Nuacht an Tuaiscirt: 22 Meán Fómhair

Nuacht an Tuaiscirt: 22 Meán Fómhair

Covid-19

21 cás úr den víreas corónach a deimhníodh i nDún na nGall tráthnóna inné agus tuairimí láidre i dTeach Laighean go bhféadfaí go gcuirfí srianta leibhéil a trí i bhfeidhm i nDún na nGall roimh i bhfad.

188 cás úr a deimhníodh go náisiúnta inné agus ní bhfuair duine ar bith eile bás mar gheall ar an víreas.  

Tá duine amháin in Otharlann Leitir Ceanainn faoi láthair a bhfuil an víreas orthu agus tá duine amháin eile a bhfuil amhras ann go bhfuil an víreas orthu, sin de réir figiúirí ar a hocht a chlog aréir.  

Deir NPHET go mbrathann spréadh an víris go hiomlán ar iompar an phobail agus go bhfuil an chumhacht ag an phobal stop a chur le spréadh an víris má chloíonn siad go docht daingean leis na srianta, na treoirlínte agus na moltaí atá déanta ag NPHET.

Tháinig ardú 76% le seachtain ar líon na ndaoine atá ag freastal ar Ionad Tástála Covid -19 na Contae.

Rinneadh 2,375 tástáil Covid 19 sa chontae ón 14ú go dtí'n 20ú lá den mhí seo i gcomparáid le 1,348 tástáil idir an 7ú agus an 13ú den mhí.  

Deimhníodh 122 cás den víreas corónach i nDún na nGall le hocht lá, sin 17% de líon iomlán na gcásanna sa chontae ó thús na géarchéime.  701 cás den víreas atá deimhnithe go dtí seo i nDún na nGall.
 

Leibhéal 3 

Tá sé ráite ag saineolaí imdhíoneolaíochta i mBaile Átha Cliath go bhfuil roinnt contaetha ag tarraingt ar shrianta leibhéil a trí a bheith curtha i bhfeidhm iontu agus tá Dún na nGall ar cheann do na contaetha sin.  

De réir suirbhé atá déanta fosta ag an Roinn Sláinte tá 52% de dhaonra na tíre i bhfabhar go gcuirfí tuilleadh srianta i bhfeidhm le ghabháil a ngleic le spréadh an víris.  

Dúirt an tOllamh Kingston Mills i gColáiste na Trionóide go gcaithfear amharc ar na contaetha a bhfuil ardú leanúnach ag teacht ar a gcuid cásanna agus gníomhú láithreach le déileáil leis an ardú sin.

Óstáin

Beidh béim ar phobal na háite sna forbairtí ar fad a bheas a ndéanamh ag Óstán Radharc na Mara agus ag Óstán Ghaoth Dobhair agus €15m le hinfheistiú iontu go ceann dhá bhliain, a dúirt Ciarán Ó Muireagáin ó Ghrúpa Vesada, úinéirí úra an dá óstán.  

Dúirt sé gur áilleacht na háite a mheall iad le hinfheistíocht a dhéanamh i nGaoth Dobhair, agus go bhfuil féidearthachtaí móra turasóireachta ag baint leis an cheantar.  

Dúirt sé fosta go dtuigeann siad an tábhacht atá leis an cheantar a bheith mar cheantar Gaeltachta, agus deir sé go bhfuil deiseanna ag baint leis sin.  

Beidh Grúpa Vesada agus an fochomhlacht Athbheochan an Bhun Bhig ag comhoibriú le pobal na háite maidir leis na pleananna forbartha atá acu, a dúirt Ciarán Ó Muireagáin.  

Seo an togra athghiniúna is mó atá idir lámha ag Grúpa Vesada i láthair na huaire.

Céibheanna

Beidh cruinniú faoi cheann roinnt seachtainí ag Comhairle Contae Dhún na nGall le toscaireacht ón Gharda Cósta le plé a dhéanamh ar shlí bealaigh fhad le céibheanna agus sleamhnáin sa chontae.  

Dúirt Stiúrthóir Rannóg Comhshaoil agus Uisce na Comhairle, Michael McGarvey go mbeidh athbhreithniú a dhéanamh ar mar a tharla rudaí an samhradh seo.  

Dhearbhaigh sé go bhfuair an Chomhairle gearáin faoi charranna a bhí ag céibheanna agus ag sleamhnáin sa chontae ag cur bac agus moill ar an Gharda Cósta agus iad ag dul na farraige le haghaidh tarrtháil.  

Tá súil, a dúirt Michael McGarvey, plean oibre a chur i bhfeidhm, le nach dtarlóidh sé seo arís. 

Cead pleanála

Tá sé cinn de chásanna úra a bhfiosrú ag Oifig Forfheidhmithe Pleanála Chomhairle Contae Dhún na nGall maidir le forbairtí gan pleanáil i gceantar bardais na nGleanntach.  

Thug an Rannóg Pleanála le fios fosta go bhfuil 184 cás maidir le forbairtí nach raibh cead pleanála faighte fana gcoinne i gceantar bardais na nGleanntach, a bhfiosrú ag an Chomhairle ón bhliain 2012, agus nach bhfuil réitithe go fóill.  

Níl sonraí maidir leis na cásanna sin tugtha ag an Chomhairle Contae.

Beo

Scoth an Déardaoin

Scoth an Déardaoin

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Comhairle na Gaelscolaíochta

Tús Áite: Comhairle na Gaelscolaíochta

 
Tús Áite: Téarmaí na bliana

Tús Áite: Téarmaí na bliana

 
Tús Áite: Stella O’Malley

Tús Áite: Stella O’Malley

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 3/12/2020

Tús Áite: 3/12/2020

 
Lámha Síos : Ruth Nic Giolla Iasachta

Lámha Síos : Ruth Nic Giolla Iasachta

 
Rap Cairdis : Bairbre Ní Choistealbha

Rap Cairdis : Bairbre Ní Choistealbha

 
Jack Logan agus Feargal Máirtín : Podchraoladh

Jack Logan agus Feargal Máirtín : Podchraoladh

 
Éigse Dhiarmuidín : Cormac Ó hAodha

Éigse Dhiarmuidín : Cormac Ó hAodha

 
Ceol Beo : Ellie Nic Fhionnghaile agus Aisling Ní Churraighín

Ceol Beo : Ellie Nic Fhionnghaile agus Aisling Ní Churraighín

 
Michelle Tiernan : Cois Farraige

Michelle Tiernan : Cois Farraige

 
Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 3/12/20

Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 3/12/20

 
Páidí Mac Gearailt

Páidí Mac Gearailt

 
Agallamh Beirte: Ag Éalú Ón Scoil

Agallamh Beirte: Ag Éalú Ón Scoil

 
Tomás Ó Loingsigh

Tomás Ó Loingsigh

 
Séamus Ó Drisceoil

Séamus Ó Drisceoil

 
Emma Verling

Emma Verling

 
An Saol Ó Dheas 03/12/20

An Saol Ó Dheas 03/12/20

 
Aengus Ó Snodaigh, T.D. Sinn Féin.

Aengus Ó Snodaigh, T.D. Sinn Féin.

 
Frank Allen, Cathaoirleach, Iarnród Éireann.

Frank Allen, Cathaoirleach, Iarnród Éireann.

 
Páidí Ó Sé, Bainisteoir, Comharchumann chorca Dhuibhne.

Páidí Ó Sé, Bainisteoir, Comharchumann chorca Dhuibhne.

 
Peadar Tóibín, T.D., Co na Mí.

Peadar Tóibín, T.D., Co na Mí.

 
Séamus Ó Briain, príomhiude Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

Séamus Ó Briain, príomhiude Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

 
Dr. Lisa Ní Chuinneagáin, Londain.

Dr. Lisa Ní Chuinneagáin, Londain.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Tús Áite: Mír na Meán

Tús Áite: Mír na Meán

 
Tús Áite: Mír na Leabhar

Tús Áite: Mír na Leabhar

 
Tús Áite: Vacsaín

Tús Áite: Vacsaín

 
Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 2/12/2020

Tús Áite: 2/12/2020

 
Barrscéalta: Anthony Hayden

Barrscéalta: Anthony Hayden

 
Tadhg Ó Dúbhshláine.

Tadhg Ó Dúbhshláine.

 
Caitlín Uí Aodha agus Deirdre Uí Fhlannúra.

Caitlín Uí Aodha agus Deirdre Uí Fhlannúra.

 
Risteárd Mac Liam.

Risteárd Mac Liam.

 
An tAthair Eoghan Ó Cadhla.

An tAthair Eoghan Ó Cadhla.

 
Tús Áite: Painéal na Meán Idirnáisiúnta

Tús Áite: Painéal na Meán Idirnáisiúnta

 
Tús Áite: Dúnmharú Pat Finucane

Tús Áite: Dúnmharú Pat Finucane

 
Tús Áite: Athoscailt siopaí agus eile

Tús Áite: Athoscailt siopaí agus eile

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 1/12/2020

Tús Áite: 1/12/2020

 
Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

 
Breandán Ó Cíobháin.

Breandán Ó Cíobháin.

 
Cáit Verling.

Cáit Verling.

 
Muiris Breathnach.

Muiris Breathnach.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Tús Áite

Tús Áite

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bladhaire

Bladhaire

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís