Nuacht an Tuaiscirt: 12 Márta

Nuacht an Tuaiscirt: 12 Márta

Tuilte

Tá bóithre faoi uisce, tá imní faoi thithe i gceantracha áirithe mar gheall ar thuilte agus tá roinnt custaiméirí gan aon chumhacht aibhléise san iarthuaisceart ar maidin de bharr na drochaimsire.  

Tá foláirimh aimsire stádas oráiste gaoithe i bhfeidhm anois i nDún na nGall agus beidh go meánlae áit a bhfuiltear ag tuar go mbeidh séideáin ghaoithe suas le 120 ciliméadar san uair.

 Don dara oíche as a chéile fágadh roinnt custaiméirí san iarthuaisceart gan aon chumhacht aibhléise mar gheall ar stoirm thoirní agus thintrí le linn na hoíche.  

Tá suas le 400 custaiméir go fóill gan cumhacht aibhléise maidin inniu sna Doirí Beaga agus i mBaile Dhún na nGall.  

Thit cuid mhór fearthainne le linn na hoíche fosta agus tá roinnt bóithre sa cheantar faoi uisce go háirithe bóithre i gceantracha cois cósta.  

Tá imní faoi thithe i gceantracha cois cósta fosta mar gheall ar thuillte.  

Bhí deacrachtaí aréir fosta ag tiománaithe a bhí ag taistil ar bhealach Chúil an Earagail mar gheall ar shneachta agus ar shiocán.

Údarás na Gaeltachta

Is ábhar mór imní do Údarás na Gaeltachta an tionchar a bheas ag an víreas corónach ar ghnóanna Gaeltachta, a dúirt Príomhfheidhmeananch an Údaráis, Mícheál Ó hÉanaigh.  

Tá an tÚdarás ag coinneáil súil ghéar ar chúrsaí, agus tá socraithe déanta le go mbeidh sé ar chumas an Údaráis leanstan dá gcuid seirbhísí fiú má bhíonn orthu cuid dá gcuid oifigí a dhruid, a dúirt sé.  

Níl aon chomhlacht ar leith dá gcliant chomhlachtaí a bhfuil imní orthu fúthu, de bharr na géarchéime, a dúirt sé, ach is rud é seo atá mar bhagairt ag achan ghnó, dar leis.

Plean Gnó

Tá athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar Phlean Gnó Leanúnachais Chomhairle Contae Dhún na nGall mar gheall ar ar chás an víris chorónaigh.  

Beidh cibé cinneadh atá agus a bheas a dhéanamh ag an Chomhairle, bunaithe ar an chomhairle is fearr atá ar fáil acu ó shaineolaithe leighis, a deir siad.  

Faoi láthair, tá sé ar chumas na Comhairle na seirbhísí ar fad atá faoina gcúram, a sholáthar, agus beidh cibé srianta a d'fheadfaí a theacht i bhfeidhm, gabháil a bheith bunaithe ar an chomhairle is fearr atá ar fáil go náisiúnta.

Deir an Chomhairle go n-aithníonn siad gur seans go mbeidh tréimhse dúshlánach roimh lucht gnó na contae, agus deir siad go mbeidh siad ag obair go dlúth le lucht gnó, más gá.

Tá treoracha don phobal maidir leis an dóigh is fearr le déileáil leis an ghéarchéim reatha, foilsithe ar shuíomh idirlíon na Comhairle Contae.

RA Pacáistí
 
Is fiú idir €7m agus €8m comhlacht RA Pacáistí ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair d'eacnamaíocht an cheantair, a dúradh ag cur i láthair a rinne Údarás na Gaeltachta do Chomhairleoirí Contae Cheantar Bardais na nGleanntach an tseachtain seo.  

Dúirt Donnchadh Ó Baoill ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil thar 200 duine fostaithe ag RA Pacáistí agus go bhfuil an comhlacht ag dul ó neart go neart.  

Táirgeann an comhlacht idir 10-15 milliún aonad sa tseachtain, agus iad ag tairgeadh ábhair pacáistí d'earnáil an bhídh do mhargaidh ar fud na hEorpa.  

Dúirt sé fosta gur fiú €2.4m comhlacht Fáisc Miotail Éireann Teoranta ar an Pháirc Ghnó d'eacnamaíocht an cheantair.  

Tá méadú de 25% ar an fhostaíocht i gcliant chomhlachtaí an Údaráis i nGaoth Dobhair, na Rosann agus i gCloich Cheann Fhaola ó 2011, a dúradh san chur i láthair a rinneadh dona Comhairleoirí Contae an tseachtain seo, agus 1,166 duine fostaithe ag cliant chomhlachtaí Údarás na Gaeltachta sa cheantar sin.  

Tá 254 gnó ag Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Thír Chonaill i láthair na huaire.

Fiosrúchán faoi bholadh

Tá comhad oscailte anois agus fiosrúchán oifigiúil curtha ar bun ag an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil maidir le gearán faoi bholadh láidir ceimicí ag eascairt ó ionad déantúsaíochta ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair.  

Deir an Ghníomhaireacht go mbeidh cuairteanna á dtabhairt acu anois ar an ionad gnó ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair mar pháirt dá bhfiosrúchán.  

Tá sé tugtha le fios ó shin ag Saotharlann Chomhairle Contae Dhún na nGall nach fios daofa go fóill cén chúis a bhí leis an bholadh ceimicí ón ionad gnó.

Luaigh an Chomhairle Contae gur chuir an EPA an dlí ar ghnó a Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair roimhe seo, de bharr nach raibh siad ag déileáil mar is ceart le boladh ceimicí ó mhonarcha.  

Tá an Chomhairle Contae chun treoir a thabhairt d'Oifigeach Sláinte Pobail an cheantair tuilleadh fiosrúcháin a dhéanamh faoina gearáin.

Folúntais

Tá fadhbanna postanna áirithe a líonadh i gComhairle Contae Dhún na nGall le tamall, go háirithe postanna in earnáil na hinnealtóireachta agus san tseirbhís phleanála.  

Tá sé ag tógáil i bhfad níos mó ama na folúntais seo a líonadh feasta, a dúirt Liam Mac an Bhaird, Stiúrthóir Rannóg Forbartha Pobail agus Seirbhísí Phleanála.  

Seans gur léargas é go bhfuil go leor postanna mar seo san earnáil phríobháideach anois, a dúirt sé.  

Tá ceithre cinn d'fholúntais do phostanna sinsearacha sna rannóga pleanála agus innealtóireachta faoi láthair.  

Tá sé deacair céimithe óga ón chontae a mhealladh ar ais go Dún na nGall i ndiaidh daofa céim a bhaint amach, agus is dúshlán mór é sin, dar le Liam Mac an Bhaird.

Buiséad Fhoras na Gaeilge

Is de bharr laghdaithe ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge le roinnt blianta agus an ciste teoranta atá ag an Fhoras do Scéim na gCompántas Drámaíochta 2020 nár ceadaíodh deontas d'Amharclann Ghaoth Dobhair, a dúradh i ráiteas ó Fhoras na Gaeilge.  

Deir siad gur scéim iomaíoch í seo ar a bhfuil éileamh mór ó bhliain go bliain agus mar sin nach bhfuil ar a gcumas, faoi láthair, deontas a cheadú d'achan iarratas a bhí incháilithe do scéim na bliana seo.  

Tá sé tugtha le fios acu go mbeidh siad i dteagmháil le hiarratasóirí nach bhfuair tairiscint maidir le deontas má chuirtear le buiséad na scéime amach anseo.

Dúirt Cathaoirleach bhord Amharclann Ghaoth Dobhair, Pól Mac Cumhaill, inné gur seans go mbeidh orthu gearradh siar ar a gclár drámaíochta don bhliain, de bharr an easpa maoinithe atá ar fáil.

Beo

Scoth an Déardaoin

Scoth an Déardaoin

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Deireadh le seirbhísí Ord Naomh Eoin

Tús Áite: Deireadh le seirbhísí Ord Naomh Eoin

 
Tús Áite: Córas 'soilse tráchta' don taisteal

Tús Áite: Córas 'soilse tráchta' don taisteal

 
Tús Áite: Cás dlí in aghaidh ne Breataine

Tús Áite: Cás dlí in aghaidh ne Breataine

 
Tús Áite: Earráidí Ardteiste

Tús Áite: Earráidí Ardteiste

 
Tús Áite: Tuairisc Denham

Tús Áite: Tuairisc Denham

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite 1/10/20

Tús Áite 1/10/20

 
Doireann Ní Ghlacáin : Láithreoir le Tg4

Doireann Ní Ghlacáin : Láithreoir le Tg4

 
Cass McKenna: Comhrá le Cass

Cass McKenna: Comhrá le Cass

 
Doireann Ní Ghríofa : Údar

Doireann Ní Ghríofa : Údar

 
Daire Ó Baoill : Glór na nGael

Daire Ó Baoill : Glór na nGael

 
Eimear McGovern: léirmheas ar leabharthaí

Eimear McGovern: léirmheas ar leabharthaí

 
Seán Ó hUallacháin : Corcaigh

Seán Ó hUallacháin : Corcaigh

 
Ceol beo: Seán Potts an píobaire

Ceol beo: Seán Potts an píobaire

 
Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 1/10

Bladhaire : Clár iomlan Déardaoin 1/10

 
Maidhc Bruic; trácht ar a bhaile dúchais,Baile Ghainín.

Maidhc Bruic; trácht ar a bhaile dúchais,Baile Ghainín.

 
Eoghan Corry; Aerfort Chiarraí.

Eoghan Corry; Aerfort Chiarraí.

 
Máiréad Uí Lionáird;Trácht ar Jamie Ó Muineacháin.

Máiréad Uí Lionáird;Trácht ar Jamie Ó Muineacháin.

 
Ciarán Walsh;an víoras crónach agus muintir Chiarraí.

Ciarán Walsh;an víoras crónach agus muintir Chiarraí.

 
An Saol ó Dheas: an chéad lá do Dheireadh Fómhair 2020.

An Saol ó Dheas: an chéad lá do Dheireadh Fómhair 2020.

 
An Dr. Darach Watson, Réalteolaí I Copenhagen.

An Dr. Darach Watson, Réalteolaí I Copenhagen.

 
Barra Ó Scanláin, Comhairleoir Pleanála Teanga úr sa Ghaeltacht Lár.

Barra Ó Scanláin, Comhairleoir Pleanála Teanga úr sa Ghaeltacht Lár.

 
An Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
Séamus Ó Fearraigh, Múinteoir agus Tuismitheoir.

Séamus Ó Fearraigh, Múinteoir agus Tuismitheoir.

 
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap.

An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap.

 
Michelle Nic Grianna, ó Sheomra na Nuachta.

Michelle Nic Grianna, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta: Déardaoin 01 Deireadh Fómhair 2020.

Barrscéalta: Déardaoin 01 Deireadh Fómhair 2020.

 
An tAthair Brian Ó Fearraigh, Coiste Ionad Óige Ghaobh Dobhair.

An tAthair Brian Ó Fearraigh, Coiste Ionad Óige Ghaobh Dobhair.

 
Tadhg Ó Duinnín, Coiste Forbartha Bhéal Átha an Ghaorthaidh.

Tadhg Ó Duinnín, Coiste Forbartha Bhéal Átha an Ghaorthaidh.

 
Colm Mac Donnchadha, Bleachtaire Sáirsint, Garda Síochána.

Colm Mac Donnchadha, Bleachtaire Sáirsint, Garda Síochána.

 
Séamus Ó Ceallacháin, Gaelscoil na Tríonóide, Eochaill, Corcaigh.

Séamus Ó Ceallacháin, Gaelscoil na Tríonóide, Eochaill, Corcaigh.

 
Declan Glynn, Ardrúnaí Cúnta, TUI.

Declan Glynn, Ardrúnaí Cúnta, TUI.

 
Pól Ó Dochartaigh, leas-uachtarán NUIG, Cathaoirleach Lár Oifig Iontrála.

Pól Ó Dochartaigh, leas-uachtarán NUIG, Cathaoirleach Lár Oifig Iontrála.

 
Aodhán Ó Riordáin, T.D. Lucht Oibre.

Aodhán Ó Riordáin, T.D. Lucht Oibre.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Déardaoin 01 Meán Fómhair 2020.

Adhmhaidin: Déardaoin 01 Meán Fómhair 2020.

 
Tús Áite: Mír na Meán

Tús Áite: Mír na Meán

 
Tús Áite: Stiúrthóir Cliniciúil nua Cervical Check

Tús Áite: Stiúrthóir Cliniciúil nua Cervical Check

 
Tús Áite: Díospóireacht Trump v Biden

Tús Áite: Díospóireacht Trump v Biden

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: Earráidí Ardteiste

Tús Áite: Earráidí Ardteiste

 
Tús Áite 30/9/20

Tús Áite 30/9/20

 
Áine Uí Fhoghlú;Féile Ealaíne na nDeise.

Áine Uí Fhoghlú;Féile Ealaíne na nDeise.

 
Ruairí Ó Donnabháin;Togra ealaíne cónaitheach Chléire

Ruairí Ó Donnabháin;Togra ealaíne cónaitheach Chléire

 
Séamus Ó Luing;Tuarascáil Grant Thornton

Séamus Ó Luing;Tuarascáil Grant Thornton

 
Tionscail na turasóireachta agus an baol do Chorcaigh?

Tionscail na turasóireachta agus an baol do Chorcaigh?

 
An Saol ó Dheas 30ú Mean Fhómhair 2020

An Saol ó Dheas 30ú Mean Fhómhair 2020

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Tús Áite

Tús Áite

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís