Nuacht an Tuaiscirt: 24 Meán Fómhair

Nuacht an Tuaiscirt: 24 Meán Fómhair

Covid-19

Deimhníodh 126 cás de Covid-19 i nDún na nGall le seacht lá, agus do réir na bhfigiúirí is deireanaí tá 768 deimhnithe sa chontae ó thús na géarchéime.

Dearbhaíodh 30 cás breise den víreas sa chontae inné, an líon is mó cásanna sa chontae in aon lá amháin ón 15ú Aibreán, nuair a deimhníodh 32 cás breise.

Dúirt an Dochtúir Rónán Glynn ag cruinniu den Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí aréir go bhfuil níos mó na trían de chásanna i nDún na nGall i measc daoine idir cúig bliana déag agus ceithre bliana is fiche d'aois, agus go bhfuil go leor cásanna i measc teaghlaigh agus a ngaolta sa chontae. 

Tá cás amháin de Covid-19 in Otharlann Leitir Ceanainn faoi láthair, agus tá seachtar san otharlann a bhfuil amhras ann go bhfuil an víreas orthu. 

Leathanbhanda


Rinneadh plé ar na fadhbanna a bhí ag daltaí scoile le soláthar leathanbhanda agus múineadh ar siúl ar an idirlíon, agus an mhoill campas oideachais a fhorbairt i mBun Crannacha, ag cruinniú a bhí ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall le baill Oireachtais na contae an tseachtain seo.

Ba ar an idirlíon a reáchtáladh an cruinniú, de bharr Covid-19, agus bhí cúigear de bhaill Oireachtais Dhún na nGall i láthair ag an chruinniú.

Is ábhar díomá an laghad dul chun cinn maidir le campas oideachais Bhun Crannacha, áit a bhfuil pleananna trí scoil a lonnú ar aon láthair amháin, a dúirt Príomhfheidhmeannach an Bhoird Oideachais, Anne McHugh.

Tá brú mór spáis faoi láthair i gColáiste Cranna, rud nach bhfuil sásúil faoi láthair go háirithe, a dúirt sí.
Tá an Roinn Oideachais agus Chomhairle Contae ag caint go fóill le húinéirí talún maidir le suíomh don fhorbairt seo, a dúirt sí.

Seirbhísí fisiteiripe

Chuir géarchéim Covid-19 moill mhór ar sheirbhísí fisiteiripe a bhí á gcur ar fáil in otharlanna pobail Dhún na nGall, do réir an eolais atá curtha ar fáil ag Fóram Sláinte an Iarthair do bhall den Fhóram, an Comhairleoir Tom Conaghan.

Dúirt an Comhairleoir Conaghan go bhfuil moill de ar a laghad cúig nó sé seachtainí ag othair a raibh obráid acu, coinne a fháil le fisiteiripeoir in otharlanna pobail Dhún na nGall, go háirithe in Otharlann Pobail Dhún na nGall.

Dúirt an Fhóram Sláinte gur dearnadh achan iarracht freastal ar othair le coinne a eagrú ar an ghuthán nó ar chórais cumarsáide ar ríomhaire.

Tá an tseirbhís fisiteiripe ag toiseacht ag feidhmiú mar is gnáth anois arís, a dúirt an Fóram Sláinte.

Thug siad le fios fosta gur cúig lá an meánfhad feithimh le coinne do othar a raibh obráid aige nó aici, in Otharlann Pobail Dhún na nGall i láthair na huaire.

Iarratais phleanála

Ceadaíodh 67% de na hiarratais phleanála a rinneadh i nDún na nGall sa chéad seacht mí den bhliain seo.

Rinneadh 1,046 iarratas idir mí Eanáir agus Iúil i mbliana, agus tá 706 dena hiarratais sin ceadaithe go dtí seo.

Bhí 208 dena hiarratais a rinneadh san tréimhse ama sin a bhí neamhbhailí, agus bhí 70 acusan i gceantar bardais Inis Eoghain.

I gceantar bardais na nGleanntach, rinneadh 194 iarratas san chéad seacht mí den bhliain. Bhí 43 iarratas acusan neamhbhailí, cuireadh siar an cinneadh maidir le 80 iarratas, diúltaíodh do 13 iarratas agus ceadaíodh 109 dena hiarratais sin.

Rinneadh 121 iarratas idir Eanáir agus Iúil i gceantar bardais Shraith an Urláir, 261 i Leitir Ceanainn, 277 in Inis Eoghain, agus 193 i gceantar bardais Dhún na nGall.

Beo

Ceol Binn ó na Beanna

Ceol Binn ó na Beanna

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

An Bóthar go Nashville

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Eagla ar mhná dul ag rith go poiblí

Tús Áite: Eagla ar mhná dul ag rith go poiblí

 
Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

 
Tús Áite: Fiosrúchán faoi dhúnmharú Finucane

Tús Áite: Fiosrúchán faoi dhúnmharú Finucane

 
Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Covid-19

Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Covid-19

 
Tús Áite: 30/11/2020

Tús Áite: 30/11/2020

 
Tús Áite: Scéalta spóirt

Tús Áite: Scéalta spóirt

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Maolú srianta

Tús Áite: Maolú srianta

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 27/11/2020

Tús Áite: 27/11/2020

 
Aoi sa Chathaoir. Noel Ó Gallchóir.

Aoi sa Chathaoir. Noel Ó Gallchóir.

 
Tadhg Mac Dhonnagáin, ó Futa Fata.

Tadhg Mac Dhonnagáin, ó Futa Fata.

 
Póilín Nic Géidigh.

Póilín Nic Géidigh.

 
Ciara Ní Bhrádaigh.

Ciara Ní Bhrádaigh.

 
Hugh Carr leis 'Na Deá-Scéalta'.

Hugh Carr leis 'Na Deá-Scéalta'.

 
Bladhaire, Clár Iomlán, 271120.

Bladhaire, Clár Iomlán, 271120.

 
Tomás Rua Ó Cadhla.

Tomás Rua Ó Cadhla.

 
Marc Ó Conchúir.

Marc Ó Conchúir.

 
Seán Ó Súilleabháin: Cathaoirleach ar Chumann Staire Uíbh Laoire.

Seán Ó Súilleabháin: Cathaoirleach ar Chumann Staire Uíbh Laoire.

 
Leanaí ó Scoil Naomh Eirc.

Leanaí ó Scoil Naomh Eirc.

 
Seán Ó Cónaill.

Seán Ó Cónaill.

 
An Saol Ó Dheas: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

An Saol Ó Dheas: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

 
Mary Aggie.

Mary Aggie.

 
An file Máire “Dinny” Wren.

An file Máire “Dinny” Wren.

 
Diane Ni Chanainn, conraithe Diane.

Diane Ni Chanainn, conraithe Diane.

 
Aodán Ó Cearúil as Carraig a tSeascain, Gaoth Dobhair.

Aodán Ó Cearúil as Carraig a tSeascain, Gaoth Dobhair.

 
Donnchadh Ó Baoill, Údarás na Gaeltachta.

Donnchadh Ó Baoill, Údarás na Gaeltachta.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta: De hAoine 27 Samhain 2020.

Barrscéalta: De hAoine 27 Samhain 2020.

 
Aoibhín Ní Chonghaile, Oifigeach Réigiúnach, Aontas na Macléinn Dara Leibhéal in Éirinn.

Aoibhín Ní Chonghaile, Oifigeach Réigiúnach, Aontas na Macléinn Dara Leibhéal in Éirinn.

 
Máirtín Ó Conghaile, Coiste tacaíochta Chalafort Ros a Mhíl.

Máirtín Ó Conghaile, Coiste tacaíochta Chalafort Ros a Mhíl.

 
Seán Ó Neachtain, iar Fheisire Eorpach.

Seán Ó Neachtain, iar Fheisire Eorpach.

 
Catherine Connolly, T.D. ;eas Ceann Comhairle.

Catherine Connolly, T.D. ;eas Ceann Comhairle.

 
Dónal Nolan, leas-eagarthóir, An Kerryman.

Dónal Nolan, leas-eagarthóir, An Kerryman.

 
Éilish Ní Dhochartaigh, príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall.

Éilish Ní Dhochartaigh, príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair,

Nuacht an Iarthair,

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

Adhmhaidin: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

 
Tús Áite: Snámh san fharraige

Tús Áite: Snámh san fharraige

 
Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Ghaelcholáiste i nDún Dealgan

Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Ghaelcholáiste i nDún Dealgan

 
Tús Áite: Aire Dlí agus Cirt á ceistiú

Tús Áite: Aire Dlí agus Cirt á ceistiú

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 26/11/2020

Tús Áite: 26/11/2020

 
Sinéad Ní Scollaigh, Na Gaelgals.

Sinéad Ní Scollaigh, Na Gaelgals.

 
Eoin P Ó Murchú.

Eoin P Ó Murchú.

 
Gael thar Sáile Macdara Ó Drisceoil.

Gael thar Sáile Macdara Ó Drisceoil.

 
Mír an cheoil le Emma Ní Chearúil ó Raidió na Life.

Mír an cheoil le Emma Ní Chearúil ó Raidió na Life.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Tús Áite

Tús Áite

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Bladhaire

Bladhaire

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís