Nuacht an Tuaiscirt: 16 Meán Fómhair

Nuacht an Tuaiscirt: 16 Meán Fómhair

Covid-19

Deimhníodh ar a laghad cás úr amháin den víreas corónach i nDún na nGall i dtréimhse ceithre huaire fichead, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Sláinte a fógraíodh tráthnóna inné.  

Fógraíodh 357 cás úr go náisiúnta inne, agus baineann 32 cás acu sin le haon chontae dhéag, Dún na nGall ina measc.  

Ar shuíomh idirlín Gov.ie, atá bunaithe ar fhigiúirí ón mheán oíche oíche Dhomhnaigh, tháinig ardú de dhá chás déag ar an méid daoine i nDún na nGall a bhfuil sé deimhnithe go dtí seo go raibh an víreas orthu.  

591 cás den víreas atá deimhnithe sa chontae anois, bunaithe ar eolas ón mhéan oíche Dé Domhnaigh, ach níl na figiúirí is deireanaí san áireamh ansin.

Ionad sláinte

Tá athruithe á gcur i bhfeidhm ag ionad sláinte Mhala an Mhuilinn i gConmhaigh de bharr méadú mór a deir siad i gcomhairliúchaín a bhaineann le Covid-19 sa cheantar le tamall.  

Deir siad go bhfuil méadú go háitiúil i líon na gcásanna Covid-19, agus dá bharr, tá siad ag iarraidh ar dhaoine a raibh coinne acu san ionad sláinte, teagmháil a dhéanamh leo le coinne úr a fháil.  

Tá gá le coinne nó réamhshocrú a bheith déanta le dochtúir a fheiceáil san ionad sláinte, a deir siad san ráiteas.  

D'iarr an t-ionad sláinte i ráiteas a d'eisigh siad, ar dhaoine a bhfuil comharthaí an víris orthu féin aonrú láithreach agus teagmháil a dhéanamh leis an dochtúir teaghlaigh.  

D'iarr siad fosta ar dhaoine a bhí i dteagmháil le duine a bhfuil covid air nó uirthi, féin aonrú agus comhairle a fháil óna ndochtúir teaghlaigh.

Institiúid Teicneolaíochta

Beidh meascán de léachtaí ar an idirlíon agus leachtaí i hallaí léachtaí in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus daltaí ag pilleadh ag deireadh na míosa, a dúirt léachtóir san rannóg ríomhaireachta, Seán Mac Gairbheith.  

Dúirt sé go raibh méadú sna pointí a bhí ag teastáil do chúig chúrsa dhéag san Institiúid i mbliana.  

Dúirt sé fosta go bhfuil go leor dena léachtaí a dtaifead le go mbeidh fáil ag daltaí orthu am ar bith, de bharr fadhb a bheith ag go leor daltaí le soláthar leathanbhanda.

Bóithre ar oileáin

Beidh drochthionchar ar fad ag polasaí úr Roinn na Gaeltachta gan maoiniú a dhéanamh ar bhóithre ar oileáin nach bóithre contae iad, a deir Bainisteoir Chomharchumann na nOileán Beag, Máirín Uí Fhearraigh.  

Dúirt sí gur droch-scéal é seo do na hoileáin bheaga ach go háirithe.  

Dúirt Máirín Uí Fhearraigh go dtáinig an scéal aniar aduaidh ar na hoileáin bheaga.

Teastaíonn infheistíocht ar bhonn práinne do bhóithre ar na hoileáin bheaga, a dúirt sí, de bharr iad a bheith in oiread de dhrochriocht.  

Dúirt sí nach tuar dóchais ar bith atá acu go nglacfaidh an Chomhairle Contae seilbh ar bhóithre na n-oileán.  

Níl an bonneagar bunúsach ar na hoileáin faoi láthair, ag am go bhfuil borradh i gcúrsaí turasóireachta ar na hoileáin, a dúirt Máirín Uí Fhearraigh.

Dún na nGall Abú

Tá feachtas bolscaireachta, Dún na nGall Abú ar siúl ar na meáin shóisialta inniu, le haird a dhíriú ar chontae Dhún na nGall ar fud an domhain.  

Díreofar aird inniu ar Dhún na nGall mar láthair oibre, áit le hinfheistíocht a dhéanamh ann agus mar áit turasóireachta, ar Facebook, Twitter, Instagram agus TikTok, agus tá sé a eagrú ag Comhairle Contae Dhún na nGall.

 Bhí an feachtas bolscaireachta seo ar siúl anuraidh den chéad uair agus bhí tarraingt aige ar 33 milliún duine ar fud na cruinne.  Iarrtar ar dhaoine postáil a dhéanamh ag úsáid an hais chlib Dún na nGall Abú nó Love Donegal.  

Dúirt Garry Martin, Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall go raibh feachtas na bliana anuraidh thar a bheith cumhachtach agus éifeachtach.

Léiríonn an feachtas an ceangal atá ag daoine ar fud na cruinne le Dún na nGall agus na deiseanna iontacha atá sa chontae.

Tacsaithe

Tá athbhreithniú a dhéanamh faoi láthair ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar na fodhlíthe a bhaineann le tacsaithe i Leitir Ceanainn.  

Tá sé ráite nach bhfuil roinnt dona láthair tacsaithe fóirsteanach don bhaile níos mó agus go bhfuil cuid dona láthair ag cur isteach ar ghnóanna atá lonnaithe lena dtaobh.  

Tharla an t-athbhreithniú ar na fodhlithe a bhaineann le tacsaithe i Leitir Ceanainn chor a bheith deich mbliana ó shin anois agus tá sé deimhnithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall go mbeidh ceardlann faoin ábhair go luath.

Clár um Fheabhsú Pobail

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar ionaid pobail sa chontae iarratais a dhéanamh anois do scéim deontais faoin Chlár um Fheabhsú Pobail.  

Tá allúntas de €234,000 curtha ar fáil faoin scéim do ionaid i gcontae Dhún na nGall.  

Ceadófar deontais do scéimeanna beaga de idir €500-€1000 agus do scéimeanna móra suas le €5,000. 

Cheadaigh an Rialtas pacáiste €5m i mí Iúil i bpacáiste spreagtha Covid-19 do ionaid pobail agus d'fhoirgnimh poiblí.  

Rinne Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Niamh Kennedy, achainí ar ionaid pobail i nDún na nGall iarratas a dhéanamh ar an scéim seo, le go mbeidh deis acu forbairt a dhéanamh ar a n-áiseanna le linn thréimhse na géarchéime seo.  

Glacfar le hiarratais faoin scéim go dtí an Déardaoin an 1ú lá de Dheireadh Fómhair.

Beo

Spórt an tSathairn

Spórt an tSathairn

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

 
Tús Áite: Scéalta Spóirt

Tús Áite: Scéalta Spóirt

 
Tús Áite: Bille na dTeangacha Oifigiúla

Tús Áite: Bille na dTeangacha Oifigiúla

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 22/1/21

Tús Áite: 22/1/21

 
Mairéad Ní Neachtain : Gael Linn

Mairéad Ní Neachtain : Gael Linn

 
Daire Ó Faogáin : Strong Saol

Daire Ó Faogáin : Strong Saol

 
Orlaith Ní Chearra : Yoga agus aisteoireacht

Orlaith Ní Chearra : Yoga agus aisteoireacht

 
James Mahon : Craoltóir agus iriseoir

James Mahon : Craoltóir agus iriseoir

 
Aoibhe Ní Leathlobhair : Ceoltóir óg as Cill Dara

Aoibhe Ní Leathlobhair : Ceoltóir óg as Cill Dara

 
Ógie Ó Céilleachair : Na deá-scéalta

Ógie Ó Céilleachair : Na deá-scéalta

 
Bladhaire: Aoine Clár Iomlán

Bladhaire: Aoine Clár Iomlán

 
Jamie Coistín;ómós do Jerry Kiernan.

Jamie Coistín;ómós do Jerry Kiernan.

 
Dan Ó Céilleachair agus Leah Ní Dhonnchú;Tograí dian ghlasála

Dan Ó Céilleachair agus Leah Ní Dhonnchú;Tograí dian ghlasála

 
Darrán O Droma;Céim ar chéim

Darrán O Droma;Céim ar chéim

 
Liam Ó Loingsigh; Oileán Dairbhre

Liam Ó Loingsigh; Oileán Dairbhre

 
An Comh. Breandán Mac Gearailt;Co.Co. Chiarrai

An Comh. Breandán Mac Gearailt;Co.Co. Chiarrai

 
An Saol ó Dheas 22ú Eanair 2021

An Saol ó Dheas 22ú Eanair 2021

 
Mary Aggie.

Mary Aggie.

 
Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

 
Roise Mhic Laifeartaigh, Comhairle Contae Dhún na nGall.

Roise Mhic Laifeartaigh, Comhairle Contae Dhún na nGall.

 
Joe Ó Gallchóir as Teileann.

Joe Ó Gallchóir as Teileann.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 22102021

Barrscéalta, Clár iomlán, 22102021

 
Seamas Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

Seamas Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

 
Julianne Ní Chonchubhair, tuismitheoir.

Julianne Ní Chonchubhair, tuismitheoir.

 
Micheál Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Réigiún Údarás na Gaeltachta.

Micheál Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Réigiún Údarás na Gaeltachta.

 
Marc De Faoite, Stiúrthóir Fiontraiochta Údarás na Gaeltachta.

Marc De Faoite, Stiúrthóir Fiontraiochta Údarás na Gaeltachta.

 
Póilín Ní Chiaráin,  tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Seán Kelly, Feisire Eorpach.

Seán Kelly, Feisire Eorpach.

 
John Downing,  Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 22 Eanáir 2021.

Adhmhaidin: Dé hAoine 22 Eanáir 2021.

 
Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil

 
Tús Áite: Forbairt drugaí do Covid-19

Tús Áite: Forbairt drugaí do Covid-19

 
Tús Áite: Cásanna cúirte don oideachas

Tús Áite: Cásanna cúirte don oideachas

 
Tús Áite: Acht na dTeangacha Oifigiúla

Tús Áite: Acht na dTeangacha Oifigiúla

 
Tús Áite: Brú ar ospidéil

Tús Áite: Brú ar ospidéil

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 21/1/21

Tús Áite: 21/1/21

 
Cumann Mhic Reachtain : Daithí Mac Uait

Cumann Mhic Reachtain : Daithí Mac Uait

 
Diarmuid Ó Mathúna : Mo Food Blog

Diarmuid Ó Mathúna : Mo Food Blog

 
Dara Mac Gearailt : Cóitseáil saoil

Dara Mac Gearailt : Cóitseáil saoil

 
Aoi sa Chathaoir: Fiachna Ó Braonáin

Aoi sa Chathaoir: Fiachna Ó Braonáin

 
Bladhaire : Clár Iomlán Déardaoin 21/1/21

Bladhaire : Clár Iomlán Déardaoin 21/1/21

 
Mick Ó Brien;Dlúth chéirnín nua ar cheol Goodman

Mick Ó Brien;Dlúth chéirnín nua ar cheol Goodman

 
Load More...
Bladhaire

Bladhaire

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Coláiste Bhríde, Rann na Feirste

Coláiste Bhríde, Rann na Feirste

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Tús Áite

Tús Áite

Barrscéalta

Barrscéalta

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís