Nuacht an Tuaiscirt: 25 Márta

Nuacht an Tuaiscirt: 25 Márta

Víreas i nDún na nGall

Aon chás déag den víreas corónach a bhí deimhnithe i gcontae Dhún na nGall ag meán oíche, oíche Dhomhnaigh, de réir an eolais is deireanaí maidir le líon na gcásanna den víreas in achan chontae, a cuireadh ar fáil aréir.

Bhí 1,501 cás den víreas corónach deimhnithe sa tír ar fad aréir, agus dhá dhuine dhéag a chaill a mbeatha, dá bharr.

Cé go mbeidh dhá ionad tástála don víreas corónach i nDún na nGall ón Aoine, thug Feidhmeannacht Sláinte an Iarthair le fios do Nuacht an Tuaiscirt go bhfuil pleananna acu tuilleadh ionaid tástála a chur ar bun sa chontae.

Níl sonraí ar bith go fóill faoina hionaid tástála bhreise seo, a dúirt urlabhraí ó Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte.

Faoi láthair, tá ionad tástála ag Otharlann Naomh Conaill i Leitir Ceanainn, agus ón 8.00 maidin Dé hAoine beidh an dara ionad tástála sa chontae ag Páirc Uí Dhomhnaill i Leitir Ceanainn.

Comhairle Contae

Tá seans go gcaithfidh Comhairle Contae Dhún na nGall amharc ar dhóigheanna úra le obair na Comhairle a dhéanamh, seachas cruinnithe a eagrú, a dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle, Séamus Neely, i gcomhfhreagras a chuir sé chuig Comhairleoirí Contae tráthnóna inné.

Tá an Chomhairle le teagmháil a dhéanamh le Coiste Polasaí Corparáideach na Comhairle lena mbarúlach a fháil faoi cén dóigh is fearr le leanstan den obair a dhéantaí ag cruinnithe na Comhairle.

Ní rachfar ar aghaidh le cruinniú míosúil na Comhairle ar an 30ú lá den mhí seo, agus ní fhéadfaí a leithid a ghairm i seomra cruinnithe na Comhairle ar aon nós, a dúirt an Príomhfheidhmeannach. #

Caithfear glacadh le cibé treoir ón HSE agus ón Rialtas le linn na géarchéime seo, a dúirt an Príomhfheidhmeannach, Séamus Neely.

Carranna úra
 
Tá moill ar roinnt garáistí i nDún na nGall carranna úra a fháil lena ndíol de bharr tionchar an víris chorónaigh, a dúirt Terence Ó Duibhir ó Gharáiste Uí Dhuibhir i Leitir Ceanainn.  

Deir sé go bhfuil rudaí i bhfad níos ciúine le tamall sna garáistí de bharr imní ar an phobal faoin víreas, agus dúirt sé fosta go mbeidh ar roinnt garáistí druid roimh i bhfad, de bharr mar atá cúrsaí.

hug sé le fios go bhfuil achan iarracht a dhéanamh acusan leanstan le cúrsaí mar a bhí, chomh fada agus is féidir, ach gur dúshlán mór daofa é sin a dhéanamh, agus gur seans go mbeidh cinneadh le déanamh acu roimh dheireadh na seachtaine, maidir le uaireanta oscailte.

Má leanann cúrsaí mar atá i bhfad eile, beidh oibrithe a ligean chun bealaigh san earnáil, a dúirt Terence Ó Duibhir. 

Sliabh Liag

Ní bheidh cead ach ag úinéirí talaimh amháin úsáid a bhaint as Sliabh Liag ón lá inniu, do réir ráitis ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Bord Chomhlacht Shliabh Liag.

Socraíodh tráthnóna inné nach mbeadh deis ag an phobal dul fhad le Sliabh Liag, agus go gcuirfidh suas comharthaí ag léiriú  go raibh bac ar dhaoine cuairt a thabhairt ar an láthair.

D'iarr an Chomhairle Contae ar an phobal aird a thabhairt ar an fhógra seo.

Dúirt an Comhairleoir Contae Niamh Kennedy go raibh cuid mhór daoine ag tabhairt cuairte ar an cheantar le cúpla lá, agus gur shocair siad an áit a dhruid mar gheall ar chomh gasta atá an víreas coróineach ag spréadh.

Eitiltí

Tá go leor de bhunadh Dhún na nGall atá thar lear agus nach bhfuil sé ar a gcumas pilleadh ar ais na bhaile i láthair na huaire, de bharr eitiltí ar ceal agus bac ar thaisteal, a dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

Dúirt sé go bhfuil iarrachtaí ar bun ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag iarraidh Éireannaigh atá thar lear a thabhairt ar ais na bhaile, ach go bhfuil go leor go fóill atá sáinnithe thar lear.

Ba cheart don Rialtas eitiltí speisialta a chur ar fáil leis na daoine seo atá sáinnithe thar lear, a thabhairt na bhaile ar bhonn práinne, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig.

Hugh Conaghan

Fuair an t-iar Theachta Dála de chuid pháirtí Fhianna Fáil, Hugh Conaghan, bás aréir. Ba as Baile Úr Uí Chuinneagáin do Hugh Conaghan, agus bhí sé 93 bliain d'aois.

Toghadh don chéad uair é mar Theachta Dála in Olltoghchán 1977 i nDáilcheantar Dhún na nGall Thoir Thuaidh, agus bhí sé mar Theachta Dála go dtí 1989.

Beo

Spórt an tSathairn

Spórt an tSathairn

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Ruathar Ceoil

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Seamus Ó Fatharta ó TechSpace.

Seamus Ó Fatharta ó TechSpace.

 
An Grúpa Ceoil The Fast Company – Niall Teague, Padraig Seoighe agus Neil Fitzgibbon

An Grúpa Ceoil The Fast Company – Niall Teague, Padraig Seoighe agus Neil Fitzgibbon

 
Diarmaid Ó Mathúna, Údar Mo Food Blog, Cocaire i mbialann Nash19.

Diarmaid Ó Mathúna, Údar Mo Food Blog, Cocaire i mbialann Nash19.

 
Mary Aggie, beo ar Bladhaire.

Mary Aggie, beo ar Bladhaire.

 
Tadhg Mac Dhonnagáin ó Futa Fata.

Tadhg Mac Dhonnagáin ó Futa Fata.

 
Póilín Nic Geidigh, Banríon na bingéala.

Póilín Nic Geidigh, Banríon na bingéala.

 
Máire Treasa Ní Cheallaigh, Síceolaí Spóirt.

Máire Treasa Ní Cheallaigh, Síceolaí Spóirt.

 
Colm Mac Gearailt.

Colm Mac Gearailt.

 
Bladhaire - Clár iomlán - 270320.

Bladhaire - Clár iomlán - 270320.

 
Eddie Ó Duibhir.

Eddie Ó Duibhir.

 
Diane Ní Chanainn.

Diane Ní Chanainn.

 
Deaglán Ó Dochartaigh.

Deaglán Ó Dochartaigh.

 
Andy Caomhanach.

Andy Caomhanach.

 
Paddy Browne.

Paddy Browne.

 
Fidelama Ní Dhochartaigh.

Fidelama Ní Dhochartaigh.

 
Frances Nic Géadaigh & Fr Nigel Ó Fearraigh.

Frances Nic Géadaigh & Fr Nigel Ó Fearraigh.

 
Barrscéalta Dé hAoine.27-03-2020.

Barrscéalta Dé hAoine.27-03-2020.

 
An tAthair Nigel Ó Gallchóir , Sagart Paróiste Anagaire.

An tAthair Nigel Ó Gallchóir , Sagart Paróiste Anagaire.

 
Conor  McGuinness, Comhairleoir Condae, Port Láirge.

Conor McGuinness, Comhairleoir Condae, Port Láirge.

 
Ciarán O hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Ciarán O hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

 
Dr Colm Ó Móráin, Ospidéal an Beacon, Baile Átha Cliath.

Dr Colm Ó Móráin, Ospidéal an Beacon, Baile Átha Cliath.

 
Pádraig Ó Fátharta, Cumann Lúthchleas Gael, Árainn.

Pádraig Ó Fátharta, Cumann Lúthchleas Gael, Árainn.

 
Somhairle Mag Uidhir, Raidió Fáilte.

Somhairle Mag Uidhir, Raidió Fáilte.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin.

Adhmhaidin.

 
Dara Ó Cinnéide.

Dara Ó Cinnéide.

 
Molly Hester, innealtóir agus ceoltóir as Meiriceá.

Molly Hester, innealtóir agus ceoltóir as Meiriceá.

 
Brídín Ní Mhaoldomhnaigh no Katy Daly i Ros na Rún.

Brídín Ní Mhaoldomhnaigh no Katy Daly i Ros na Rún.

 
Kate Mc Daid ón chomhlacht Nutrikate, comhairleoir bia sláintiúil.

Kate Mc Daid ón chomhlacht Nutrikate, comhairleoir bia sláintiúil.

 
Eimear  Mc Govern.

Eimear Mc Govern.

 
Corey Hanna, o Gaelscoil Eadaoin Mhór I nDoire.

Corey Hanna, o Gaelscoil Eadaoin Mhór I nDoire.

 
Bladhaire, Clár Iomlán - 260320

Bladhaire, Clár Iomlán - 260320

 
An Dochtúr Tony Delap.

An Dochtúr Tony Delap.

 
An Seanadóir Brian Ó Domhnaill.

An Seanadóir Brian Ó Domhnaill.

 
Ionaid Pobail an Iar Thuaisceirt .

Ionaid Pobail an Iar Thuaisceirt .

 
Paula Nic Gairbheith. DLDC

Paula Nic Gairbheith. DLDC

 
Micheál Mac Giolla Easpaig.

Micheál Mac Giolla Easpaig.

 
Frances Nic Géadaigh.

Frances Nic Géadaigh.

 
Barrscéalta Déardaoin 26-03-2020.

Barrscéalta Déardaoin 26-03-2020.

 
Cian Mac Cárthaigh, Léiritheoir Home School Hub de chuid Macalla Teo

Cian Mac Cárthaigh, Léiritheoir Home School Hub de chuid Macalla Teo

 
An Dlíodóir Antoin Delap.

An Dlíodóir Antoin Delap.

 
Caoimhín Ó Baoill.

Caoimhín Ó Baoill.

 
An Dr.Tony Delap.

An Dr.Tony Delap.

 
Maighréad Nic Ruairí.

Maighréad Nic Ruairí.

 
An TD. Piaras Ó Dochartaigh.

An TD. Piaras Ó Dochartaigh.

 
An tAire Oideachais Joe Mc Hugh.

An tAire Oideachais Joe Mc Hugh.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

 
Load More...
Tús Áite

Tús Áite

Barrscéalta

Barrscéalta

Bladhaire

Bladhaire

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Iris Aniar

Iris Aniar

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís