Nuacht an Tuaiscirt: 9 Meán Fómhair

Nuacht an Tuaiscirt: 9 Meán Fómhair

Covid-19

Deimhníodh ar a laghad cás úr amháin eile den víreas corónach i nDún na nGall tráthnóna inné de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Sláinte.

Bhain 25 cás den 307 cás tráthnóna inné le dhá chontae dhéag, Dún na nGall ina measc.

Níl athrú ar bith ar líon na gcásanna don chontae seo atá cinntithe ar shuíomh idirlíon an rialtais Gov.ie, suíomh atá dhá lá chun gcúil agus nach bhfuil na figiúirí is deireanaí san áireamh.

Tá cás amháin de Covid-19 deimhnithe in Otharlann Leitir Ceanainn san ionad dianchúram, de réir figiúirí ón Fheidhmeannacht Sláinte ag a hocht a chlog aréir, agus tá othar amháin san Otharlann a bhfuil amhras ann go bhfuil an víreas orthu.

547 cás den víreas atá deimhnithe i nDún na nGall bunaithe ar eolas ón mheán oíche oíche Dhomhnaigh.

Scoltacha


Ábhar imní i gcónaí ma bhíonn cás de Covid-19 i scoltacha i nDún na nGall, a deir Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall Anne McHugh.

Dúirt sí go bhfuil sár obair déanta ag Príomhoidí na Scoltacha le cinntiú go raibh sé sábháilte na Scoltacha a athoscailt agus go bhfuilfear ag cloí leis na treoracha ar fad atá leagtha síos.

Dúirt sí go bhfuil socruithe déanta, má tharlaíonn sé go mbíonn cás den víreas i Scoil de chuid an Bhoird, ach dúirt sí go mbraithfidh an cás féin  ar na céimeanna a nglacfar agus ar na srianta a chuirfear i bhfeidhm 

Dúirt Anne McHugh go bhfuil an Bord i gcónaí i dteagmháil le Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte agus leis an Roinn Sláinte maidir leis an ghéarchéim.

Ceantar Bardais na nGleanntach


Shocair Comhairleoirí Contae Cheantar Bardais na nGleanntach aighneacht a dhéanamh i gcoinne pleananna pleananna Stáisiún Cumhachta Núicléach a thógáil i Suffolk Shasana.

Cuireadh doiciméid os comhar na gComhairleoirí ag cruinniú dá gcuid inné ag rá gur chuir an Rialtas údaráis áitiúil ar an eolas faoi phróiseas comhairliúchán poiblí a tosaíodh ar an 2ú Meán Fómhair faoin aonad núicléach i Suffolk, agus deis ag an phobal aighneachtaí a dhéanamh tríd Comhairlí Contae.

Ag cruinniú an lae inné, dúirt na Comhairleoirí Michael McClafferty agus Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig gur cheart aighneacht a dhéanamh ina choinne.

Dúirt siad beirt go bhfuil contúirtí ag baint lena leithid de stáisiúin cumhachta, agus gur cheart don Choiste Cheantar Bardais aighneacht a dhéanamh ag cur ina choinne.

Dúirt an tOifigeach Pleanála, Sinéad McClafferty, gur féidir leis an phobal aigheanacht a dhéanamh chucu féin faoi roimh an Chéadaoin an 28ú Deireadh Fómhair.

Dréimire


Tá gá ar bhonn práinne le dréimire ar chéibh oileán Ghabhla sula dtarlóidh tragóid ansin, a dúirt ionadaí oileán Ghabhla ar Choiste Oileáin Chomhairle Contae Dhún na nGall, Eddie Joe Mac Aoidh, ag cruinniú den choiste in Ailt an Chorráin inné.

Tharla timpiste ag an chéibh roinnt seachtainí ó shin agus tá gearáin ag paisinéirí an bháid farantóireachta de bharr nach bhfuil dréimire ansin faoi láthair, a dúirt Eddie Joe Mac Aoidh.

Dúirt sé gur cuireadh tús leis an obair ag gearradh píosa as an chéibh leis an dréimire a fheistiú trí mhí ó shin, ach nár críochnaíodh an obair go fóill.

Beo

Spórt an tSathairn

Spórt an tSathairn

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

 
Tús Áite: Scéalta Spóirt

Tús Áite: Scéalta Spóirt

 
Tús Áite: Bille na dTeangacha Oifigiúla

Tús Áite: Bille na dTeangacha Oifigiúla

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 22/1/21

Tús Áite: 22/1/21

 
Mairéad Ní Neachtain : Gael Linn

Mairéad Ní Neachtain : Gael Linn

 
Daire Ó Faogáin : Strong Saol

Daire Ó Faogáin : Strong Saol

 
Orlaith Ní Chearra : Yoga agus aisteoireacht

Orlaith Ní Chearra : Yoga agus aisteoireacht

 
James Mahon : Craoltóir agus iriseoir

James Mahon : Craoltóir agus iriseoir

 
Aoibhe Ní Leathlobhair : Ceoltóir óg as Cill Dara

Aoibhe Ní Leathlobhair : Ceoltóir óg as Cill Dara

 
Ógie Ó Céilleachair : Na deá-scéalta

Ógie Ó Céilleachair : Na deá-scéalta

 
Bladhaire: Aoine Clár Iomlán

Bladhaire: Aoine Clár Iomlán

 
Jamie Coistín;ómós do Jerry Kiernan.

Jamie Coistín;ómós do Jerry Kiernan.

 
Dan Ó Céilleachair agus Leah Ní Dhonnchú;Tograí dian ghlasála

Dan Ó Céilleachair agus Leah Ní Dhonnchú;Tograí dian ghlasála

 
Darrán O Droma;Céim ar chéim

Darrán O Droma;Céim ar chéim

 
Liam Ó Loingsigh; Oileán Dairbhre

Liam Ó Loingsigh; Oileán Dairbhre

 
An Comh. Breandán Mac Gearailt;Co.Co. Chiarrai

An Comh. Breandán Mac Gearailt;Co.Co. Chiarrai

 
An Saol ó Dheas 22ú Eanair 2021

An Saol ó Dheas 22ú Eanair 2021

 
Mary Aggie.

Mary Aggie.

 
Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

 
Roise Mhic Laifeartaigh, Comhairle Contae Dhún na nGall.

Roise Mhic Laifeartaigh, Comhairle Contae Dhún na nGall.

 
Joe Ó Gallchóir as Teileann.

Joe Ó Gallchóir as Teileann.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 22102021

Barrscéalta, Clár iomlán, 22102021

 
Seamas Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

Seamas Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

 
Julianne Ní Chonchubhair, tuismitheoir.

Julianne Ní Chonchubhair, tuismitheoir.

 
Micheál Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Réigiún Údarás na Gaeltachta.

Micheál Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Réigiún Údarás na Gaeltachta.

 
Marc De Faoite, Stiúrthóir Fiontraiochta Údarás na Gaeltachta.

Marc De Faoite, Stiúrthóir Fiontraiochta Údarás na Gaeltachta.

 
Póilín Ní Chiaráin,  tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Seán Kelly, Feisire Eorpach.

Seán Kelly, Feisire Eorpach.

 
John Downing,  Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 22 Eanáir 2021.

Adhmhaidin: Dé hAoine 22 Eanáir 2021.

 
Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil

 
Tús Áite: Forbairt drugaí do Covid-19

Tús Áite: Forbairt drugaí do Covid-19

 
Tús Áite: Cásanna cúirte don oideachas

Tús Áite: Cásanna cúirte don oideachas

 
Tús Áite: Acht na dTeangacha Oifigiúla

Tús Áite: Acht na dTeangacha Oifigiúla

 
Tús Áite: Brú ar ospidéil

Tús Áite: Brú ar ospidéil

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 21/1/21

Tús Áite: 21/1/21

 
Cumann Mhic Reachtain : Daithí Mac Uait

Cumann Mhic Reachtain : Daithí Mac Uait

 
Diarmuid Ó Mathúna : Mo Food Blog

Diarmuid Ó Mathúna : Mo Food Blog

 
Dara Mac Gearailt : Cóitseáil saoil

Dara Mac Gearailt : Cóitseáil saoil

 
Aoi sa Chathaoir: Fiachna Ó Braonáin

Aoi sa Chathaoir: Fiachna Ó Braonáin

 
Bladhaire : Clár Iomlán Déardaoin 21/1/21

Bladhaire : Clár Iomlán Déardaoin 21/1/21

 
Mick Ó Brien;Dlúth chéirnín nua ar cheol Goodman

Mick Ó Brien;Dlúth chéirnín nua ar cheol Goodman

 
Load More...
Bladhaire

Bladhaire

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Coláiste Bhríde, Rann na Feirste

Coláiste Bhríde, Rann na Feirste

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Tús Áite

Tús Áite

Barrscéalta

Barrscéalta

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís