Nuacht an Tuaiscirt: 14 Bealtaine

Nuacht an Tuaiscirt: 14 Bealtaine

Timpiste bóthair

Fuair girseach óg,11 bliain bás mar gheall ar thimpiste a tharla i gceantar Inis Eoghain tráthnóna inné. Tharla an tragóid ar fheirm i Malainn, Inis Eoghain i dtrátha 17:20 inné. Aistríodh a corp go hotharlann Alt na nGealbháin le haghaidh scrúdú iarbháis. Tá na Gardaí agus an tÚdarás um Sláinte agus Sábháilteachta i mbun fiosruithe faoin eachtra tragóideach. 

Covid 19

Tá sé tugtha le fios san eolas is deireanaí ón Roinn Sláinte tráthnóna inné nach raibh cás úr ar bith don Víreas Covid 19 deimhnithe i gContae Dhún na nGall, ó bhí an mheán oíche, oíche Shathairn. Thug an Roinn Sláinte le fios tráthnóna Dé Máirt go raibh 474 cás den víreas i nDún na nGall ach de réir figiúirí oifigiúla tráthnóna inné tá laghdú ar na figiúirí sin anois go dtí 472. Fágann sin gur 472 cás den víreas atá deimhnithe sa chontae anois, bunaithe ar fhigiúirí ag an mheán oíche, oíche Luain. De réir na bhfigiúirí úra a foilsíodh tráthnóna inné tuairiscíodh gur chaill 10 breise a mbeatha sa stát mar gheall ar an víreas agus 159 cás úr den víreas a deimhníodh sna 26 contae. Tá a mbeatha caillte anois ag 1,497 duine go náisiúnta mar gheall ar an víreas agus tá 23,401 cás den víreas deimhnithe sa Stát.

Comhráití ar bun ag Abbotts maidir le tástáil

Tá comhraití ar bun idir Abbotts, a bhfuil ionad acu i mBaile Dhún na nGall, agus Rialtas na hÉireann le tastáil a dhéanamh do Covid-19 le dlús a chur leis an phróiséas tástála sa tír. Fuair Abbotts teastas ó Aontas na hEorpa le gairid dá dtástáil fola le tabhairt faoi deara an raibh Covid-19 ar dhuine, agus tá dearbhú a dhéanamh ar an tástáil seo anois i Saotharlann Náisiúnta Víris an Stáit i UCD. Deir Abbots nuair a bheidh an próiséas seo críochnaithe, go mbeidh siad ábalta dlús mór a chur faoin chóras tastála sa tír seo, agus go mbeidh torthaí scrúdaithe Covid ar fáil níos gaiste. Chuir Abbotts tús lena dtairgiúlacht ar thairgí leighis  i mBaile Dhún na nGall i 2006 agus iad ag tairgeadh trealamh tastála diabéitis don chuid is mó. 

Feirmeacha Oisrí

Deá-scéala a deir Coiste Timpeallachta an Ghaoith nach bhfuil ceathrar de na hiarratasóirí ag leanstán ar aghaidh leis na ceadúnais a bhí beartaithe acu d'fheirmeacha oisrí ar Thráigh na Bráda agus Báigh Ghaoth Dobhair. Tá sé curtha in iúl ag Coiste Timpeallachta an Ghaoith, a chur in éadan na n-iarratas nár cuireadh Staidéar Timpeallachta Natura chuig an Bhord Achomharc Um Cheadúnais Dobharshaotharaithe taobh istigh den am a ceadaíodh daofa agus mar gheall ar seo gur cuireadh na hiarratais as an áireamh. Tugadh síniú ama go dtí deireadh Mhí Lúnasa do phéire iarratasóirí eile Staidéar Timpeallachta Natura a chur chuig an Bhord Achomharc Um Cheadúnais Dobharshaotharaithe agus beidh cinneadh á dhéanamh roimh dheireadh mhí Mhárta na bliana seo chugainn maidir leis na hiarratais seo.

Céibh Mhachaire Rabhartaigh

Rachfar ar aghaidh leis an dreideáil ag céibh Mhachaire Rabhartaigh i gceann roinnt seachtainí, a dúirt an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh. Dúirt sé gur cuireadh moill ar an obair seo a dhéanamh de bharr na srianta a bhain le Covid-19. Ba cheart an obair seo a bheith déanta níos luaithe sa bhliain, agus tá go leor gainimh carnaithe in éadan na céibhe anois, rud atá ag cur isteach go mór ar bháid iascaireachta, ar bháid phléisiúrtha agus ar an bhád farrantóireachta, a dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh. Dúirt sé gur tonnchosc nó balla cosanta an rogha is fearr le réitigh a fháil ar an fhadhb seo, seachas airgead a chur amú go railta ag déanamh obair dhreideála ag an chéibh.

Beo

Binneas Béil

Binneas Béil

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Seán Ó Ceallaigh; Ómós don dTeachta Dála PJ Sheahan atá ar lár

Seán Ó Ceallaigh; Ómós don dTeachta Dála PJ Sheahan atá ar lár

 
Risteard Ó Fuaráin;Cros i mBaile Uí Thaidhg

Risteard Ó Fuaráin;Cros i mBaile Uí Thaidhg

 
Seán Óg Ó Duinín;Prappáil d'oscailt na scoile

Seán Óg Ó Duinín;Prappáil d'oscailt na scoile

 
Tuairisc ar imeachtaí 1920 i gCorcaigh.

Tuairisc ar imeachtaí 1920 i gCorcaigh.

 
Aoife Grainbhéil;Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne.

Aoife Grainbhéil;Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne.

 
An Saol ó Dheas 12ú Lúnasa 2020

An Saol ó Dheas 12ú Lúnasa 2020

 
Nóirín Ní Mhaoldomhnaigh, Bainisteoir Chomharchumann Árainn Mhóir

Nóirín Ní Mhaoldomhnaigh, Bainisteoir Chomharchumann Árainn Mhóir

 
Breandán Mac Gearailt, Comhairleoir Contae

Breandán Mac Gearailt, Comhairleoir Contae

 
Breandán Ó Dufaigh, Príomhoide Choláiste Oiriall i Muineachán.

Breandán Ó Dufaigh, Príomhoide Choláiste Oiriall i Muineachán.

 
Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Teanga

Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Teanga

 
Pádraig Mac an Iomaire, Comhairleoir Condae

Pádraig Mac an Iomaire, Comhairleoir Condae

 
Majella Uí Ghallachóir, Acaill

Majella Uí Ghallachóir, Acaill

 
Áine Ni Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta

Áine Ni Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta

 
Príomhscéalta  an Iarthair

Príomhscéalta an Iarthair

 
Príomhscéalta  an Tuaiscirt

Príomhscéalta an Tuaiscirt

 
Príomhscéalta  an Deiscirt

Príomhscéalta an Deiscirt

 
Príomhscéalta  Náisiúnta / Idirnáisiúnta:

Príomhscéalta Náisiúnta / Idirnáisiúnta:

 
Adhmhaidin Clár Iomlán 12/08/20

Adhmhaidin Clár Iomlán 12/08/20

 
An Saol ó Dheas 11ú Lúnasa 2020

An Saol ó Dheas 11ú Lúnasa 2020

 
Sonia Nic Giolla Easpaig ó Choiste 'Bád Eddie'.

Sonia Nic Giolla Easpaig ó Choiste 'Bád Eddie'.

 
Michelle Nic Grianna ag caint le Caitríona Mhic Aoidh ó Slimming World.

Michelle Nic Grianna ag caint le Caitríona Mhic Aoidh ó Slimming World.

 
Conor Ó Gallchóir as, An Bhealtaine, Gort a Choirce.

Conor Ó Gallchóir as, An Bhealtaine, Gort a Choirce.

 
An Garda Éamonn Ó Gallchóir.

An Garda Éamonn Ó Gallchóir.

 
Michelle Nic Grianna, ó Sheomra na Nuachta.

Michelle Nic Grianna, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár Iomlán 11/08/2020.

Barrscéalta, Clár Iomlán 11/08/2020.

 
Aodh Mac Laifeartaigh agus Danny Ó Dónaill.

Aodh Mac Laifeartaigh agus Danny Ó Dónaill.

 
Nigel Ó Fearraigh, Leas Chathaoirleach Sraithe Sacar Sóisir Dhún na nGall.

Nigel Ó Fearraigh, Leas Chathaoirleach Sraithe Sacar Sóisir Dhún na nGall.

 
Michelle Nic Grianna ag caint le Clár Nic Ruairí as Doire.

Michelle Nic Grianna ag caint le Clár Nic Ruairí as Doire.

 
Máire Mhic Craith, úinéir Lámha Beaga Montessori i Machaire Rabhartaigh agus Marjorie Uí Chearúil, Bainisteoir Comharchumann Oileán Thoraigh

Máire Mhic Craith, úinéir Lámha Beaga Montessori i Machaire Rabhartaigh agus Marjorie Uí Chearúil, Bainisteoir Comharchumann Oileán Thoraigh

 
Frances Nic Géadaigh, ó Sheomra na Nuachta.

Frances Nic Géadaigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 10/08/2020.

Barrscéalta, Clár iomlán, 10/08/2020.

 
Gearóid Ó Murchú- Úinéir an Spáilpín Fánach.

Gearóid Ó Murchú- Úinéir an Spáilpín Fánach.

 
Jeaicí Mac Gearailt - Pacáiste.

Jeaicí Mac Gearailt - Pacáiste.

 
Máire Mhic Comhail - Coiste Ghaoth Dobhair.

Máire Mhic Comhail - Coiste Ghaoth Dobhair.

 
Caoimhe de Barra - Príomhfheidhmeannach Trócaire.

Caoimhe de Barra - Príomhfheidhmeannach Trócaire.

 
Attracta Brady	- An Tulach Mhór, Uíbh Fhaillí.

Attracta Brady - An Tulach Mhór, Uíbh Fhaillí.

 
An t-Aire Dara Calleary, An t-Aire Talamhaíochta.

An t-Aire Dara Calleary, An t-Aire Talamhaíochta.

 
An tOll. Martin Cormican- saineolaí micri-bhitheolaíocht.

An tOll. Martin Cormican- saineolaí micri-bhitheolaíocht.

 
Damien Ó Domhnaill - RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Damien Ó Domhnaill - RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Carl Ó Flatharta;Gan aon ráiseanna i mBaile an tSagairt an deireadh seachtaine seo.

Carl Ó Flatharta;Gan aon ráiseanna i mBaile an tSagairt an deireadh seachtaine seo.

 
Bernard Casey; Fuirseoir

Bernard Casey; Fuirseoir

 
John Ó Muircheartaigh;Bialainn ana ghnóthach sa Daingean

John Ó Muircheartaigh;Bialainn ana ghnóthach sa Daingean

 
Juli Ní Mhaoileoin; Ceiliúradh Lúnasa anocht

Juli Ní Mhaoileoin; Ceiliúradh Lúnasa anocht

 
Seán Ó Lionáird,agus Dónal Ó Loingsigh;An eitinn bhólachta i Múscraí

Seán Ó Lionáird,agus Dónal Ó Loingsigh;An eitinn bhólachta i Múscraí

 
An Saol ó Dheas  7ú Lúnasa 2020

An Saol ó Dheas 7ú Lúnasa 2020

 
Danny Ó Dónaill agus Aodh Mac Laifeartaigh.

Danny Ó Dónaill agus Aodh Mac Laifeartaigh.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís