Nuacht an Tuaiscirt: 26 Márta

Nuacht an Tuaiscirt: 26 Márta

Covid-19 


Níor tháinig méadú ar bith ó oíche Dhomhnaigh go hoíche Luan ar líon na gcásanna den víreas corónach i gcontae Dhún na nGall.

Aon chás déag den víreas a bhí sa chontae ag meán oíche Dé Luain, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Sláinte aréir.

Bhí 1,564 cás deimhnithe sna Sé Contae Fichead inné agus naonúr a fuair bás dá bharr go dtí seo.

Garáistí carranna

Tá sé tugtha le fios ag trí cinn de gharáistí carranna i nDún na nGall go bhfuil siad druidte anois de bharr tionchar atá ag an víreas corónach ar a ngnó, agus ar mhaithe le sábháilteacht baill foirne agus custaiméirí.

Is iad sin Kellys Toyota, DMG Motors agus Connolly Volkswagen.

Dúirt Kellys Toyota go bhfuil achan ghné den ghnó druidte go sealadach, ag na hionaid atá acu i Leitir Ceanainn agus Tamhnach an tSalainn.

Dúirt DMG Motors i mBaile Dhún na nGall gur dhruid siad a ngnó tráthnóna inné, ach go mbeidh fáil ar an fhoireann díolacháin ar an ghuthán nó ar ríomhphost, agus go ndéanfar cóiriú ar charranna i gcásanna éigeandála.

Dúirt garáiste Connolly Volkswagen i Leitir Ceanainn gur dhruid siad an t-ionad díolacháin ag a 6.00 tráthnóna inné go dtí'n 19ú Aibreán.

Beidh siad ar fáil ar chórais meáin shóisialta le plé le díolacháin idir an dá linn, a deir siad.

Leanfar le obair riachtanach maidir le cóiriú agus cothabháil ar charranna, a dúirt siad.

Feirmeoirí

Tá feirmeoirí i nDún na nGall buailte go holc de bharr an cinneadh marglanna a dhruid de bharr an víreas corónach, a deir Seanie Ó Baoill, ball de Choiste Náisiúnta Chumann Feirmeoirí Cnoic agus Natura na hÉireann.

Tá feirmeoirí ag streachailt, a dúirt sé, nuair nach bhfuil siad ábalta cuidiú a thabhairt dá chéile mar gheall ar na sriantá atá i bhfeidhm.

Dúirt sé fosta go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfeadh an Roinn Talmhaíochta pacáiste cúitimh ar fáil dona feirmeoirí agus fosta go gcuirfí córas ar bun le nach mbeidh feidhm ar fheirmeoirí cógais a bhailiú óna tréidlianna dá n-ainmhithe, ach go mbeadh seirbhís iompair cógais ar fáil agus go ndéanfaí na cógais a dháileamh go dtí na feirmeacha.

Sábháilteacht Bóthair

Tá Grúpa Oibre Sábháilteacht Bóthair Dhún na nGall ag iarraidh ar thiománaithe aird bhreise a dhíriú ar shábháilteacht bóthair agus níos mó daoine ag siúl agus ag rothaíocht san am i láthair.

Dúirt Oifigeach Sábháilteacht Bóthair na Comhairle Contae, Brian Ó Dónaill go bhfuil i bhfad níos mó daoine ag siúl ar na bóithre agus ag rothaíocht, agus gur cheart do thiománaithe a bheith níos cúramaí.

Mhol sé do rothaithe agus do choisithe éadach feiceálacha chaitheamh i gcónaí agus mhol sé daofa fosta a chinntiú go bhfuil spás dhá mhéadar ar a laghad idir daoine agus iad ag siúl.

Tá agus beidh brú faoi leith ar na seirbhísí sláinte de bharr an víris corónach, gan a bheith ag déileáil le timpiste bóthair, a dúirt Brian Ó Dónaill. 

Éireannaigh thar lear

Caithfidh Rialtas na hÉireann níos mó a dhéanamh le Éireannaigh atá sáinnithe thar lear a thabhairt ar ais na bhaile, a deir an Seanadóir Brian Ó Domhnaill.

D'iarr sé ar an Taoiseach, An Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha pacáiste airgid a chur ar fáil do bhunadh na tíre atá sainithe san Astráil.

D'iarr sé fosta go gcuirfidh eitiltí speisialta ar fáil le Éireannaigh a thabhairt na bhaile as thar lear.

Thug an tAire Stáit don Diaspora, An Teachta Ciarán Cannon le fios don Seanadóir Ó Domhnaill go bhfuil achan iarracht ar bun ag an Rialtas maidir leis an chás seo. Mhol sé do Éireannaigh san Astráil clárú ar Chlárlann Saoránaigh, muna bhfuil sé déanta acu cheana féin.

Tá fadhbanna móra le heitiltí, a dúirt sé, ach tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha i mbun plé le aerlínte le hiarracht a theacht ar réiteach, a dúirt an tAire Stáit Cannon.

Béilte do dhaoine aosta

Deir coistí i nDún na nGall a chuireann béilte ar fáil do dhaoine aosta agus do dhaoine le riachtanais speisialta ina dtithe féin, go bhfuil siad ag leanstan lena gcuid seirbhísí agus nach bhfuil aon treoir faighte acu ón Rialtas maidir lena mhalairt.

Deir siad go bhfuil méadú ar éileamh ar na béilte ó druideadh na hionaid lae de bharr an víris corónach.

Dúirt urlabhraí ó Ionad Eascarrach ar an Fhál Carrach agus Ionad Naomh Pádraig i nGaoth Dobhair, a chuireann seirbhísí mar seo ar fáil go bhfuil deireadh curtha acusan leis an chuid is mó dena seirbhísí eile a bhí a chur ar fáil acu.

Tá grúpaí tacaíochta deonacha eile curtha ar bun i nDún na nGall, ag soláthar béilte do dhaoine aosta agus leochaileacha ina dtithe féin.

Díonta ceann tuí

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag glacadh le hiarratais do scéim deontais le cóiriú a dhéanamh ar dhíonta ceann tuí sa chontae go dtí'n 22ú lá de Aibreán.

Faoin scéim seo cuirtear comhairle agus maoiniú ar fháil do dhaoine a bhfuil tithe ceann tuí acu faoi chóiriú na ndíonta.

Seo an dara bliain as a chéile an scéim seo a reáchtáil ag Seirbhísí Oidhreachta Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Tá breis agus scór foirgneamh ceann tuí i nDún na nGall gur foirgnimh cosanta iad i láthair na huaire.

Dúirt Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae Dhún na nGall, Joseph Gallagher gur buntáiste mór go bhfuil daoine sa chontae a bhfuil ard scileanna acu ag cur tuí ar fhoirgnimh.

Fuair an Chomhairle Contae 35 iarratas faoin scéim seo anuraidh.

Beo

Nead na Fuiseoige

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Adhmhaidin

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Edel Ní Chuireáin, Bainisteoir Réigiún RTÉ Raidió na Gaeltachta, sna Doirí Beaga.

Edel Ní Chuireáin, Bainisteoir Réigiún RTÉ Raidió na Gaeltachta, sna Doirí Beaga.

 
Conchúr Ó Lúadhóg.

Conchúr Ó Lúadhóg.

 
Pádraigín Ní Uallacháin, amhránaí, taighdeoir, cumadóir, údar agus buaiteoir Gradam Ceoil TG4.

Pádraigín Ní Uallacháin, amhránaí, taighdeoir, cumadóir, údar agus buaiteoir Gradam Ceoil TG4.

 
Hannah Rice As Cluain Tiobraid i gcontae Mhuineacháin.

Hannah Rice As Cluain Tiobraid i gcontae Mhuineacháin.

 
Gearóid Ó Murchú, ón ghrúpa ceoil Na Rógairí.

Gearóid Ó Murchú, ón ghrúpa ceoil Na Rógairí.

 
Jamie Ó Tuama- Oifigeach forbartha Gaeilge an Chumainn Lúthchleas Gael.

Jamie Ó Tuama- Oifigeach forbartha Gaeilge an Chumainn Lúthchleas Gael.

 
Barra Ó Scanláin, léachtóir Gaeilge in Ollscoil Edmonton in Alberta, Ceanada.

Barra Ó Scanláin, léachtóir Gaeilge in Ollscoil Edmonton in Alberta, Ceanada.

 
Bladhaire - Clár Iomlán - 09/04/2020.

Bladhaire - Clár Iomlán - 09/04/2020.

 
An tAthair Eddie Ó Gallachóir.

An tAthair Eddie Ó Gallachóir.

 
Evyone Ní Churraighin.

Evyone Ní Churraighin.

 
Martina Uí Bheirn.

Martina Uí Bheirn.

 
Mairéad Ní Mhaoinigh.

Mairéad Ní Mhaoinigh.

 
Rónán Ó Dochartaigh & Tony Birtill.

Rónán Ó Dochartaigh & Tony Birtill.

 
Éamonn Mac Aoidh.

Éamonn Mac Aoidh.

 
An Dr Tony Delap.

An Dr Tony Delap.

 
Frances Nic Géadaigh.

Frances Nic Géadaigh.

 
Barrscéalta Déardaoin 09-04-2020.

Barrscéalta Déardaoin 09-04-2020.

 
John Downing, comhfhreagraí polaitíochta., Irish Independent.

John Downing, comhfhreagraí polaitíochta., Irish Independent.

 
Ábhar altra, Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh.

Ábhar altra, Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh.

 
Seaghan Mac an tSionnaigh, léachtóir in Uppsala, An tSualainn.

Seaghan Mac an tSionnaigh, léachtóir in Uppsala, An tSualainn.

 
Noreen Devine, Dún Fionnachaidh, Dún na nGall.

Noreen Devine, Dún Fionnachaidh, Dún na nGall.

 
Colm Mac Donnchadha, Bleachtaire Sáirsint leis an nGarda Síochána.

Colm Mac Donnchadha, Bleachtaire Sáirsint leis an nGarda Síochána.

 
Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Piaras Ó Dochartaigh, T.D. Sinn Féin.

Piaras Ó Dochartaigh, T.D. Sinn Féin.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iathair.

Príomhscéalta an Iathair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Déardaoin 09 Aibreán 2020.

Adhmhaidin: Déardaoin 09 Aibreán 2020.

 
Eibhlín Nic Giolla Bhríde.

Eibhlín Nic Giolla Bhríde.

 
Andy Caomhanach.

Andy Caomhanach.

 
Bernie Ní Ghallachóir.

Bernie Ní Ghallachóir.

 
Dónall Ó Braonáin.

Dónall Ó Braonáin.

 
Micheál Mac Gairbheith.

Micheál Mac Gairbheith.

 
An Dlíodóir Antoin Delap.

An Dlíodóir Antoin Delap.

 
Comórtas  ar RTÉ RnaG.

Comórtas ar RTÉ RnaG.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

 
Barrscéalta Dé Céadaoin. 08-04-2020.

Barrscéalta Dé Céadaoin. 08-04-2020.

 
Joanne Ní Cheallaigh, Donegal Hygiene, Gaoth Dobhair.

Joanne Ní Cheallaigh, Donegal Hygiene, Gaoth Dobhair.

 
Noel Ó Domhnaill, An Ísiltír.

Noel Ó Domhnaill, An Ísiltír.

 
Catherine Connolly, Teachta Dála.

Catherine Connolly, Teachta Dála.

 
John Downing, comhfhreagraí polaitíochta, Irish Independent.

John Downing, comhfhreagraí polaitíochta, Irish Independent.

 
Niall Prendiville, Madrid, An Spáinn.

Niall Prendiville, Madrid, An Spáinn.

 
Dr Colm Henry, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Dr Colm Henry, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

 
Malachy Ó Ruairc, An Bhruiséil.

Malachy Ó Ruairc, An Bhruiséil.

 
Príomhscéalta na bPaipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPaipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta  an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáiisúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáiisúnta.

 
Adhmhaidin: Dé Céadaoin 08 Aibreán 2020.

Adhmhaidin: Dé Céadaoin 08 Aibreán 2020.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Tús Áite

Tús Áite

Bladhaire

Bladhaire

Iris Aniar

Iris Aniar

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís