Nuacht an Tuaiscirt: 18 Meán Fómhair

Nuacht an Tuaiscirt: 18 Meán Fómhair

Covid-19

Deimhníodh sé chás déag úr eile den víreas Covid-19 i nDún na nGall i dtréimhse ceithre huaire fichead, de réir fhigiúirí na Roinne Sláinte tráthnóna inné.

Go náisiúnta inné, fuair duine amháin eile bás mar gheall ar an víreas corónach agus deimhníodh 240 cás úr, sé cinn déag acu sin i nDún na nGall.

613 cás den víreas atá deimhnithe anois i nDún na nGall ó thús na géarchéime ach tá an figiúir sin bunaithe ar eolas ón mheánoíche oíche Mháirt agus níl na figiúirí le dhá lá san áireamh ansin.

Tá dhá chás den víreas deimhnithe in Otharlann Leitir Ceanainn faoi láthair, agus tá seisear san otharlann faoi láthair a bhfuil amhras ann go bhfuil an víreas orthu. 

Gnólachtaí i mbaol

Tá dúshláin mhóra roimh ghnólachtaí seirbhísí i nDún na nGall de bharr tionchar Covid-19, agus ní mhairfidh go leor acu, dar le Ceannasaí Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall, Micheál Ó Tonnaigh.

Beidh cúpla mí iontach dúshlánach roimh ghnólachtaí beaga seirbhísí i nDún na nGall, a dúirt sé.  

Dúirt sé gurb é a thuairim go fóill, mar a thuar sé i lár an tsamhraidh, nach mairfidh 40% de ghnólachtaí beaga Dhún na nGall agus go mbeidh siad as gnó faoi cheann bliana.

Níl na heagrais Stáit ná Teachtaí Dála ag díriú ar an dúshlán seo, a dúirt sé.

Thug sé le fios fosta gur cosúil go bhfuil na gnólachtaí déantúsaíochta i nDún na nGall ag déanamh go maith faoi láthair, de réir an aiseolas atá á fháil acu uathu.

Bhí méadú faoi dheich ar na hiarratais a fuair siad dá scéimeanna tacaíochta ó thús Covid-19, a dúirt sé.

Chuir Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall luach €1.5m breise de dheontais ar fáil do lucht gnó i nDún na nGall le sé mhí le déileáil le tionchar Covid-19.

Cláirsigh na Finne

D'iarr an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh ó Shinn Féin ar an Rialtas i ndíospóireacht sa Dáil an tseachtain seo, maoiniú a chur ar fáil láithreach do staid peile Chláirsigh na Finne i mBealach Féich.

Deir sé go bhfuil €1.2n caite ar an togra seo cheana féin le roinnt blianta, agus go bhfuil an togra réidh le bogadh ar aghaidh, ach an maoiniú a cheadú fana choinne.

Tá cead pleanála faighte, agus chruthófaí go leor fostaíochta agus an staid úr seo a thógáil ag Cláirsigh na Finne, le cois go gcuirfeadh an áis seo go mór le pobal an cheantair ar fad, dar leis.

D'iarr sé ar bhaill Oireachtais eile Dhún na nGall tacú lena chuid aighneachtaí maoiniú a cheadú don togra seo ar bhonn práinne.

Thug sé le fios go dtug sé cuireadh dona hAirí Catherine Martin agus Jack Chambers cuairt a thabhairt ar áiseanna Chláirsigh na Finne.

Liúntas Gaeltachta


Tá liúntas Gaeltachta a bhfáil ag Gardaí atá lonnaithe in aon cheann déag de stáisiúin Gardaí i nDún na nGall i láthair na huaire.

De réir an eolais atá curtha ar fáil don Teachta Dála Éamonn Ó Cuív, tá 209 ball den Gharda Síochána ag fáil an liúntais Gaeltachta faoi láthair i nGaeltachtaí na tíre ar fad.

Is iad na Stáisiún i nDún na nGall ina bhfuil liúntais Gaeltachta a bhfáil ag Gardaí ná An Fál Carrach, An Bun Beag, Clochán Liath, An Charraig, Craoslach, Ard an Ratha, Carraig Airt, Dún Fionnchaidh, Na Gleannta, Bealach Féich agus Cill Mhic Réanáin.

Tá na Gardaí sin lonnaithe i 15 Stáisiún Gardaí i gContae na Gaillimhe, 11 Stáisiún Gardaí i nDún na nGall, 8 stáisiún i gCiarraí, 3 cinn i Maigh Eo, trí cinn i gCorcaigh agus stáisiún amháin i gContae an Chláir.

Tugadh le fios don Teachta Éamonn Ó Cuív fosta go bhfuil bealaí á scrúdú ag An Garda Síochána chun a chinntiú go mbeidh seirbhísí tré mheán na Gaeilge i Stáisiúin nach bhfuil i limistéar Gaeltachta ach a fhreastalaíonn ar phobal Gaeltachta.

Beo

Scoth an Déardaoin

Scoth an Déardaoin

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Comhairle na Gaelscolaíochta

Tús Áite: Comhairle na Gaelscolaíochta

 
Tús Áite: Téarmaí na bliana

Tús Áite: Téarmaí na bliana

 
Tús Áite: Stella O’Malley

Tús Áite: Stella O’Malley

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 3/12/2020

Tús Áite: 3/12/2020

 
Lámha Síos : Ruth Nic Giolla Iasachta

Lámha Síos : Ruth Nic Giolla Iasachta

 
Rap Cairdis : Bairbre Ní Choistealbha

Rap Cairdis : Bairbre Ní Choistealbha

 
Jack Logan agus Feargal Máirtín : Podchraoladh

Jack Logan agus Feargal Máirtín : Podchraoladh

 
Éigse Dhiarmuidín : Cormac Ó hAodha

Éigse Dhiarmuidín : Cormac Ó hAodha

 
Ceol Beo : Ellie Nic Fhionnghaile agus Aisling Ní Churraighín

Ceol Beo : Ellie Nic Fhionnghaile agus Aisling Ní Churraighín

 
Michelle Tiernan : Cois Farraige

Michelle Tiernan : Cois Farraige

 
Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 3/12/20

Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 3/12/20

 
Páidí Mac Gearailt

Páidí Mac Gearailt

 
Agallamh Beirte: Ag Éalú Ón Scoil

Agallamh Beirte: Ag Éalú Ón Scoil

 
Tomás Ó Loingsigh

Tomás Ó Loingsigh

 
Séamus Ó Drisceoil

Séamus Ó Drisceoil

 
Emma Verling

Emma Verling

 
An Saol Ó Dheas 03/12/20

An Saol Ó Dheas 03/12/20

 
Aengus Ó Snodaigh, T.D. Sinn Féin.

Aengus Ó Snodaigh, T.D. Sinn Féin.

 
Frank Allen, Cathaoirleach, Iarnród Éireann.

Frank Allen, Cathaoirleach, Iarnród Éireann.

 
Páidí Ó Sé, Bainisteoir, Comharchumann chorca Dhuibhne.

Páidí Ó Sé, Bainisteoir, Comharchumann chorca Dhuibhne.

 
Peadar Tóibín, T.D., Co na Mí.

Peadar Tóibín, T.D., Co na Mí.

 
Séamus Ó Briain, príomhiude Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

Séamus Ó Briain, príomhiude Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

 
Dr. Lisa Ní Chuinneagáin, Londain.

Dr. Lisa Ní Chuinneagáin, Londain.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Tús Áite: Mír na Meán

Tús Áite: Mír na Meán

 
Tús Áite: Mír na Leabhar

Tús Áite: Mír na Leabhar

 
Tús Áite: Vacsaín

Tús Áite: Vacsaín

 
Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 2/12/2020

Tús Áite: 2/12/2020

 
Barrscéalta: Anthony Hayden

Barrscéalta: Anthony Hayden

 
Tadhg Ó Dúbhshláine.

Tadhg Ó Dúbhshláine.

 
Caitlín Uí Aodha agus Deirdre Uí Fhlannúra.

Caitlín Uí Aodha agus Deirdre Uí Fhlannúra.

 
Risteárd Mac Liam.

Risteárd Mac Liam.

 
An tAthair Eoghan Ó Cadhla.

An tAthair Eoghan Ó Cadhla.

 
Tús Áite: Painéal na Meán Idirnáisiúnta

Tús Áite: Painéal na Meán Idirnáisiúnta

 
Tús Áite: Dúnmharú Pat Finucane

Tús Áite: Dúnmharú Pat Finucane

 
Tús Áite: Athoscailt siopaí agus eile

Tús Áite: Athoscailt siopaí agus eile

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 1/12/2020

Tús Áite: 1/12/2020

 
Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

 
Breandán Ó Cíobháin.

Breandán Ó Cíobháin.

 
Cáit Verling.

Cáit Verling.

 
Muiris Breathnach.

Muiris Breathnach.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Tús Áite

Tús Áite

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bladhaire

Bladhaire

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís