Nuacht an Tuaiscirt: 20 Bealtaine

Nuacht an Tuaiscirt: 20 Bealtaine

Covid-19

Dhá chás úr den víreas corónach a deimhníodh i nDún na Gall tráthnóna inné bunaithe ar fhigiúirí ón mheán oíche oíche Dhomhnaigh.  

477 cás den víreas corónach atá deimhnithe anois sa Chontae, ó thús na géarchéime.  

Go náisiúnta inné tugtha le fios go bhfuair seisear déag breise bás mar gheall ar an víreas agus deimhníodh 51 cás úr den víreas sna 6 chontae is fiche.  

Fágann sin anois go bhfuair 1,561 duine bás go náisiúnta go dtí seo mar gheall ar an víreas corónach agus tá 24,251 cás den víreas deimhnithe sna 6 chontae is fiche.

Seirbhís leathanbhanda

Tá fadhbanna leis an tseirbhís leathanbhanda ag cruthú fadhbanna do dhaoine ó thús géarchéim Covid-19, a deir an Comhairleoir Contae Anthony Molloy.  

Tá go leor fadhbanna ag pobail iargúlta tuaithe le droch chaighdéan nó easpa iomlán leathanbhanda i láthair na huaire, a dúirt sé.  

Is iad daltaí, múinteoirí agus daoine atá ag obair as baile is mó atá thíos le seo anois, agus gan seirbhís leathanbhanda mar is ceart acu, a deir sé.  

Dúirt an Comhairleoir Molloy go bhfuil páirteanna de iar dheisceart Dhún na nGall ina bhfuil droch chóras leathanbhanda, agus go gcaithfear tosaíocht a thabhairt dona ceantair sin agus an Plean Náisiúnta Leathanbhanda a chur ar fáil ar fud na tíre.

Is iad na daltaí scoile agus ollscoile is mó atá buailte leis an fhadh seo, dar leis an Chomhairleoir Molloy.

Cumann Lúthchleas Gael

Sheol Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhair leis an Chumann Lúthchleas Gael clár a thacaíonn le hAosaigh na Contae inné.  

Is éard atá i gceist leis an Chlár nó go ndéanann Imreoirí Contae agus iarimreoirí contae teagmháil le daoine atá ag clutharú agus go mbíonn comhrá eatarthu.  

Dúirt Maireád Cranley, comhordaitheoir Chlár na nAosach gur chur  géarchéim Covid 19 isteach go mór ar phobail, ach go háirithe ar an Aosach agus ar dhaoine atá ina gcónaí leo féin.

Dúirt sí gur dóigh bheag atá anseo le comhluadar a choinneáil le daoine ar feadh seal agus labhairt faoi imeachtaí an Chumainn Lúthchleas Gael.

Feachtas lucht gnó

Tá feachtas seolta ag IBEC le tacú le réigiún an iarthuaiscirt agus an réigiún ag teacht as an ghéarchéim sláinte.  

Deir IBEC go mbeidh dúshláin mhóra le sárú ag an réigiún go háirithe contaetha cosúil le Dún na nGall atá scoite go maith agus a mbeidh brú ollmhór ar chúrsaí eacnamaíochta anois de bharr na géarchéime.  

Tá IBEC ag moladh go gcuirfidh an rialtas úr pacáiste airgid €15bill ar fáil chun tacú leis an fheachtas náisiúnta agus le cinntiú go dtiocfaidh an tír as an tsáinn ina bhfuil sí faoi láthair mar gheall ar an víreas corónach. 

Seó Talmhaíochta

Ní rachfar ar aghaidh i mbliana le Seó Talmhaíochta Bheál Áth Seanaidh mar gheall ar an víreas corónach.  

Bhí seó talmhaíochta na bliana seo le bheith ar siúl ar an 16ú lá de mhí Lúnasa.  

Deir an lucht eagraithe gur bhéigean sláinte agus sábháilteacht na gcuairteoirí, na rannpháirithe agus na solathróirí ar fad a chur san áireamh, agus an cinneadh a dhéanamh acu.  

Glacadh an cinneadh an seó a chur ar ceal i gcomhair le Comhnaidhm Seóanna Talmhaíochta na hÉireann, a deir lucht eagraithe Seó Talmhaíochta Bheál Áth Seanaidh.  

B'éigean an cinneadh a dhéanamh anois de bharr go raibh ullmhúcháin a ndéanamh ag go leor daoine don seó i mbliana, a dúirt an Cathaoirleach Conal Kane.

Ombudsman

Bhí ardú 27% ar líon na ngearán a fuair an tOmbudsman ó phobal Dhún na nGall anuraidh, de réir tuairisce atá foilsithe inniu.  

Bhain gearán amháin sa chontae le hothar in Otharlann Leitir Ceanainn áit a raibh eolas a bhain le hothar eile curtha i gcomhad leighis na mná agus eolas mí chruinn ann.  

Bhain 42 gearán le Comhairle Contae Dhún na nGall.  3,664 gearán a fuair an tOmbudsman go náisiúnta in 2019, 112 acu sin ag teacht ó chontae Dhún na nGall. 

Otharlann Leitir Ceanainn

Tá breis agus 18,000 othar ar liostaí feithimh na n-othar seachtrach in Otharlann Leitir Ceanainn de réir na bhfigiúirí is deireannaí atá curtha ar fáil an tseachain seo.  

De réir an eolais ón Chiste Náisiúnta um Cheannach Coireála, tá 18,115 duine ar liostaí feithimh anois.  

Tháinig méadú de 17% le bliain ar líon na ndaoine atá ar liostaí feithimh in Otharlann Leitir Ceanainn le breis agus ocht mí dhéag.

Tá 4,115 duine ar liostaí feithimh san otharlann le níos mó ná ocht mí dhéag.  

Léiríonn na figiúirí go bhfuil 3,825 duine ar liostaí feithimh ansin le suas le trí mhí, tá 3,332 duine ar liosta feithimh le idir trí mhí agus sé mhí agus tá 2,510 duine ar liosta feithimh san otharlann le idir sé mhí agus naoi mí.

Is le haghaidh coinne san Rannóg ENT is mó atá daoine ar liosta feithimh áit a bhfuil 4,383 duine ar liostaí feithimh.  

Tá 2,419 duine ar liosta feithimh san Rannóg Orthapaedach, 1,743 san Rannóg Gíneiceolaíochta, 1,572 san Rannóg Cairdiach agus 1,703 san Rannóg Máinliachta.  

Léiríonn na figiúirí fosta go bhfuil 2,098 duine ar liosta feithmh mar othar chónaitheach in Otharlann Leitir Ceanainn.

Leathanbhanda ardluais

Beidh fáil ag 90% de thithe cónaithe sa Stát ar leathanbhanda ardluais faoi cheann ceithre bliana, a dúirt an tAire Cumarsáide, Richard Bruton leis an Teachta Dála Thomas Pringle sa Dáil le gairid.  

Lorg an Teachta Pringle eolas ar an staid reatha maidir leis an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda a bheith a chur ar fáil i nDún na nGall ón Aire Cumarsáide.  

Dúirt an tAire go mbeidh obair a dhéanamh faoin phlean seo in achan chontae san chéad dá bhliain, agus ar an bhliain seo chugainn go mbeidh 115,000 teach cónaithe san áireamh sa phlean seo.

Ina dhiaidih sin, cuirfear leathanbhanda ard luais ar fáil do idir 70,000 - 100,000 teach achan bhliain, go mbeidh an clár críochnaithe.  

Dúirt an tAire fosta go mbeidh ar a laghad 150 megabyte de luas íoslódáil ar fáil faoin Phlean Náisiúnta Leathanbhanda Tuaithe.  

Luaigh an Teachta Pringle líon ard tithe i nDún na nGall nach bhfuil fáil acu ar leathanbhanda ard luais faoi láthair.

Beo

Binneas Béil

Binneas Béil

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Seán Ó Ceallaigh; Ómós don dTeachta Dála PJ Sheahan atá ar lár

Seán Ó Ceallaigh; Ómós don dTeachta Dála PJ Sheahan atá ar lár

 
Risteard Ó Fuaráin;Cros i mBaile Uí Thaidhg

Risteard Ó Fuaráin;Cros i mBaile Uí Thaidhg

 
Seán Óg Ó Duinín;Prappáil d'oscailt na scoile

Seán Óg Ó Duinín;Prappáil d'oscailt na scoile

 
Tuairisc ar imeachtaí 1920 i gCorcaigh.

Tuairisc ar imeachtaí 1920 i gCorcaigh.

 
Aoife Grainbhéil;Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne.

Aoife Grainbhéil;Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne.

 
An Saol ó Dheas 12ú Lúnasa 2020

An Saol ó Dheas 12ú Lúnasa 2020

 
Nóirín Ní Mhaoldomhnaigh, Bainisteoir Chomharchumann Árainn Mhóir

Nóirín Ní Mhaoldomhnaigh, Bainisteoir Chomharchumann Árainn Mhóir

 
Breandán Mac Gearailt, Comhairleoir Contae

Breandán Mac Gearailt, Comhairleoir Contae

 
Breandán Ó Dufaigh, Príomhoide Choláiste Oiriall i Muineachán.

Breandán Ó Dufaigh, Príomhoide Choláiste Oiriall i Muineachán.

 
Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Teanga

Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Teanga

 
Pádraig Mac an Iomaire, Comhairleoir Condae

Pádraig Mac an Iomaire, Comhairleoir Condae

 
Majella Uí Ghallachóir, Acaill

Majella Uí Ghallachóir, Acaill

 
Áine Ni Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta

Áine Ni Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta

 
Príomhscéalta  an Iarthair

Príomhscéalta an Iarthair

 
Príomhscéalta  an Tuaiscirt

Príomhscéalta an Tuaiscirt

 
Príomhscéalta  an Deiscirt

Príomhscéalta an Deiscirt

 
Príomhscéalta  Náisiúnta / Idirnáisiúnta:

Príomhscéalta Náisiúnta / Idirnáisiúnta:

 
Adhmhaidin Clár Iomlán 12/08/20

Adhmhaidin Clár Iomlán 12/08/20

 
An Saol ó Dheas 11ú Lúnasa 2020

An Saol ó Dheas 11ú Lúnasa 2020

 
Sonia Nic Giolla Easpaig ó Choiste 'Bád Eddie'.

Sonia Nic Giolla Easpaig ó Choiste 'Bád Eddie'.

 
Michelle Nic Grianna ag caint le Caitríona Mhic Aoidh ó Slimming World.

Michelle Nic Grianna ag caint le Caitríona Mhic Aoidh ó Slimming World.

 
Conor Ó Gallchóir as, An Bhealtaine, Gort a Choirce.

Conor Ó Gallchóir as, An Bhealtaine, Gort a Choirce.

 
An Garda Éamonn Ó Gallchóir.

An Garda Éamonn Ó Gallchóir.

 
Michelle Nic Grianna, ó Sheomra na Nuachta.

Michelle Nic Grianna, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár Iomlán 11/08/2020.

Barrscéalta, Clár Iomlán 11/08/2020.

 
Aodh Mac Laifeartaigh agus Danny Ó Dónaill.

Aodh Mac Laifeartaigh agus Danny Ó Dónaill.

 
Nigel Ó Fearraigh, Leas Chathaoirleach Sraithe Sacar Sóisir Dhún na nGall.

Nigel Ó Fearraigh, Leas Chathaoirleach Sraithe Sacar Sóisir Dhún na nGall.

 
Michelle Nic Grianna ag caint le Clár Nic Ruairí as Doire.

Michelle Nic Grianna ag caint le Clár Nic Ruairí as Doire.

 
Máire Mhic Craith, úinéir Lámha Beaga Montessori i Machaire Rabhartaigh agus Marjorie Uí Chearúil, Bainisteoir Comharchumann Oileán Thoraigh

Máire Mhic Craith, úinéir Lámha Beaga Montessori i Machaire Rabhartaigh agus Marjorie Uí Chearúil, Bainisteoir Comharchumann Oileán Thoraigh

 
Frances Nic Géadaigh, ó Sheomra na Nuachta.

Frances Nic Géadaigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 10/08/2020.

Barrscéalta, Clár iomlán, 10/08/2020.

 
Gearóid Ó Murchú- Úinéir an Spáilpín Fánach.

Gearóid Ó Murchú- Úinéir an Spáilpín Fánach.

 
Jeaicí Mac Gearailt - Pacáiste.

Jeaicí Mac Gearailt - Pacáiste.

 
Máire Mhic Comhail - Coiste Ghaoth Dobhair.

Máire Mhic Comhail - Coiste Ghaoth Dobhair.

 
Caoimhe de Barra - Príomhfheidhmeannach Trócaire.

Caoimhe de Barra - Príomhfheidhmeannach Trócaire.

 
Attracta Brady	- An Tulach Mhór, Uíbh Fhaillí.

Attracta Brady - An Tulach Mhór, Uíbh Fhaillí.

 
An t-Aire Dara Calleary, An t-Aire Talamhaíochta.

An t-Aire Dara Calleary, An t-Aire Talamhaíochta.

 
An tOll. Martin Cormican- saineolaí micri-bhitheolaíocht.

An tOll. Martin Cormican- saineolaí micri-bhitheolaíocht.

 
Damien Ó Domhnaill - RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Damien Ó Domhnaill - RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Carl Ó Flatharta;Gan aon ráiseanna i mBaile an tSagairt an deireadh seachtaine seo.

Carl Ó Flatharta;Gan aon ráiseanna i mBaile an tSagairt an deireadh seachtaine seo.

 
Bernard Casey; Fuirseoir

Bernard Casey; Fuirseoir

 
John Ó Muircheartaigh;Bialainn ana ghnóthach sa Daingean

John Ó Muircheartaigh;Bialainn ana ghnóthach sa Daingean

 
Juli Ní Mhaoileoin; Ceiliúradh Lúnasa anocht

Juli Ní Mhaoileoin; Ceiliúradh Lúnasa anocht

 
Seán Ó Lionáird,agus Dónal Ó Loingsigh;An eitinn bhólachta i Múscraí

Seán Ó Lionáird,agus Dónal Ó Loingsigh;An eitinn bhólachta i Múscraí

 
An Saol ó Dheas  7ú Lúnasa 2020

An Saol ó Dheas 7ú Lúnasa 2020

 
Danny Ó Dónaill agus Aodh Mac Laifeartaigh.

Danny Ó Dónaill agus Aodh Mac Laifeartaigh.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís