Cíobháin.

Breandán Ó Cíobháin.

 
Cáit Verling.

Cáit Verling.

 
Muiris Breathnach.

Muiris Breathnach.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Tús Áite

Tús Áite

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bladhaire

Bladhaire

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís