Nuacht an Tuaiscirt: 17 Meán Fómhair

Nuacht an Tuaiscirt: 17 Meán Fómhair

Covid-19

Bhí an dara ráta ab airde de chásanna úra Covid-19 i dtréimhse ceithre huaire fichead i nDún na nGall inné, de réir figiúirí na Roinne Sláinte a fógraíodh tráthnóna inné.  

Deimhníodh 254 cás úr go náisiúnta tráthnóna inné agus tugadh le fios go bhfuair triúr eile bás mar gheall ar an víreas corónach.  

Bhí 20 cas úr inné i nDún na nGall rud a d'fhág go raibh an dara ráta ab airde sa tír de chásanna úra Covid-19 sa chontae seo inné.

Bbí Baile Átha Cliath sa chéad áit, áit a raibh 136 cás úr.  

Dúirt an Príomh Oifigeach Leighis Gníomhach, an Dochtúir Ronán Glynn, go bhfuil imní air faoi chontaetha taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath a bhfuil ardú leanúnach ag teacht ar a gcuid cásanna agus bhí Dún na nGall i measc trí chontae a luaigh sé ag an phreasócáid tráthnóna inné.

Dúirt sé go gcaithfidh achan duine cloí go daingean leis na treoirlínte go háirithe sna contaetha a lua sé agus caitheamh le daoine amhail is go bhfuil an víreas orthu.

Meabhairshláinte

Tá tionchar iontach tromchúiseach ag Covid-19 ar chúrsaí meabhair shláinte an phobail, agus léirigh géarchéim Covid-19 na heasnaimh mhóra atá i seirbhísí meabhairshláinte na tíre, a dúirt an eagraíocht Mental Health Reform.  

Is de bhunadh Dhún na nGall Príomhfheidhmeannach na heagraíochta seo, Fiona Coyle.

 D'iarr an eagraíocht ar an Rialtas airgead breise a chur ar fáil do sheirbhísí meabhair shláinte don bhliain seo chugainn, sa mhullach ar an €80m atá le caitheamh ar na seirbhísí do 2021.  

Deir siad fosta gur gá seirbhísí tacaíochta taobh amuigh de uaireanta oibre le tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine lá agus oíche.  

Thagair siad go bhfuil níos lú daoine ag obair le seirbhísí meabhair shláinte anois ná mar a bhí i 2008.

Iascaireacht


Bhéarfaidh Coiste Polasaí Corparáideach Iascaireachta nua bhunaithe Chomhairle Contae Dhún na nGall fóram agus glór d'earnáil iascaireachta na contae, a deir ball den Choiste, an Comhairleoir Nóirín Nic Gairbheith.  

Tá gá le tacaíocht a thabhairt dona hiascairí beaga atá ag streachailt le tamall fada, a dúirt sí. Dúirt sí fosta gur seo tréimhse corraitheach don earnáil iascaireachta, agus imní ollmhór faoi thionchar imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach ar an earnáil.  

Caithfear díriú ar bhonneagair mara ar nós céanna agus cuanta a dúirt sí, mar nach bhfuil go leor infheistíochta a dhéanamh iontu le blianta.  

Dúirt an Comhairleoir Nic Gairbheith fosta gur mhaith léi go mbeadh ionadaíocht ag iascairí beaga agus pobal na n-oileán ar an Choiste Polasaí Corparáideacha Iascaireachta.

Cé Bhun an Inbhir

Níl airgead ceadaithe nó níl iarratas ar mhaoiniú déanta i mbliana do ché Bhun an Inbhir i nGaoth Dobhair agus teastaíonn maoiniú mar is ceart leis an ché seo a chóiriú, a dúirt an Comhairleoir John Shéamuis Ó Fearraigh.  

Dhearbhaigh innealtóir mara Chomhairle Contae Dhún na nGall, Cathal Mac Suibhne, nach bhfuil iarratas déanta ar mhaoiniú ach go mbeidh an ché ar bharr an liosta don bhliain seo chugainn, agus deir sé go gcóireofar an ché i mí Bealtaine nó Meitheamh seo chugainn.  

Dúirt sé nach obair mhór a bheas le déanamh ar an ché agus nach bhfuil sé iontach buartha faoi.  Tá go leor úsáide a bhaint as an ché áirithe seo i láthair na huaire, a dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh.

Sos morgáiste

Tá go leor daoine i nDún na nGall a fuair morgáiste le linn tréimhse an Tíogair Cheiltigh ar shos íocaíochta faoi láthair, de réir taighde atá déanta ag an Bhanc Ceannais.  

Ba idir 2004 agus 2008 a fuair formhór acusan morgáistí, nuair a bhí morgáistí 100% ar fáil ag an am, ach de bharr ísliú ar a n-ioncam anois de bharr Covid-19, tá go leor acu anois ar shos íocaíochta morgáiste.  

De réir na tuarascála tá go leor i nDún na nGall, i Loch Garman agus i gCiarraí, a fuair morgáistí 100% idir 2004-2008, agus atá ar shos íocaíochta anois de bharr laghdú ar a dteacht isteach.  

Léirítear fosta gur daoine iad seo atá ar mheán ioncam, agus go leor acu ina gcuid caogaidí agus ina gcuid seascaidí.  Bhí 67,000 custaiméir a raibh morgáiste acu ó chúig bhanc, AIB, Banc na hÉireann, Banc Uladh, KBC agus Permanent TSB, a bhí ar shos íocaíochta morgáiste i mí na Bealtaine i mbliana.

Bhí leath acusan a bhí go fóill ar shos íocaíochta i mí Lúnasa i mbliana.

Dúshlán snámha

Cuirfidh Henry Ó Dónaill as an Charraig Fhinn, tús inniu le snámh lapa thart timpeall cósta na hÉireann le hairgead a bhailiú do dhá charthanacht.  

Is ag trá Charraig Fhinne a chuirfear tús leis an dúshlán inniu ag a 2.00, ag dul i dtreo Thoraigh, agus ar aghaidh go Ceann Mhálainne thart ar chósta na tíre.  

Tá airgead a bhailiú aige do dhá charthanacht náisiúnta agus é ag tabhairt faoin dúshlán seo, Cumann Ailse na hÉireann agus Cumann Sábháilteacht Uisce na hÉireann.  

Dúirt Henry Ó Dónaill go bhfuil sé i mbun traenála don dúshlán seo le tamall fada, agus go raibh cuid mhór ullmhúchán i gceist fana choinne.  

D'iarr sé ar dhaoine a bheas ag dul go trá Charraig Fhinne inniu agus tús a chur leis an dúshlán, aird faoi leith a dhíriú ar an scaradh sóisialta.

Beo

Cuideachta Ceoil

Cuideachta Ceoil

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Tuairisc Spóirt

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Caitlín Mhic Ruairí, An Luinnigh, Joe Mangan, Gort a Choirce agus Dónal & Leanne Ui Mhaolainne, Gort a Choirce.

Caitlín Mhic Ruairí, An Luinnigh, Joe Mangan, Gort a Choirce agus Dónal & Leanne Ui Mhaolainne, Gort a Choirce.

 
Áine Ní Bhreisleáin, Iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Áine Ní Bhreisleáin, Iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Dr. Tony Delap, doctor teaghlaigh i nGaoth Dobhair.

An Dr. Tony Delap, doctor teaghlaigh i nGaoth Dobhair.

 
Michelle Nic Grianna, ó sheomra na Nuachta.

Michelle Nic Grianna, ó sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta: 29 Deireadh Fómhair 2020.

Barrscéalta: 29 Deireadh Fómhair 2020.

 
Anne Doherty, Carraig Airt.

Anne Doherty, Carraig Airt.

 
MacDara Mac Donncha, Cumann Lúthchleas Gael, Port Láirge.

MacDara Mac Donncha, Cumann Lúthchleas Gael, Port Láirge.

 
Mairéad Farrell, T.D. Gaillimh Thiar.

Mairéad Farrell, T.D. Gaillimh Thiar.

 
Gearóid Mac Giollla Fhinnín, Treviglio, An Iodáil.

Gearóid Mac Giollla Fhinnín, Treviglio, An Iodáil.

 
Dr. Tadhg Crowley, Cumann Leighis na hÉireann.

Dr. Tadhg Crowley, Cumann Leighis na hÉireann.

 
Micheál Ó Conchúir, An Bhruiséil.

Micheál Ó Conchúir, An Bhruiséil.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht An Tuaiscirt

Nuacht An Tuaiscirt

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Tús Áite: Leasuithe dlí le cásanna a bhaineann le foréigean gnéasach

Tús Áite: Leasuithe dlí le cásanna a bhaineann le foréigean gnéasach

 
Tús Áite: Feachtas chun Gaelscoil a bhunú i gCo. Lú

Tús Áite: Feachtas chun Gaelscoil a bhunú i gCo. Lú

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: Vóta ar son ghníomhaíocht thionsclaíoch do mhúinteoirí

Tús Áite: Vóta ar son ghníomhaíocht thionsclaíoch do mhúinteoirí

 
Tús Áite: Teaghlach básaithe i gCeann Toirc

Tús Áite: Teaghlach básaithe i gCeann Toirc

 
Tús Áite: Tragóid i mBaile an tSaoir

Tús Áite: Tragóid i mBaile an tSaoir

 
Tús Áite: 28/10/20

Tús Áite: 28/10/20

 
Connie Mhicí Ó Gallchóir, Bainisteoir comhlacht athchúrsála Bryson.

Connie Mhicí Ó Gallchóir, Bainisteoir comhlacht athchúrsála Bryson.

 
Josephine Uí Cheallaigh, Michelle Nic Giolla Bhríde, Marie Mhic Laifeartaigh agus Nóirín Nic Eamharcaigh.

Josephine Uí Cheallaigh, Michelle Nic Giolla Bhríde, Marie Mhic Laifeartaigh agus Nóirín Nic Eamharcaigh.

 
Elaine Ní Fhíoruisce, Muintearas/ Óige na Gaeltachta.

Elaine Ní Fhíoruisce, Muintearas/ Óige na Gaeltachta.

 
Caitlín Ní Bhroin, Oifigeach Forbartha Eacla i mBaile na Finne.

Caitlín Ní Bhroin, Oifigeach Forbartha Eacla i mBaile na Finne.

 
Micheál Ó Dúcháin, Stiúrthóir Teicniúil Monarchan GPE in Anagaire.

Micheál Ó Dúcháin, Stiúrthóir Teicniúil Monarchan GPE in Anagaire.

 
Frances Nic Geadaigh, ó Sheomra na Nuachta.

Frances Nic Geadaigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta: Dé Céadaoin 28 Deireadh Fómhair 2020.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 28 Deireadh Fómhair 2020.

 
Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta

Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta

 
Tús Áite: Léirmheas ar 'Burning Heresies', leabhar Kevin Myers

Tús Áite: Léirmheas ar 'Burning Heresies', leabhar Kevin Myers

 
Tús Áite: Tíortha eile agus Covid-19

Tús Áite: Tíortha eile agus Covid-19

 
Tús Áite: Amhras faoi athoscailt na scoileanna

Tús Áite: Amhras faoi athoscailt na scoileanna

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 27/10/20

Tús Áite: 27/10/20

 
Fear na Ríomhairí Andy Caomhánach.

Fear na Ríomhairí Andy Caomhánach.

 
Eoin Mac Gairbheith, Fear Poist leis An Post.

Eoin Mac Gairbheith, Fear Poist leis An Post.

 
An Garda Tomás Joseph Mac Giolla Bhríde.

An Garda Tomás Joseph Mac Giolla Bhríde.

 
Brian Danny Minnie Ó Dónaill ó Bialann Danny Minnie in Anagaire.

Brian Danny Minnie Ó Dónaill ó Bialann Danny Minnie in Anagaire.

 
Seán Ó Baoill, Bácús Uí Bhaoill Teoranta, Deirdre Ní Bheirn, Drioglann Shliabh a’ Liag, agus Aodh Ó Gallchóir, Zero Bacon.

Seán Ó Baoill, Bácús Uí Bhaoill Teoranta, Deirdre Ní Bheirn, Drioglann Shliabh a’ Liag, agus Aodh Ó Gallchóir, Zero Bacon.

 
Hughie Mac Suibhne, Feidhmeannach forbartha le Údarás na Gaeltachta.

Hughie Mac Suibhne, Feidhmeannach forbartha le Údarás na Gaeltachta.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta: Dé Máirt  27 Deireadh Fómhair 2020.

Barrscéalta: Dé Máirt 27 Deireadh Fómhair 2020.

 
Pádraig Mac an Iomaire, Comhairleoir Condae, Conamara.

Pádraig Mac an Iomaire, Comhairleoir Condae, Conamara.

 
Diarmuid Mac Suibhne, tráchtaire, Nua Eabhrach.

Diarmuid Mac Suibhne, tráchtaire, Nua Eabhrach.

 
Nóirin Nic Gairbheith, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

Nóirin Nic Gairbheith, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

 
Niall Ó Siadhail, tráchtaire, Londain.

Niall Ó Siadhail, tráchtaire, Londain.

 
Pa Daly, T.D. Ciarraí.

Pa Daly, T.D. Ciarraí.

 
John Downing, comhfhreagraí polaitíochta, Irish Independent.

John Downing, comhfhreagraí polaitíochta, Irish Independent.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Tús Áite

Tús Áite

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bladhaire

Bladhaire

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís