Nuacht an Tuaiscirt: 7 Bealtaine

Nuacht an Tuaiscirt: 7 Bealtaine

Covid-19

Cás úr amháin den víreas corónach a deimhníodh i nDún na nGall tráthnóna inné de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Sláinte.  

467 cás den víreas atá deimhnithe sa chontae anois.  

Níl duine ar bith ag fáil cóir leighis in aonad dianchúram otharlann Leitir Ceanainn faoi láthair maidir leis an víreas Covid 19, sin de réir figiúirí a d'eisigh Feidhmeannacht na Seirbhisí Sláinte ar a hocht a chlog aréir.

Tá ocht nduine dhéag san otharlann faoi láthair a bhfuil an víreas corónach orthu agus seacht nduine dhéag a bhfuil amhras fúthu go bhfuil an víreas acu.  

46 leaba ginearálta atá folamh san otharlann faoi láthair agus ocht leaba atá folamh san aonad dianchúram.

Dochtúirí Teaghlaigh 

Dúirt an Dochtúir Teaghlaigh Jim McDaid i Leitir Ceanainn go bhfuil sé ag dréim go mbeidh méadú i líon na gcásanna Covid-19 i nDún na nGall i gceann roinnt seachtainí.  

Measann sé go mbeidh sé ocht mí dhéag sula mbeidh vacsaín ar fáil don víreas, agus idir an dá linn, caithfidh an pobal ar fad a bheith iontach cúramach ar fad, a dúirt sé.

Cé go bhfuil biseach ar chúrsaí maidir leis an tastáil do Covid-19, deir an Dochtúir McDaid nach bhfuil córas mar is ceart i bhfeidhm go fóill maidir le rianú teagmhála de.  

Caithfear níos mó tastála a dhéanamh don víreas i nDún na nGall feasta, a dúirt an Dochtúir McDaid.  

Dúirt an Dochtúir Teaghlaigh Paul Grant i mBun Crannacha gur fhág an víreas a lorg go mór in Inis Eoghain.  

Dúirt sé fosta gur seans go bhfuil go leor daoine sa leathinis a bhfuil an víreas orthu, gan aon chomharthaí sóirt.  

Bhí roinnt cásanna nach raibh aon chomharthaí ar dhaoine a raibh agus a bhfuil an víreas orthu, a dúirt an Dochtúir Grant.

An rud is measa faoi sin, ná go dtugann na daoine sin an víreas do go leor daoine eile sa phobal, a dúirt sé.
 

Oideas Gael 

Tá cinneadh glactha ag Oideas Gael i nGleann Cholmcille na cúrsaí a bhí socruithe ón deichiú lá fichead de Bhealtaine go dtí'n t-ochtú lá de Lúnasa a chur ar ceal mar gheall ar an víreas Covid 19.  

Dúirt Stiúrthóir Oideas Gael, Liam O Cuinneagáin, gur ábhar trua nach bhfuil sé ar a gcumas na cúrsaí a reáchtáil ach gur sláinte an phobail is tábhachtaí i láthair na huaire.  

Chomh maith le Gleann Cholmcille, bhíodh cúrsaí a reáchtáil ag Oideas Gael ar Oileán Thoraigh agus i nGleann Fhinne.  

Deir Liam Ó Cuinneagáin go bhfuil súil acu go rachfar ar aghaidh le cúrsaí níos lú ón 8ú Lúnasa ach go ndéanfar athbhreithniú ar an scéal i bhfianaise threoracha an Rialtais.  

Beidh ranganna ar líne a reáchtáil acu ó dheireadh na míosa seo ag leibhéil éagsúla agus a dteagasc ag múinteoirí Oideas Gael.

Treoirlínte sláinte

Tá sé tábhachtach go leanfadh pobal Dhún na nGall orthu ag cloí le treoirlínte sláinte an Rialtais, a dúirt Príomh Cheannfort an Gharda Síochána i nDún na nGall, Terry McGinn.  

Thagair sí go sonrach dona treoirlínte maidir le cúrsaí taistil de, agus dúirt sí nár cheart do dhaoine ach tabhairt faoi thurais riachtanacha amháin.  

Tá sé seo i bhfeidhm chun beatha daoine sa phobal a shábháil, a dúirt sí, agus caithfidh daoine smaoineamh ar sin, a dúirt sí.  

Ghabh An Príomh Cheannfort buíochas le pobal na contae as a gcomhoibriú go dtí seo.  

Tá na treoirlínte ar fad i bhfeidhm go dtí'n 18ú Bealtaine, a dúirt sí, ach athrú amháin ón Mháirt is a chuaigh thart áit a bhfuil cead taisteal achar 5 chiliméadar ó do theach chun cúrsaí aclaíochta amháin.  

Deir sí nach mian le Gardaí i nDún an nGall a gcumhachtaí a úsáid leis an dlí a chur ar dhaoine faoi Rialacha Covid-19, ach go ndéanfar é seo, más gá.  

Dúirt an Príomh Cheannfort fosta go bhfuil Gardaí áitiúla ar fáil chun tacú le daoine a bhfuil fadhbanna acu le linn na géarchéime seo, agus gur cheart do dhaoine sa phobal a dteastaíonn cibé cuidiú uathu, teagmháil a dhéanamh leis an Stáisiún Gardaí is cóngaraí daofa.

Leathanbhanda

Léirítear i suirbhé a rinneadh dírithe ar mhúinteoirí go bhfuil 40% de mhúinteoirí i nDún na nGall ag streachailt le droch sheirbhís leathanbhanda, 35% an meán náisiúnta.  

Bhí an suirbhé a rinne an suíomh idirlíon Studyclix díríthe ar mhúinteoirí ar fud na tíre atá ag múineadh ar líne le linn géarchéim Covid 19.  

De réir an tsuirbhé bhí deacracht ag dhá dhalta as achan chúigear i nDún na nGall le ceangail idirlíon agus iad ag iarraidh obair bhaile a dhéanamh ón bhaile.

Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair

....Tá trí cinn de mhonarcha ceannaithe anois ag comhlacht Fáisc Miotail Éireann Teo ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair agus méadú mór ag teacht ar ghnó an chomhlachta.  

Tá sé deimhnithe ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil iar mhonarcha Snáth Comer ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair ceannaithe ag Fáisc Miotail Teoranta.

Tá an foirgneamh seo, atá folamh ó 2004, 12,000 méadar cearnach agus tá sé i measc na bhfoirgnimh is mó i gcontae Dhún na nGall.  

Tá súil go mbeidh 45 post breise a chruthú ag an chomhlacht, agus seans go bhféadfaí é sin a dhúbailt sa todhchaí de bharr conraithe úra atá acu.

Tairgeann an comhlacht páirteanna áirithe do ghluaisteáin.

 Faoi láthair, tá iarratas pleanála déanta ag Fáisc Miotail le hathchóiriú a dhéanamh ar iar mhonarcha Snáth Comer, le cois foirgneamh eile 18 méadar ar airde a thógáil ina aice.  

Tá seacht n-aighneacht déag déanta ag daoine ón cheantar chuig Rannóg Pleanála na Comhairle Contae maidir leis an fhorbairt seo.

Luaitear imní faoi airde an fhoirgnimh atá le tógáil, agus imní faoi thrup a d'fhéadfadh a bheith ag teacht as.  

Dúradh fosta gur foilsíodh an fógra pleanála i nuachtán nach bhfuil ar fáil le ceannacht go háitiúil i nGaoth Dobhair, le cois go bhféadfadh tionchar a bheith ag an fhorbairt ar éanacha atá faoi chosaint speisialta sa cheantar.  

Bunaíodh Fáisc Miotail Teoranta i 2005 agus tá fás agus forbairt tagtha ar an chomhlacht ó shin.

Beo

Baile an Droichid

Baile an Droichid

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Spórt an Lae

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An mír deireanach de 2019/2020.

An mír deireanach de 2019/2020.

 
Anne Marie Baird, as Dhoibhlinn  in aice le páirc náisiúnta Ghleann Bheatha, i gContae Dhún na nGall.

Anne Marie Baird, as Dhoibhlinn in aice le páirc náisiúnta Ghleann Bheatha, i gContae Dhún na nGall.

 
Rísteard Hennessy, Síceolaí oideachais atá ina chónaí i Singapore.

Rísteard Hennessy, Síceolaí oideachais atá ina chónaí i Singapore.

 
Emma Ní Chearúil, ó Raidió na Life.

Emma Ní Chearúil, ó Raidió na Life.

 
Póilín Nic Geidigh, as an Ardaí Bheag, Gort a’ Choirce.

Póilín Nic Geidigh, as an Ardaí Bheag, Gort a’ Choirce.

 
An Grúpa Ceoil The High Seas, Caitlín Nic Gabhainn, Ciarán Ó Maonaigh agus Cathal Banjo Ó Cuirreáin.

An Grúpa Ceoil The High Seas, Caitlín Nic Gabhainn, Ciarán Ó Maonaigh agus Cathal Banjo Ó Cuirreáin.

 
Mary Aggie, as an Pholl Dóite, áit éigin i Rann na Feirste.

Mary Aggie, as an Pholl Dóite, áit éigin i Rann na Feirste.

 
Bladhaire, Clár iomlán, 290520.

Bladhaire, Clár iomlán, 290520.

 
Darach Ó Murchú;an mbeimíd ag ithe chnathacha fós agus an mbeimíd sásta díol astu?

Darach Ó Murchú;an mbeimíd ag ithe chnathacha fós agus an mbeimíd sásta díol astu?

 
Áine Ní Bheoláin;Bás Barry Clifford

Áine Ní Bheoláin;Bás Barry Clifford

 
Doireann Ní Dhubhda;duais liteartha buaite aici

Doireann Ní Dhubhda;duais liteartha buaite aici

 
Tacaíocht airgid do Choláistí Samhraidh ón Stát.

Tacaíocht airgid do Choláistí Samhraidh ón Stát.

 
An Dr. Síle Creedon; galair tógálacha

An Dr. Síle Creedon; galair tógálacha

 
An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

 
Caoimhe Ní Chathail.

Caoimhe Ní Chathail.

 
Tanya Nic Gairbheith.

Tanya Nic Gairbheith.

 
Edel Ní Chuireáin & Majella Nic Pháidín.

Edel Ní Chuireáin & Majella Nic Pháidín.

 
Séamus Ó Gallachóir & Mary O Brien.

Séamus Ó Gallachóir & Mary O Brien.

 
An tAire Joe Mc Hugh.

An tAire Joe Mc Hugh.

 
Frank Ó Maoláin. CONCUS.

Frank Ó Maoláin. CONCUS.

 
Michelle Nic Grianna.

Michelle Nic Grianna.

 
Barrscéalta Dé hAoine.

Barrscéalta Dé hAoine.

 
Niamh Ní Charra, Cartlannaí Tionscadail ar ábhar Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh.

Niamh Ní Charra, Cartlannaí Tionscadail ar ábhar Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh.

 
An t-ollamh Nollaig Mac Congáil. Aoi sa Chathaoir.

An t-ollamh Nollaig Mac Congáil. Aoi sa Chathaoir.

 
An cocaire Diarmuid Ó Mathúna, ó Mo Food Blog.

An cocaire Diarmuid Ó Mathúna, ó Mo Food Blog.

 
An Dr Ciaran Kearney, síceolaí spóirt as Béal Feirste.

An Dr Ciaran Kearney, síceolaí spóirt as Béal Feirste.

 
John O Ríordáin, as Cathair Chorcaigh.

John O Ríordáin, as Cathair Chorcaigh.

 
Bladhaire, Clár Iomlán 28/05/2020.

Bladhaire, Clár Iomlán 28/05/2020.

 
Clutharú; cé h-iad do thriúr?

Clutharú; cé h-iad do thriúr?

 
Séamus O Drisceoil; An saol i gCléire

Séamus O Drisceoil; An saol i gCléire

 
Seanachán Mac Carthaigh;Ceannasaí teicneolaíochta CIT

Seanachán Mac Carthaigh;Ceannasaí teicneolaíochta CIT

 
Cárthach Ó Faoláin,Muireann Ní Shé,agus Helen Ní Rócháin-

Cárthach Ó Faoláin,Muireann Ní Shé,agus Helen Ní Rócháin-

 
An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

 
Deirdre Ní Bhraonáin.

Deirdre Ní Bhraonáin.

 
Máirtín Enwright. Cairde Éanlaith Éireann

Máirtín Enwright. Cairde Éanlaith Éireann

 
Máirín Nic Fhionghuin & Mairéad Nic Suibhne.

Máirín Nic Fhionghuin & Mairéad Nic Suibhne.

 
Manus Early,Anna Uí Ghallachóir & Caitlín

Manus Early,Anna Uí Ghallachóir & Caitlín

 
An Dr. Tony Delap.

An Dr. Tony Delap.

 
Maighréad Uí Annluain.

Maighréad Uí Annluain.

 
Barrscéalta Déardaoin 28-05-2020.

Barrscéalta Déardaoin 28-05-2020.

 
Cliodhna Mhic Giolla Choda;Meitheal Trá na Rinne.

Cliodhna Mhic Giolla Choda;Meitheal Trá na Rinne.

 
Bráthair Ben Cusack;Bráthair Críostaí

Bráthair Ben Cusack;Bráthair Críostaí

 
John Joe Mac Gearailt;Tóin titithe as phraghas olann

John Joe Mac Gearailt;Tóin titithe as phraghas olann

 
Dr. Barra Ó Conchúir;Có nascadh IT Chiarraí is Chorcaí

Dr. Barra Ó Conchúir;Có nascadh IT Chiarraí is Chorcaí

 
Micheál Ó Cinnéide;Bainisteoir Chomhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne

Micheál Ó Cinnéide;Bainisteoir Chomhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne

 
An Saol ó Dheas 27ú Bealtaine 2020

An Saol ó Dheas 27ú Bealtaine 2020

 
Ian Lee, RTÉ.

Ian Lee, RTÉ.

 
Hughie Mac Giolla Bhríde.

Hughie Mac Giolla Bhríde.

 
Frances Nic Géadaigh.

Frances Nic Géadaigh.

 
Barrscéalta: Dé Céadaoin 27 Bealtaine 2020.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 27 Bealtaine 2020.

 
John Downing, comhfhreagraí polaitíochta Irish Independent.

John Downing, comhfhreagraí polaitíochta Irish Independent.

 
Cróna Ní Ghallchóir, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

Cróna Ní Ghallchóir, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

 
Load More...
Bladhaire

Bladhaire

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

An Cúinne Dána

An Cúinne Dána

Tús Áite

Tús Áite

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís