Nuacht an Tuaiscirt: 18 Márta

Nuacht an Tuaiscirt: 18 Márta

Obair dheonach

Tá grúpaí deonacha ar fud Dhún na nGall ag tacú le daoine aosta agus le daoine leochaileacha ar fud na contae i láthair na huaire, chun siopadóireacht a dhéanamh, cógais a bhailiú, nó a mhacasamhail.

Rinne go leor daoine teagmháil le hIonad Saorálaigh Dhún na nGall le rá go mbeadh siad sásta cibé cuidiú a thabhairt do dhaoine ina gceantair féin.

D'iarr John Ó Curráin, Bainisteoir Ionad Saorálaigh Dhún na nGall ar ghrúpaí atá i mbun na hoibre seo an tIonad Saorálaigh a chur ar an eolas le go mbeidh clárlann iomlán acu don chontae.

Rinne sé achainí ar dhaoine a dteastaíonn cuidiú uathu agus gan iad ag iarraidh a dtithe a fhágáil, teagmháil a dhéanamh le hIonad Saorálaithe Dhún na nGall agus go gcuirfear eolas ar fáil faoin ghrúpa deonach áitiúil atá ag plé lena gceantar.

D'iarr sé ar dhaoine eolas a fháil ón suíomh idirlíon volunteerdonegal.ie nó teagmháil a dhéanamh leis féin ar fón póca ag 086-8186035.

Tá sé tugtha le fios ag Ionad Saorálaigh Dhún na nGall go bhfuil siad ar fáil chun tacú le grúpaí pobail atá ag iarraidh cuidiú a thabhairt do sheandaoine nó do dhaoine a bhfuil orthu fanacht ina gcuid tithe mar gheall ar an víreas corónach.

Athrú aeráide

Tá sé i gceist ag Comhairle Contae Dhún na nGall ról ceannaíochta a ghlacadh maidir le pobail íseal-charbóin a chruthú sa chontae.

De réir Plean Chorparáideach na Comhairle 2020-2040, tá an Chomhairle le tús áite a thabhairt do straitéis a bhaineann le hathrú aeráide sa chontae, agus chun gníomhú ar Straitéis Oirniú Aeráide agus chun tacú le spriocanna an Rialtais maidir le hathrú aeráide.

San áireamh sa phlean fosta tá cosaint, caomhnú agus cur chun cinn oidhreacht nádúrtha na contae agus fosta go mbeidh soilse poiblí uilig a n-athrú go bolgáin LED, obair atá ar bun ag an Chomhairle le dhá bhliain.

Lena chois sin tá sé luaite sa phlean go mbeidh an Chomhairle iontach dian feasta ag cur rialacháin maidir le cosaint na timpeallachta i bhfeidhm.

Tá an Chomhairle chun comhoibriú le hOifig na nOibreacha Poiblí agus eagrais eile, chun aird a dhíriú ar bheartais chun tuilte a sheachaint ar fud na contae.

Otharlann Leitir Ceanainn

Tá chor a bheith 300 duine ar liosta na n-othar cónaitheach nó othar lae in Otharlann Leitir Ceanainn faoi láthair, a fuair comhar leighis nó coinne cheana féin, agus a dteastaíonn coinne breise uathu.

280 othar dá mhacasamhail atá ar liosta feithimh na hotharlainne faoi láthair, agus tá 127 acusan a bhfuil dáta acu do choinne eile.

Seo de réir an eolais atá curtha ar fáil an tseachtain seo ag an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála.

Féile Milwaukee

Tá sé beartaithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall aird ar leith a dhíriú ar Chontae Dhún na nGall ag féile Milwaukee Mheiriceá an Samhradh seo.

Tugann 120,000 duine cuairt ar an fhéile achan bhliain. Beidh ceoltóirí, ealaíontóirí, staraithe agus scéalaithe as Dún na nGall i láthair ag an fhéile i mbliana.

Beidh seastáin eolais agus taispeántais ag an fhéile chomh maith dírithe ar an chontae. Beidh an fhéile ar siúl i mí Lúnasa. 

Leanaí nuabheirthe

Ba taobh amuigh den phósadh a saolaíodh breis agus 40% de leanaí i nDún na nGall san tríú ráithe de 2019 de réir an eolais ón Phríomh-Oifig Staidrimh.

Saolaíodh 502 leanbh i nDún na na nGall idir mí Iúil agus mí Mheán Fómhair anuraidh.

Bhí 204 acusan nó 40.6% do pháirtithe nach raibh pósta.

Léirigh na figiúirí fosta go bhfuair 262 duine bás i gcontae Dhún na nGall san tríú ráithe de 2019 - 148 fear agus 114 bean.

Ba ailse a thug bás 101 as an 262 duine a fuair bás sa chontae sa tréimhse sin. 

Beo

Scoth an Déardaoin

Scoth an Déardaoin

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Deireadh le seirbhísí Ord Naomh Eoin

Tús Áite: Deireadh le seirbhísí Ord Naomh Eoin

 
Tús Áite: Córas 'soilse tráchta' don taisteal

Tús Áite: Córas 'soilse tráchta' don taisteal

 
Tús Áite: Cás dlí in aghaidh ne Breataine

Tús Áite: Cás dlí in aghaidh ne Breataine

 
Tús Áite: Earráidí Ardteiste

Tús Áite: Earráidí Ardteiste

 
Tús Áite: Tuairisc Denham

Tús Áite: Tuairisc Denham

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite 1/10/20

Tús Áite 1/10/20

 
Doireann Ní Ghlacáin : Láithreoir le Tg4

Doireann Ní Ghlacáin : Láithreoir le Tg4

 
Cass McKenna: Comhrá le Cass

Cass McKenna: Comhrá le Cass

 
Doireann Ní Ghríofa : Údar

Doireann Ní Ghríofa : Údar

 
Daire Ó Baoill : Glór na nGael

Daire Ó Baoill : Glór na nGael

 
Eimear McGovern: léirmheas ar leabharthaí

Eimear McGovern: léirmheas ar leabharthaí

 
Seán Ó hUallacháin : Corcaigh

Seán Ó hUallacháin : Corcaigh

 
Ceol beo: Seán Potts an píobaire

Ceol beo: Seán Potts an píobaire

 
Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 1/10

Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 1/10

 
Maidhc Bruic; trácht ar a bhaile dúchais,Baile Ghainín.

Maidhc Bruic; trácht ar a bhaile dúchais,Baile Ghainín.

 
Eoghan Corry; Aerfort Chiarraí.

Eoghan Corry; Aerfort Chiarraí.

 
Máiréad Uí Lionáird;Trácht ar Jamie Ó Muineacháin.

Máiréad Uí Lionáird;Trácht ar Jamie Ó Muineacháin.

 
Ciarán Walsh;an víoras crónach agus muintir Chiarraí.

Ciarán Walsh;an víoras crónach agus muintir Chiarraí.

 
An Saol ó Dheas: an chéad lá do Dheireadh Fómhair 2020.

An Saol ó Dheas: an chéad lá do Dheireadh Fómhair 2020.

 
An Dr. Darach Watson, Réalteolaí I Copenhagen.

An Dr. Darach Watson, Réalteolaí I Copenhagen.

 
Barra Ó Scanláin, Comhairleoir Pleanála Teanga úr sa Ghaeltacht Lár.

Barra Ó Scanláin, Comhairleoir Pleanála Teanga úr sa Ghaeltacht Lár.

 
An Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
Séamus Ó Fearraigh, Múinteoir agus Tuismitheoir.

Séamus Ó Fearraigh, Múinteoir agus Tuismitheoir.

 
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap.

An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap.

 
Michelle Nic Grianna, ó Sheomra na Nuachta.

Michelle Nic Grianna, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta: Déardaoin 01 Deireadh Fómhair 2020.

Barrscéalta: Déardaoin 01 Deireadh Fómhair 2020.

 
An tAthair Brian Ó Fearraigh, Coiste Ionad Óige Ghaobh Dobhair.

An tAthair Brian Ó Fearraigh, Coiste Ionad Óige Ghaobh Dobhair.

 
Tadhg Ó Duinnín, Coiste Forbartha Bhéal Átha an Ghaorthaidh.

Tadhg Ó Duinnín, Coiste Forbartha Bhéal Átha an Ghaorthaidh.

 
Colm Mac Donnchadha, Bleachtaire Sáirsint, Garda Síochána.

Colm Mac Donnchadha, Bleachtaire Sáirsint, Garda Síochána.

 
Séamus Ó Ceallacháin, Gaelscoil na Tríonóide, Eochaill, Corcaigh.

Séamus Ó Ceallacháin, Gaelscoil na Tríonóide, Eochaill, Corcaigh.

 
Declan Glynn, Ardrúnaí Cúnta, TUI.

Declan Glynn, Ardrúnaí Cúnta, TUI.

 
Pól Ó Dochartaigh, leas-uachtarán NUIG, Cathaoirleach Lár Oifig Iontrála.

Pól Ó Dochartaigh, leas-uachtarán NUIG, Cathaoirleach Lár Oifig Iontrála.

 
Aodhán Ó Riordáin, T.D. Lucht Oibre.

Aodhán Ó Riordáin, T.D. Lucht Oibre.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Déardaoin 01 Meán Fómhair 2020.

Adhmhaidin: Déardaoin 01 Meán Fómhair 2020.

 
Tús Áite: Mír na Meán

Tús Áite: Mír na Meán

 
Tús Áite: Stiúrthóir Cliniciúil nua Cervical Check

Tús Áite: Stiúrthóir Cliniciúil nua Cervical Check

 
Tús Áite: Díospóireacht Trump v Biden

Tús Áite: Díospóireacht Trump v Biden

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: Earráidí Ardteiste

Tús Áite: Earráidí Ardteiste

 
Tús Áite 30/9/20

Tús Áite 30/9/20

 
Áine Uí Fhoghlú;Féile Ealaíne na nDeise.

Áine Uí Fhoghlú;Féile Ealaíne na nDeise.

 
Ruairí Ó Donnabháin;Togra ealaíne cónaitheach Chléire

Ruairí Ó Donnabháin;Togra ealaíne cónaitheach Chléire

 
Séamus Ó Luing;Tuarascáil Grant Thornton

Séamus Ó Luing;Tuarascáil Grant Thornton

 
Tionscail na turasóireachta agus an baol do Chorcaigh?

Tionscail na turasóireachta agus an baol do Chorcaigh?

 
An Saol ó Dheas 30ú Mean Fhómhair 2020

An Saol ó Dheas 30ú Mean Fhómhair 2020

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Tús Áite

Tús Áite

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís