Nuacht an Tuaiscirt: 23 Meán Fómhair

Nuacht an Tuaiscirt: 23 Meán Fómhair

Covid-19

Deimhníodh ocht gcás déag úr eile den víreas corónach i nDún na nGall i dtréimhse ceithre huaire fichead, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Sláinte tráthnóna inné.

334 cás den víreas a deimhníodh go náisiúnta inné agus ní bhfuair duine ar bith eile bás mar gheall ar an víreas.

Tá an ráta i nDún na nGall anois in aghaidh achan 100,000 duine ardaithe go 96.7 i gcomparáid leis an mheánráta náisiúnta de 70.4 in achan 100,000 duine.

Tá cás amháin den víreas corónach in Otharlann Leitir Ceanainn faoi láthair agus tá beirt san otharlann a bhfuil amhras ann go bhfuil an víreas orthu, de réir figiúirí ón Fheidhmeannacht Sláinte ag a hocht a chlog aréir. 

Meastar go ndéanfaidh an rialtas cinneadh roimh dheireadh na seachtaine ar cheart srianta leibhéil a 3 de phlean Covid an Rialtais a chur i bhfeidhm i nDún na nGall le ghabháil i ngleic le spréadh an víris. 

Otharlann Leitir Ceanainn

Tá 67 folúntas reatha in Otharlann Leitir Ceanainn, do réir an eolais a cuireadh ar fáil inné don Chomhairleoir Contae Ciarán Brogan, ball de Fhóram Sláinte an Iarthair. 

Dúradh leis an Chomhairleoir Brogan gur sin iad na folúntais a bhí san otharlann ar an 12ú lá den mhí seo.

Tugadh le fios don Chomhairleoir Ciarán Brogan inné go bhfuil ceithre fholúntas reatha san rannóg fiaclóireachta agus san rannóg leighis, tá 20 folúntas san rannóg altrachta agus banchabhrach, tá 12.7 folúntas san rannóg cúram sóisialta agus sláinte, tá 14 folúntas san rannóg bainistíochta agus riaracháin, 8.7 folúntas san rannóg tacaíocht agus 8 bhfolúntas i rannóg cúram othar agus cliant.

Tugadh le fios dó fosta go bhfuil foireann leighis de 54 duine earcaithe san otharlann ó áisinteachtaí.

Agus, tá roinnt iarrachtaí ar bun ag Otharlann Leitir Ceanainn le liostaí feithimh san otharlann a laghdú, do réir an eolais a thug Fóram Sláinte an Iarthair inné, do bhall den Fhóram, an Comhairleoir Albert Doherty.

San áireamh tá clinicí d'othair seachtracha i rannóga faoi leith. 

Faoi na socruithe seo, cuireadh coinne ar fáil do 604 othar ó thús na bliana seo, agus bhí 47 othar nár fhreastal ar a gcoinne.

Tá socraithe fosta coinne a chur ar fáil d'othair atá ar liostaí feithimh fríd an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála.

Comhlachtaí árachais

Ní féidir leis an phobal glacadh le bliain eile de phraghasanna arda ó chomhlachtaí árachais, a dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.

Tá an Teachta Ó Dochartaigh ag iarraidh go gcuirfí reachtaíocht i bhfeidhm a chuirfidh cosc ar chomhlachtaí córas déphraghasáil a úsáid.

Baineann comhlachtaí úsáid as an chóras seo áit a gcuireann siad ráta ard ar fáil do chuistaiméirí ar dtús agus ansin go ndéantar iad a ísliú má dhéanann an custaiméir teagmháil leo.

Ach dúirt sé go bhfuil go leor den phobal nach ndéanann rátaí árachais a fhiosrú agus a ghlacann leis an chéad ráta a chuirtear ar fáil daofa, rud a fhágann go bhfuil an comhlacht árachais ag gnódh ar na custaiméirí sin.

Caithfear deireadh a chur leis an chleachtadh seo agus brú a chur ar chomhlachtaí árachais ráta amháin árachais, an ráta is fearr atá acu, a chur ar fáil do chuistaiméirí, agus gan a bheith ag úsáid an chóras déphraghasála.

Dífhibrileoir goidte

Tá fiosrúchán curtha ar bun ag Gardaí i Leitir Ceanainn maidir le heachtra ina goideadh dífhibrileoir sa bhaile ag deireadh na seachtaine.

Goideadh an gléas ó cheantar an tSeanbhaile i Leitir Ceanainn oíche Dhomhnaigh, agus ní raibh sé ansin ach le roinnt seachtainí, i ndiaidh do bhunadh na háite feachtas bailiúcháin airgid a chur ar bun le go mbeadh dífhibrileoir ar fáil daofa go háitiúil.

Tá ceamaraí slándála sa cheantar ina raibh an dífhibrileoir poiblí ar fáil don phobal, agus tá scrúdú a dhéanamh anois ag Gardaí ar thaifead na gceamaraí mar pháirt dá bhfiosrúcháin maidir leis an eachtra.

Beo

Scoth an Déardaoin

Scoth an Déardaoin

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Comhairle na Gaelscolaíochta

Tús Áite: Comhairle na Gaelscolaíochta

 
Tús Áite: Téarmaí na bliana

Tús Áite: Téarmaí na bliana

 
Tús Áite: Stella O’Malley

Tús Áite: Stella O’Malley

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 3/12/2020

Tús Áite: 3/12/2020

 
Lámha Síos : Ruth Nic Giolla Iasachta

Lámha Síos : Ruth Nic Giolla Iasachta

 
Rap Cairdis : Bairbre Ní Choistealbha

Rap Cairdis : Bairbre Ní Choistealbha

 
Jack Logan agus Feargal Máirtín : Podchraoladh

Jack Logan agus Feargal Máirtín : Podchraoladh

 
Éigse Dhiarmuidín : Cormac Ó hAodha

Éigse Dhiarmuidín : Cormac Ó hAodha

 
Ceol Beo : Ellie Nic Fhionnghaile agus Aisling Ní Churraighín

Ceol Beo : Ellie Nic Fhionnghaile agus Aisling Ní Churraighín

 
Michelle Tiernan : Cois Farraige

Michelle Tiernan : Cois Farraige

 
Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 3/12/20

Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 3/12/20

 
Páidí Mac Gearailt

Páidí Mac Gearailt

 
Agallamh Beirte: Ag Éalú Ón Scoil

Agallamh Beirte: Ag Éalú Ón Scoil

 
Tomás Ó Loingsigh

Tomás Ó Loingsigh

 
Séamus Ó Drisceoil

Séamus Ó Drisceoil

 
Emma Verling

Emma Verling

 
An Saol Ó Dheas 03/12/20

An Saol Ó Dheas 03/12/20

 
Aengus Ó Snodaigh, T.D. Sinn Féin.

Aengus Ó Snodaigh, T.D. Sinn Féin.

 
Frank Allen, Cathaoirleach, Iarnród Éireann.

Frank Allen, Cathaoirleach, Iarnród Éireann.

 
Páidí Ó Sé, Bainisteoir, Comharchumann chorca Dhuibhne.

Páidí Ó Sé, Bainisteoir, Comharchumann chorca Dhuibhne.

 
Peadar Tóibín, T.D., Co na Mí.

Peadar Tóibín, T.D., Co na Mí.

 
Séamus Ó Briain, príomhiude Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

Séamus Ó Briain, príomhiude Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

 
Dr. Lisa Ní Chuinneagáin, Londain.

Dr. Lisa Ní Chuinneagáin, Londain.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Tús Áite: Mír na Meán

Tús Áite: Mír na Meán

 
Tús Áite: Mír na Leabhar

Tús Áite: Mír na Leabhar

 
Tús Áite: Vacsaín

Tús Áite: Vacsaín

 
Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 2/12/2020

Tús Áite: 2/12/2020

 
Barrscéalta: Anthony Hayden

Barrscéalta: Anthony Hayden

 
Tadhg Ó Dúbhshláine.

Tadhg Ó Dúbhshláine.

 
Caitlín Uí Aodha agus Deirdre Uí Fhlannúra.

Caitlín Uí Aodha agus Deirdre Uí Fhlannúra.

 
Risteárd Mac Liam.

Risteárd Mac Liam.

 
An tAthair Eoghan Ó Cadhla.

An tAthair Eoghan Ó Cadhla.

 
Tús Áite: Painéal na Meán Idirnáisiúnta

Tús Áite: Painéal na Meán Idirnáisiúnta

 
Tús Áite: Dúnmharú Pat Finucane

Tús Áite: Dúnmharú Pat Finucane

 
Tús Áite: Athoscailt siopaí agus eile

Tús Áite: Athoscailt siopaí agus eile

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 1/12/2020

Tús Áite: 1/12/2020

 
Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

 
Breandán Ó Cíobháin.

Breandán Ó Cíobháin.

 
Cáit Verling.

Cáit Verling.

 
Muiris Breathnach.

Muiris Breathnach.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Tús Áite

Tús Áite

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bladhaire

Bladhaire

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís