Nuacht an Iarthair: 27 Lúnasa

Nuacht an Iarthair: 27 Lúnasa

Cormac Ó hEadhra

Tá Cormac Ó hEadhra, as an gCaorán Beag ar an gCeathrú Rua ó dhúchas, ceapthaí ina láithreoir ar an gclár cúrsaí reatha, Drivetime le RTÉ Raidió 1. 

Thosaigh Ó hEadhra ina chraoltóir le foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta i mBleá Cliath i 2007  agus tá cláracha agus sraitheanna go leor curtha i láthair aige  Cormac ag a 5, Tús Áite agus le gairid mar láithreoir ar Nuacht a hAon. 

Dúirt Gearóid Mac Donnacha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, gur maith an aghaidh a cheapachán le RTÉ Raidió 1 ar Chormac Ó hEadhra, agus go léiríonn sé an cumas craoltóireachta, bua na cainte agus an féith láidir grinn atá ag fear an Chaoráin Bhig. 

Dúirt Ceannaire RTÉ RnaG freisin  gur leis an stáisiún seo a d'fhorbair Cormac Ó hEadhra a chuid scileanna craoltóireachta agus anois go mbeidh deis aige iad a chur ós comhair lucht éisteachta níos leithne.
 

Éamon Ó Cuív

Dúirt an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, Éamon Ó Cuív,  go bhfuil sé rí-shoiliér go bhfuil tús áite dhá thabhairt do na cathracha agus do na bhailte móra seachas do na ceantair thuaithe, ó thaobh soláthar an chórais leathanbhanda snáithín optaice. 

Tá sé thar a bheith tabhachtach a deir sé, go gcoinneofaí brú ar an rialtas le go gcuirfear córas leathanbhanda ar fáil a chur ar fáil in áiteacha iargúlta, mar gur iontu is géire a theastaíonn sé. 

Is iomaí sin teaghlach a bhogfadh ar ais go dtí a gcuid áiteachaí  dúcháis  dá mbeadh fhios acu go mbeadh seirbhís ceart snáithín optaice ar fáil ann agus a d'fhágadh freisin go mbeadh daoine go leor in ann oibriú ón mbaile.  

Rud atá tugthaí faoi deara ag an Teachta Ó Cuív go bhfuil an-deis caitheamh aimsire ann freisin córas ceart leathanbhanda a bheith ag daoine atá ina gcónaí leo féin amach faoin tír mar go bhfuil siad in ann teagmháil a choinneáil lena ndaoine muinteartha atá i bhfad ó bhaile. 

Bheadh buntáiste freisin ann ó thaobh cúrsaí sábháilteachta dhó a deir sé mar go bhféadfaí córais slándála a chur in oiriúint a bhainfeadh leas as comhartha maith leathanbhanda snáithín optaice. 

EO Teilifís

B'éigean don chomhlacht léirithe EO Teilifís sa Spidéal, daoine breise a fhostú mar gheall ar shrianta Covid-19, agus tús curtha le taifead sraith nua don sobaldhráma Ros na Rún ar an mBaile Árd an tseachtain seo. 

Tá athrú mór tagthaí ar an gcaoi a ndéanann comhlachtaí a gcuid oibre anois mar gheall ar an víreas corónach, a deir Siobhán Ní Ghadhra  léiritheoir feidhmiúcháin an chláir. 

160 duine  idir criú agus aisteoirí atá fostaithe an fhad agus a bhíonn an sraith dhá thaifead  agus bíonn leas le baint ag comhlachtaí áitiúla eile as an méid oibre a thagann as a deir sí. 

Cé go raibh sé d'ádh orainn gur éirigh linn filleadh ar an taifead don 25ú sraith do Ros na Rún a deir Siobhán Ní Ghadhra  níorbh amhlaigh a bhí an cás do thógraí eile san earnáil neamhspleách mar gheall ar an víreas corónach. 
 

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Tá 1.75 milliún euro le fáil ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh mar chuid den deontas atáthar a chur ar fáil do Ollscoileanna na tíre le feabhas a chur ar chursaí sláinte agus sabháilteachta ar an gcampas roimh thús na bliana acadúla.

Caithfear tuilleadh infheistiocht a dhéanamh sna hOllscoileanna agus san treallamh atá ar fáil dóibh go mór mór anois le agus níos mo ranganna ar líne le theacht timpeall ar na dushláin atá an ghéarchéim sláinte a dhul a chruthú do mhic léinn, a dúirt an tAire Ard-Oideachais Simon Harris.
 

Carranna leictreacha

Ba cheart go gcuirfí tuilleadh áiteachaí ar fáil i nDeisceart Chonamara le go bhféadfaí carranna leictreacha a chur ag lochtú ann, a deir an Comhairleoir Condae leis an gComhaontas Glas  Alistair McKinstry. 

Cé go n-aontaíonn an Comhairleoir go bhfuil costas mór ag baint le carr leictreach a cheannacht  dúirt sé go bhfuil deontais le fáil ón rialtas, a thabharfadh cuid den bhealach daoine.

Caithfear obair a dhéanamh ar an ngréasán leictreachais i dtosach  le go mbeifí in ann déileáil leis an éileamh a bheadh ar charannaí leictreach a luchtú, ach deir an Comhairleoir McKinstry  gur faoin gcomhlacht EIRGRID a bheadh sé é seo a dhéanamh. 

Tá sé i gceist ag an gComhairleoir an easpa pointí luchtaithe do charanna leictreach  a tharraingt anuas ag an gcéad chruinniú eile don choiste polasaí speisialta ar chúrsaí aeráide, a bhéas sa gComhairle Condae an chéad mhí eile. 

Is ceart breathnú freisin ar bhorradh a chur faoin gcóras iompar poiblí, go háirithe i gceantaracha tuaithe, rud a chinnteodh a deir an Comhairleoir, go mbeadh rogha ag daoine a gcuid caranna peitreal nó díosal a fhágáil ina ndiaidh.  

Beo

An Bóthar go Nashville

An Bóthar go Nashville

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

An Taobh Tuathail

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Eagla ar mhná dul ag rith go poiblí

Tús Áite: Eagla ar mhná dul ag rith go poiblí

 
Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

Tús Áite: Tvuít Brian Stanley

 
Tús Áite: Fiosrúchán faoi dhúnmharú Finucane

Tús Áite: Fiosrúchán faoi dhúnmharú Finucane

 
Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Covid-19

Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Covid-19

 
Tús Áite: 30/11/2020

Tús Áite: 30/11/2020

 
Tús Áite: Scéalta spóirt

Tús Áite: Scéalta spóirt

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Nuachtán Áitiúil

 
Tús Áite: Maolú srianta

Tús Áite: Maolú srianta

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 27/11/2020

Tús Áite: 27/11/2020

 
Aoi sa Chathaoir. Noel Ó Gallchóir.

Aoi sa Chathaoir. Noel Ó Gallchóir.

 
Tadhg Mac Dhonnagáin, ó Futa Fata.

Tadhg Mac Dhonnagáin, ó Futa Fata.

 
Póilín Nic Géidigh.

Póilín Nic Géidigh.

 
Ciara Ní Bhrádaigh.

Ciara Ní Bhrádaigh.

 
Hugh Carr leis 'Na Deá-Scéalta'.

Hugh Carr leis 'Na Deá-Scéalta'.

 
Bladhaire, Clár Iomlán, 271120.

Bladhaire, Clár Iomlán, 271120.

 
Tomás Rua Ó Cadhla.

Tomás Rua Ó Cadhla.

 
Marc Ó Conchúir.

Marc Ó Conchúir.

 
Seán Ó Súilleabháin: Cathaoirleach ar Chumann Staire Uíbh Laoire.

Seán Ó Súilleabháin: Cathaoirleach ar Chumann Staire Uíbh Laoire.

 
Leanaí ó Scoil Naomh Eirc.

Leanaí ó Scoil Naomh Eirc.

 
Seán Ó Cónaill.

Seán Ó Cónaill.

 
An Saol Ó Dheas: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

An Saol Ó Dheas: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

 
Mary Aggie.

Mary Aggie.

 
An file Máire “Dinny” Wren.

An file Máire “Dinny” Wren.

 
Diane Ni Chanainn, conraithe Diane.

Diane Ni Chanainn, conraithe Diane.

 
Aodán Ó Cearúil as Carraig a tSeascain, Gaoth Dobhair.

Aodán Ó Cearúil as Carraig a tSeascain, Gaoth Dobhair.

 
Donnchadh Ó Baoill, Údarás na Gaeltachta.

Donnchadh Ó Baoill, Údarás na Gaeltachta.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta: De hAoine 27 Samhain 2020.

Barrscéalta: De hAoine 27 Samhain 2020.

 
Aoibhín Ní Chonghaile, Oifigeach Réigiúnach, Aontas na Macléinn Dara Leibhéal in Éirinn.

Aoibhín Ní Chonghaile, Oifigeach Réigiúnach, Aontas na Macléinn Dara Leibhéal in Éirinn.

 
Máirtín Ó Conghaile, Coiste tacaíochta Chalafort Ros a Mhíl.

Máirtín Ó Conghaile, Coiste tacaíochta Chalafort Ros a Mhíl.

 
Seán Ó Neachtain, iar Fheisire Eorpach.

Seán Ó Neachtain, iar Fheisire Eorpach.

 
Catherine Connolly, T.D. ;eas Ceann Comhairle.

Catherine Connolly, T.D. ;eas Ceann Comhairle.

 
Dónal Nolan, leas-eagarthóir, An Kerryman.

Dónal Nolan, leas-eagarthóir, An Kerryman.

 
Éilish Ní Dhochartaigh, príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall.

Éilish Ní Dhochartaigh, príomhfheidhmeannach Aerfort Dhún na nGall.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair,

Nuacht an Iarthair,

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

Adhmhaidin: Dé hAoine 27 Samhain 2020.

 
Tús Áite: Snámh san fharraige

Tús Áite: Snámh san fharraige

 
Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Ghaelcholáiste i nDún Dealgan

Tús Áite: An scéal is déanaí faoi Ghaelcholáiste i nDún Dealgan

 
Tús Áite: Aire Dlí agus Cirt á ceistiú

Tús Áite: Aire Dlí agus Cirt á ceistiú

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 26/11/2020

Tús Áite: 26/11/2020

 
Sinéad Ní Scollaigh, Na Gaelgals.

Sinéad Ní Scollaigh, Na Gaelgals.

 
Eoin P Ó Murchú.

Eoin P Ó Murchú.

 
Gael thar Sáile Macdara Ó Drisceoil.

Gael thar Sáile Macdara Ó Drisceoil.

 
Mír an cheoil le Emma Ní Chearúil ó Raidió na Life.

Mír an cheoil le Emma Ní Chearúil ó Raidió na Life.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Tús Áite

Tús Áite

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Bladhaire

Bladhaire

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís