Nuacht an Tuaiscirt: 10 Meán Fómhair

Nuacht an Tuaiscirt: 10 Meán Fómhair

Covid-19

Deimhníodh ar a laghad cás úr amháin eile den víreas corónach i nDún na nGall tráthnóna inné de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Sláinte.

Bhain 25 cás den 307 cás tráthnóna inné le dhá chontae dhéag, Dún na nGall ina measc.

Níl athrú ar bith ar líon na gcásanna don chontae seo atá cinntithe ar shuíomh idirlíon an rialtais gov.ie, suíomh atá dhá lá chun gcúil agus nach bhfuil na figiúirí is deireanaí san áireamh.

Tá cás amháin de Covid-19 deimhnithe in Otharlann Leitir Ceanainn san ionad dianchúraim, de réir figiúirí ón Fheidhmeannacht Sláinte ag a hocht a chlog aréir, agus tá othar amháin san Otharlann a bhfuil amhras ann go bhfuil an víreas orthu.

547 cás den víreas atá deimhnithe i nDún na nGall bunaithe ar eolas ón mheán oíche oíche Dhomhnaigh.

Seirbhísí sláinte


Deir an Dochtúir Eamonn Mac Giolla Chomhaill atá ag obair in Ionad Sláinte i Leitir Ceanainn go bhfuil an víreas corónach ag cur isteach go mór ar na seirbhísí sláinte agus measann se go mbeidh an córas sláinte go mór faoi bhrú an geimhreadh seo mar go bhfuil an víreas i gcónaí anseo agus go gcaithfidh daoine a bheith cúramach  agus cinntiú nach ndéanfar an víreas a spréadh.

Measann sé go gcoinneoidh figiúirí Covid 19 ag ardú tamall eile,  ach deir sé nach bhfuil an scéal chomh holc i nDún na nGall mar go bhfuil go leor spáis anseo agus  go bhfuil se níos fusa ag daoine  bheith scartha óna chéile.

Measann se go bhfuil se tábhachtach go dtabharann an Roinn an t-eolas is deireanaí faoin méid daoine ata buailte leis an aicíd gach tráthnóna  ach tuigeann se fosta go scanraíonn na figiúirí  seo daoine.

Dúirt se go bhfuil se tábhachtach daoine a choinneáil ar an eolas agus ar a n-airdeall. 

Fianna Fáil


Dúirt an t-uiarTheachta Dála Pat The Cope Ó Gallchóir go ngoilleann sé go mór air  an staid ina bhfuil páirtí Fhianna Fáil inniu agus go bhfuil go leor le déanamh ag an pháirtí roimh an chéad Olltoghchán eile.

Cé gur dhúirt sé go raibh nimh idir Fianna Fáil agus  Sinn Féin roimh an Olltoghchan deireanach, dúirt sé go raibh deacrachtaí inmheánacha fosta ag Fianna Fáil féin agus gur ghoill sé go mór air féin nuair a chaill sé a shuíochán .

In agallamh a chraolfar ar Bharrscéalta inniu, dúirt sé nach gcuirfeadh sé as an áireamh dhul isteach sa pholaitíocht arís.

Dúirt sé  go bhfuil an tsláinte go maith aige agus gur a mhian i gcónaí a bheith  sáite sa pholaitíocht.

Dúirt Pat The Cope go  raibh díomá mhór air nuair a cuireadh deireadh le Tionscal na mBradán agus gur ghoill sin go mór air.

Dúirt sé fosta gur cheart cead a thabhairt do dhaoine tithe a thógáil ar an N56.

Coiste Talmhaíochta


Is é an Comhairleoir Condae Liam Blaney Cathaoirleach Choiste Talmhaíochta Chomhairle Condae Dhún na nGall agus sé an Comhairleoir Noel Jordon an Leas Chathaoirleach.

Reáchtáileadh an chéad chruinniú den Choiste úr Talmhaíochta in Ionad Fóillíochta an Aura i Leitir Ceanainn inné.

Dúirt an Comhairleoir Blaney gur mhór a truaighe gur ghlac sé oiread ama  leis an Choiste a chur le chéile mar gur Coiste é ata fíor thábhachtach don Chondae.

Socraíodh cuireadh a thabhairt d'ionadaithe óna hEagrais Talmhaíochta sa Chondae ar an Choiste chomh maith agus socraíodh fosta cuireadh a thabhairt don Aire úr Talmhaíochta Charlie McConologue castail leis an Choiste.

Fine Gael


Ba ábhar díomá nár ullmhaigh an t-iarAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnghaile ionadaí le theacht ina áit mar Theachta Dála, a dúirt iar Rúnaí Ginearálta Fhine Gael Tom Curran a d'éirigh as a chuid dualgais Dé hAoine seo caite.

Is as Leitir Ceanainn ó dhúchas do Tom Curran agus tá feirm aige i nDún Lúiche, agus chaith sé 21 bliain mar Rúnaí Ginearálta ar Fhine Gael.

I measc na rudaí a chuireann isteach air, ag amharc siar ar a thréimhse, tá easpa polasaí a bheith ag Fine Gael ar cheist na tithíochta agus nach raibh duine ag an pháirtí le theacht i gcomharbhacht ar Dhonnchadh Mac Fhionnghaile.

Caithfidh Fine Gael iarrthóir a fháil i sean-dáilcheantar Dhún na nGall Thiar Theas, a dúirt Tom Curran, agus dúirt sé gur mhaith leis ionadaíocht níos fearr a fheiceáil don phobal Gaeltachta sa Dáil.

Deir Tom Curran fosta go measann sé go mbeidh Aireacht a fháil arís ag an Teachta Joe McHugh, mar gur duine ábalta é, a deir sé.

Deir sé fosta go measann sé go mairfidh an Rialtas go 2024 agus go mbeidh dian choimhlint san chéad olltoghchán eile.

Beo

Rí-Rá ar RnaG

Rí-Rá ar RnaG

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

An Taobh Tuathail

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Caitlín Mhic Ruairí, An Luinnigh, Joe Mangan, Gort a Choirce agus Dónal & Leanne Ui Mhaolainne, Gort a Choirce.

Caitlín Mhic Ruairí, An Luinnigh, Joe Mangan, Gort a Choirce agus Dónal & Leanne Ui Mhaolainne, Gort a Choirce.

 
Áine Ní Bhreisleáin, Iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Áine Ní Bhreisleáin, Iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Dr. Tony Delap, doctor teaghlaigh i nGaoth Dobhair.

An Dr. Tony Delap, doctor teaghlaigh i nGaoth Dobhair.

 
Michelle Nic Grianna, ó sheomra na Nuachta.

Michelle Nic Grianna, ó sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta: 29 Deireadh Fómhair 2020.

Barrscéalta: 29 Deireadh Fómhair 2020.

 
Tús Áite: Leasuithe dlí le cásanna a bhaineann le foréigean gnéasach

Tús Áite: Leasuithe dlí le cásanna a bhaineann le foréigean gnéasach

 
Tús Áite: Feachtas chun Gaelscoil a bhunú i gCo. Lú

Tús Áite: Feachtas chun Gaelscoil a bhunú i gCo. Lú

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: Vóta ar son ghníomhaíocht thionsclaíoch do mhúinteoirí

Tús Áite: Vóta ar son ghníomhaíocht thionsclaíoch do mhúinteoirí

 
Tús Áite: Teaghlach básaithe i gCeann Toirc

Tús Áite: Teaghlach básaithe i gCeann Toirc

 
Tús Áite: Tragóid i mBaile an tSaoir

Tús Áite: Tragóid i mBaile an tSaoir

 
Tús Áite: 28/10/20

Tús Áite: 28/10/20

 
Connie Mhicí Ó Gallchóir, Bainisteoir comhlacht athchúrsála Bryson.

Connie Mhicí Ó Gallchóir, Bainisteoir comhlacht athchúrsála Bryson.

 
Josephine Uí Cheallaigh, Michelle Nic Giolla Bhríde, Marie Mhic Laifeartaigh agus Nóirín Nic Eamharcaigh.

Josephine Uí Cheallaigh, Michelle Nic Giolla Bhríde, Marie Mhic Laifeartaigh agus Nóirín Nic Eamharcaigh.

 
Elaine Ní Fhíoruisce, Muintearas/ Óige na Gaeltachta.

Elaine Ní Fhíoruisce, Muintearas/ Óige na Gaeltachta.

 
Caitlín Ní Bhroin, Oifigeach Forbartha Eacla i mBaile na Finne.

Caitlín Ní Bhroin, Oifigeach Forbartha Eacla i mBaile na Finne.

 
Micheál Ó Dúcháin, Stiúrthóir Teicniúil Monarchan GPE in Anagaire.

Micheál Ó Dúcháin, Stiúrthóir Teicniúil Monarchan GPE in Anagaire.

 
Frances Nic Geadaigh, ó Sheomra na Nuachta.

Frances Nic Geadaigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta: Dé Céadaoin 28 Deireadh Fómhair 2020.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 28 Deireadh Fómhair 2020.

 
Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta

Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta

 
Tús Áite: Léirmheas ar 'Burning Heresies', leabhar Kevin Myers

Tús Áite: Léirmheas ar 'Burning Heresies', leabhar Kevin Myers

 
Tús Áite: Tíortha eile agus Covid-19

Tús Áite: Tíortha eile agus Covid-19

 
Tús Áite: Amhras faoi athoscailt na scoileanna

Tús Áite: Amhras faoi athoscailt na scoileanna

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 27/10/20

Tús Áite: 27/10/20

 
Fear na Ríomhairí Andy Caomhánach.

Fear na Ríomhairí Andy Caomhánach.

 
Eoin Mac Gairbheith, Fear Poist leis An Post.

Eoin Mac Gairbheith, Fear Poist leis An Post.

 
An Garda Tomás Joseph Mac Giolla Bhríde.

An Garda Tomás Joseph Mac Giolla Bhríde.

 
Brian Danny Minnie Ó Dónaill ó Bialann Danny Minnie in Anagaire.

Brian Danny Minnie Ó Dónaill ó Bialann Danny Minnie in Anagaire.

 
Seán Ó Baoill, Bácús Uí Bhaoill Teoranta, Deirdre Ní Bheirn, Drioglann Shliabh a’ Liag, agus Aodh Ó Gallchóir, Zero Bacon.

Seán Ó Baoill, Bácús Uí Bhaoill Teoranta, Deirdre Ní Bheirn, Drioglann Shliabh a’ Liag, agus Aodh Ó Gallchóir, Zero Bacon.

 
Hughie Mac Suibhne, Feidhmeannach forbartha le Údarás na Gaeltachta.

Hughie Mac Suibhne, Feidhmeannach forbartha le Údarás na Gaeltachta.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta: Dé Máirt  27 Deireadh Fómhair 2020.

Barrscéalta: Dé Máirt 27 Deireadh Fómhair 2020.

 
Pádraig Mac an Iomaire, Comhairleoir Condae, Conamara.

Pádraig Mac an Iomaire, Comhairleoir Condae, Conamara.

 
Diarmuid Mac Suibhne, tráchtaire, Nua Eabhrach.

Diarmuid Mac Suibhne, tráchtaire, Nua Eabhrach.

 
Nóirin Nic Gairbheith, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

Nóirin Nic Gairbheith, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

 
Niall Ó Siadhail, tráchtaire, Londain.

Niall Ó Siadhail, tráchtaire, Londain.

 
Pa Daly, T.D. Ciarraí.

Pa Daly, T.D. Ciarraí.

 
John Downing, comhfhreagraí polaitíochta, Irish Independent.

John Downing, comhfhreagraí polaitíochta, Irish Independent.

 
Liam Mac a Mhaoir, tuairisceoir, Corcaigh.

Liam Mac a Mhaoir, tuairisceoir, Corcaigh.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé Máirt 27 Deireadh Fómhair 2020.

Adhmhaidin: Dé Máirt 27 Deireadh Fómhair 2020.

 
Criostóir Ó Faoláin.

Criostóir Ó Faoláin.

 
An Teachta Dála Catherine Connolly.

An Teachta Dála Catherine Connolly.

 
Daithí Ó Cualáin.

Daithí Ó Cualáin.

 
Albert Doherty.

Albert Doherty.

 
Úna Ní Ghríofa.

Úna Ní Ghríofa.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Tús Áite

Tús Áite

Bladhaire

Bladhaire

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís