Nuacht an Iarthair: 3 Meán Fómhair
Tuilte sa Chlochán
Dúirt an Seanadóir Sean Kyne go gcaithfear scrúduithe a dhéanamh féachaint le cosaint a thabhairt don infreastruchtúr sa gClochán mar gheall ar thuilte.
Caithfear bogadh nios sciobthaí anois le tabhairt faoi seo, a dúirt an Seanadóir Kyne, ach caithfear cloí leis an bpróiseas pleanála ag an am céanna.
Tá sé i gceist ag Oifig na nOibreacha Poiblí balla cosanta a thógáil idir an abhainn agus cúl na dtithe in eastát Ghleann an Chlocháin, a dúirt an Seanadóir Kyne.
Chas an tAire Stáit a bhfuil cúram Oifig na nOibreacha Poiblí air, Patrick O' Donovan, le daoine sa gClocháin aréir
Beidh sé ag bualadh le feidhmeannaigh na Comhairle Contae agus le daoine eile ar déanadh damáiste dá gcuid tithe ar maidin inniu.
Beidh scéim éigeandála ar fáil do dhaoine nach bhfuil in acmhainn an damáiste a íoc, a dúirt an Seanadóir Kyne.
Dúirt ceannasaí an Bhriogáid Dóiteáin ar an gCeathrú Rua Edward Ó Sé go bhfuil riar mhaith damáiste déanta do thithe i gceantar an Chlocháin.
B'éigean do dhaoine a dhul suas ar an dara hurlár i gcuid dena tithe is measa a bhí buailte, mar go raibh sé troigh uisce istigh i gcuid acu.
D'fhéadfadh an scéala a bheith i bhfad níos measa dá scuabfaí an droichead nó cuid den bhóthar chun bealaigh sa gceantar, a dúirt Edward Ó Sé.
Cosáin rothaíochta
Tá Comhairleoir Contae de chuid an Chomhaontais Glais Alistair McKinstry ag moladh do ghrúpaí pobail aon réamh obair nó pleanáil atá le déanamh acu ar thógraí do chosáin rothaíochta nó siúlóide, a réiteach na cúpla lá seo.
Deir sé go mbeidh sé fhéin in ann iad a chur os comhair an Aire Iompair Eamonn Ryan nuair a bheas sé i nGaillimh Dé Domhnaigh agus Dé Luain seo chugainn.
Dúirt an Comhairleoir McKinstry go bhfuil se dóchasach go mbeidh tuilleadh airgid ar fáil I dtreo deireadh an Fhómhair le níos mó cosáin rothaíochta agus siúlóide a fhorbairt i mbailte ar fud Chonamara.
Thug an Comhairleoir McKinstry le fios go bhfuil sé fhéin i mbun cainte le ionadaithe o ghrúpaí i roinnt áiteacha ar fud Chonamara faoi seo le scaitheamh.
Caithfear díriú ar an gcineál seo tograí anois a dúirt sé lena chinntiú go mbeidh cosáin óna bailte uilig chuig na scoileanna, siopaí, agus páirceanna peile, ionas gur féidir an lion tráchta a bhíonns ar na boithre a laghdú.
Covid-19
Tá imní ar an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go bhfaighfidh daoine go leor bás sa tir seo mar gheall ar an ngéarchéim atá ann faoi Covid-19.
Ní mar gheall go mbeidh an víreas tolcthai acu a deir an Teachta Ó Cuiv, ach mar gheall ar na liostaí fada feithimh atá ann do sheirbhsí sláinte eile a dúirt sé.
Tá an Teachta Ó Cuív ag iarraidh ar an Aire Sláinte Stephen Donnelly a chinntiú go gcuirfear na seirbhísí sláinte nach bhfuil aon bhaint ag Covid 19 leo ar fáil arís do dhaoine gan mhoill.
Ionad Cuimhneacháin
Tá Comhairle Contae na Gaillimhe ag iarraidh tuilleadh eolais ó Choiste Ionad Chuimhneacháin na nImirceach i gCarna sula dtabharfaidh siad cead pleanála don síneadh atá beartaithe a chur leis an ionad.
Tá an Chomhairle ag iarraidh ar an gcoiste ráiteas tionchur timpeallachta agus plean tógála a chur ar fáil dóibh.
D'iarr siad go ndéanfaí measúnú ar an mbaol tuillte atá ar an suíomh freisin ar mhaithe le sláinte an phobail agus leis an timpeallacht.
Chomh maith leis seo, tá tuilleadh eolais ón gComhairle faoin gcaifé atá beartaithe ansin agus faoin méid usáid a bheas á bhaint as nuair a bheas sé críochnaithe.
Tá sé i gceist seomra taspántais a chur leis an bhfoirgnimh chomh maith leis an gcafé.
Tá 6 mhí ag an gcoiste anois leis an eolas breise a chur ar fáil.