Nuacht an Tuaiscirt: 1 Meán Fómhair

Nuacht an Tuaiscirt: 1 Meán Fómhair

Cúntóirí Riachtanais Speisialta

Tá iarratas as gach trí cinn a dhéanann scoltacha i nDún na nGall  do Chúntóir Riachtanais Speisialta do dháltaí á dhiúltú, a deir an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.

Níor éirigh le dhá cheann déag as 35 iarratas do Chúntóirí i scoltacha Dhún na nGall don scoilbhliain úr a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh , agus cuireadh seacht n-iarratas eile siar .

Beidh gá cuairt a thabhairt ar an scoil sna cásanna seo, agus an baol ann nach mbeidh cinneadh déanta go deireadh na míosa nó na míosa seo chugainn a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh.

Níl sé cothrom ar pháistí a bheith ag dul na scoile gan a gcuntóir  leo sa tseomra ranga a duirt Piaras Ó Dochartaigh, go háirithe le linn géarchéim Covid a dúirt sé agus tá an mhoilleadóireacht seo ag cur imní agus strus ar mhúinteoirí agus ar thuismitheoirí. 

Leitir Ceanainn

Tá suim faoi leith ag pobal Leitir Ceanainn i gcur chun cinn an bhaile mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta, dar le Bairbre Uí Chathail, Cathaoirleach Líonra Leitir Ceanainn.

Dúirt sí go bhfuil dea thoil ar fud an bhaile, idir pobal an bhaile agus lucht gnó an bhaile, maidir leis an Ghaeilge a chur chun cinn i Leitir Ceanainn.

Beidh buntáistí agus deiseanna ag eascairt as Leitir Ceanainn a bheith aitheanta anois mar Bhaile Seirbhís Gaeltachta, a dúirt Bairbre Uí Chathail.

Thig tógáil ar an dúshraith láidir atá sa bhaile agus fás agus forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí Gaeilge i Leitir Ceanainn, a dúirt sí.

Is é an chéad chéim eile anois ná Oifigeach Pleanála Teanga a earcú leis an phlean oibre seacht mbliana a chur i bhfeidhm, a dúirt sí. 

Covid-19

Níor tháinig ardú ar bith ar líon na gcásanna den ghalar Covid-19 i nDún na nGall de réir na figiúirí is deireanaí ón Roinn Sláinte tráthnóna inné.

Tá othar amháín in Otharlann Leitir Ceanainn a bhfuil amhras ann go bhfuil Covid-19 orthu, de réir figiuirí ón hocht a chlog aréir, agus tá dhá chás den víreas deimhnithe san Otharlann faoi láthair.

537 cás de Covid-19 atá deimhnithe sa chontae seo ó thús na géarchéime.

Tá laghdú tágtha ar líon na ndaoine i nDún na nGall atá ag fáil íocaíocht dfhostaíochta Covid-19.

6,700 duine sa chontae atá ag fail na híocaíochta an tseachtain seo, laghdú de 300 duine  ar an tseachtain seo chuaigh thart, agus laghdú 70 fán gcéad ar an méid daoine a bhí á éileamh ar an 5 Bealtaine.

Leac tuama

Thángthas ar leac mhullaigh ó thuama a bhaineann leis an an Chré-umhaois ag suíomh tógála i mBéal Átha Seanaidh ar an tseachtain seo chuaigh thart , a thuigtear atá 4,000 bliain d'aois. Meastar gur ar bharr tuama a cuireadh an leac seo.

Tháinig tógalaithe atá ag obair ar shuíomh d'otharlann úr pobail an bhaile ar an leac Dé Luain seo chuaigh thart agus tógadh ar shiúl é le scrúdú ar an Aoine 

Tá an leac déanta as gaineamhchloch agus thart ar 2.5 méadar ar fhad agus 1.5 méadar ar leithead, le ealaín agus siombail greanta uirthi.

Beo

Scoth an Déardaoin

Scoth an Déardaoin

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Comhairle na Gaelscolaíochta

Tús Áite: Comhairle na Gaelscolaíochta

 
Tús Áite: Téarmaí na bliana

Tús Áite: Téarmaí na bliana

 
Tús Áite: Stella O’Malley

Tús Áite: Stella O’Malley

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 3/12/2020

Tús Áite: 3/12/2020

 
Lámha Síos : Ruth Nic Giolla Iasachta

Lámha Síos : Ruth Nic Giolla Iasachta

 
Rap Cairdis : Bairbre Ní Choistealbha

Rap Cairdis : Bairbre Ní Choistealbha

 
Jack Logan agus Feargal Máirtín : Podchraoladh

Jack Logan agus Feargal Máirtín : Podchraoladh

 
Éigse Dhiarmuidín : Cormac Ó hAodha

Éigse Dhiarmuidín : Cormac Ó hAodha

 
Ceol Beo : Ellie Nic Fhionnghaile agus Aisling Ní Churraighín

Ceol Beo : Ellie Nic Fhionnghaile agus Aisling Ní Churraighín

 
Michelle Tiernan : Cois Farraige

Michelle Tiernan : Cois Farraige

 
Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 3/12/20

Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 3/12/20

 
Páidí Mac Gearailt

Páidí Mac Gearailt

 
Agallamh Beirte: Ag Éalú Ón Scoil

Agallamh Beirte: Ag Éalú Ón Scoil

 
Tomás Ó Loingsigh

Tomás Ó Loingsigh

 
Séamus Ó Drisceoil

Séamus Ó Drisceoil

 
Emma Verling

Emma Verling

 
An Saol Ó Dheas 03/12/20

An Saol Ó Dheas 03/12/20

 
Aengus Ó Snodaigh, T.D. Sinn Féin.

Aengus Ó Snodaigh, T.D. Sinn Féin.

 
Frank Allen, Cathaoirleach, Iarnród Éireann.

Frank Allen, Cathaoirleach, Iarnród Éireann.

 
Páidí Ó Sé, Bainisteoir, Comharchumann chorca Dhuibhne.

Páidí Ó Sé, Bainisteoir, Comharchumann chorca Dhuibhne.

 
Peadar Tóibín, T.D., Co na Mí.

Peadar Tóibín, T.D., Co na Mí.

 
Séamus Ó Briain, príomhiude Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

Séamus Ó Briain, príomhiude Pobalscoil Ghaoth Dobhair.

 
Dr. Lisa Ní Chuinneagáin, Londain.

Dr. Lisa Ní Chuinneagáin, Londain.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Tús Áite: Mír na Meán

Tús Áite: Mír na Meán

 
Tús Áite: Mír na Leabhar

Tús Áite: Mír na Leabhar

 
Tús Áite: Vacsaín

Tús Áite: Vacsaín

 
Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 2/12/2020

Tús Áite: 2/12/2020

 
Barrscéalta: Anthony Hayden

Barrscéalta: Anthony Hayden

 
Tadhg Ó Dúbhshláine.

Tadhg Ó Dúbhshláine.

 
Caitlín Uí Aodha agus Deirdre Uí Fhlannúra.

Caitlín Uí Aodha agus Deirdre Uí Fhlannúra.

 
Risteárd Mac Liam.

Risteárd Mac Liam.

 
An tAthair Eoghan Ó Cadhla.

An tAthair Eoghan Ó Cadhla.

 
Tús Áite: Painéal na Meán Idirnáisiúnta

Tús Áite: Painéal na Meán Idirnáisiúnta

 
Tús Áite: Dúnmharú Pat Finucane

Tús Áite: Dúnmharú Pat Finucane

 
Tús Áite: Athoscailt siopaí agus eile

Tús Áite: Athoscailt siopaí agus eile

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 1/12/2020

Tús Áite: 1/12/2020

 
Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

Séamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

 
Breandán Ó Cíobháin.

Breandán Ó Cíobháin.

 
Cáit Verling.

Cáit Verling.

 
Muiris Breathnach.

Muiris Breathnach.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Tús Áite

Tús Áite

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bladhaire

Bladhaire

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís