Nuacht an Tuaiscirt: Éileamh ar scagthástálacha ailse láithreach

Nuacht an Tuaiscirt: Éileamh ar scagthástálacha ailse láithreach

Scagthástáil ar ailse riachtanach - McConalogue TD

Caithfear tús a chur arís i nDún na nGall leis an scagthástáil le haghaidh ailse, a deir an Teachta Dála Charlie McConalogue.  

Thug sé le fios go bhfuil eolas faighte aige go bhfuil titim níos mó ná 50% ar líon na ndaoine a bhfuil a ndochtúirí teaghlaigh a gcur ar aghaidh chuig Clinicí Ailse mar gheall ar an víreas corónach.

Tá béim faoi leith faoi láthair ar an víreas corónach le cinntiú nach mbíonn ardú ar líon na gcásanna den víreas sa chontae, a dúirt an Teachta Mc Conalogue, ach caithfear béim a chur anois ar thinneas eile seachas an víreas corónach, agus is cinnte gur ailse ceann dona cinn is tábhachtaí, a dúirt sé.

Tá sé riachtanach go gcuirfí tús arís leis an scagthástáil le haghaidh ailse sa chontae agus go gcuirfí tús le feachtas le daoine a ghríosú le ghabháil chuig a ndochtúirí teaghlaigh má tá siad imníoch faoi chúrsaí sláinte nach mbaineann leis an víreas Covid 19, a dúirt an Teachta Mc Conalogue.

Beirt gafa as tiomáint faoi thionchar drugaí

Ghabh Gardaí Bhaile na nGallóglach beirt thiománaí mall tráthnóna inné de bharr iad a bheith ag tiomáint faoi thionchar drugaí.

Gabhadh tiománaí amháin a bhí faoi thionchar cocaine agus gabhadh tiománaí eile a bhí faoi thionchar cannabas.

Tá méadú le roinnt seachtainí ar líon na dtiománaithe a gabhadh i nDún na nGall agus drugaí glactha acu, de bharr an oiread aonaid seiceála atá ag Gardaí ar bhóithre na contae, agus iad ag iarraidh cinntiú go bhfuil daoine ag cloí le treoirlínte an Rialtais faoi Covid-19.

Fear a bhásaigh i dtimpiste ainmnithe

Ba é Jimmy Coyle, fear 49 bliain d'aois as an Sean Bhaile, Leitir Ceanainn, an fear a fuair bás i dtimpiste ag an láthair oibre i Leitir Ceanainn inné.

Thit sé de dhréimre agus é ag obair do chomhlacht slándála ag láthair oibre ag Eastát Tithíochta Foxhills ag Barr an tSléibhe i Leitir Ceanainn.

Cé go raibh na seirbhísí éigeandála ar an láthair tamall gairid i ndiaidh don timpiste tarlú, fuair sé bás ar an láthair de bharr a ghortaithe.

Tá fiosrúchán curtha ar bun ag an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta agus ag na Gardaí faoina bhás.

Sagart Paróiste Ghleann Súilí ar shlí na fírinne

Fuair an tAthair Aodh Mac Suibhne, Sagart Paróiste Ghleann tSúilí  bás sa bhaile ina theach cónaithe i gCill Ulta, An Fál Carrach inné. Bhí sé 75 bliain d'aois. Maireann deirfiúr amháin agus cúigear deartháir leis.

Chaith an tAthair Mac Suibhne tréimhsí i bparóistí Leitir Ceanainn, Oileán Thóraí, Gleann Bhearr, Cill Chartha, Gaoth Dobhair, Gort a' Choirce, Baile Na Finne, Golan, Gleann Fhinne, agus go deireanach mar shagart paróiste i nGleann tSúilí.

Chaith sé 48 bliain mar shagart ó rinneadh é a oirniú sa bhliain 1972. Mar gheall ar shrianta an Rialtais tá an fhaire agus an tórramh go díreach don teaghlach amháin.

Craolfar an paidrín ar shuíomh idirlíon Theach Pobail Chríost Rí Gort a Choirce anocht agus san oíche amárach ag a naoi a chlog agus craolfar Aifreann an tórraimh ar shuíomh idirlíon Theach Pobail Naomh Fionáin, An Fál Carrach, Dé Domhnaigh ag an 11 a chlog.

Co Dhún na nGall 12ú h-áit cásanna Covid-19

Tá Dún na nGall sa dara háit déag sa Stát maidir le líon na gcásanna den víreas corónach atá deimhnithe. 469 cás den víreas atá deimhnithe sa chontae anois bunaithe ar fhigiúirí ón Roinn Sláinte tráthnóna inné, ardú dhá chás ar an lá roimhe sin.

Tá an t-eolas seo bunaithe ar fhigiúirí ón mheánoíche oíche Mháirt. Níl duine ar bith ag fáil cóir leighis in aonad dianchúram otharlann Leitir Ceanainn maidir leis an víreas Covid 19, le dhá lá as a chéile, sin de réir figiúirí a d'eisigh Feidhmeannacht na Seirbhsísí Sláinte ar a hocht a chlog aréir.

Tá cúig dhuine dhéag san otharlann faoi láthair a bhfuil an víreas corónach orthu, laghdú trí othar ar an lá roimhe sin agus cúig dhuine dhéag a bhfuil amhras fúthu go bhfuil an víreas orthu, laghdú dhá othar ón lá roimhe sin. 37 leaba ginearálta atá folamh san otharlann faoi láthair agus 7 leaba atá folamh san aonad dianchúram.

Go náisiúnta inné chaill 29 duine breise a mbeatha mar gheall ar an víreas agus deimhíodh 137 cás úr sna 6 chontae is fiche. Tá a mbeatha caillte anois ag 1403 duine go náisiúnta mar gheall ar an víreas corónach agus tá 22,385 cás deimhnithe sna 6 chontae is fiche.

An Post i bhfad níos gnóthaí

Deir fir agus mná poist i nDún na nGall go bhfuil siad i bhfad níos gnóthaí ó thoisigh an ghéarchéim Covid 19.

Dúirt an fear poist as na Rosa, Eoin Mac Gairbheith, go bhfuil siad ag seachadadh i bhfad níos mo Beartán agus Pacáistí le dhá mhí, mar go bhfuil níos mo siopadóireachta a dhéanamh ar líne ag an phobal agus dúirt sé go bhfuil siad chomh gnóthach anois agus a bhíonn siad ag am na Nollag. Dúirt sé fosta agus go bhfuil an lá oibre atá acu níos faide agus go mbíonn orthu oibriú ar an tSathairn.

Thug Eoin Mac Gairbheith le fios fosta go bhfuil fir agus mná poist ag cuidiú agus ag fáil earraí agus ábhar do dhaoine a bhfuil orthu clutharú. 

I dTreo an tSolais

Tá achainí déanta ag lucht eagraithe na hócáide I dTreo an tSolais i nDún na nGall ar an phobal páirt a ghlacadh san imeacht Éirí na Gréine maidin amárach le hairgead a bhailiú don charthanacht Teach Pieta.

Os rud é nach dtig an siúlóid bhliantúil a reáchtáil mar gheall ar ghéarchéim Covid 19 i mbliana, táthar ag iarraidh daoine a spreagadh le heirí na gréine a choimhéad ar 5.30 ar maidin amárach agus síntiús a thabhairt don Charthanacht.

Bhí Siúlóid bhliantúil Pieta House ar siúl ag dhá áit dhéag ar fud na contae anuraidh agus ghlac tháire 6,000 duine sa Chontae páirt sna siúlóidí. Tá Ionad ag Teach Pieta i Leitir Ceanainn agus tá sé ráite acu go bhfuil a gcuid seirbhísí níos tábhachtaí anois no riamh.

Seirbhísí Food Cloud

Tá úsáid á bhaint ag an Charthanacht CDP na Rosann atá lonnaithe ar an Chlochán Liath as seirbhís a chuireann an Eagraíocht Food Cloud ar fáil.

Tá ceangal ag Food Cloud le hOllmhargaidh ar fud na tíre áit a mbailítear bia maith a bhíthear le dumpáil agus bhéarfar an bia do Charthanachtaí áitiúla agus do Ghrúpaí Pobail.

Dúirt CDP na Rosann go mbíonn bia a bhailiú acu agus a thabhairt do theaghlaigh sna Rossa.

Tá Bia a chur ar fáil ag CDP na Rosann do ar laghad dha theaghlach déag sa tseachtain agus deir siad go bhfuil siad sásta cuidiú a thabhairt do theaghlaigh taobh amuigh den Pharóiste chomh maith.

Coimhlint ag Stobart do sheirbhísí aerthaistil

D'fhéadfadh go mbeadh coimhlint ghéar ag Stobart Air le haerlínte eile le leanstan ag solathár seirbhísí aeir réigiúnach do Aer Lingus, na seirbhísí idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath san áireamh.

Inné, dúirt Príomhfheidhmeannach ghrúpa aerlínte IAG, Willie Walsh, go bhfuil suim ag aerlínte eile na seirbhísí réigiúnacha a sholathár do Aer Lingus, atá á sholathár ag Stobart Air faoi láthair.

Níl athnuachán déanta ag Aer Lingus ar a gconradh, atá i bhfeidhm go 2022  le Stobar Air, le seirbhísí aeir a sholathár idir Baile Átha Claith go Dún na nGall agus Ciarraí agus aerfoirt sa Bhreatain.

Faoin chonradh reatha le Stobart, cuirtear eitiltí in áirithe tríd Aer Lingus, agus cuireann Stobart na heitileáin agus an fhoireann cabáin ar fáil.

D'fhógair an gnó eitleoireachta agus fuinnimh sa Bhreatain, Stobart Group, ar an tseachtain seo caite go raibh siad ag glacadh an mhórchuid dena scaranna i Stobart Air.

Deir Stobart Air go bhfuil an pháirtnéireacht atá acu le Aer Lingus riachtanach le go mairfidh an aerlíne i ndiaidh géarchéim Covid-19.

Beo

Binneas Béil

Binneas Béil

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Seán Ó Ceallaigh; Ómós don dTeachta Dála PJ Sheahan atá ar lár

Seán Ó Ceallaigh; Ómós don dTeachta Dála PJ Sheahan atá ar lár

 
Risteard Ó Fuaráin;Cros i mBaile Uí Thaidhg

Risteard Ó Fuaráin;Cros i mBaile Uí Thaidhg

 
Seán Óg Ó Duinín;Prappáil d'oscailt na scoile

Seán Óg Ó Duinín;Prappáil d'oscailt na scoile

 
Tuairisc ar imeachtaí 1920 i gCorcaigh.

Tuairisc ar imeachtaí 1920 i gCorcaigh.

 
Aoife Grainbhéil;Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne.

Aoife Grainbhéil;Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne.

 
An Saol ó Dheas 12ú Lúnasa 2020

An Saol ó Dheas 12ú Lúnasa 2020

 
Nóirín Ní Mhaoldomhnaigh, Bainisteoir Chomharchumann Árainn Mhóir

Nóirín Ní Mhaoldomhnaigh, Bainisteoir Chomharchumann Árainn Mhóir

 
Breandán Mac Gearailt, Comhairleoir Contae

Breandán Mac Gearailt, Comhairleoir Contae

 
Breandán Ó Dufaigh, Príomhoide Choláiste Oiriall i Muineachán.

Breandán Ó Dufaigh, Príomhoide Choláiste Oiriall i Muineachán.

 
Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Teanga

Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Teanga

 
Pádraig Mac an Iomaire, Comhairleoir Condae

Pádraig Mac an Iomaire, Comhairleoir Condae

 
Majella Uí Ghallachóir, Acaill

Majella Uí Ghallachóir, Acaill

 
Áine Ni Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta

Áine Ni Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta

 
Príomhscéalta  an Iarthair

Príomhscéalta an Iarthair

 
Príomhscéalta  an Tuaiscirt

Príomhscéalta an Tuaiscirt

 
Príomhscéalta  an Deiscirt

Príomhscéalta an Deiscirt

 
Príomhscéalta  Náisiúnta / Idirnáisiúnta:

Príomhscéalta Náisiúnta / Idirnáisiúnta:

 
Adhmhaidin Clár Iomlán 12/08/20

Adhmhaidin Clár Iomlán 12/08/20

 
An Saol ó Dheas 11ú Lúnasa 2020

An Saol ó Dheas 11ú Lúnasa 2020

 
Sonia Nic Giolla Easpaig ó Choiste 'Bád Eddie'.

Sonia Nic Giolla Easpaig ó Choiste 'Bád Eddie'.

 
Michelle Nic Grianna ag caint le Caitríona Mhic Aoidh ó Slimming World.

Michelle Nic Grianna ag caint le Caitríona Mhic Aoidh ó Slimming World.

 
Conor Ó Gallchóir as, An Bhealtaine, Gort a Choirce.

Conor Ó Gallchóir as, An Bhealtaine, Gort a Choirce.

 
An Garda Éamonn Ó Gallchóir.

An Garda Éamonn Ó Gallchóir.

 
Michelle Nic Grianna, ó Sheomra na Nuachta.

Michelle Nic Grianna, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár Iomlán 11/08/2020.

Barrscéalta, Clár Iomlán 11/08/2020.

 
Aodh Mac Laifeartaigh agus Danny Ó Dónaill.

Aodh Mac Laifeartaigh agus Danny Ó Dónaill.

 
Nigel Ó Fearraigh, Leas Chathaoirleach Sraithe Sacar Sóisir Dhún na nGall.

Nigel Ó Fearraigh, Leas Chathaoirleach Sraithe Sacar Sóisir Dhún na nGall.

 
Michelle Nic Grianna ag caint le Clár Nic Ruairí as Doire.

Michelle Nic Grianna ag caint le Clár Nic Ruairí as Doire.

 
Máire Mhic Craith, úinéir Lámha Beaga Montessori i Machaire Rabhartaigh agus Marjorie Uí Chearúil, Bainisteoir Comharchumann Oileán Thoraigh

Máire Mhic Craith, úinéir Lámha Beaga Montessori i Machaire Rabhartaigh agus Marjorie Uí Chearúil, Bainisteoir Comharchumann Oileán Thoraigh

 
Frances Nic Géadaigh, ó Sheomra na Nuachta.

Frances Nic Géadaigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 10/08/2020.

Barrscéalta, Clár iomlán, 10/08/2020.

 
Gearóid Ó Murchú- Úinéir an Spáilpín Fánach.

Gearóid Ó Murchú- Úinéir an Spáilpín Fánach.

 
Jeaicí Mac Gearailt - Pacáiste.

Jeaicí Mac Gearailt - Pacáiste.

 
Máire Mhic Comhail - Coiste Ghaoth Dobhair.

Máire Mhic Comhail - Coiste Ghaoth Dobhair.

 
Caoimhe de Barra - Príomhfheidhmeannach Trócaire.

Caoimhe de Barra - Príomhfheidhmeannach Trócaire.

 
Attracta Brady	- An Tulach Mhór, Uíbh Fhaillí.

Attracta Brady - An Tulach Mhór, Uíbh Fhaillí.

 
An t-Aire Dara Calleary, An t-Aire Talamhaíochta.

An t-Aire Dara Calleary, An t-Aire Talamhaíochta.

 
An tOll. Martin Cormican- saineolaí micri-bhitheolaíocht.

An tOll. Martin Cormican- saineolaí micri-bhitheolaíocht.

 
Damien Ó Domhnaill - RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Damien Ó Domhnaill - RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Carl Ó Flatharta;Gan aon ráiseanna i mBaile an tSagairt an deireadh seachtaine seo.

Carl Ó Flatharta;Gan aon ráiseanna i mBaile an tSagairt an deireadh seachtaine seo.

 
Bernard Casey; Fuirseoir

Bernard Casey; Fuirseoir

 
John Ó Muircheartaigh;Bialainn ana ghnóthach sa Daingean

John Ó Muircheartaigh;Bialainn ana ghnóthach sa Daingean

 
Juli Ní Mhaoileoin; Ceiliúradh Lúnasa anocht

Juli Ní Mhaoileoin; Ceiliúradh Lúnasa anocht

 
Seán Ó Lionáird,agus Dónal Ó Loingsigh;An eitinn bhólachta i Múscraí

Seán Ó Lionáird,agus Dónal Ó Loingsigh;An eitinn bhólachta i Múscraí

 
An Saol ó Dheas  7ú Lúnasa 2020

An Saol ó Dheas 7ú Lúnasa 2020

 
Danny Ó Dónaill agus Aodh Mac Laifeartaigh.

Danny Ó Dónaill agus Aodh Mac Laifeartaigh.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís