Nuacht an Tuaiscirt: 12 Bealtaine

Nuacht an Tuaiscirt: 12 Bealtaine

Covid-19

3 chás úr den víreas corónach a deimhníodh i nDún na nGall tráthnóna inné, de réir an eolais is deireanaí ón Roinn Sláinte.  

Fágann sin gur 472 cás den víreas atá deimhnithe sa chontae anois ó thús na géarchéime.  

Tá an t-eolas is deireanaí seo bunaithe ar fhigiúirí ón mheán oíche oíche Shatharn.  

Go náisiúnta inné chaill cúigear déag eile a mbeatha mar gheall ar an víreas corónach agus bhí 139 cás úr den víreas deimhnithe sna 6 chontae is fiche.

Otharlann Leitir Ceanainn

Dúirt an Dr Conall Mac a' Bhaird, Raideolaí in Otharlann Leitir Ceanainn, gur cuireadh cuid mhór oibre ar ceal san Otharlann mar gheall ar Covid 19 agus go mbeidh brú mór ar an Otharlann nuair a dhéanfar iarracht na seirbhísí uilig a chur ar ais arís.  

Dúirt sé go raibh liosta fada feithimh san Otharlann roimh ghéarchéim Covid 19 ach go gcaithfear déileáil ar dtús leis an cásanna is práinnigh.  

Measann sé go mbeidh sé, ar a laghad, mí Meán Fómhair sula mbeidh cúrsaí ar ais mar a bhí.  

Dúirt an Dr. Mac a Bhaird go bhfuil sé thar a bheith sásta faoi na figiúirí Covid 19 i nDún na nGall anois agus iad ag ísliú de réir a chéile.

Tinnis eile

Tá Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte i nDún na nGall ag moladh do dhaoine a bhfuil tinnis fad téarmacha orthu agus atá i mbaol an víreas corónach a fháil, tairbhe a bhaint as an tacaíocht atá ar fáil daofa.

Deir an Fheidhmeanacht go gcaithfidh na daoine seo a bheith cúramach agus iad féin a chosaint ag am atá fíordhúshlánach.  

Tá leabhrán eolais foilsithe ag an HSE áit a bhfuil comhairle le fáil ar an dóigh le tinnis atá ar dhaoine a láimhseáil chomh maith le heolas praiticiúil maidir le cúrsaí sláinte agus leighis.  

Tá an Fheidhmeannacht ag moladh do dhaoine fosta teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Gutháin Pobail Covid 19 atá curtha ar bun ag Comhairle Contae Dhún na nGall. 

Coiste Oireachtais

Beidh an chéad cruinniú ag Coiste Oireachtais Covid 19 inniu.  

Dhéanfar scrúdú ar an dóigh ar déileáil an rialtas agus údaráis eile go dtí seo leis an ghéarchéim sláinte.  

Tá an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh mar bhall den choiste.

Dhéanfar Cathaoirleach a roghnú inniu agus leagfar plean oibre.

Dóiteán

Tiocfaidh fear as Loch na nDeorán, Anagaire os comhair Cúirt Dúiche an Chlocháin Léith inniu agus é cúisithe as tine a thoiseacht d'aonturas i Loch na nDeorán inné.  

Fuair Gardaí tuairiscí ag am lón go raibh tine a lasadh ag an fhear taobh amuigh de theach cónaithe sa cheantar. Spréigh an tine go gasta i dtreo tithe agus maoin sa cheantar.  

Bhí dhá aonad dona seirbhísí dóiteáin ar an láthair chomh maith le scaifte mór de bhunadh an cheantair agus d'éirigh leo an tine a chur faoi smacht.  

Ghabh Gardaí an fear agus tugadh é go Stáisiún na nGardaí i mBaile na nGallóglach áit ar cúisíodh é.

Scoltacha

Thug Príomhfheidhmeannach Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, Anne McHugh, le fios ag cruinniú míosúil an Bhoird inné go bhfuil ag eirí leo an oiread seirbhísí agus is féidir a chur ar fáil in ainneoin go bhfuil scoltacha agus ionaid druidte.  

Dúirt sí go bhfuil na ranganna ag leanstan ar aghaidh ar líne ach go n-aithníonn siad go bhfuil deacrachtaí ag daltaí leis an chóras leathanbhanda  chomh maith le deacrachtaí ag daltaí ríomhairí a aimsiú mar go bhfuil tuismitheoirí ag obair ón bhaile.  

Dúirt Anne McHugh go bhfuil an oiread cuidigh agus is féidir leo a thabhairt acu dona daltaí ach admhaíonn sí nach bhfuil sé furasta do na daltaí.  

Tá ionadaíocht a dhéanamh ag an Bhord  ar  chruinnithe ag leibhéil náisiúnta agus tá eolas a chur ar fáil daofa go leanúnach ar an tacaíocht atá ar fail do dhaltaí agus a dteaghlaigh, a dúirt sí.

Caomhnú uisce

Ta achainí déanta ag Uisce Éireann ar phobal Dhún na nGall uisce a chaomhnú, de bharr méadú 20% ar úsaid uisce sa chontae ó thús géarchéim Covid-19.  

De bharr an oiread daoine ag obair ó bhaile agus béim ar nigh lámha agus glaineacht, tá tithe cónaithe ag úsáid ar an mheán 24 líotar breise sa lá ó mhí Feabhra, a deir Uisce Éireann.  

Tá leibhéal an uisce ag titim go mór sna taiscumair uisce ag Pateagá, Leitir Ceanainn, Leitir Mhic an Bhaird agus Loch Móirne go háirithe, de thairbhe easpa fearthainne.

Tá seans go gcaithfear srianta a chur ar an chóras uisce ó na taiscumair sin san oíche, a deir Uisce Éireann.

Cé go dtáinig laghdú mór ar an méid uisce atá a úsáid ag leithidí gnóanna, monarchana, scoileanna, ostáin agus bialanna, is iad tithe cónaithe a bhaineann úsaid as dhá thrían den tsolathár uisce, agus tá brú ar an chóras dá bharr.  

D'iarr Uisce Éireann ar an phobal tús áite a thabhairt do nigh lámha, ach gearradh siar nó stad ag úsáid innill agus caidéil le bheith ag níochán nó ag sciúradh taobh amuigh.

Caithfear an stoc uisce a chaomhnú de bharr go mbeidh éileamh mór breise ar sholathár uisce nuair a bheas gnóanna ag oscailt arís, a deir siad.  

Dúirt Kevin Love ó Oifig Uisce Éireann i nDún na nGall go bhfuil méadú le tabhairt faoi deara óna méadair uisce sna bailte agus sna heastáit tithíochta sa chontae, le cois óna méadair uisce faoin tuath fosta.

Is de bharr go bhfuil daoine ag caitheamh i bhfad níos mó ama ina dtithe agus ag obair óna dtithe atá seo amhlaidh, a dúirt sé.

Beo

Spórt an Lae

Spórt an Lae

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

An Ceol i bhFad Siar

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An mír deireanach de 2019/2020.

An mír deireanach de 2019/2020.

 
Anne Marie Baird, as Dhoibhlinn  in aice le páirc náisiúnta Ghleann Bheatha, i gContae Dhún na nGall.

Anne Marie Baird, as Dhoibhlinn in aice le páirc náisiúnta Ghleann Bheatha, i gContae Dhún na nGall.

 
Rísteard Hennessy, Síceolaí oideachais atá ina chónaí i Singapore.

Rísteard Hennessy, Síceolaí oideachais atá ina chónaí i Singapore.

 
Emma Ní Chearúil, ó Raidió na Life.

Emma Ní Chearúil, ó Raidió na Life.

 
Póilín Nic Geidigh, as an Ardaí Bheag, Gort a’ Choirce.

Póilín Nic Geidigh, as an Ardaí Bheag, Gort a’ Choirce.

 
An Grúpa Ceoil The High Seas, Caitlín Nic Gabhainn, Ciarán Ó Maonaigh agus Cathal Banjo Ó Cuirreáin.

An Grúpa Ceoil The High Seas, Caitlín Nic Gabhainn, Ciarán Ó Maonaigh agus Cathal Banjo Ó Cuirreáin.

 
Mary Aggie, as an Pholl Dóite, áit éigin i Rann na Feirste.

Mary Aggie, as an Pholl Dóite, áit éigin i Rann na Feirste.

 
Bladhaire, Clár iomlán, 290520.

Bladhaire, Clár iomlán, 290520.

 
Darach Ó Murchú;an mbeimíd ag ithe chnathacha fós agus an mbeimíd sásta díol astu?

Darach Ó Murchú;an mbeimíd ag ithe chnathacha fós agus an mbeimíd sásta díol astu?

 
Áine Ní Bheoláin;Bás Barry Clifford

Áine Ní Bheoláin;Bás Barry Clifford

 
Doireann Ní Dhubhda;duais liteartha buaite aici

Doireann Ní Dhubhda;duais liteartha buaite aici

 
Tacaíocht airgid do Choláistí Samhraidh ón Stát.

Tacaíocht airgid do Choláistí Samhraidh ón Stát.

 
An Dr. Síle Creedon; galair tógálacha

An Dr. Síle Creedon; galair tógálacha

 
An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

 
Caoimhe Ní Chathail.

Caoimhe Ní Chathail.

 
Tanya Nic Gairbheith.

Tanya Nic Gairbheith.

 
Edel Ní Chuireáin & Majella Nic Pháidín.

Edel Ní Chuireáin & Majella Nic Pháidín.

 
Séamus Ó Gallachóir & Mary O Brien.

Séamus Ó Gallachóir & Mary O Brien.

 
An tAire Joe Mc Hugh.

An tAire Joe Mc Hugh.

 
Frank Ó Maoláin. CONCUS.

Frank Ó Maoláin. CONCUS.

 
Michelle Nic Grianna.

Michelle Nic Grianna.

 
Barrscéalta Dé hAoine.

Barrscéalta Dé hAoine.

 
Niamh Ní Charra, Cartlannaí Tionscadail ar ábhar Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh.

Niamh Ní Charra, Cartlannaí Tionscadail ar ábhar Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh.

 
An t-ollamh Nollaig Mac Congáil. Aoi sa Chathaoir.

An t-ollamh Nollaig Mac Congáil. Aoi sa Chathaoir.

 
An cocaire Diarmuid Ó Mathúna, ó Mo Food Blog.

An cocaire Diarmuid Ó Mathúna, ó Mo Food Blog.

 
An Dr Ciaran Kearney, síceolaí spóirt as Béal Feirste.

An Dr Ciaran Kearney, síceolaí spóirt as Béal Feirste.

 
John O Ríordáin, as Cathair Chorcaigh.

John O Ríordáin, as Cathair Chorcaigh.

 
Bladhaire, Clár Iomlán 28/05/2020.

Bladhaire, Clár Iomlán 28/05/2020.

 
Clutharú; cé h-iad do thriúr?

Clutharú; cé h-iad do thriúr?

 
Séamus O Drisceoil; An saol i gCléire

Séamus O Drisceoil; An saol i gCléire

 
Seanachán Mac Carthaigh;Ceannasaí teicneolaíochta CIT

Seanachán Mac Carthaigh;Ceannasaí teicneolaíochta CIT

 
Cárthach Ó Faoláin,Muireann Ní Shé,agus Helen Ní Rócháin-

Cárthach Ó Faoláin,Muireann Ní Shé,agus Helen Ní Rócháin-

 
An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

 
Deirdre Ní Bhraonáin.

Deirdre Ní Bhraonáin.

 
Máirtín Enwright. Cairde Éanlaith Éireann

Máirtín Enwright. Cairde Éanlaith Éireann

 
Máirín Nic Fhionghuin & Mairéad Nic Suibhne.

Máirín Nic Fhionghuin & Mairéad Nic Suibhne.

 
Manus Early,Anna Uí Ghallachóir & Caitlín

Manus Early,Anna Uí Ghallachóir & Caitlín

 
An Dr. Tony Delap.

An Dr. Tony Delap.

 
Maighréad Uí Annluain.

Maighréad Uí Annluain.

 
Barrscéalta Déardaoin 28-05-2020.

Barrscéalta Déardaoin 28-05-2020.

 
Cliodhna Mhic Giolla Choda;Meitheal Trá na Rinne.

Cliodhna Mhic Giolla Choda;Meitheal Trá na Rinne.

 
Bráthair Ben Cusack;Bráthair Críostaí

Bráthair Ben Cusack;Bráthair Críostaí

 
John Joe Mac Gearailt;Tóin titithe as phraghas olann

John Joe Mac Gearailt;Tóin titithe as phraghas olann

 
Dr. Barra Ó Conchúir;Có nascadh IT Chiarraí is Chorcaí

Dr. Barra Ó Conchúir;Có nascadh IT Chiarraí is Chorcaí

 
Micheál Ó Cinnéide;Bainisteoir Chomhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne

Micheál Ó Cinnéide;Bainisteoir Chomhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne

 
An Saol ó Dheas 27ú Bealtaine 2020

An Saol ó Dheas 27ú Bealtaine 2020

 
Ian Lee, RTÉ.

Ian Lee, RTÉ.

 
Hughie Mac Giolla Bhríde.

Hughie Mac Giolla Bhríde.

 
Frances Nic Géadaigh.

Frances Nic Géadaigh.

 
Barrscéalta: Dé Céadaoin 27 Bealtaine 2020.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 27 Bealtaine 2020.

 
John Downing, comhfhreagraí polaitíochta Irish Independent.

John Downing, comhfhreagraí polaitíochta Irish Independent.

 
Cróna Ní Ghallchóir, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

Cróna Ní Ghallchóir, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Bladhaire

Bladhaire

An Cúinne Dána

An Cúinne Dána

Tús Áite

Tús Áite

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís