Nuacht an Tuaiscirt: 18 Meitheamh

Nuacht an Tuaiscirt: 18 Meitheamh

Dumpáil mhídhleathach

Tá go leor gearáin faoin méid dumpála a tharla an tseachtain seo ag céibh Mhachaire Rabhartaigh, a deir an Comhairleoir Contae Michael McClafferty.

Deir sé go bhfuil sé náireach an méid bruscar tí atá caite in aice na céibhe agus ag an charrchlós i Machaire Rabhartaigh.

Caitheadh ar a laghad cúig nó sé cinn de mhálaí móra de bhruscar tí ansin ar maidin inné, a dúirt sé.

Tá an Comhairleoir McClafferty feargach fosta faoin méid dumpála atá ar siúl ar thaobh na mbóithre, ar bhealach an N56 go háirithe, a deir sé.

Tá seanteilifíseáin i measc na n-ábhair atá caite ar thaobh an N56 le roinnt laethanta, a dúirt sé, gan trácht ar pacáistiú bídh agus ábhair PPE.

D'iarr sé ar dhaoine a bhfuil eolas acu faoi chúrsaí dumpála an t-eolas sin a chur ar fáil don Chomhairle Contae.

Cathaoirleach nua

Deir Cathaoirleach nua-thofa Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Comhairleoir Rena Donaghey, go bhfuil súil aici go spreagfaidh a ceapachán inné níos mó ban a bheith páirteach i saol na polaitíochta.

Is ábhar náire dá páirtí féin, Fianna Fáil, a dúirt sí, gur í an chéad bhean ón pháirtí ina Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus is bocht an scéal gur í an tríú bean riamh sa ról, a dúirt sí.

D'iarr sí bomaite ciúnais in ómós daoine as Dún na nGall a fuair bás le Covid-19 ag cruinniú cinn bhliana na Comhairle inné.

Dúirt an Cathaoirleach úr go mbeidh tionchar fadtéarmach ag Covid-19 ar shaol na contae agus na tíre, agus go mbeidh ganntanas mór airgid dá bharr.

Caithfidh an Chomhairle Contae déanamh réidh don dúshlán iontach seo anois, a dúirt sí.

Dúirt sí go mbeidh sí ag tabhairt tosaíochta do chúrsaí leathanbhanda i nDún na nGall, de bharr na bhfadhbanna a tháinig chun solais le linn Covid-19 agus easpa leathanbhanda.

Caithfear díriú fosta ar bhealach an A5, ar earnáil turasóireachta sa chontae, ar chalafort an Chaisleáin Nua agus ar champas oideachais Bhun Crannacha, a dúirt an Cathaoirleach nua thofa, An Comhairleoir Rena Donaghey.

Iarchathaoirleach


Dúirt an Comhairleoir Contae Nicholas Crossan, a chríochnaigh a théarma mar Chathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall tráthnóna inné, gur tharla go leor, idir maith agus olc, le linn a thréimhse mar Chathaoirleach.

Dúirt sé gur baineadh stangadh as an chontae ar fad tamall gairid i ndiaidh dó a bheith tofa anuraidh mar Chathaoirleach, de bharr bás tragóideach an Chomhairleora Manus Kelly.

Thagair sé don tréimhse fada a chaith sé in Otharlann Leitir Ceanainn agus Covid-19 air, agus dúirt sé go dtáinig athrú thar oíche ar shaol an phobail de bharr an víreas corónach.

I measc na rudaí is tábhachtaí le bliain, a dúirt sé, ná an caidreamh atá cothaithe ag an Chomhairle Contae le Diaspora na Contae in achan chearn den domhan, agus dúirt sé go bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall ceannródaíoch maidir leis an cheangal atá acu le Diaspora na Contae.

Dúirt sé fosta go raibh comhoibriú iontach speisialta aige le bliain le Méara Chomhairle Chathair Dhoire agus an tSratha Báin, Michaela Boyle, agus iarrachtaí ar bun acu bolscaireacht a dhéanamh ar réigiún an iar thuaiscirt.

Gaeltacht agus Oileáin

D'iarr an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig ar Chathaoirleach nua thofa Chomhairle Contae Dhún na nGall a haird a dhíriú ar an Ghaeltacht agus ar na hoileáin le linn a tréimhse mar Chathaoirleach na Chomhairle.

Ag cruinniú cinn bhliana na Comhairle inné, d'iarr an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig ar an Chathaoirleach úr, An Comhairleoir Rena Donaghey cuairt a thabhairt ar na hoileáin le go bhfeicfidh sí na fadhbanna atá ansin maidir le heaspa infheistíochta agus áiseanna.

D'iarr sé uirthi fosta teagmháil a bheith aici le pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge sa chontae, mar go mothaíonn pobal na Gaeltachta ar an imeall, a dúirt sé.

Thug sé cuireadh di fosta freastal ar chruinniú de Cheantar Bardais na nGleanntach le go bhfaighidh sí tuiscint ar na fadhbanna faoi leith atá ag pobal iarthar Dhún na nGall.

Beo

Nuacht a Sé

Nuacht a Sé

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Fógraí an Lae

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Colm Leyton agusd Micí Mac Eoin; ar a suaimhneas i mBaile na nGall.

Colm Leyton agusd Micí Mac Eoin; ar a suaimhneas i mBaile na nGall.

 
Lorcán Ó Cinnéide;Ionad an Bhlascaoid ag oscailt Dé Luain.

Lorcán Ó Cinnéide;Ionad an Bhlascaoid ag oscailt Dé Luain.

 
Caitlín Uí Aodha;Bialann Iasc ag oscailt tráthnóna i nDún Garbhán.

Caitlín Uí Aodha;Bialann Iasc ag oscailt tráthnóna i nDún Garbhán.

 
Séamus Cosaí Mac Gearailt agus Breandán Mac Gearailt;Plean Forbartha an Chontae.

Séamus Cosaí Mac Gearailt agus Breandán Mac Gearailt;Plean Forbartha an Chontae.

 
An Saol ó Dheas: Dé hAoine 03 Iúil 2020.

An Saol ó Dheas: Dé hAoine 03 Iúil 2020.

 
Comórtas Scannán.

Comórtas Scannán.

 
James Ó Colla.

James Ó Colla.

 
Eoghan Corry agus Aodh Mac Ruairí.

Eoghan Corry agus Aodh Mac Ruairí.

 
John Boyle. INTO.

John Boyle. INTO.

 
Dónal Ó Cnáimhsí agus Niall Comer.

Dónal Ó Cnáimhsí agus Niall Comer.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

 
Barrscéalta: Dé hAoine. 03 Iúil 2020.

Barrscéalta: Dé hAoine. 03 Iúil 2020.

 
Dáithí de Mórdha, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Dáithí de Mórdha, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
John Mac Gabhann, Ardrúnaí Aontas Múinteoirí Éireann.

John Mac Gabhann, Ardrúnaí Aontas Múinteoirí Éireann.

 
Mairéad Farrell, TD. Urlabhraí Caiteachtais Phoiblí, Sinn Féin.

Mairéad Farrell, TD. Urlabhraí Caiteachtais Phoiblí, Sinn Féin.

 
Nóirín Nic Gairbheith, Comhairleoir Condae.

Nóirín Nic Gairbheith, Comhairleoir Condae.

 
John Downing, comhfhreagraí polaitíochta Irish Independent.

John Downing, comhfhreagraí polaitíochta Irish Independent.

 
Dara Calleary, T.D. Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt.

Dara Calleary, T.D. Aire Stáit na Gaeltachta agus Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 03 Iúil 2020.

Adhmhaidin: Dé hAoine 03 Iúil 2020.

 
Cárthach Mac Craith; Tair dtí na Déise.

Cárthach Mac Craith; Tair dtí na Déise.

 
Séamus Ó Máille:Dánta an Chriothanaigh i gcló i Feasta.

Séamus Ó Máille:Dánta an Chriothanaigh i gcló i Feasta.

 
An t-ath. Eoghan Ó Cadhla;Aifrinntí.

An t-ath. Eoghan Ó Cadhla;Aifrinntí.

 
Seán Óg Ó Duinín;Moltaí sláinte do scoileanna.

Seán Óg Ó Duinín;Moltaí sláinte do scoileanna.

 
Áine Uí Bheoláin; Athchóiriú ar Ionad Bhríde sa Ghleann Mór.

Áine Uí Bheoláin; Athchóiriú ar Ionad Bhríde sa Ghleann Mór.

 
An Saol ó Dheas: Déardaoin 02 Iúil 2020.

An Saol ó Dheas: Déardaoin 02 Iúil 2020.

 
Andy Caomhánach.

Andy Caomhánach.

 
An TD. Joe Mc Hugh.

An TD. Joe Mc Hugh.

 
Tom Ó Muireadaigh.

Tom Ó Muireadaigh.

 
Somhairle Watson.

Somhairle Watson.

 
Áine Ní Bhreisláin.

Áine Ní Bhreisláin.

 
Barrscéalta: Déardaoin 02 Iúil 2020.

Barrscéalta: Déardaoin 02 Iúil 2020.

 
Anna Ní Bhraonáin, Riarthóir agus Léachtóir, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.

Anna Ní Bhraonáin, Riarthóir agus Léachtóir, Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.

 
Neasa Bheilbigh, Feachtas Rothaíochta na Gaillimhe

Neasa Bheilbigh, Feachtas Rothaíochta na Gaillimhe

 
Norma Moriarty, T.D. Ciarraí.

Norma Moriarty, T.D. Ciarraí.

 
Conchúr Ó Giollagáin, Ollamh le Gaidhlig.

Conchúr Ó Giollagáin, Ollamh le Gaidhlig.

 
John Downing, comhfhreagrai polaitiochta, Irish Independent.

John Downing, comhfhreagrai polaitiochta, Irish Independent.

 
Marc Ó Cathasaigh, T.D. An Comhaontas Glas.

Marc Ó Cathasaigh, T.D. An Comhaontas Glas.

 
Cormac Ó hEadhra, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cormac Ó hEadhra, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Déardain 02 Iúil 2020.

Adhmhaidin: Déardain 02 Iúil 2020.

 
Gearóid Mac Gearailt;Ar scor ó Chomhairle Chontae Chiarrai taréis 42 bliain

Gearóid Mac Gearailt;Ar scor ó Chomhairle Chontae Chiarrai taréis 42 bliain

 
Eilín Ni Mhuircheartaigh; CAO.

Eilín Ni Mhuircheartaigh; CAO.

 
Dónal Ó Liatháin;Conas tá cúrsaí gnó i gCúige Mumhan?

Dónal Ó Liatháin;Conas tá cúrsaí gnó i gCúige Mumhan?

 
Tríona Ní Lionáin agus John Pat O Lúing;Gnó oscailte an tseachtain seo.

Tríona Ní Lionáin agus John Pat O Lúing;Gnó oscailte an tseachtain seo.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Tús Áite

Tús Áite

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís