Nuacht an Tuaiscirt: 3 Meán Fómhair

Nuacht an Tuaiscirt: 3 Meán Fómhair

Covid-19

Níor deimhníodh cás úr ar bith den víreas corónach i nDún na nGall tráthnóna inne a thug Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le fios.  

Tháinig ardú de thrí cás ar líon na gcásanna atá deimhnithe sa chontae ó thús na géarchéime ó 537 go 540 ar shuíomh idirlín na Roinne, figiúir atá bunaithe ar eolas ón  mheánoíche oíche Luain.  

Tá beirt in Otharlann Leitir Ceanainn faoi láthair a bhfuil an víreas orthu, duine amháin acu sin san aonad dianchúraim, agus tá beirt eile a bhfuil amhras ann go bhfuil an víreas orthu.

Charlie McConalogue

Dúirt an tAire úr Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, go bhfuil sé bródúil gur é an chéad Aire Rialtais riamh ó leathinis Inis Eoghain.  

Is é an tríú Teachta Dála as Dún na nGall mar Aire Talmhaíochta, Aireacht a bhí ag Neil T Blaney, nach maireann, ó 1966 go 1970 agus ag Mary Coughlan ó 2004 go 2008.  

Dúirt sé go mbeidh am gnóthach roimhe ag plé le leasú ar an Chomhpholasaí Talmhaíochta agus tionchar Brexit ar earnáil na talmhaíochta sa tír seo.  

Tá earnáil na talmhaíochta agus na mara iontach tábhachtach do Dhún na nGall, a dúirt an tAire McConalogue, agus dúirt sé go mbeidh sé ag díriú go mór ar ioncaim feirme le go bhfaighidh feirmeoirí ioncam réasúnta don obair a dhéanann siad.  

Caithfear ullmhú anois do na dúshláin a bheas romhainn i ndiaidh imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach, a dúirt sé.

Fáilte roimh cheapachán

Tá fáilte curtha ag Cathaoirleach pháirtí Fhianna Fáil i nDún na nGall, Breandán Ó Beirn roimh cheapachán Charlie McConalogue mar Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara.  

Deir sé gur onóir mhór don chontae Aire Rialtais a bheith as an chontae agus dúirt sé go bhfuil taithí luachmhar ag an Aire McConalogue maidir le cúrsaí talmhaíochta agus mara de le blianta fada.

Is oibrí dian dícheallach é, a oibríonn go crua dá dháilcheantar i gcónaí, a dúirt Breandán Ó Beirn, agus deir sé go bhfuil sé cinnte de go ndéanfaidh sé freastal mhaith ar an chontae agus ar an tír mar Aire Sinsearach.

Tá sé tábhachtach glór a bheith ag Dún na nGall ag tábla an Rialtais, a dúirt Breandán Ó Beirn.

Obrádlann folamh
 
Tá obrádlann folamh agus as feidhm in Otharlann Leitir Ceanainn le fiche bliain, agus sin ceann dena fáthanna a bhfuil othair ag fanacht ar feadh ceithre bliana le cúram leighis ailse a fháil san otharlann, a deir an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.  

Tá súil aige ceist a thógáil sa Dáil inniu faoin tuairisc neamhspleách maidir le seirbhísí ginéiceolaíochta in Otharlann Leitir Ceanainn.  

Deir sé gur scannal ar fad go bhfuair deichniúr ban bás de bharr moill a cuireadh ar a gcomhar leighis san Otharlann, idir 2010-2019, agus go raibh moill ar thorthaí a chur ar fáil do 38 bean le linn an tréimhse sin.

Bhí teip iomlán sa chóras ó thaobh bainistíochta agus riaracháin de maidir le seirbhísí ginéiceolaíochta san otharlann, a dúirt sé.  

Cháin sé Otharlann Leitir Ceanainn, a rinne iniúchadh s'acu féin, bíodh is go raibh painéal neamhspleách i mbun iniúchta, agus go bhfuaireas lochtanna móra ar an iniúchadh a rinne an otharlann féin.

Bealach an N56

Tá Bealach an N56 ar an Chraoslach foscailte arís do thrácht i ndiaidh dó a bheith druidte a mhórchuid den lá inné mar gheall ar dhroch thaisme a tharla ansin oíche Mháirt.  

Maraíodh fear óg naoi mbliana déag d'aois sa taisme agus tá triúr eile gortaithe, duine amháin go holc.  

Tá na Gardaí ag lorg eolais go fóill ón phobal faoin taisme go háirithe duine ar bith a bhí ag taistil an bhealaí i dtrátha 9.30 oíche mháirt agus a bhfuil ceamara sa charr acu.

Athaontú na hÉireann

Deir an t-iarbhreitheamh Seán McBride as Bun an Phobail go bhfuil sé ag súil go mór lena ról úr ag obair le grúpa i bpáirtí Shinn Féin ar chlár oibre maidir le hathaontú na tíre.  

D'éirigh Seán McBride as mar bhall d'Fhianna Fáil dhá mhí ó shin, páirtí a raibh sé ina bhall de ó 1969,  mar dar leis go ndearna an páirtí dearmad de chúrsaí poblachtánach agus de bhun rútaí an pháirtí.  

Tá poblacht úr a thógáil ag Sinn Féin, dírithe ar chothromaíocht agus ar chaitheamh mar an gcéanna le pobail uile na tíre, a dúirt Seán McBride.  

Tá sé tábhachtach plé a bheith le hAontachtóirí ó thuaidh agus ullmhúcháin a ndéanamh le Éire a ath aontú, dar leis.

Scannán Lochlannach

Tá scannánaíocht le bheith ar siúl roimh i bhfad i gCeann Mhálainne do scannán Lochlannach, The Northman.  

Tá criúnna ansin le tamall ag cur seit le chéile do na píosaí scannánaíochta atá le taifead ag Ceann Mhálainne, agus mar pháirt den seit tá bád iascaireachta curtha ar an ghaineamh ag an trá.  

Tá an scannán seo lonnaithe san Íoslainn san 10ú céad.

Bhí Ceann Mhálainne go mór sa nuacht trí bliana ó shin, agus taifead ar siúl ansin do mhír don scannán aitheanta, Star Wars, The Last Jedi.

I measc na n-aisteoirí a bheas i scannán The Northman, beidh Nicole Kidman, William Defoe, Ethan Hawke agus an ceoltóir aitheanta as an Íoslainn, Bjork.  

Deir lucht an scannáin go raibh an tírdhreach ag Ceann Mhálainne iontach foirstineach daofa.

Beo

Reacaireacht an Tráthnóna

Reacaireacht an Tráthnóna

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Ceiliúradh an Oireachtais 2020

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Cúrsaí Spóirt

Tús Áite: Cúrsaí Spóirt

 
Tús Áite: Mír na Meán

Tús Áite: Mír na Meán

 
Tús Áite: Mír na Meán áitiúil

Tús Áite: Mír na Meán áitiúil

 
Tús Áite: Seoladh Fhoclóir Uí Mhianáin

Tús Áite: Seoladh Fhoclóir Uí Mhianáin

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 30/10/2020

Tús Áite: 30/10/2020

 
Páid Ó Neachtain, Aisling Ni Neachtain agus Bróna Ní Uallacháin.

Páid Ó Neachtain, Aisling Ni Neachtain agus Bróna Ní Uallacháin.

 
Joe Ó Dónaill agus Ray Mac Manáis.

Joe Ó Dónaill agus Ray Mac Manáis.

 
Bladhaire, Dé hAoine 30/10/2020. An t-Oireachtas sa bhaile.

Bladhaire, Dé hAoine 30/10/2020. An t-Oireachtas sa bhaile.

 
Bladhaire, Dé hAoine 30/10/20. An t-Oireachtas sa bhaile.

Bladhaire, Dé hAoine 30/10/20. An t-Oireachtas sa bhaile.

 
Bladhaire, clár iomlán, 30/10/20.

Bladhaire, clár iomlán, 30/10/20.

 
Cead pleanála tugtha do Bhreanndán Ó Beaglaoích

Cead pleanála tugtha do Bhreanndán Ó Beaglaoích

 
Lorcán Ó Máirtín agus Danny Ó Domhnaill.

Lorcán Ó Máirtín agus Danny Ó Domhnaill.

 
John Ó Colla as Mín Lárach, Gort a' Choirce.

John Ó Colla as Mín Lárach, Gort a' Choirce.

 
Diane Ní Chanainn, mír rialta.

Diane Ní Chanainn, mír rialta.

 
Antoin Ó Dochartaigh agus a mháthair  Eileen Nic Suibhne as Machaire Gathlán, Na Doirí Beaga.

Antoin Ó Dochartaigh agus a mháthair Eileen Nic Suibhne as Machaire Gathlán, Na Doirí Beaga.

 
John O Brien, ball ainmnithe ar Choiste Iascaigh na Comhairle Contae.

John O Brien, ball ainmnithe ar Choiste Iascaigh na Comhairle Contae.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár Iomlán, 30/10/2020.

Barrscéalta, Clár Iomlán, 30/10/2020.

 
Michael Mc Cann, Uachtarán Chumann Naomh Uinseann de Pól san Iarthar.

Michael Mc Cann, Uachtarán Chumann Naomh Uinseann de Pól san Iarthar.

 
John O'Brien, Coiste Polasaí Iascaigh, Comhairle Condae, Dún na nGall.

John O'Brien, Coiste Polasaí Iascaigh, Comhairle Condae, Dún na nGall.

 
Gobnait Ní Mhuineacháin, Comhairleoir Condae, Corcaigh.

Gobnait Ní Mhuineacháin, Comhairleoir Condae, Corcaigh.

 
Máirín Uí Chéidigh, tráchtaire, Boston.

Máirín Uí Chéidigh, tráchtaire, Boston.

 
Padraig Ó Mianáin, Príomh-Eagarthóir Concise English-Irish Dictionary.

Padraig Ó Mianáin, Príomh-Eagarthóir Concise English-Irish Dictionary.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
Niall Ó Donghaile, Seanadóir, Sinn Féin.

Niall Ó Donghaile, Seanadóir, Sinn Féin.

 
Deirbhle Nic Craith, INTO.

Deirbhle Nic Craith, INTO.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 30 Deireadh Fómhair 2020.

Adhmhaidin: Dé hAoine 30 Deireadh Fómhair 2020.

 
Caitlín Mhic Ruairí, An Luinnigh, Joe Mangan, Gort a Choirce agus Dónal & Leanne Ui Mhaolainne, Gort a Choirce.

Caitlín Mhic Ruairí, An Luinnigh, Joe Mangan, Gort a Choirce agus Dónal & Leanne Ui Mhaolainne, Gort a Choirce.

 
Áine Ní Bhreisleáin, Iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Áine Ní Bhreisleáin, Iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Dr. Tony Delap, doctor teaghlaigh i nGaoth Dobhair.

An Dr. Tony Delap, doctor teaghlaigh i nGaoth Dobhair.

 
Michelle Nic Grianna, ó sheomra na Nuachta.

Michelle Nic Grianna, ó sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta:  Déardaoin 29 Deireadh Fómhair 2020.

Barrscéalta: Déardaoin 29 Deireadh Fómhair 2020.

 
Anne Doherty, Carraig Airt.

Anne Doherty, Carraig Airt.

 
MacDara Mac Donncha, Cumann Lúthchleas Gael, Port Láirge.

MacDara Mac Donncha, Cumann Lúthchleas Gael, Port Láirge.

 
Mairéad Farrell, T.D. Gaillimh Thiar.

Mairéad Farrell, T.D. Gaillimh Thiar.

 
Gearóid Mac Giollla Fhinnín, Treviglio, An Iodáil.

Gearóid Mac Giollla Fhinnín, Treviglio, An Iodáil.

 
Dr. Tadhg Crowley, Cumann Leighis na hÉireann.

Dr. Tadhg Crowley, Cumann Leighis na hÉireann.

 
Micheál Ó Conchúir, An Bhruiséil.

Micheál Ó Conchúir, An Bhruiséil.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Bladhaire

Bladhaire

Tús Áite

Tús Áite

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís