Nuacht an Tuaiscirt: 30 Meitheamh

Nuacht an Tuaiscirt: 30 Meitheamh

Oileáin

Níl ciall dá laghad cúram na n-oileán a aistriú ó Roinn na Gaeltachta, dar le bainisteoir Chomharchumann Oileán Thoraí, Marjorie Uí Chearbhaill.  

Dúirt sí go luíonn sé le ciall go mbeadh cúram na n-oileán faoi Roinn na Gaeltachta, de bharr an mhórchuid d'oileáin na tíre a bheith sa Ghaeltacht.  

Tá obair ar bun ag Roinn na Gaeltachta i gcomhar leis an Údarás maidir le pleananna teanga agus forbartha ar na hoileáin, agus sean taithí ag an Roinn ar ghnóthaí na n-oileán, dar léi.  

Dúirt sí nach dtuigeann sí cén fáth a n-aistreofaí cúramaí na n-oileán go dtí an Roinn Coimirce Sóisialaí, Pobail, Forbairt Tuaithe agus Oileáin.

Toraigh

Is buntáiste mór d'oileán Thoraí go mbeidh Ostán Thoraigh ag oscailt ar an 10ú lá de Iúil, a deir Marjorie Uí Chearbhaill, Bainisteoir Chomharchumann Oileán Thoraí.  

Beidh Ostán Thoraigh faoi bhainistíocht úr an séasúr seo, agus Mary Wrynn ag dul i mbun dualgais ansin den chéad uair i mbun an ostáin.

Tá áirithintí a nglacadh anois do sheomraí san ostán ón 10ú Iúil ar aghaidh agus tá ócáidí agus imeachtaí a n-eagrú ag Ostán Thoraigh le daoine a mhealladh ar feadh an tsamhraidh.  

Tá 14 seomra leapa in Ostán Thoraigh, agus rinneadh an Ostán a chur ar an mhargadh anuraidh agus treoir luach de €400,000 luaite leis, ach níor díoladh é.

Oileáin Dhún na nGall

Caithfidh an Rialtas níos mó airgid a chur ar fáil d'oileáin Dhún na nGall le forbairtí a dhéanamh ar na hoileáin, a deir an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh.  

Tá beaguchtach mór ar bhaill Choiste Oileáin na Comhairle Contae leis an laghad airgid a cuireadh ar fáil do thograí ar na hoileáin le roinnt mhaith blianta, a dúirt sé.  

Tá súil aige, a deir sé, go mbeidh dea scéala ar fáil do Choiste Oiléain Chomhairle Contae Dhún na nGall maidir lena gclár oibre reatha, ag an chéad chruinniú eile a bheas acu san Fhómhar.  

Thug an Comhairleoir Ó Fearraigh le fios go raibh cruinniú le gairid ag feidhmeannaigh ón Chomhairle Contae le Roinn na Gaeltachta maidir le clár maoinithe na n-oileán i nDún na nGall.

Covid-19

Níor deimhníodh cás úr ar bith den víreas corónach i nDún na nGall tráthnóna inné de réir na bhfigiúirí is deireanaí ata eisithe ag an Roinn Sláinte.  

464 cás den víreas atá deimhnithe i nDún na nGall ó thús na géarchéime.  

Níl cás ar bith den víreas corónach deimhnithe in Otharlann Leitir Ceanainn faoi láthair ach tá cúigear san otharlann a bhfuil amhras ann go bhfuil an víreas orthu.  

Mhol an Príomhoifigeach Leighis Tony Houlihan tráthnóna inné don phobal a bhfuil saoire thar lear curtha in áirithe acu an saoire a chur ar ceal.  

Dúirt sé go bhfuil imní orthu faoi ardú ar líon na gcásanna atá bainteach le daoine a thaistil thar lear.  

Díol alcóil

Is ábhar imní go dtáinig méadú mór ar dhíol alcóil le linn géarchéim Covid-19, agus na tithe tábhairne druidte, a dúirt an Teachta Dála Thomas Pringle.  

Deir sé go bhfuil sé tromchúiseach go bhfaigheann ar an mheán 88 duine bás de bharr cúrsaí alcóil achan mhí, agus go bhfuil 200,000 páiste ina gcónaí i dtithe áit a bhfuil fadhb alcóil ag tuismitheoir sa bhaile.  
 

Mhol sé go mór don rialtas tacú le feachtas atá ar bun ag Fóram Alcól Dhún na nGall atá dírithe ar mar a cheannaítear alcól.  

Dúirt an Teachta Pringle go bhfuil cosaint áirithe ag daoine a cheannaíonn alcól thar an chuntar, ach nach mar sin atá do dhaoine a cheannaíonn alcól ar an idirlíon.

Údarás na Gaeltachta

Tá béim a chur i gcónaí ag Údarás na Gaeltachta ar an déantúsaíocht, le cois béim mhór le tamall ar theicneolaíocht úr agus ar an eacnamaíocht digiteach, a deir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh.  

Is meascán a bheas i gceist feasta sna tograí agus sna comhlachtaí i nGaeltacht Thír Chonaill, a dúirt an Príomhfheidhmeannach, idir déantúsaíocht agus an eacnamaíocht digiteach.  

Beidh táirgíocht ar bun go fóill in iarmhonarcha Chroithlí, agus rioglann a chur ar bun ann, a dúirt sé.

Is dea-scéala é go bhfuil comhlachtaí déantúsaíochta ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair ag fás agus ag méadú le tamall, a dúirt Micheál Ó hÉanaigh.

Tancanna ola

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar an phobal scrúdú a dhéanamh ar a dtancanna ola, de bharr an oiread eachtraí inár sceith ola ó thancanna sa chontae le tamall.  

Meastar gur tharla sé seo mar gur líonadh go leor tancanna óla go béal de bharr luach an ola a bheith saor, agus cuid dena tancanna i ndroch riocht.  

Tá fianaise fosta, a deir an Chomhairle Contae, go bhfuil go leor daoine ag ceannacht an dara tanc le hola a stóráil ann, agus gur sean tancanna go leor acusan, atá i ndroch staid.

D'iarr an Chomhairle ar an phobal scrúdú a dhéanamh ar a dtancanna sula gcuireann siad ola iontu, agus scrúdú a dhéanamh ar thancanna i ndiaidh iad a líonadh, le cinntiú nach bhfuil ola ag sileadh as.  

Tharla eachtraí inár shil ola isteach faoi dhubh shraitheanna tí agus faoi urláir, agus bhí costas ollmhór lena réiteach, a dúirt an Chomhairle Contae.  

Iarrtar ar an phobal an Chomhairle a chur ar an eolas faoi eachtraí ina bhfuil ola ag sceitheadh ó thancanna.

Beo

Cuireadh Chun Ceoil

Cuireadh Chun Ceoil

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Rí-Rá ar RnaG

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Colm Leyton agusd Micí Mac Eoin; ar a suaimhneas i mBaile na nGall.

Colm Leyton agusd Micí Mac Eoin; ar a suaimhneas i mBaile na nGall.

 
Lorcán Ó Cinnéide;Ionad an Bhlascaoid ag oscailt Dé Luain.

Lorcán Ó Cinnéide;Ionad an Bhlascaoid ag oscailt Dé Luain.

 
Caitlín Uí Aodha;Bialann Iasc ag oscailt tráthnóna i nDún Garbhán.

Caitlín Uí Aodha;Bialann Iasc ag oscailt tráthnóna i nDún Garbhán.

 
Séamus Cosaí Mac Gearailt agus Breandán Mac Gearailt;Plean Forbartha an Chontae.

Séamus Cosaí Mac Gearailt agus Breandán Mac Gearailt;Plean Forbartha an Chontae.

 
An Saol ó Dheas: Dé hAoine 03 Iúil 2020.

An Saol ó Dheas: Dé hAoine 03 Iúil 2020.

 
Comórtas Scannán.

Comórtas Scannán.

 
James Ó Colla.

James Ó Colla.

 
Eoghan Corry agus Aodh Mac Ruairí.

Eoghan Corry agus Aodh Mac Ruairí.

 
John Boyle. INTO.

John Boyle. INTO.

 
Dónal Ó Cnáimhsí agus Niall Comer.

Dónal Ó Cnáimhsí agus Niall Comer.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

 
Barrscéalta: Dé hAoine. 03 Iúil 2020.

Barrscéalta: Dé hAoine. 03 Iúil 2020.

 
Dáithí de Mórdha, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Dáithí de Mórdha, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
John Mac Gabhann, Ardrúnaí Aontas Múinteoirí Éireann.

John Mac Gabhann, Ardrúnaí Aontas Múinteoirí Éireann.

 
Mairéad Farrell, TD. Urlabhraí Caiteachtais Phoiblí, Sinn Féin.

Mairéad Farrell, TD. Urlabhraí Caiteachtais Phoiblí, Sinn Féin.

 
Nóirín Nic Gairbheith, Comhairleoir Condae.

Nóirín Nic Gairbheith, Comhairleoir Condae.

 
John Downing, comhfhreagraí polaitíochta Irish Independent.

John Downing, comhfhreagraí polaitíochta Irish Independent.

 
Dara Calleary, T.D. Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt.

Dara Calleary, T.D. Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 03 Iúil 2020.

Adhmhaidin: Dé hAoine 03 Iúil 2020.

 
Cárthach Mac Craith; Tair dtí na Déise.

Cárthach Mac Craith; Tair dtí na Déise.

 
Séamus Ó Máille:Dánta an Chriothanaigh i gcló i Feasta.

Séamus Ó Máille:Dánta an Chriothanaigh i gcló i Feasta.

 
An t-ath. Eoghan Ó Cadhla;Aifrinntí.

An t-ath. Eoghan Ó Cadhla;Aifrinntí.

 
Seán Óg Ó Duinín;Moltaí sláinte do scoileanna.

Seán Óg Ó Duinín;Moltaí sláinte do scoileanna.

 
Áine Uí Bheoláin; Athchóiriú ar Ionad Bhríde sa Ghleann Mór.

Áine Uí Bheoláin; Athchóiriú ar Ionad Bhríde sa Ghleann Mór.

 
An Saol ó Dheas: Déardaoin 02 Iúil 2020.

An Saol ó Dheas: Déardaoin 02 Iúil 2020.

 
Andy Caomhánach.

Andy Caomhánach.

 
An TD. Joe Mc Hugh.

An TD. Joe Mc Hugh.

 
Tom Ó Muireadaigh.

Tom Ó Muireadaigh.

 
Somhairle Watson.

Somhairle Watson.

 
Áine Ní Bhreisláin.

Áine Ní Bhreisláin.

 
Barrscéalta: Déardaoin 02 Iúil 2020.

Barrscéalta: Déardaoin 02 Iúil 2020.

 
Anna Ní Bhraonáin, Riarthóir agus Léachtóir, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.

Anna Ní Bhraonáin, Riarthóir agus Léachtóir, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.

 
Neasa Bheilbigh, Feachtas Rothaíochta na Gaillimhe

Neasa Bheilbigh, Feachtas Rothaíochta na Gaillimhe

 
Norma Moriarty, T.D. Ciarraí.

Norma Moriarty, T.D. Ciarraí.

 
Conchúr Ó Giollagáin, Ollamh le Gaidhlig.

Conchúr Ó Giollagáin, Ollamh le Gaidhlig.

 
John Downing, comhfhreagrai polaitiochta, Irish Independent.

John Downing, comhfhreagrai polaitiochta, Irish Independent.

 
Marc Ó Cathasaigh, T.D. An Comhaontas Glas.

Marc Ó Cathasaigh, T.D. An Comhaontas Glas.

 
Cormac Ó hEadhra, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cormac Ó hEadhra, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Déardain 02 Iúil 2020.

Adhmhaidin: Déardain 02 Iúil 2020.

 
Gearóid Mac Gearailt;Ar scor ó Chomhairle Chontae Chiarrai taréis 42 bliain

Gearóid Mac Gearailt;Ar scor ó Chomhairle Chontae Chiarrai taréis 42 bliain

 
Eilín Ni Mhuircheartaigh; CAO.

Eilín Ni Mhuircheartaigh; CAO.

 
Dónal Ó Liatháin;Conas tá cúrsaí gnó i gCúige Mumhan?

Dónal Ó Liatháin;Conas tá cúrsaí gnó i gCúige Mumhan?

 
Tríona Ní Lionáin agus John Pat O Lúing;Gnó oscailte an tseachtain seo.

Tríona Ní Lionáin agus John Pat O Lúing;Gnó oscailte an tseachtain seo.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Tús Áite

Tús Áite

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís