Nuacht an Tuaiscirt:11ú Bealtaine

Nuacht an Tuaiscirt:11ú Bealtaine

An víreas corónach

Tá sé tugtha le fios san eolas is deireanaí ón Roinn Sláinte tráthnóna inné nach raibh cás úr ar bith don Víreas Covid 19 deimhnithe i gContae Dhún na nGall, ó bhí an mheán oíche, oíche Mháirt.

Don tríú lá as a chéile, fógraíodh nach raibh cas úr ar bith den víreas i gContae Dhún na nGall rud a fhágann go bhfuil 469 cás den víreas corónach deimhnithe sa Chontae anois, bunaithe ar fhigiúirí ag an mheán oíche, oíche Aoine.

Éisteachtaí cúirte

Táthar ag dréim go gcuirfí tús arís go luath le héisteachtaí maidir le cásanna cúirte de i nDún na nGall.

Cuireadh a mhórchuid de chásanna cúirte na contae ar athló mar gheall ar an víreas corónach, ach deir an Breitheamh Paul Kelly go bhfuil sé ag dréim go gcuirfear tús arís le cásanna cúirte i Leitir Ceanainn, ar an Chlochán Liath, i mBun Crannacha agus ar an Fhál Carrach go luath.  

Dúirt sé nach gá do chosantóirí a bheith i láthair do na cásanna seo sa Chúirt Dúiche mar gur féidir lena gcuid dlíodóirí ionadaíocht a dhéanamh ar a son ach dúirt sé go bhfuil sé de cheart ag cosantóirí a bheith i láthair más mian leo é.  

Tuigtear go dtabharfar tús áite do chásanna dlí teaghlaigh nuair a shuíonn an Chúirt arís.

Bainisteoirí marglanna ag lorg cruinniú leis an Aire Talmhaíochta Michael Creed

Tá sé tugtha le fios ag Cathaoirleach Mharglanna Dhún na nGall, Eimear McGuinness go bhfuil Bainisteoirí Mharglanna na hÉireann ag lorg cruinniú leis an Aire Talmhaíochta Michael Creed le plé a dhéanamh ar thacaíocht airgid a chur ar fáil do na marglanna.

Deir an cumann go bhfuil an víreas corónach ag cur isteach go mór ar na marglanna, agus gur seo an t-am is gnóthaí den bhliain acu de ghnáth ach mar gheall ar an víreas nach bhfuil na marglanna ag feidhmiú.

In ainneoin gur tugadh cead do mharglanna feidhmiú faoi choinníollacha diana le linn na géarchéime sláinte, deir an cumann nach raibh siad in ann feidhmiú faoi na coinníollacha agus go raibh deacrachtaí móra leis an rogha úsáid a bhaint as an idirlíon.

Dúirt Éimear McGuinness go bhfuil féidirtheachtaí ann na marglanna a oscailt arís go luath ach nach mbeadh cead ach ag líon áirithe daoine a bheith i láthair.

Cruinniú á lorg ag an HSE le comhlachtaí meáin shóisalta

Tá cruinniú á lorg ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le comhlachtaí meáin shoisalta sa tír seo le plé a dhéanamh ar imní atá sa phobal faoi cheangal idir miasanna cumarsáide 5G agus Covid-19.

Rinneadh damáiste mhailíseach do dhá chrann cumarsáide i Leitir Ceanainn ar an mhí s'chuaigh thart agus measann Gardaí gur dream a rinne ceangal idir 5G agus Covid-19 a rinne an damáiste.  

Cé go raibh grúpa i Leitir Ceanainn ag rá gur córas 5G a bhí á fheistiú ar na crainn chumarsáide seo, ba córas úr 4G a bhí á fheistiú ansin, le tacú le foireann leighis Otharlann Leitir Ceanainn agus sa cheantar máguaird.

Tá sé ráite ag Eagraíocht Sláinte an Domhain nach bhfuil aon cheangal idir 5G agus Covid-19.

Ar an mhí s'chuaigh thart, dúirt an Rialtóir Cumarsáide, gur cheart neamhiontas a dhéanamh d'eolas míchruinn a dhéanann ceangal idir córas cumarsáide 5G agus an Víreas Corónach.

Dúirt Comreg go bhfuil córais leathanbhanda níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh, agus daoine ag obair ón bhaile, agus go gcuirtear bac ar dhaoine teagmháil a dhéanamh le seirbhísí éigeandála nuair a dhéantar damáiste mar a rinneadh i Leitir Ceanainn.  

Tá grúpaí curtha ar bun i mBun Cranncha agus i gCarn Domhnach le gairid ag cur i gcoinne trealaimh 5G a chur in airde sna ceantair sin.

Cáineadh ar Uisce Éireann

'Níl Uisce Éireann ag feidhmiú mar is ceart mar eagraíocht, agus níl sé ar a gcumas freastal ar an phobal de bharr an múnla oibre atá acu, agus ba cheart cúramaí uisce na tíre a chur faoi stiúr údaráis áitiúil arís', dar leis an Chomhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.  

'Níl an Rialtas dairíre faoi sheirbhísí uisce ach oiread', a dúirt sé, agus an easpa infheistíochta atá á déanamh i seirbhísí agus solathár uisce na tíre', dar leis.

'Tá fadhbanna móra le solathár uisce i nDoire Chonaire, Mín Lárach agus Glais a Chú le tamall fada, agus gan aon tuar dóchais go mbeidh píopaí úra curtha ar fáil sa cheantar sin roimh i bhfad', a dúirt sé.

'Ní réiteach ar bith táillí uisce a chur i bhfeidhm, ach caithfidh an Rialtas an t-airgead cuí a chur ar fáil le hinfheistíocht riachtanach a dhéanamh sna seirbhísí uisce', a deir sé.

Abbott Medical Ireland ag tabhairt dúshlán Ard Chúirte

Tá dúshlán Ard Chúirte á thabhairt ag 'Abbott Medical Ireland', a bhfuil ionad mór acu i mBaile Dhún na nGall, i gcoinne chomhlacht eile agus iad ag maíomh gur sháraigh siad cóipcheart atá acu ar chomhla croí.  

Deir Abbott go bhfuil sárú déanta ar rialacha na tíre seo maidir le cóipcheart ag comhlacht teicneolaíochta leighis Meiriceánach, Edwards Lifesciences, maidir le tairge dá gcuid a bhaineann le cúram croí.

Cuirfear tús leis an triail seo san Ard Chúirt ag tús na bliana seo chugainn.

Chuir Abbotts tús lena dtáirgiúlacht ar thairgí leighis i mBaile Dhún na nGall i 2006 agus iad ag táirgeadh trealamh tastála diabéitis don chuid is mó.

D'fhógair an comhlacht i Samhadh 2008 go mbeadh 500 post úr á gcruthú acu i mBaile Dhún na nGall go ceann roinnt blianta.

25 gan dídean i nDún na nGall

Tá 25 duine gan dídean i nDún na nGall i láthair na huaire, de réir an eolais is úire ón Roinn Tithíochta.

Bhí 25 duine sa chontae gan dídean i nDún na nGall ar an tseachtain s'chuaigh thart agus bhí 69 duine gan dídean i réigiún an iarthuaiscirt.

Bhí na daoine seo ar lóistín éigeandála ag na húdaráis áitiúil.  

Ba dhaoine idir 25-44 bliain d'aois ba mhó a bhí gan dídean san iarthuaisceart ar an tseachtain is a chuaigh thart.

'Níl sé ceart ná cóir go bhfuil Airí Rialtais ag feidhmiú go fóill' -Aontú 

'Níl sé ceart ná cóir go bhfuil Airí Rialtais ag feidhmiú go fóill, bíodh is gur chaill siad a suíochán san Olltoghchán breis agus trí mhí ó shin, a dúirt Cathaoirleach Aontú i nDún na nGall', Liam Mulligan.

 'Níl údarás ar bith ag na hAirí seo a bheith ag gníomhú ar son an phobail agus teachtaireacht shoiléir tugtha ag an phobal daofa san olltoghchán', a dúirt sé.

 'Maidir le Aontú a bheith ag caint le Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas faoi chomhrialtas, beidh cibé moltaí le plé ag Ard Chomhairle Aontú, sula ndéanfar aon chinneadh dul i gcomhrialtas' a dúirt sé.

Measann sé go mbeadh difir mór idir polasaithe Aontú agus Fhine Gael go háirithe, agus luaigh sé imní ar phobail tuaithe faoi pholasaithe an Chomhaontais Ghlais, agus an tionchar a bheadh ag a bpolasaithe ar phobail tuaithe ar nós Dún na nGall, agus an cháin charbóin go háirithe.


 

Beo

Spórt an Lae

Spórt an Lae

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

An Ceol i bhFad Siar

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An mír deireanach de 2019/2020.

An mír deireanach de 2019/2020.

 
Anne Marie Baird, as Dhoibhlinn  in aice le páirc náisiúnta Ghleann Bheatha, i gContae Dhún na nGall.

Anne Marie Baird, as Dhoibhlinn in aice le páirc náisiúnta Ghleann Bheatha, i gContae Dhún na nGall.

 
Rísteard Hennessy, Síceolaí oideachais atá ina chónaí i Singapore.

Rísteard Hennessy, Síceolaí oideachais atá ina chónaí i Singapore.

 
Emma Ní Chearúil, ó Raidió na Life.

Emma Ní Chearúil, ó Raidió na Life.

 
Póilín Nic Geidigh, as an Ardaí Bheag, Gort a’ Choirce.

Póilín Nic Geidigh, as an Ardaí Bheag, Gort a’ Choirce.

 
An Grúpa Ceoil The High Seas, Caitlín Nic Gabhainn, Ciarán Ó Maonaigh agus Cathal Banjo Ó Cuirreáin.

An Grúpa Ceoil The High Seas, Caitlín Nic Gabhainn, Ciarán Ó Maonaigh agus Cathal Banjo Ó Cuirreáin.

 
Mary Aggie, as an Pholl Dóite, áit éigin i Rann na Feirste.

Mary Aggie, as an Pholl Dóite, áit éigin i Rann na Feirste.

 
Bladhaire, Clár iomlán, 290520.

Bladhaire, Clár iomlán, 290520.

 
Darach Ó Murchú;an mbeimíd ag ithe chnathacha fós agus an mbeimíd sásta díol astu?

Darach Ó Murchú;an mbeimíd ag ithe chnathacha fós agus an mbeimíd sásta díol astu?

 
Áine Ní Bheoláin;Bás Barry Clifford

Áine Ní Bheoláin;Bás Barry Clifford

 
Doireann Ní Dhubhda;duais liteartha buaite aici

Doireann Ní Dhubhda;duais liteartha buaite aici

 
Tacaíocht airgid do Choláistí Samhraidh ón Stát.

Tacaíocht airgid do Choláistí Samhraidh ón Stát.

 
An Dr. Síle Creedon; galair tógálacha

An Dr. Síle Creedon; galair tógálacha

 
An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

 
Caoimhe Ní Chathail.

Caoimhe Ní Chathail.

 
Tanya Nic Gairbheith.

Tanya Nic Gairbheith.

 
Edel Ní Chuireáin & Majella Nic Pháidín.

Edel Ní Chuireáin & Majella Nic Pháidín.

 
Séamus Ó Gallachóir & Mary O Brien.

Séamus Ó Gallachóir & Mary O Brien.

 
An tAire Joe Mc Hugh.

An tAire Joe Mc Hugh.

 
Frank Ó Maoláin. CONCUS.

Frank Ó Maoláin. CONCUS.

 
Michelle Nic Grianna.

Michelle Nic Grianna.

 
Barrscéalta Dé hAoine.

Barrscéalta Dé hAoine.

 
Niamh Ní Charra, Cartlannaí Tionscadail ar ábhar Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh.

Niamh Ní Charra, Cartlannaí Tionscadail ar ábhar Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh.

 
An t-ollamh Nollaig Mac Congáil. Aoi sa Chathaoir.

An t-ollamh Nollaig Mac Congáil. Aoi sa Chathaoir.

 
An cocaire Diarmuid Ó Mathúna, ó Mo Food Blog.

An cocaire Diarmuid Ó Mathúna, ó Mo Food Blog.

 
An Dr Ciaran Kearney, síceolaí spóirt as Béal Feirste.

An Dr Ciaran Kearney, síceolaí spóirt as Béal Feirste.

 
John O Ríordáin, as Cathair Chorcaigh.

John O Ríordáin, as Cathair Chorcaigh.

 
Bladhaire, Clár Iomlán 28/05/2020.

Bladhaire, Clár Iomlán 28/05/2020.

 
Clutharú; cé h-iad do thriúr?

Clutharú; cé h-iad do thriúr?

 
Séamus O Drisceoil; An saol i gCléire

Séamus O Drisceoil; An saol i gCléire

 
Seanachán Mac Carthaigh;Ceannasaí teicneolaíochta CIT

Seanachán Mac Carthaigh;Ceannasaí teicneolaíochta CIT

 
Cárthach Ó Faoláin,Muireann Ní Shé,agus Helen Ní Rócháin-

Cárthach Ó Faoláin,Muireann Ní Shé,agus Helen Ní Rócháin-

 
An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

 
Deirdre Ní Bhraonáin.

Deirdre Ní Bhraonáin.

 
Máirtín Enwright. Cairde Éanlaith Éireann

Máirtín Enwright. Cairde Éanlaith Éireann

 
Máirín Nic Fhionghuin & Mairéad Nic Suibhne.

Máirín Nic Fhionghuin & Mairéad Nic Suibhne.

 
Manus Early,Anna Uí Ghallachóir & Caitlín

Manus Early,Anna Uí Ghallachóir & Caitlín

 
An Dr. Tony Delap.

An Dr. Tony Delap.

 
Maighréad Uí Annluain.

Maighréad Uí Annluain.

 
Barrscéalta Déardaoin 28-05-2020.

Barrscéalta Déardaoin 28-05-2020.

 
Cliodhna Mhic Giolla Choda;Meitheal Trá na Rinne.

Cliodhna Mhic Giolla Choda;Meitheal Trá na Rinne.

 
Bráthair Ben Cusack;Bráthair Críostaí

Bráthair Ben Cusack;Bráthair Críostaí

 
John Joe Mac Gearailt;Tóin titithe as phraghas olann

John Joe Mac Gearailt;Tóin titithe as phraghas olann

 
Dr. Barra Ó Conchúir;Có nascadh IT Chiarraí is Chorcaí

Dr. Barra Ó Conchúir;Có nascadh IT Chiarraí is Chorcaí

 
Micheál Ó Cinnéide;Bainisteoir Chomhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne

Micheál Ó Cinnéide;Bainisteoir Chomhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne

 
An Saol ó Dheas 27ú Bealtaine 2020

An Saol ó Dheas 27ú Bealtaine 2020

 
Ian Lee, RTÉ.

Ian Lee, RTÉ.

 
Hughie Mac Giolla Bhríde.

Hughie Mac Giolla Bhríde.

 
Frances Nic Géadaigh.

Frances Nic Géadaigh.

 
Barrscéalta: Dé Céadaoin 27 Bealtaine 2020.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 27 Bealtaine 2020.

 
John Downing, comhfhreagraí polaitíochta Irish Independent.

John Downing, comhfhreagraí polaitíochta Irish Independent.

 
Cróna Ní Ghallchóir, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

Cróna Ní Ghallchóir, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

 
Load More...
Bladhaire

Bladhaire

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

An Cúinne Dána

An Cúinne Dána

Tús Áite

Tús Áite

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís