Nuacht an Tuaiscirt: 8 Meán Fómhair
Covid-19
Níor deimhníodh cás úr ar bith den víreas corónach i nDún na nGall tráthnóna inné de réir figiúirí na Roinne Sláinte. Go náisiúnta inné bhí 102 cás úr ach ní raibh ceann ar bith dona cásanna sin i nDún na nGall.
Tá ardú dhá chás anois ar shuíomh idirlín an rialtais maidir le cásanna Covid 19 i nDún na nGall.
547 cás den víreas atá deimhnithe sa chontae anois agus tá an fhigiúir sin bunaithe ar eolas ón mheán oíche oíche Shatharn.
Fáilteachas
D'fhéadfadh 5,500 post san earnáil fáilteachais i nDún na nGall a bheith i mbaol de réir suirbhé atá déanta ag an Conaidhm Óstáin na hÉireann.
Bhí an suirbhé dírithe ar óstáin agus ar thithe lóistín atá ag streachailt faoi láthair mar gheall ar thionchar Covid 19 ar a ngnó.
Deir an Suirbhé go bhfuil titim 33% ar líon na n-airithintí in óstáin agus i dtithe lóistín i réigiún na teorann.
Deir Paul Diver, Cathaoirleach Bhrainse Dhún na nGall de Chonaidhm Óstáin na hÉireann go gcaithfidh an rialtas níos mó a dhéanamh don earnáil le cinntiú go mairfidh gnóanna sa chontae.
Oileáin
Deir an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh go bhfuil sé dóchasach go mbeidh maoiniú a chur ar fáil ag Roinn na Gaeltachta d'oileáin bheaga Dhún na nGall go luath.
Tá dul chun cinn a dhéanamh le cúpla mí, ag cruinnithe a bhí ag Comhairleoirí agus baill de Choiste na nOileán le Roinn na Gaeltachta, maidir le maoiniú a sholáthar do thograí ar oileáin Dhún na nGall, dar leis an Chomhairleoir Ó Fearraigh.
Maidir le cóiriú bóithre ar na hoileáin, caithfidh an Chomhairle Contae na bóithre sin a ghlacadh faoi chúram na Comhairle Contae i dtús báire, a dúirt sé.
Caithfear maoiniú breise a lorg fosta do scéim feabhsúcháin bóthair, LIS, le gur féidir cóiriú a dhéanamh ar bhóithre ar na hoileáin, a dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh.
Crotach
Tá feachtas eolais seolta ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra le haird a dhíriú ar chlár caomhnaithe don chrotach, éan atá i mbaol, atá le fáil go fóill i bpáirteanna de Dhún na nGall.
Deir an tseirbhís go dtáinig laghdú 97% ar líon na n-éanacha seo sa tír le dhá scór bliain.
Meastar go raibh corradh le 5,000 crotach sa tír seo 30 bliain ó shin, agus go bhfuil sé sin laghdaithe anois go faoi 150 crotach, agus roinnt mhaith acusan i gcontae Dhún na nGall.
Cuireadh tascfhórsa ar bun i 2017 le go bhféadfaí an crotach a chaomhnú, agus obair ar bun le feirmeoirí agus le húinéirí talún leis sin a dhéanamh.
Cúntóirí Teanga
Tá postanna páirtaimseartha mar Chúntóirí Teanga á dtairiscint ag Muintearas Thír Chonaill i mBunscoltacha agus i Méanscoltacha sa Chontae faoi láthair.
6 fholúntas ar fad ata i gceist a bhéas lonnaithe i gCloich Cheann Fhaola, i nGaoth Dobhair, sna Rossa agus i gCarraig Airt.
Dúirt Síle Uí Ghallchóir ó Mhuintearas Thír Chonaill, go bhfuil Scéim na gCúntóirí Teanga ag fás agus ag forbairt i gcónaí sa chontae ach go bhfuil scoltacha go fóill sa Chontae gur mhaith leo cur isteach ar an scéim agus scoltacha eile gur mhaith leo go mbeadh tuilleadh uaireanta ceadaithe daofa.
Suirbhéanna timpeallachta
Beidh tús a chur inniu ag comhlacht RPS Consulting Engineers le suirbhéanna timpeallachta le haghaidh scéimeanna faoisimh tuilte i gceithre bhaile i nDún na nGall.
Is iad sin na Dúnaibh, Na Gleannta, Bun na hAbhann agus Caisleán na Finne. Sé réamh shuirbhéanna éiceolaíochta a bheas ar bun i dtús báire le sonraí a bhailiú maidir le dearadh scéimeanna agus roghanna cosaint tuilte a mheas.
Glacfaidh na chéad suirbhéanna thart fa dhá sheachtain agus déanfar tuilleadh suirbhéanna sna míonna amach romhainn.
Timpistí ar fheirmeacha
Is ábhar mór imní líon na dtimpistí atá ag tarlú ar fheirmeacha faoi láthair, a dúradh ag cruinniú de chuid Chomh-choiste Póilíneachta Dhún na nGall le gairid.
Dúirt cathaoirleach an chomhchoiste, an Comhairleoir Gerry Mc Monagle go bhfuil gá díriú níos mó ar chúrsaí sábháilteachta ar fheirmeacha, ní amháin anois ag am iontach gnóthach d'fheirmeoirí, ach le linn na bliana uilig.
Dúirt an Comhairleoir McMonagle go bhfuil cuid mhór feithiclí talmhaíochta ar na príomh bhóithre faoin am seo bliana fosta agus go bhfuil sé iontach tábhachtach ag tiománaithe eile foighid a bheith acu ar bhóithre tuaithe.
Dúirt sé fosta go bhfuil go leor coisithe agus rothaithe ag úsáid na mbóithre faoi láthair agus go bhfuil gá ag achan nduine ar na bóithre meas a bheith acu ar a chéile.