Nuacht an Tuaiscirt: Srianta Leibhéal 3 ó mheánoíche anocht

Nuacht an Tuaiscirt: Srianta Leibhéal 3 ó mheánoíche anocht

Srianta Leibhéal 3 i nDún na nGall ó mheánoíche anocht

Is ag meánoíche anocht a thiocfaidh srianta leibhéal a 3 de phlean Covid 19 an rialtais i bhfeidhm i nDún na nGall.  D'fhógair an Taoiseach Micheál Martin tráthnóna inné go raibh Dún na nGall le cur chuig leibhéal a trí mar gheall ar an ardú leanúnach atá ag teacht ar chásanna den víreas corónach sa chontae le.  

Tá an ráta maidir le cásanna covid 19 i dtréimhse 7 lá, dhá uair níos mó i nDún na nGall anois ná mar atá i gcontae ar bith eile sa tír, taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath.122 duine in aghaidh achan 100,000 an ráta i nDún na nGall faoi láthair, an dara ráta is airde sa tír i ndiaidh Bhaile Átha Cliath.  

Luaigh an Taoiseach Ceantar Bardais Shrath an Urláir/Leifear ins an cur i láthair a rinne sé don tír tráthnóna inné.  Dúirt sé gur 336 duine in aghaidh achan 100,000 duine, an ráta den ghalar atá sa cheantar sin faoi láthair.  

Luadh fosta na ceantair cois teorann agus na deacrachtaí móra atá leis an ráta Covid 19 sna ceantair sin. Dúirt Micheál Martin go mbeadh sé ag plé seo leis an Chéad Aire agus an Leas Chéad Aire ó thuaidh le hiarracht smacht a fháil ar an víreas.  

Deimhníodh tráthnóna inné go raibh 42 cás úr den víreas i dtréimhse ceithre huaire fichead i nDún na nGall, an líon is mó a deimhníodh in aon lá amháin sa chontae ó thús na géarchéime. Dúirt an Príomh Oifigeach Leighis Gníomhach, an Dochtúir Rónan Glynn go bhfuil cás amháin as achan cheithre chás faoi láthair ag tarlú do dhaoine san aoisghrúpa idir 15 bliain agus 24 bliain d'aois. Dúirt sé go gcaithfidh achan duine anois, idir óg agus aosta, iarracht a dhéanamh cloí leis na srianta ar mhaithe le daoine níos sine sa phobal a chosaint.

Cruinniú idir Phríomhoifigigh Leighis trasteorann

Beidh cruinniú ag an bPríomh Oifigeach Leighis Gníomhach, an Dochtúir Rónan Glynn lena chomhghleacaí sa Tuaisceart, an Dochtúir Michael McBride inniu le plé a dhéanamh ar phlean trasteorann a chur i bhfeidhm le ghabháil i ngleic leis an ardú suntasach atá tagtha ar chásanna Covid 19 sna ceantair cois teorann.

Pléifear na féidearthachtaí laghdú a dhéanamh ar chúrsaí taistil idir Dún na nGall agus na 6 chontae ag an chruinniú seo.  Tá na rátaí is airde den víreas corónach faoi láthair sna ceantair cois teorann, Toghcheantar Shraith an Urlár Leifear sna sé chontae is fiche agus Doire agus an tSráth Bán sna 6 chontae.

Méadú suntasach i Leifear ar líon daoine leis an víreas

Deir Dochtúir Teaghlaigh i Leifear, An Dochtúir Paul Armstrong, go bhfuil ardú suntasach tagtha ar líon na ndaoine atá ag freastal ar an íoclann le coicís agus comharthaí sóirt den víreas orthu.  Dúirt sé go bhfuil 60% dona daoine sin san aoisghrúpa 20 go 40 bliain d'aois.  

Dúirt an Dochtúir Armstrong go bhfuil go leor daoine ag taistil anonn is anall sna ceantair tras teorann agus go bhfuil sé iontach deacair rianadh teagmhála a dhéanamh nuair nach bhfuil comhoibriú trasteorann i gceist.  

Níl daoine atá ag fanacht le torthaí tástála Covid 19 ag féin aonrú, a dúirt an Dochtúir Armstrong agus d'iarr sé ar phobal na contae cloí leis na treoirlínte, laghdú a dhéanamh ar líon na ndaoine a gcásanna tú leo agus cloí le scaradh sóisialta.

Tacaíocht geallta ag an Tánaiste go ghnóanna Dhún na nGall

Deir an Tánaiste agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar go mbeidh tacaíocht airgid ar fáil do ghnóanna Dhún na nGall atá buailte mar gheall ar na srianta úra atá le theacht i bhfeidhm anocht.

Dúirt sé go dtuigeann sé gur buille trom na srianta úra seo do lucht gnó Dhún na nGall, dá dteaghlaigh agus dá bhfoirne, go háirithe na tithe tábhairní i gceantair tuaithe nach bhfuil ach i ndiaidh fosclú arís i ndiaidh a bheith druidte tréimhse fada ama.  

Ach dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach gníomhú anois le pobal na contae a chosaint ón víreas.  Thug sé le fios go mbeidh gnóanna i nDún na nGall a mbeidh titim 25% nó níos mó ar a gcuid teacht isteach i dteideal tacaíocht bhreise de 30% ar an deontas atosnú a fógraíodh le gairid.

Imní faoi ghnóanna beaga

Dúirt Ceannasaí Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall Micheál Ó Tonnaigh ar Adhmhaidin go bhfuil sé iontach imníoch faoi ghnóanna beaga sa chontae mar gheall ar an tionchar a bheas ag srianta leibhéal ar a 3 orthu.  

Dúirt sé go bhfuil sé go fóill den bharúil go mbeidh suas le 40% de ghnóanna beaga a chuireann seirbhísí ar fáil, druidte ar an bhliain seo chugainn.  

Seo am iontach dúshlánach do Dhún na nGall idir tionchar Covid 19 agus Imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach ar leac an dorais againn, a dúirt Micheál Ó Tonnaigh, agus dúirt sé go bhfuil an muinín sin a bhí ag teacht arais i measc an phobail imithe arís.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chumann Tráchtála Leitir Ceanainn, Toni Forrester, go mbeidh impleachtaí móra ag na srianta úra atá le theacht i bhfeidhm anocht ar ghnónna na contae.  

Dúirt sí go gcaithfidh an rialtas tacaíocht a chur ar fáil anois do ghnónna na contae agus thrácht sí ar rátaí gnó agus ar íocaíocht Covid 19 an Rialtais, an PUP, a gearradh an tseachtain seo, go gcaithfear sin a chur ar fáil ag an ráta is airde arís do lucht gnó na contae. 

Príomhfheidhmeannach nua ar Aerfort Dhún na nGall

Tá Éilís Ní Dhochartaigh ceaptha mar Phríomh Fheidhmeannach ar Aerfort Dhún na nGall.  Bhí sí mar Bhainisteoir Feidhmiúcháin san Aerfort go dtí seo.  

Tagann sí i gcomharbhacht ar Anne Bonner, a bhí sa ról le blianta fada.  Dúirt sí go bhfuil sí ag dul i mbun a cuid dualgais ag am atá iontach dúshlánach don earnáil agus don Aerfort.  

Tá laghdú tubaisteach ar líon na bpaisinéirí ag úsáid Aerfort Dhún na nGall i mbliana de bharr tionchar Covid-19, a dúirt an príomh fheidhmeannach nua cheaptha, Éilis Ní Dhochartaigh.

Gan seirbhís aeir go Glaschú an geimhreadh seo

Ní bheidh seirbhísí aeir ar bith idir Dún na nGall agus Glaschú an Geimhreadh seo don chéad uair le blianta fada, de bharr tionchar Covid-19.  

Tá laghdú ollmhór ar líon na bpaisinéirí atá ag úsáid na seirbhísí aeir atá a gcur ar fáil ag LoganAir idir Aerfort Dhún na nGall agus Glasgow. Bhí laghdú ar líon na n-eitiltí i rith an tsamhraidh de bharr an easpa éilimh fosta.  

Ní raibh an dara rogha ach an cinneadh a dhéanamh deireadh a chur leis na seirbhísí seo ón 21ú Deireadh Fómhair go Aibreán na bliana seo chugainn, a dúirt Príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall, Éilish Ní Dhochartaigh.  

Is buille mór é seo don Aerfort nach mbeidh an tseirbhís seo ar fáil an Geimhreadh seo, a dúirt sí.
 

Beo

Scoth an Déardaoin

Scoth an Déardaoin

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Comhairle na Gaelscolaíochta

Tús Áite: Comhairle na Gaelscolaíochta

 
Tús Áite: Téarmaí na bliana

Tús Áite: Téarmaí na bliana

 
Tús Áite: Stella O’Malley

Tús Áite: Stella O’Malley

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 3/12/2020

Tús Áite: 3/12/2020

 
Lámha Síos : Ruth Nic Giolla Iasachta

Lámha Síos : Ruth Nic Giolla Iasachta

 
Rap Cairdis : Bairbre Ní Choistealbha

Rap Cairdis : Bairbre Ní Choistealbha

 
Jack Logan agus Feargal Máirtín : Podchraoladh

Jack Logan agus Feargal Máirtín : Podchraoladh

 
Éigse Dhiarmuidín : Cormac Ó hAodha

Éigse Dhiarmuidín : Cormac Ó hAodha

 
Ceol Beo : Ellie Nic Fhionnghaile agus Aisling Ní Churraighín

Ceol Beo : Ellie Nic Fhionnghaile agus Aisling Ní Churraighín

 
Michelle Tiernan : Cois Farraige

Michelle Tiernan : Cois Farraige

 
Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 3/12/20

Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 3/12/20

 
Páidí Mac Gearailt

Páidí Mac Gearailt

 
Agallamh Beirte: Ag Éalú Ón Scoil

Agallamh Beirte: Ag Éalú Ón Scoil

 
Tomás Ó Loingsigh

Tomás Ó Loingsigh

 
Séamus Ó Drisceoil

Séamus Ó Drisceoil

 
Emma Verling

Emma Verling

 
An Saol Ó Dheas 03/12/20

An Saol Ó Dheas 03/12/20

 
Aengus Ó Snodaigh, T.D. Sinn Féin.

Aengus Ó Snodaigh, T.D. Sinn Féin.

 
Frank Allen, Cathaoirleach, Iarnród Éireann.

Frank Allen, Cathaoirleach, Iarnród Éireann.

 
Páidí Ó Sé, Bainisteoir, Comharchumann chorca Dhuibhne.

Páidí Ó Sé, Bainisteoir, Comharchumann chorca Dhuibhne.

 
Peadar Tóibín, T.D., Co na Mí.

Peadar Tóibín, T.D., Co na Mí.

 
Séamus Ó Briain, príomhiude Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

Séamus Ó Briain, príomhiude Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

 
Dr. Lisa Ní Chuinneagáin, Londain.

Dr. Lisa Ní Chuinneagáin, Londain.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Tús Áite: Mír na Meán

Tús Áite: Mír na Meán

 
Tús Áite: Mír na Leabhar

Tús Áite: Mír na Leabhar

 
Tús Áite: Vacsaín

Tús Áite: Vacsaín

 
Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 2/12/2020

Tús Áite: 2/12/2020

 
Barrscéalta: Anthony Hayden

Barrscéalta: Anthony Hayden

 
Tadhg Ó Dúbhshláine.

Tadhg Ó Dúbhshláine.

 
Caitlín Uí Aodha agus Deirdre Uí Fhlannúra.

Caitlín Uí Aodha agus Deirdre Uí Fhlannúra.

 
Risteárd Mac Liam.

Risteárd Mac Liam.

 
An tAthair Eoghan Ó Cadhla.

An tAthair Eoghan Ó Cadhla.

 
Tús Áite: Painéal na Meán Idirnáisiúnta

Tús Áite: Painéal na Meán Idirnáisiúnta

 
Tús Áite: Dúnmharú Pat Finucane

Tús Áite: Dúnmharú Pat Finucane

 
Tús Áite: Athoscailt siopaí agus eile

Tús Áite: Athoscailt siopaí agus eile

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 1/12/2020

Tús Áite: 1/12/2020

 
Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

 
Breandán Ó Cíobháin.

Breandán Ó Cíobháin.

 
Cáit Verling.

Cáit Verling.

 
Muiris Breathnach.

Muiris Breathnach.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Tús Áite

Tús Áite

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bladhaire

Bladhaire

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís