Nuacht an Tuaiscirt: 18 Bealtaine

Nuacht an Tuaiscirt: 18 Bealtaine

Covid-19

Cás úr amháin den víreas corónach a deimhníodh i nDún na nGall tráthnóna inné bunaithe ar fhigiúirí ón mheán oíche oíche Aoine.

475 cás den víreas corónach atá deimhnithe sa chontae anois ó thús na géarchéime.

Trí othar déag atá in Otharlann Leitir Ceanainn faoi láthair agus iad ag fáil cóir leighis mar gheall ar an víreas corónach.  

Tá triúr is fiche eile san otharlann a bhfuil amhras fúthu go bhfuil an víreas acu, laghdú de chúigear ó inné.

Níl duine ar bith san aonad dianchúram in Otharlann Leitir Ceanainn faoi láthair mar gheall ar an víreas corónach.

Thug an Roinn Sláinte le fios tráthnóna gur chaill deichniúr eile a mbeatha go náisiúnta mar gheall ar an víreas agus 64 cás úr a deimhníodh sa stát tráthnóna inné.

1,543 duine a fuair bás go dtí seo sna 6 chontae is fiche mar gheall ar an víreas corónach agus tá 24,112 cás den víreas deimhnithe go náisiúnta.

Scoileanna

Tá cuid mhór ráitis faoi dhaltaí scoile ag pilleadh ar an scoil i Mean Fómhair agus cuid mhór éiginnteachta, a dúirt Príomhoide Scoil Chonaill An Bun Beag Pádraig Mac Grianna.  

Ach dúirt sé nach bhfuil eolas ar bith a thabhairt do dhaltaí le riachtanais speisialta agus pleananna daofa pilleadh ar an scoil.

Seo na páistí is mo a bhfuil deacrachtaí acu agus atá cleachtaithe le struchtúr na scoile, a dúirt Padraig Mac Grianna, ach deir sé go bhfuil siad go fóill ag fanacht le treoir ar an cheist seo.

Tá ceithre rang príomhshrutha i Scoil Chonaill chomh maith le 3 rang speisialta agus dúirt sé go bhfuil súil acu go mbeidh ranganna príomh shrutha ag pilleadh i Meán Fómhair ach go bhfuil siad ag fanacht le treoir faoi sin chomh maith.

Dúirt Pádraig Mac Grianna go bhfuil imní léirithe ag tuismitheoirí agus múinteoirí faoin córas a bheas a úsáid ach go mbeidh an scaradh sóisialta fíordheacair.  

Bord Oideachais agus Oiliúna

Dúirt Cathaoirleach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, Geoffrey Browne, go bhfuil dóchas aige féin agus ag an Bhord go mbeidh siad ábalta a chinntiú go mbeidh córas ann a bheas cothrom do gach dalta nuair a bheas grádanna tuartha a mheas mar thoradh ar scrúduithe na hArdteistiméireachta.

Dúirt an tUasal Browne go bhfuil sé muiníneach go gcinnteoidh gáirmiúlacht agus taithí na mball foirne go leanfar na próisis uilig go hionraice.  

Dúirt Geoffrey Browne go bhfuil go leor ceisteanna ag an Bhord go fóill don Roinn faoi phróiseas na hardteistiméireachta agus go bhfuil súil aige go mbeidh an t-eolas sin ar fáil go luath.  

Tuigim go maith an éiginnteacht atá os comhair dhaltaí an Teastais Shóisearaí chomh maith agus tuigeann an Bord gur chaill daltaí na Chéad bhliana, Dara Bliain agus an chúigiú bliain amach ar go leor ranganna, a dúirt Geoffrey Browne.

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Anois an t-am le hathstructúrú iomlán a dhéanamh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, dár leis an Chomhairleoir Contae Ciarán Brogan atá mar bhall d'Fhóram Réigiún an Iarthar den Fheidhmeannacht.

In 2001 gheall an Stráitéis Cúram Phríomhúil nach mbeadh ar othair fanacht níos mó ná 3 mhí le haghaidh cóir leighis in Otharlann Poiblí i ndiaidh daofa freastal ar choinne lae in Otharlann.  

Ach deir an Comhairleoir Brogan go bhfuil cúrsaí níos measa anois ná mar a bhí 19 bliain ó shin.

Caithfidh dochtúirí, altraí, bainisteoirí a raibh sé de chumhacht acu cinntí a dhéanamh go háitiúil cead a fháil anois ó bhainisteoirí i mBaile Átha Cliath, próiseas a ghlacann barraíocht ama a dúirt an Comhairleoir Brogan.

D'oibir an córas sláinte go maith ó tharla géarchéim an víris chorónaigh agus anois an t-am le hathruithe móra a dhéanamh ar chóras sláinte na tíre, córas nach bhfuil ag feidhmiú mar is ceart, a dúirt an Comhairleoir Brogan.

Tránna

Tógfar na srianta atá i bhfeidhm ag tránna i nDún na nGall inniu, srianta atá i bhfeidhm le mí.

Druideadh carrchlósanna ag dhá thrá dhéag sa chontae de bharr an oiread daoine a bhí ag tionlacan ag carrchlósanna agus ag siúl ar thráigheanna.

Cé go mbeidh na carrchlósanna seo oscailte ón lá inniu ar aghaidh, deir an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh go mbeidh an Chomhairle Contae agus na Gardaí go fóill ag déanamh monatóireachta ag na tráigheanna, le cinntú go bhfuil an pobal ansin ag cloí le scaradh sóisialta.

Druideadh carr chlósanna ag tránna Lios Feannáin, Machaire Rabhartaigh, Machaire Chlochair, Mullach Dearg agus Bun Dobhráin, i measc áiteanna eile sa chontae.

Beo

Binneas Béil

Binneas Béil

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Seán Ó Ceallaigh; Ómós don dTeachta Dála PJ Sheahan atá ar lár

Seán Ó Ceallaigh; Ómós don dTeachta Dála PJ Sheahan atá ar lár

 
Risteard Ó Fuaráin;Cros i mBaile Uí Thaidhg

Risteard Ó Fuaráin;Cros i mBaile Uí Thaidhg

 
Seán Óg Ó Duinín;Prappáil d'oscailt na scoile

Seán Óg Ó Duinín;Prappáil d'oscailt na scoile

 
Tuairisc ar imeachtaí 1920 i gCorcaigh.

Tuairisc ar imeachtaí 1920 i gCorcaigh.

 
Aoife Grainbhéil;Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne.

Aoife Grainbhéil;Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne.

 
An Saol ó Dheas 12ú Lúnasa 2020

An Saol ó Dheas 12ú Lúnasa 2020

 
Nóirín Ní Mhaoldomhnaigh, Bainisteoir Chomharchumann Árainn Mhóir

Nóirín Ní Mhaoldomhnaigh, Bainisteoir Chomharchumann Árainn Mhóir

 
Breandán Mac Gearailt, Comhairleoir Contae

Breandán Mac Gearailt, Comhairleoir Contae

 
Breandán Ó Dufaigh, Príomhoide Choláiste Oiriall i Muineachán.

Breandán Ó Dufaigh, Príomhoide Choláiste Oiriall i Muineachán.

 
Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Teanga

Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Teanga

 
Pádraig Mac an Iomaire, Comhairleoir Condae

Pádraig Mac an Iomaire, Comhairleoir Condae

 
Majella Uí Ghallachóir, Acaill

Majella Uí Ghallachóir, Acaill

 
Áine Ni Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta

Áine Ni Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta

 
Príomhscéalta  an Iarthair

Príomhscéalta an Iarthair

 
Príomhscéalta  an Tuaiscirt

Príomhscéalta an Tuaiscirt

 
Príomhscéalta  an Deiscirt

Príomhscéalta an Deiscirt

 
Príomhscéalta  Náisiúnta / Idirnáisiúnta:

Príomhscéalta Náisiúnta / Idirnáisiúnta:

 
Adhmhaidin Clár Iomlán 12/08/20

Adhmhaidin Clár Iomlán 12/08/20

 
An Saol ó Dheas 11ú Lúnasa 2020

An Saol ó Dheas 11ú Lúnasa 2020

 
Sonia Nic Giolla Easpaig ó Choiste 'Bád Eddie'.

Sonia Nic Giolla Easpaig ó Choiste 'Bád Eddie'.

 
Michelle Nic Grianna ag caint le Caitríona Mhic Aoidh ó Slimming World.

Michelle Nic Grianna ag caint le Caitríona Mhic Aoidh ó Slimming World.

 
Conor Ó Gallchóir as, An Bhealtaine, Gort a Choirce.

Conor Ó Gallchóir as, An Bhealtaine, Gort a Choirce.

 
An Garda Éamonn Ó Gallchóir.

An Garda Éamonn Ó Gallchóir.

 
Michelle Nic Grianna, ó Sheomra na Nuachta.

Michelle Nic Grianna, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár Iomlán 11/08/2020.

Barrscéalta, Clár Iomlán 11/08/2020.

 
Aodh Mac Laifeartaigh agus Danny Ó Dónaill.

Aodh Mac Laifeartaigh agus Danny Ó Dónaill.

 
Nigel Ó Fearraigh, Leas Chathaoirleach Sraithe Sacar Sóisir Dhún na nGall.

Nigel Ó Fearraigh, Leas Chathaoirleach Sraithe Sacar Sóisir Dhún na nGall.

 
Michelle Nic Grianna ag caint le Clár Nic Ruairí as Doire.

Michelle Nic Grianna ag caint le Clár Nic Ruairí as Doire.

 
Máire Mhic Craith, úinéir Lámha Beaga Montessori i Machaire Rabhartaigh agus Marjorie Uí Chearúil, Bainisteoir Comharchumann Oileán Thoraigh

Máire Mhic Craith, úinéir Lámha Beaga Montessori i Machaire Rabhartaigh agus Marjorie Uí Chearúil, Bainisteoir Comharchumann Oileán Thoraigh

 
Frances Nic Géadaigh, ó Sheomra na Nuachta.

Frances Nic Géadaigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 10/08/2020.

Barrscéalta, Clár iomlán, 10/08/2020.

 
Gearóid Ó Murchú- Úinéir an Spáilpín Fánach.

Gearóid Ó Murchú- Úinéir an Spáilpín Fánach.

 
Jeaicí Mac Gearailt - Pacáiste.

Jeaicí Mac Gearailt - Pacáiste.

 
Máire Mhic Comhail - Coiste Ghaoth Dobhair.

Máire Mhic Comhail - Coiste Ghaoth Dobhair.

 
Caoimhe de Barra - Príomhfheidhmeannach Trócaire.

Caoimhe de Barra - Príomhfheidhmeannach Trócaire.

 
Attracta Brady	- An Tulach Mhór, Uíbh Fhaillí.

Attracta Brady - An Tulach Mhór, Uíbh Fhaillí.

 
An t-Aire Dara Calleary, An t-Aire Talamhaíochta.

An t-Aire Dara Calleary, An t-Aire Talamhaíochta.

 
An tOll. Martin Cormican- saineolaí micri-bhitheolaíocht.

An tOll. Martin Cormican- saineolaí micri-bhitheolaíocht.

 
Damien Ó Domhnaill - RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Damien Ó Domhnaill - RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Carl Ó Flatharta;Gan aon ráiseanna i mBaile an tSagairt an deireadh seachtaine seo.

Carl Ó Flatharta;Gan aon ráiseanna i mBaile an tSagairt an deireadh seachtaine seo.

 
Bernard Casey; Fuirseoir

Bernard Casey; Fuirseoir

 
John Ó Muircheartaigh;Bialainn ana ghnóthach sa Daingean

John Ó Muircheartaigh;Bialainn ana ghnóthach sa Daingean

 
Juli Ní Mhaoileoin; Ceiliúradh Lúnasa anocht

Juli Ní Mhaoileoin; Ceiliúradh Lúnasa anocht

 
Seán Ó Lionáird,agus Dónal Ó Loingsigh;An eitinn bhólachta i Múscraí

Seán Ó Lionáird,agus Dónal Ó Loingsigh;An eitinn bhólachta i Múscraí

 
An Saol ó Dheas  7ú Lúnasa 2020

An Saol ó Dheas 7ú Lúnasa 2020

 
Danny Ó Dónaill agus Aodh Mac Laifeartaigh.

Danny Ó Dónaill agus Aodh Mac Laifeartaigh.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís