Nuacht an Tuaiscirt: 11 Márta

Nuacht an Tuaiscirt: 11 Márta

Taisme bóthair

Maraíodh fear ocht mbliana is fiche d'aois i dtaisme bóthar a tharla ar bhealach an N15 idir Baile Dhún na nGall agus Béal Átha Seanaigh aréir.

Tharla an taisme i dtrátha 11.30 ag Leathchaoin, Béal Átha Seanaigh nuair a bhuail dhá charr in éadan an chéile.  

Fuair an fear a bhí ag tiomáint, bás ar an láthair agus tugadh an dara tiománaí, bean sna seascaidí, atá gortaithe go holc, chuig Otharlann Shligigh.  

Tugadh triúr paisinéir chun na hotharlainne fosta ach tuigtear nach bhfuil siad gortaithe go holc.

Rinneadh damáiste do charr eile a bhí cóngarach don taisme ach níor gortaíodh aon duine a bhí sa charr sin.

Tá an bealach druidte ar maidin agus dhéanfar scrúduithe dlíeolaíoch ar an láthair inniu.  Tá an trácht a chur malairt slí.  

Tá na Gardaí ag iarraidh ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu faoin taisme teagmháil a dhéanamh leo.

Polasaí Pleanála Éigeandála

Tá iarratas déanta ag an Chomhairleoir Contae Marie Therese Ní Ghallachóir go mbeadh cruinniú práinneach roimh dheireadh na seachtaine seo de Choiste Polasaí Pleanála Éigeandála Chomhairle Contae Dhún na nGall le cás an víris corónach a phlé.

Dúirt sí ag cruinniú Choiste Cheantar Bardais na nGleanntach den Chomhairle Contae inné gur iarr sí ar Chathaoirleach na Comhairle Contae an cruinniú seo a ghairm ar bhonn práinne.  

Tá sé tábhachtach go mbeidh ceannaireacht a thaispeáint ag an Chomhairle Contae anois,  agus liosta a dhéanamh de dhóigheanna gur féidir leis an Chomhairle tacú le pobal Dhún na nGall má éiríonn an cás seo i bhfad níos measa.

Dúirt sí go bhfuil ionaid agus foirgnimh ag an Chomhairle Contae a d'fhéadfaí a chur ar fáil do Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte le cuidiú le déileáil leis an ghéarchéim, má bhíonn rudaí chomh holc sin.  

Caithfidh plean shoiléir a bheith ag an Chomhairle ar mar a bheas siad in ann déileáil le cibé géarchéim a d'fhéadfaí eascairt ón víris corónach, a dúirt sí.

Sinn Féin

Beidh ollchruinniú ar an idirlíon ag páirtí Shinn Féin anocht, mar pháirt den chomhrá náisiúnta a bhí a eagrú acu le pobal na tíre, agus a b'éigean a chur ar athló de bharr an víris corónach.  

Dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh gur dóigh éifeachtach é seo le plé a dhéanamh leis an phobal faoina rudaí atá tábhachtach don phobal.  

Seo an chéad uair ag páirtí polaitíochta a leithid seo a eagrú sa tír.

Dhéanfaidh an Teachta Dála Matt Carty Cathaoirleacht ar an chruinniú ar líne ar a 7.00 tráthnóna, agus beidh ceisteanna a bhfreagairt ag Ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, agus na Teachtaí Piaras Ó Dochartaigh, Louise O'Reilly agus Eoin Ó Broin.  

Dúirt an Teachta Ó Dochartaigh go bhfuil cainteanna comhrialtas ag leanstan ar aghaidh agus go raibh cruinnithe dearfacha acu an tseachtain seo leis an Chomhaontas Glas agus na Neamhspleáchaí.  

Tá sé thar am anois ag páirtithe a n-intinn a dhéanamh suas an bhfuil siad ag iarraidh a bheith i Rialtas nó nach bhfuil, a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh.

Affidea

Níl ionaid an chomhlachta Affidea i Leitir Ceanainn nó i Sligeach ag glacadh le hothair le ionfhabhtaithe riospráide de bharr an víris corónach.  

Tá an comhlacht ag iarraidh ar othair a bhfuil fadhbanna riospráide acu a dhul chuig a ndochtúir teaghlaigh.  

Deir Affidea ar shuíomh idirlíon an chomhlachta go n-iarrfaidh siad ar othair a thagann chuig a gcuid ionaid agus ionfhabhtaithe riospráide orthu, an t-ionad a fhágáil.  

Tá 11 ionad ag Affidea ar fud na tíre, ó Bhéal Feirste go Corcaigh. 

Amharclann Ghaoth Dobhair 

Is ábhar díomá do Amharclann Ghaoth Dobhair agus Aisteoirí Ghaoth Dobhair nach bhfuil Foras Na Gaeilge in ann maoiniú a chur ar fáil dóibh faoi scéim na gcompántas Drámaíochta 2020.  

Deir Foras Na Gaeilge gur easpa airgid i mbuiséad na Scéime is cúis le seo, do réir ráiteas atá eisithe ag Amharclann Ghaoth Dobhair.  

Fágann an cinneadh seo go mbeidh gearradh siar le déanamh ar chlár drámaíochta na hamharclainne arís i mbliana, a deirtear sa ráiteas.  

Níl eolas ag Coiste na hAmharclainne ó Rannóg na hearnála Phoiblí agus na healaíona ar na Compántais a fuair maoiniú ón Fhoras faoin scéim ach is cinnte go bhfuil fadhb mhór ann maidir le tacaíocht do Dhrámaíocht na Gaeilge ón Fhoras le blianta, a deirtear sa ráiteas.

Meabhairshláinte

Tá Fiona Nic Giolla Chomhaill as an Ardaí Bheag, Gort an Choirce ceaptha mar Phríomh Fheidhmeannach ar an eagraíocht Athchóiriú Meabhair Shláinte.  

Tá sí ina stiúrthóir ar Ghréasán Eorpach na heagraíochta End FGM, atá i mbun feachtais chun deireadh a chur le Ciorrú Giniúna Ban, agus tá sí lonnaithe sa Bhruiséil faoi láthair.

Dúirt Fiona Nic Giolla Chomhaill go bhfuil sí ag súil go mór lena cuid cúramaí úra leis an eagraíocht Athchóiriú Meabhair Shláinte, agus go háirithe ag iarraidh go mbeidh níos mó infheistíochta a dhéanamh i seirbhísí meabhairshláinte le go dtabharfaí an aire agus an cúram ceart do dhaoine nuair atá sé uathu.  

Cuirfidh sí tús lena cuid oibre leis an eagraíocht ar an 20ú lá de mhí Aibreán.

Teach Danny Minnie

Bronnadh an gradam don bhialann is fearr i nDún na nGall ar Theach Danny Minnie, Anagaire ag ócáid bhronnta ghradam do na Bialanna is fearr i gCúige Uladh, a bhí ar siúl ar an Chabháin aréir.  

D'éirigh le hÓstán Harveys Point trí ghradam a bhaint ar an oíche, an gradam don chócaire is fearr, Colin Mc Kee, an gradam don tseirbhís custaiméir is fearr agus an gradam don fhíon is fearr.

I measc na mbuaiteoirí eile ar an oíche bhí Bialann an Boathouse sna Cealla Beaga don bhialann úr is fearr, agus Teach Tábhairne an Rusty Mackerel i dTeileann, don teach tábhairne leis an bhia is fearr sa chontae.

D'fhreastal níos mó ná 600 duine ó bhialanna Chúige Uladh ar an ócáid aréir a bhí ar siúl in Óstán an Slieve Russell.

Beo

Spórt an tSathairn

Spórt an tSathairn

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Ruathar Ceoil

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Seamus Ó Fatharta ó TechSpace.

Seamus Ó Fatharta ó TechSpace.

 
An Grúpa Ceoil The Fast Company – Niall Teague, Padraig Seoighe agus Neil Fitzgibbon

An Grúpa Ceoil The Fast Company – Niall Teague, Padraig Seoighe agus Neil Fitzgibbon

 
Diarmaid Ó Mathúna, Údar Mo Food Blog, Cocaire i mbialann Nash19.

Diarmaid Ó Mathúna, Údar Mo Food Blog, Cocaire i mbialann Nash19.

 
Mary Aggie, beo ar Bladhaire.

Mary Aggie, beo ar Bladhaire.

 
Tadhg Mac Dhonnagáin ó Futa Fata.

Tadhg Mac Dhonnagáin ó Futa Fata.

 
Póilín Nic Geidigh, Banríon na bingéala.

Póilín Nic Geidigh, Banríon na bingéala.

 
Máire Treasa Ní Cheallaigh, Síceolaí Spóirt.

Máire Treasa Ní Cheallaigh, Síceolaí Spóirt.

 
Colm Mac Gearailt.

Colm Mac Gearailt.

 
Bladhaire - Clár iomlán - 270320.

Bladhaire - Clár iomlán - 270320.

 
Eddie Ó Duibhir.

Eddie Ó Duibhir.

 
Diane Ní Chanainn.

Diane Ní Chanainn.

 
Deaglán Ó Dochartaigh.

Deaglán Ó Dochartaigh.

 
Andy Caomhanach.

Andy Caomhanach.

 
Paddy Browne.

Paddy Browne.

 
Fidelama Ní Dhochartaigh.

Fidelama Ní Dhochartaigh.

 
Frances Nic Géadaigh & Fr Nigel Ó Fearraigh.

Frances Nic Géadaigh & Fr Nigel Ó Fearraigh.

 
Barrscéalta Dé hAoine.27-03-2020.

Barrscéalta Dé hAoine.27-03-2020.

 
An tAthair Nigel Ó Gallchóir , Sagart Paróiste Anagaire.

An tAthair Nigel Ó Gallchóir , Sagart Paróiste Anagaire.

 
Conor  McGuinness, Comhairleoir Condae, Port Láirge.

Conor McGuinness, Comhairleoir Condae, Port Láirge.

 
Ciarán O hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Ciarán O hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

 
Dr Colm Ó Móráin, Ospidéal an Beacon, Baile Átha Cliath.

Dr Colm Ó Móráin, Ospidéal an Beacon, Baile Átha Cliath.

 
Pádraig Ó Fátharta, Cumann Lúthchleas Gael, Árainn.

Pádraig Ó Fátharta, Cumann Lúthchleas Gael, Árainn.

 
Somhairle Mag Uidhir, Raidió Fáilte.

Somhairle Mag Uidhir, Raidió Fáilte.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin.

Adhmhaidin.

 
Dara Ó Cinnéide.

Dara Ó Cinnéide.

 
Molly Hester, innealtóir agus ceoltóir as Meiriceá.

Molly Hester, innealtóir agus ceoltóir as Meiriceá.

 
Brídín Ní Mhaoldomhnaigh no Katy Daly i Ros na Rún.

Brídín Ní Mhaoldomhnaigh no Katy Daly i Ros na Rún.

 
Kate Mc Daid ón chomhlacht Nutrikate, comhairleoir bia sláintiúil.

Kate Mc Daid ón chomhlacht Nutrikate, comhairleoir bia sláintiúil.

 
Eimear  Mc Govern.

Eimear Mc Govern.

 
Corey Hanna, o Gaelscoil Eadaoin Mhór I nDoire.

Corey Hanna, o Gaelscoil Eadaoin Mhór I nDoire.

 
Bladhaire, Clár Iomlán - 260320

Bladhaire, Clár Iomlán - 260320

 
An Dochtúr Tony Delap.

An Dochtúr Tony Delap.

 
An Seanadóir Brian Ó Domhnaill.

An Seanadóir Brian Ó Domhnaill.

 
Ionaid Pobail an Iar Thuaisceirt .

Ionaid Pobail an Iar Thuaisceirt .

 
Paula Nic Gairbheith. DLDC

Paula Nic Gairbheith. DLDC

 
Micheál Mac Giolla Easpaig.

Micheál Mac Giolla Easpaig.

 
Frances Nic Géadaigh.

Frances Nic Géadaigh.

 
Barrscéalta Déardaoin 26-03-2020.

Barrscéalta Déardaoin 26-03-2020.

 
Cian Mac Cárthaigh, Léiritheoir Home School Hub de chuid Macalla Teo

Cian Mac Cárthaigh, Léiritheoir Home School Hub de chuid Macalla Teo

 
An Dlíodóir Antoin Delap.

An Dlíodóir Antoin Delap.

 
Caoimhín Ó Baoill.

Caoimhín Ó Baoill.

 
An Dr.Tony Delap.

An Dr.Tony Delap.

 
Maighréad Nic Ruairí.

Maighréad Nic Ruairí.

 
An TD. Piaras Ó Dochartaigh.

An TD. Piaras Ó Dochartaigh.

 
An tAire Oideachais Joe Mc Hugh.

An tAire Oideachais Joe Mc Hugh.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

 
Load More...
Tús Áite

Tús Áite

Barrscéalta

Barrscéalta

Bladhaire

Bladhaire

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Iris Aniar

Iris Aniar

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís