Nuacht an Tuaiscirt: 21 Meán Fómhair

Nuacht an Tuaiscirt: 21 Meán Fómhair

Covid-19
D'fhéadfaí srianta Leibhéil 3 a chur i bhfeidhm i nDún na nGall go luath múna dtiocfaidh laghdú ar líon na gcásanna de Covid-19 sa chontae. Sin a deir an Príomh-Oifigeach Leighis Gníomhach, an Dochtúir Rónán Glynn. Deimhníodh 19 cás úr eile den víreas i nDún na nGall i dtréimhse ceithre huaire fichead, de réir figiúirí na Roinne Sláinte a fógraíodh tráthnóna inné. Tá imní léirithe arís ag an Dochtúir Glynn faoin ardú suntasach atá tagtha ar chásanna i nDún na nGall. 133 cás den víreas a deimhníodh i nDún na nGall le coicís anuas. Tá an ráta in aghaidh achan 100,000 duine ardaithe sa chontae le seachtain ó 26 cás in achan 100,000 duine Dé Domhnaigh is a chuaigh thart go 84 cás in achan 100,000 duine inné. Dúirt An Dochtúir Glynn, go bhfuil sé iontach tábhachtach anois go ndéanfadh an pobal iarracht mhór cosc a chur ar scaipeadh an víris. 

Infheistíocht €15m in óstáin i nGaoth Dobhair

Tá €15m de infheistíocht le déanamh ag fochomhlacht de Ghrúpa Vesada i mBaile Átha Cliath, Athbheochán an Bhun Bhig Teoranta, in Ostán Ghaoth Dobhair agus Ostán Radharc na Mara i nGaoth Dobhair.  Tá an Teachta Dála áitiúil, Piaras Ó Dochartaigh i mbun plé leis an chomhlacht seo le bliain, agus beidh fógra oifigiúil a dhéanamh aige i gcomhair le príomhaithe Comhlacht Athbheochán an Bhun Bhig Teoranta, ag preas ócáid ag suíomh Ostán Ghaoth Dobhair ar a 3.00 inniu. Tá an dá ostán, atá druidte le tamall, ceannaithe ag Comhlacht Athbheochán an Bhun Bhig Teoranta, agus tá pleananna móra acu don dá ostán, agus béim faoi leith le cur acu ar tuilleadh turasóirí a mhealladh chun na háite, trí díriú ar chaitheamh aimsire faoin aer.  San chéad chuid den fhorbairt ar Ostán Radharc na Mara, beidh beár, bialann agus 28 seomra leapa agus roinnt árasáin d'ard chaighdeán oscailte i bhFómhar na bliana seo chugainn. Beidh tuilleadh lóistín san dara cuid den fhorbairt agus ní bheidh club oíche mar pháirt de feasta.  Beidh beár, sólann, ionad gníomhaíochta le béim ar chaitheamh aimsire faoin aer agus árasáin d'ard chaighdeán a fhorbairt ar shuíomh Ostán Ghaoth Dobhair. Sé'n sprioc, ná go mbeidh na háiseanna sin ar fáil i bhFómhar 2022. Dúirt an Teachta Piaras Ó Dochartaigh gur dea scéala é seo don cheantar agus gur infheistíocht ollmhór atá a dhéanamh ag an chomhlacht seo, a chuirfidh go mór le heacnamaíocht an cheantair. Níl aon cheangal ag príomhaithe an chomhlachta a bheas i mbun na bhforbairtí, leis an cheantar.

Seirbhísí Meabhair-Shláinte

Tá fanacht fhada ar dhaoine óga i nDún na nGall seirbhísí tacaíochta a fháil ó sheirbhísí meabhair-shláinte faoi láthair, a dúirt Fiona Nic Giolla Chomhaill, Príomhfheidhmeannach Mental Health Reform.  Dúirt sí go bhfuil tuismitheoirí i nDún na nGall imníoch faoin tionchar a bhí ag Covid-19 ar na seirbhísí tacaíochta do dhaoine óga a bhfuil fadhbanna acu, ó thús na géarchéime.  Tá páistí chomh hóg le dhá bhliain d'aois a bhfuil fadhbanna meabhair shláinte acu, a dúirt sí.  Bhí tionchar mór ag an dianghlasáil ar mheabhair-shláinte daoine óga, a deir sí.

Liostaí Feithimh

Tá méadú 36% ar líon na ndaoine i nDún na nGall atá ar liosta feithimh le 18 mí nó níos mó lena gcéad choinne a fháil in Otharlann Leitir Ceanainn mar othar seachtrach.  Léiríonn figiúirí ón Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála go raibh 4,938 duine ar liosta feithimh le breis agus ocht mí dhéag, sin méadú ó 3,606 ag an am céanna anuraidh.  Tá 11,327 duine ar liosta feithimh in Otharlann Leitir Ceanainn le idir trí mhí agus dhá mhí dhéag.  Is le haghaidh coinne san rannóg ENT is mó atá daoine ar liosta feithimh in Otharlann Leitir Ceanainn faoi láthair, áit a raibh 4,435 duine ar liosta feithimh ag deireadh mí Iúil.  Tá 2,695 duine ar liosta feithimh orthopaedic, 1,753 san rannóg máinliachta, 1,698 san rannóg géineolaíochta agus 1,586 san rannóg cúram croí.

 

Beo

Scoth an Déardaoin

Scoth an Déardaoin

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Comhairle na Gaelscolaíochta

Tús Áite: Comhairle na Gaelscolaíochta

 
Tús Áite: Téarmaí na bliana

Tús Áite: Téarmaí na bliana

 
Tús Áite: Stella O’Malley

Tús Áite: Stella O’Malley

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 3/12/2020

Tús Áite: 3/12/2020

 
Lámha Síos : Ruth Nic Giolla Iasachta

Lámha Síos : Ruth Nic Giolla Iasachta

 
Rap Cairdis : Bairbre Ní Choistealbha

Rap Cairdis : Bairbre Ní Choistealbha

 
Jack Logan agus Feargal Máirtín : Podchraoladh

Jack Logan agus Feargal Máirtín : Podchraoladh

 
Éigse Dhiarmuidín : Cormac Ó hAodha

Éigse Dhiarmuidín : Cormac Ó hAodha

 
Ceol Beo : Ellie Nic Fhionnghaile agus Aisling Ní Churraighín

Ceol Beo : Ellie Nic Fhionnghaile agus Aisling Ní Churraighín

 
Michelle Tiernan : Cois Farraige

Michelle Tiernan : Cois Farraige

 
Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 3/12/20

Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 3/12/20

 
Páidí Mac Gearailt

Páidí Mac Gearailt

 
Agallamh Beirte: Ag Éalú Ón Scoil

Agallamh Beirte: Ag Éalú Ón Scoil

 
Tomás Ó Loingsigh

Tomás Ó Loingsigh

 
Séamus Ó Drisceoil

Séamus Ó Drisceoil

 
Emma Verling

Emma Verling

 
An Saol Ó Dheas 03/12/20

An Saol Ó Dheas 03/12/20

 
Aengus Ó Snodaigh, T.D. Sinn Féin.

Aengus Ó Snodaigh, T.D. Sinn Féin.

 
Frank Allen, Cathaoirleach, Iarnród Éireann.

Frank Allen, Cathaoirleach, Iarnród Éireann.

 
Páidí Ó Sé, Bainisteoir, Comharchumann chorca Dhuibhne.

Páidí Ó Sé, Bainisteoir, Comharchumann chorca Dhuibhne.

 
Peadar Tóibín, T.D., Co na Mí.

Peadar Tóibín, T.D., Co na Mí.

 
Séamus Ó Briain, príomhiude Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

Séamus Ó Briain, príomhiude Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

 
Dr. Lisa Ní Chuinneagáin, Londain.

Dr. Lisa Ní Chuinneagáin, Londain.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Tús Áite: Mír na Meán

Tús Áite: Mír na Meán

 
Tús Áite: Mír na Leabhar

Tús Áite: Mír na Leabhar

 
Tús Áite: Vacsaín

Tús Áite: Vacsaín

 
Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 2/12/2020

Tús Áite: 2/12/2020

 
Barrscéalta: Anthony Hayden

Barrscéalta: Anthony Hayden

 
Tadhg Ó Dúbhshláine.

Tadhg Ó Dúbhshláine.

 
Caitlín Uí Aodha agus Deirdre Uí Fhlannúra.

Caitlín Uí Aodha agus Deirdre Uí Fhlannúra.

 
Risteárd Mac Liam.

Risteárd Mac Liam.

 
An tAthair Eoghan Ó Cadhla.

An tAthair Eoghan Ó Cadhla.

 
Tús Áite: Painéal na Meán Idirnáisiúnta

Tús Áite: Painéal na Meán Idirnáisiúnta

 
Tús Áite: Dúnmharú Pat Finucane

Tús Áite: Dúnmharú Pat Finucane

 
Tús Áite: Athoscailt siopaí agus eile

Tús Áite: Athoscailt siopaí agus eile

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 1/12/2020

Tús Áite: 1/12/2020

 
Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

 
Breandán Ó Cíobháin.

Breandán Ó Cíobháin.

 
Cáit Verling.

Cáit Verling.

 
Muiris Breathnach.

Muiris Breathnach.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Tús Áite

Tús Áite

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bladhaire

Bladhaire

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís