Nuacht an Tuaiscirt: 20 Márta

Nuacht an Tuaiscirt: 20 Márta

Coróinvíreas

Níl briseadh síos déanta go fóill ar na cásanna úra den víreas corónach a d'fhógair an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le dhá lá.  

Tá cúig chás nó níos lú den víreas corónach i nDún na nGall faoi láthair ach tá na figiúirí sin bunaithe ar fhigiúirí ó mheán oíche an seachtú lá déag de Mhárta.  

Thug an fhoireann éigeandála le fios aréir go raibh 191 cás úr sna sé chontae is fiche inné.... ach ní fios go fóill an bhfuil cásanna úra ar bith i nDún na nGall.  

Meastar go bhfuil níos mó cásanna den víreas sa chontae ach go bhfuil moill na tástálacha a dhéanamh.  634 cás den víreas corónach atá sa tír iomlán anois.

Seirbhísí bus

Beidh scrios mór déanta ar an earnáil iompair agus comhlachtaí busanna, muna mbeidh tacaíocht a fháil acu ón Rialtas, a deir Brian Ó Dónaill ó chomhlacht Bus Feda.  

Dúirt sé go bhfuil laghdú tubaisteach ar líon na bpaisinéirí atá ag taisteal ar na seirbhísí bus, agus cé nár mhaith leo deireadh a chur leis na seirbhísí, beidh orthu é sin a dhéanamh muna mbeidh tacaíocht ar fáil daofa, a dúirt sé.  

Thug sé le fios gur triúr paisinéir a thaisteal ar sheirbhís bus na maidine idir Dún na nGall agus Gaillimh ar an Luan, agus gur 75 ar an mheán a bhíonn ar an tseirbhís sin de ghnáth.  

Tá ciorraithe curtha i bhfeidhm ag Bus Feda ar a gcuid seirbhísí ón lá inniu.  

Ní bheidh seirbhís i lár an lae ó Dhún na nGall go Gaillimh agus ní bheidh seirbhísí ag 1.30 agus 4.00 inniu ó Ghaillimh go Dún na nGall.  

Maidir leis an tseirbhís Local Link atá a reáchtáil ag Bus Feda, dúirt Brian Ó Dónaill go bhfuil an tseirbhís sin ag leanstan ar aghaidh faoi láthair, ach go bhfuil sé ráite ag An tSeirbhís Iompair Tuaithe nach mbeidh sé ar a gcumas leanstan den tseirbhís gan cuidiú ón Rialtas.

Cuirfidh Comhlacht Busanna Phaddy Gallagher deireadh lena gcuid seirbhísí bus ó Anagaire go Béal Feirste ón Domhnach an 22ú Márta go dtí deireadh mí Mheitheamh.  

Tá cead tugtha ag an Údarás Náisiúnta Iompar don chomhlacht an tseirbhís a chur ar fionraí go deireadh mí an Mheithim.

Lorg an comhlacht an tseirbhís a chur ar fionraí go deireadh mí Aibreán.  

Beidh seirbhís laethúil bus a chur ar fáil ag an chomhlacht ó Ghaoth Dobhair go Doire ach ní bheidh ó Anagaire go Béal Feirste.  

Thug Bainistíocht an chomhlachta le fios nach raibh sé ar a gcumas leanstan ar aghaidh le seirbhís Bhéal Feirste mar go raibh titim tubaisteach ar líon na bpaisinéirí agus costais mhóra ar an chomhlacht.

Agus tá sé tugtha le fios ag Comhlacht Busanna John Mc Ginley go bhfuil laghdú a dhéanamh acu ar na seirbhísí bus a bhíonn acu De hAoine dírithe ar mhic léinn mar gheall ar na coláistí agus na hollscoileanna a bheith druidte.  

Ní bheidh seirbhísí 10.45 nó 2.45 ó Leitir Ceanainn go Baile Átha Cliath ag feidhmiú inniu agus ní bheidh na seirbhísí 12.30, 3.30, 4.30 agus 7.30 ó Bhaile Átha Cliath go Dún na nGall ag feidhmiú inniu.

 Ach thug an comhlacht le fios go bhfuil gnáthsheirbhísí laethúla eile an chomhlachta ag feidhmiú go fóill.  D'impigh siad ar an phobal cloí leis na treoracha atá i bhfeidhm ar na busanna maidir le cúrsaí glaineachta de agus na suíocháin ar na busanna.

Cáin mhaoine áitiúil

Caithfear faoiseamh a thabhairt do theaghlaigh agus an cháin mhaoine áitiúil a chur ar ceal anois, a dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.  

Is cáin éagórach an cháin seo, agus seo an t-am anois deireadh a chur leis, agus teaghlaigh ag streachailt agus imní ar theaghlaigh faoi chúrsaí airgeadais de bharr tionchar an víris chorónaigh.  

Tá iarrachtaí ar bun ag an Rialtas chun tacú le lucht gnó, gnóanna móra go háirithe, ach caithfear díriú ar ghnáth theaghlaigh na tíre, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig.

Cíos

Deir an Comhairleoir Contae Gerry McMonagle  nár cheart don Chomhairle Contae  cíos a ghearradh ar thionóntaithe  de chuid na Comhairle,  mar gheall ar ghéarchéim an virís chorónaigh.  

Dúirt sé go bhfuil postanna caillte ag cuid mhaith tionóntaithe agus go gcaithfear a bheith tuisceanach leo siúd atá ag streachailt go mór faoi láthair.  

D'iarr an Comhairleoir McMonagle fosta ar thiarnaí talún a bhfuil foirgnimh ar cíos acu le gnóanna beaga, an cíos a chur ar ceal ar feadh tamaill.  

Dúirt sé go bhfuil na scórtha de ghnóanna beaga druidte idir shiopaí, tabhairní, bialanna  agus oifigí, agus nach bhfuil siad ábalta an cíos a íoc nuair nach bhfuil teacht isteach ar bith acu.

 Dúirt an Comhairleoir McMonagle go bhfuil na bancanna sásta faoiseamh a thabhairt ar mhorgáistí agus gur cheart go mbeadh faoiseamh ar chíos chomh maith.

Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha

Tá Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha druidte mar gheall ar an Víreas Corónach. 

Thug Bainistíocht Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha le fios go bhfuil na háiseanna agus na seirbhísí ar fad druidte, ina measc Ionad na gcuairteoirí, An Caisleán, na leithris agus an tseirbhís bus taobh istigh den pháirc náisiúnta.  

Deir an bhainistíocht go mbeidh an Pháirc Náisiúnta druidte go dtín 29ú lá den mhí seo, ar a laghad, agus go meastar go mbeidh ar feadh seal eile ama ina dhiaidh sin.

Polasaí trasteorann

Tá géarghá le polasaí aontaithe trasteorann le déileáil leis an víreas corónach chomh héifeachtach agus is féidir, dar le hUachtarán Chumann Tráchtála Dhoire, Redmond Mac Pháidín.  

Dúirt sé gurbh éigean do 80 gnó druid i réigiún an iar thuaiscirt de bharr tionchar an víris, agus gur níos measa i bhfad a bheas rudaí gan mhoill.  

De bharr chomh deacair atá sé ar ghnóanna i gceantar na teorann, níl sé ceart nó cóir go bhfuil dhá chineál treoracha éagsúla ar fáil do lucht gnó ar achan taobh den teorann, a dúirt Redmond Mac Pháidín.  

Caithfear amharc ar an cheantar mar aon réigiún amháin agus gan aon teorann a chur san áireamh sna hiarrachtaí atá ar bun ag na húdaráis le gnóanna a bhuanú, i nDoire agus i nDún na nGall, a dúirt sé.

Eirchóid

Tá Gardaí i nDún na nGall ag cur ina luí ar an phobal an tábhacht a bhaineann le go mbeadh Eirchóid ar eolas ag achan duine.  

Dúirt na Gardaí go bhfuil na hEirchóid fíorthábhachtach dona seirbhísí éigeandála agus gur cheart go mbeadh sé ar eolas ag achan duine nó go mbeadh sé ar fáil in áit ina mbeadh sé furast a aimsiú.  

Is féidir le daoine Eirchóid a aimsiú ar an suíomh idirlíon www.eircode.ie agus tá na Gardaí ag iarraidh go dtabharfadh daoine atá ag gabháil siar i mblianta aird ar an cheist agus a chinntiú go bhfuil fáil acu ar an Eirchóid go háirithe i gcásanna éigeandála.

Beo

Scoth an Déardaoin

Scoth an Déardaoin

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Deireadh le seirbhísí Ord Naomh Eoin

Tús Áite: Deireadh le seirbhísí Ord Naomh Eoin

 
Tús Áite: Córas 'soilse tráchta' don taisteal

Tús Áite: Córas 'soilse tráchta' don taisteal

 
Tús Áite: Cás dlí in aghaidh ne Breataine

Tús Áite: Cás dlí in aghaidh ne Breataine

 
Tús Áite: Earráidí Ardteiste

Tús Áite: Earráidí Ardteiste

 
Tús Áite: Tuairisc Denham

Tús Áite: Tuairisc Denham

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite 1/10/20

Tús Áite 1/10/20

 
Doireann Ní Ghlacáin : Láithreoir le Tg4

Doireann Ní Ghlacáin : Láithreoir le Tg4

 
Cass McKenna: Comhrá le Cass

Cass McKenna: Comhrá le Cass

 
Doireann Ní Ghríofa : Údar

Doireann Ní Ghríofa : Údar

 
Daire Ó Baoill : Glór na nGael

Daire Ó Baoill : Glór na nGael

 
Eimear McGovern: léirmheas ar leabharthaí

Eimear McGovern: léirmheas ar leabharthaí

 
Seán Ó hUallacháin : Corcaigh

Seán Ó hUallacháin : Corcaigh

 
Ceol beo: Seán Potts an píobaire

Ceol beo: Seán Potts an píobaire

 
Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 1/10

Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 1/10

 
Maidhc Bruic; trácht ar a bhaile dúchais,Baile Ghainín.

Maidhc Bruic; trácht ar a bhaile dúchais,Baile Ghainín.

 
Eoghan Corry; Aerfort Chiarraí.

Eoghan Corry; Aerfort Chiarraí.

 
Máiréad Uí Lionáird;Trácht ar Jamie Ó Muineacháin.

Máiréad Uí Lionáird;Trácht ar Jamie Ó Muineacháin.

 
Ciarán Walsh;an víoras crónach agus muintir Chiarraí.

Ciarán Walsh;an víoras crónach agus muintir Chiarraí.

 
An Saol ó Dheas: an chéad lá do Dheireadh Fómhair 2020.

An Saol ó Dheas: an chéad lá do Dheireadh Fómhair 2020.

 
An Dr. Darach Watson, Réalteolaí I Copenhagen.

An Dr. Darach Watson, Réalteolaí I Copenhagen.

 
Barra Ó Scanláin, Comhairleoir Pleanála Teanga úr sa Ghaeltacht Lár.

Barra Ó Scanláin, Comhairleoir Pleanála Teanga úr sa Ghaeltacht Lár.

 
An Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
Séamus Ó Fearraigh, Múinteoir agus Tuismitheoir.

Séamus Ó Fearraigh, Múinteoir agus Tuismitheoir.

 
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap.

An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap.

 
Michelle Nic Grianna, ó Sheomra na Nuachta.

Michelle Nic Grianna, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta: Déardaoin 01 Deireadh Fómhair 2020.

Barrscéalta: Déardaoin 01 Deireadh Fómhair 2020.

 
An tAthair Brian Ó Fearraigh, Coiste Ionad Óige Ghaobh Dobhair.

An tAthair Brian Ó Fearraigh, Coiste Ionad Óige Ghaobh Dobhair.

 
Tadhg Ó Duinnín, Coiste Forbartha Bhéal Átha an Ghaorthaidh.

Tadhg Ó Duinnín, Coiste Forbartha Bhéal Átha an Ghaorthaidh.

 
Colm Mac Donnchadha, Bleachtaire Sáirsint, Garda Síochána.

Colm Mac Donnchadha, Bleachtaire Sáirsint, Garda Síochána.

 
Séamus Ó Ceallacháin, Gaelscoil na Tríonóide, Eochaill, Corcaigh.

Séamus Ó Ceallacháin, Gaelscoil na Tríonóide, Eochaill, Corcaigh.

 
Declan Glynn, Ardrúnaí Cúnta, TUI.

Declan Glynn, Ardrúnaí Cúnta, TUI.

 
Pól Ó Dochartaigh, leas-uachtarán NUIG, Cathaoirleach Lár Oifig Iontrála.

Pól Ó Dochartaigh, leas-uachtarán NUIG, Cathaoirleach Lár Oifig Iontrála.

 
Aodhán Ó Riordáin, T.D. Lucht Oibre.

Aodhán Ó Riordáin, T.D. Lucht Oibre.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Déardaoin 01 Meán Fómhair 2020.

Adhmhaidin: Déardaoin 01 Meán Fómhair 2020.

 
Tús Áite: Mír na Meán

Tús Áite: Mír na Meán

 
Tús Áite: Stiúrthóir Cliniciúil nua Cervical Check

Tús Áite: Stiúrthóir Cliniciúil nua Cervical Check

 
Tús Áite: Díospóireacht Trump v Biden

Tús Áite: Díospóireacht Trump v Biden

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: Earráidí Ardteiste

Tús Áite: Earráidí Ardteiste

 
Tús Áite 30/9/20

Tús Áite 30/9/20

 
Áine Uí Fhoghlú;Féile Ealaíne na nDeise.

Áine Uí Fhoghlú;Féile Ealaíne na nDeise.

 
Ruairí Ó Donnabháin;Togra ealaíne cónaitheach Chléire

Ruairí Ó Donnabháin;Togra ealaíne cónaitheach Chléire

 
Séamus Ó Luing;Tuarascáil Grant Thornton

Séamus Ó Luing;Tuarascáil Grant Thornton

 
Tionscail na turasóireachta agus an baol do Chorcaigh?

Tionscail na turasóireachta agus an baol do Chorcaigh?

 
An Saol ó Dheas 30ú Mean Fhómhair 2020

An Saol ó Dheas 30ú Mean Fhómhair 2020

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Tús Áite

Tús Áite

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís