Nuacht an Tuaiscirt: 21 Bealtaine

Nuacht an Tuaiscirt: 21 Bealtaine

Covid-19

Níor deimhníodh cás úr ar bith den víreas corónach i nDún na nGall inné, de réir an eolais is deireanaí ón Roinn Sláinte.  

477 cás den víreas atá deimhnithe i nDún na nGall anois ó thús na géarchéime.  

Thug an Roinn le fios inné go bhfuair aon duine dhéag breise bás sa stát mar gheall ar an víreas corónach agus deimhníodh 65 cás úr.  

1,571 a fuair bás anois mar gheall ar an víreas agus tá 24,315 cás deimhnithe sa Stát ó thús na géarchéime.

Cruinniú Comhairle

Beidh cruinniú iomlán de Chomhairle Contae Dhún na nGall a ghairm i dTeach na Comhairle i Leifear De Luain seo chugainn ach thug Cathaoirleach na Comhairle, Nicholas Crossan le fios, nach mbeidh cead ag achan chomhairleoir a bheith i láthair mar gheall ar easpa spáise sa tseomra cruinnithe.  

Dúirt sé le go mbeidh an Chomhairle ag cloí le scaradh sóisialta nach bhfuil cead ach deichniúr do na comhairleoirí a bheith i láthair.  

Thug an Comhairleoir Crossan le fios go mbeidh córam de cheithre comhairleoir de chuid Fhianna Fáil, triúr de chuid Shinn Féin, beirt comhairleoir neamhspleách agus comhairleoir amháin de chuid Fhine Gael.  

Maidir leis an ghéarchéim sláinte dúirt an Comhairleoir Crossan, a raibh an víreas air féin, go bhfuil sé tábhachtach go gcloífidh daoine go docht daingean go fóill le srianta an rialtais maidir leis an víreas corónach le cinntiú nach mbeidh ardú arís ar líon na ngcásanna.

Óstán Loch Altan

Tá ullmhúcháin ar siúl faoi láthair ag Bainistíocht Óstán Loch Altan i nGort an Choirce le Bialann an Ostáin a oscailt ar an 29ú den mhí seo chugainn.  

Dúirt Seán Mac Giolla Bhuí, Bainisteoir an Ostáin go bhfuil 5 Sheomra san Óstán inár féidir leo Bia a chur ar fáil dá gcustaiméirí agus measann sé nach mbeidh deacrachtaí spáis acu, ach d'admhaigh sé go mbeidh deacrachtaí ag foireann an Ostáin a bheas ag freastal ar na custaiméirí maidir le scaradh sóisialta.  

Dúirt sé go raibh dóchas mór acu ag tús na bliana go mbeadh an bhliain seo ar an bhliain a ba ghnóthaí a bheadh acu agus iad ag ceiliúradh 150 bliain, ach faraor go bhfuil dochar mór déanta anois don ghnó.  

Fiú nuair a bheas siad foscailte, dúirt Seán Mac Giolla Bhuí go mbeidh orthu cloí le srianta a bhéas iontach deacair.

Ceantar Bardais na nGleanntach

Is féidir cruinniú de Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach a reachtáil in gnáth sheomra cruinnithe na Comhairle ar an Chlochán Liath, agus cloí mar is ceart le scaradh soisiálta, dar leis an Chomhairle Contae.  

Rinne an Chomhairle Contae scrúdu ar an tseomra cruinnithe le gairid, agus socraíodh gur féidir cloí leis an scaradh sóisiálta mar is ceart san tseomra, agus gur féidir cruinnithe den choiste a réachtáil ansin.  

Rachfar ar aghaidh ansin ar an 9ú lá de Mheitheamh le cruinniú ceann bliana an choiste ar a 10.30 ar maidin, nuair a thoghfar Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach úr ar an choiste.  

Ní rachfar ar aghaidh anois le cruinniú cheantar bardais na nGleanntach mar a bhí beartaithe ar Mháirt seo chugainn, mar go bhfuil pleananna cruinniú iomlán den Chomhairle a ghairm ar an lá sin.

Tearmann na nAsal

Tá deacrachtaí móra airgid ag Tearmann na nAsal atá lonnaithe i gCaisleán Dubhthaigh idir Leitir Ceanainn agus Leifear mar gheall ar an ghéarchéim Covid 19.  

Deir úinéirí an Tearmainn go bhfuil ardú mór ar líon na nAsal atá tugtha  don Tearmann le dhá mhí mar go bhfuil deacrachtaí ag daoine aire a thabhairt do na hainmhithe.  

Cionnis go bhfuil bac a chur ar chuairteoirí cuairt a thabhairt ar an Tearmann deir na húinéirí go bhfuil titim mór ar a n-ioncaim agus go bhfuil an baol ann go mbeidh orthu an t-Ionad a dhruid.  

Faoi láthair tá tacaíocht ar shíntiúis a lorg acu ón phobal agus iarrachtaí ar bun acu airgead a bhailiú leis an ionad a choinneáil foscáilte.  

Tá se tugtha le fios ag Cumann na hÉireann Um Fhóirithint ar Ainmhithe go dtug siad tarrtháil ar chuid mhór ainmhithe le roinnt seachtainí agus go bhfuil faillí a dhéanamh ar chuid mhór ainmhithe sa Chontae faoi láthair.

Gnóanna beaga

Beidh deis ag gnóanna beaga sna hearnálacha go léir iarratas a dhéanamh ar scéim úr deontais Covid-19 ón lá amárach ar aghaidh.  

D'fhógair an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíocha deontas úr do ghnóanna beaga chun cuidiú leo dul i mbun oibre arís.  Is do ghnóanna le 50 duine nó níos lú atá an scéim deontais seo, agus le láimhdeachas níos lú ná €5m.  

Beidh deis iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin scéim speisialta tacaíochta seo ar an idirlíon ón lá amárach ar aghaidh.

Glór na nGael

Dhéanfar príomhbhuaiteoir Ghlór na nGael a fhógairt tráthnóna inniu ar a 4.00.  Cúig cinn de choistí atá san iomaíocht don phríomhdhuais agus ina measc tá Ionad Naomh Pádraig i nGaoth Dobhair.  

Bronnfar €20,000 de dhuais atá urraithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, chomh maith le trófaí Fhoras na Gaeilge ar an phríomhbhuaiteoir.  

Bhí an ócáid bhronnta seo le bheith ar siúl in Ostán na Cúirte i nGaoth Dobhair i mí Aibreáin ach cuireadh an ócáid ar ceal de bharr an víris chorónaigh.  

Craolfar an ócáid tráthnóna inniu beo ar leathanach Facebook Ghlór na nGael.  

Tá Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach i mBéal Feirste, Coiste Forbartha Charn Tochair i nDoire agus Cairde Teo in Ard Mhacha ar an ghearrliosta don phríomhdhuais chomh maith.

Aonaid custaim

Tá i bhfad níos mó seans go mbeidh aonaid custaim ar an teorann i nDún na nGall agus ar fud na teorann leis na Sé Contae, ag easairt ó threoirlínte Rialtas na Breataine a foilsíodh inné, a deirtear i ráiteas ó Fheisirí Eorpacha Fhianna Fáil.  

Is ábhar mór imní do phobal na teorann ar fad an méid a bhí sa tuarascáil a d'fhoilsigh Michael Gove inné, a deir na Feisirí Barry Andrews agus Billy Kelleher.  

Deir siad go bhfuil imní orthu go mbeadh ar Choimisiún na hEorpa den tuairim nach féidir an teorann trádála a fhágáil ag Muir Éireann, agus go mbeadh gá le haonaid seiceála ar an teorann.  

Seo sampla eile de Rialtas na Breataine ag dul siar ar a ngeallúintí, a deir siad.

Caithfear socrú ordúil a bheith ann, le rialacha a bheas soiléir maidir le cén dóigh a leanfar le trádáil leis na Sé Contae agus an Bhreatain, a deir siad.

Beo

Spórt an Lae

Spórt an Lae

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

An Ceol i bhFad Siar

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An mír deireanach de 2019/2020.

An mír deireanach de 2019/2020.

 
Anne Marie Baird, as Dhoibhlinn  in aice le páirc náisiúnta Ghleann Bheatha, i gContae Dhún na nGall.

Anne Marie Baird, as Dhoibhlinn in aice le páirc náisiúnta Ghleann Bheatha, i gContae Dhún na nGall.

 
Rísteard Hennessy, Síceolaí oideachais atá ina chónaí i Singapore.

Rísteard Hennessy, Síceolaí oideachais atá ina chónaí i Singapore.

 
Emma Ní Chearúil, ó Raidió na Life.

Emma Ní Chearúil, ó Raidió na Life.

 
Póilín Nic Geidigh, as an Ardaí Bheag, Gort a’ Choirce.

Póilín Nic Geidigh, as an Ardaí Bheag, Gort a’ Choirce.

 
An Grúpa Ceoil The High Seas, Caitlín Nic Gabhainn, Ciarán Ó Maonaigh agus Cathal Banjo Ó Cuirreáin.

An Grúpa Ceoil The High Seas, Caitlín Nic Gabhainn, Ciarán Ó Maonaigh agus Cathal Banjo Ó Cuirreáin.

 
Mary Aggie, as an Pholl Dóite, áit éigin i Rann na Feirste.

Mary Aggie, as an Pholl Dóite, áit éigin i Rann na Feirste.

 
Bladhaire, Clár iomlán, 290520.

Bladhaire, Clár iomlán, 290520.

 
Darach Ó Murchú;an mbeimíd ag ithe chnathacha fós agus an mbeimíd sásta díol astu?

Darach Ó Murchú;an mbeimíd ag ithe chnathacha fós agus an mbeimíd sásta díol astu?

 
Áine Ní Bheoláin;Bás Barry Clifford

Áine Ní Bheoláin;Bás Barry Clifford

 
Doireann Ní Dhubhda;duais liteartha buaite aici

Doireann Ní Dhubhda;duais liteartha buaite aici

 
Tacaíocht airgid do Choláistí Samhraidh ón Stát.

Tacaíocht airgid do Choláistí Samhraidh ón Stát.

 
An Dr. Síle Creedon; galair tógálacha

An Dr. Síle Creedon; galair tógálacha

 
An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

 
Caoimhe Ní Chathail.

Caoimhe Ní Chathail.

 
Tanya Nic Gairbheith.

Tanya Nic Gairbheith.

 
Edel Ní Chuireáin & Majella Nic Pháidín.

Edel Ní Chuireáin & Majella Nic Pháidín.

 
Séamus Ó Gallachóir & Mary O Brien.

Séamus Ó Gallachóir & Mary O Brien.

 
An tAire Joe Mc Hugh.

An tAire Joe Mc Hugh.

 
Frank Ó Maoláin. CONCUS.

Frank Ó Maoláin. CONCUS.

 
Michelle Nic Grianna.

Michelle Nic Grianna.

 
Barrscéalta Dé hAoine.

Barrscéalta Dé hAoine.

 
Niamh Ní Charra, Cartlannaí Tionscadail ar ábhar Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh.

Niamh Ní Charra, Cartlannaí Tionscadail ar ábhar Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh.

 
An t-ollamh Nollaig Mac Congáil. Aoi sa Chathaoir.

An t-ollamh Nollaig Mac Congáil. Aoi sa Chathaoir.

 
An cocaire Diarmuid Ó Mathúna, ó Mo Food Blog.

An cocaire Diarmuid Ó Mathúna, ó Mo Food Blog.

 
An Dr Ciaran Kearney, síceolaí spóirt as Béal Feirste.

An Dr Ciaran Kearney, síceolaí spóirt as Béal Feirste.

 
John O Ríordáin, as Cathair Chorcaigh.

John O Ríordáin, as Cathair Chorcaigh.

 
Bladhaire, Clár Iomlán 28/05/2020.

Bladhaire, Clár Iomlán 28/05/2020.

 
Clutharú; cé h-iad do thriúr?

Clutharú; cé h-iad do thriúr?

 
Séamus O Drisceoil; An saol i gCléire

Séamus O Drisceoil; An saol i gCléire

 
Seanachán Mac Carthaigh;Ceannasaí teicneolaíochta CIT

Seanachán Mac Carthaigh;Ceannasaí teicneolaíochta CIT

 
Cárthach Ó Faoláin,Muireann Ní Shé,agus Helen Ní Rócháin-

Cárthach Ó Faoláin,Muireann Ní Shé,agus Helen Ní Rócháin-

 
An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

 
Deirdre Ní Bhraonáin.

Deirdre Ní Bhraonáin.

 
Máirtín Enwright. Cairde Éanlaith Éireann

Máirtín Enwright. Cairde Éanlaith Éireann

 
Máirín Nic Fhionghuin & Mairéad Nic Suibhne.

Máirín Nic Fhionghuin & Mairéad Nic Suibhne.

 
Manus Early,Anna Uí Ghallachóir & Caitlín

Manus Early,Anna Uí Ghallachóir & Caitlín

 
An Dr. Tony Delap.

An Dr. Tony Delap.

 
Maighréad Uí Annluain.

Maighréad Uí Annluain.

 
Barrscéalta Déardaoin 28-05-2020.

Barrscéalta Déardaoin 28-05-2020.

 
Cliodhna Mhic Giolla Choda;Meitheal Trá na Rinne.

Cliodhna Mhic Giolla Choda;Meitheal Trá na Rinne.

 
Bráthair Ben Cusack;Bráthair Críostaí

Bráthair Ben Cusack;Bráthair Críostaí

 
John Joe Mac Gearailt;Tóin titithe as phraghas olann

John Joe Mac Gearailt;Tóin titithe as phraghas olann

 
Dr. Barra Ó Conchúir;Có nascadh IT Chiarraí is Chorcaí

Dr. Barra Ó Conchúir;Có nascadh IT Chiarraí is Chorcaí

 
Micheál Ó Cinnéide;Bainisteoir Chomhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne

Micheál Ó Cinnéide;Bainisteoir Chomhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne

 
An Saol ó Dheas 27ú Bealtaine 2020

An Saol ó Dheas 27ú Bealtaine 2020

 
Ian Lee, RTÉ.

Ian Lee, RTÉ.

 
Hughie Mac Giolla Bhríde.

Hughie Mac Giolla Bhríde.

 
Frances Nic Géadaigh.

Frances Nic Géadaigh.

 
Barrscéalta: Dé Céadaoin 27 Bealtaine 2020.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 27 Bealtaine 2020.

 
John Downing, comhfhreagraí polaitíochta Irish Independent.

John Downing, comhfhreagraí polaitíochta Irish Independent.

 
Cróna Ní Ghallchóir, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

Cróna Ní Ghallchóir, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Bladhaire

Bladhaire

An Cúinne Dána

An Cúinne Dána

Tús Áite

Tús Áite

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís