Nuacht an Tuaiscirt: 13 Feabhra

Nuacht an Tuaiscirt: 13 Feabhra

Ionsaithe gnéis

Gearradh téarma príosúnachta dhá bhliain, le sé mhí ar fionraí, ar fhear as Dún na nGall sa Phríomh Chúirt Choiriúil a fuarthas ciontach as ionsaithe gnéis a dhéanamh ar a mhac uchtaithe.  

Fuarthas an fear 57 bliain d'aois nach féidir a ainmniú leis an íobartach a chosaint ciontach as cúiseanna ionsaithe gnéis i mí na Nollag.  

Bhí an íobartach idir trí bliana déag agus cúig bliana déag d'aois nuair a tharla na hionsaithe.

Phléadáil an fear neamhchiontach as seacht gcúis éigniú béil agus fuair an giúiré é neamhchiontach i mí na Nollag as na cúiseanna áirithe sin ach ciontach as ionsaithe gnéis de stádas níos ísle a dhéanamh ar an íobartach in 2003 agus 2004.  

Thug an breitheamh Carmel Stewart le fios inniu go dtáinig na cúiseanna eile ionsaithe gnéis chun cinn mar gheall ar eolas deonach a thug dlíodóir an chosantóra le linn na trialach.

Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse

Tá cáineadh déanta ar an Chlár Náisiúnta Rialaithe Ailse mar nach bhfuil cead tugtha Clinic Ailse Phróstataigh a chur ar fáil ag Otharlann Leitir Ceanainn.  

Léiríonn figiúirí go raibh thart ar 120 cás ailse phróstataigh san otharlann anuraidh.  

Tugadh le fios ag comhdháil i nDún na nGall le gairid go bhfuil an dara dochtúir comhairleach úireolaíochta ceadaithe d'Otharlann Leitir Ceanainn ach go bhfuil an NCCP ag diúltú cead a thabhairt a ghabháil ar aghaidh agus clinic a bhunú.

Otharlann Pobail an Chlocháin Léith

Is cosúil go gcaithfidh daoine a bhí ag brath ar sheirbhís dochtúir cos in Otharlann Pobail an Chlocháin Léith taisteal go Leitir Ceanainn nó go Baile Dhún na nGall don tseirbhís sin feasta, a dúirt an Dochtúir Teaghlaigh, Tony Delap.

Dúirt sé go raibh go leor pinsinéirí agus daoine le diaibéiteas ag brath go mór ar an tseirbhís seo in Otharlann Pobail an Chlocháin Léith, agus dúirt sé nár tugadh aon réamh fhógra, go raibh deireadh le cur leis an tseirbhís cúram cos ar an Chlochán Liath.  

Dúirt sé fosta go bhfuil ciorraithe san tseirbhís urlabhartha ar an Chlochán Liath le cois seirbhísí fisiteiripe.

Ceamaraí luais

Tá sé tugtha le fios ag an Gharda Síochána go mbeidh ceamaraí luais úra a gcur i bhfeidhm i nDún na nGall ó De Luain seo chugainn ar aghaidh.

Is iad na bealtaí úra atá i gceist i nDún na nGall nó cuar bhóthar an R238 thart ar leithinis Inis Eoghain, bealach an N13 idir Leitir Ceanainn agus Doire, an bealach idir Leitir Ceanainn agus Leifear, bealach an N56 idir Baile Dhún na nGall agus Leitir Ceanainn, bealach an R246 ó Bhaile na nGallóglach go Port an tSalainn agus bealach an R242 go Ceann Mhálainne.

Beidh cúig cinn de cheamaraí a gcur in airde ar bhóithre idir Leitir Ceanainn agus Doire, agus idir Leitir Ceanainn agus Leifear, ceithre cinn ar bhealach an N56 ó Bhaile Dhún na nGall go Leitir Ceanainn, trí cinn ar an bhealach a cheanglaíonn an Chonmhaigh, Rath Bhotha agus Srath an Urláir, dhá cheamara ó Leitir Ceanainn go Srath an Urláir agus ceamara amháin ar na bóithre Cill Aodha go Baile Úr Uí Chuinneagáin, Leitir Ceanainn go Rath Mealtáin, Leitir Ceanainn go dtí'n Chraoslach, agus Baile na nGallóglach go Port an tSalainn.  

Ní bheidh ach 2.1% dona ceamraí luais úra atá le cur in airde ar fud na tíre a bhfeistiú i nDún na nGall.

Aeráid 

Dúirt Liam Mc Hale, Stiúrthóir Gnóthaí Eorpacha Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann ag cruinniú i Leitir Ceanainn an tseachtain seo go bhfuil iarrachtaí móra ar bun leis an Eoraip a dhéanamh neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050.

Dúirt sé ag cruinniú cinn bhliana de Chraobh Dhún na nGall den chumann go mbeidh an timpeallacht níos dúshlánaí don earnáil talmhaíochta sna blianta amach romhainn agus go mbeidh iarrachtaí móra ar bun astaíochta carbóin a laghdú.  

Thug sé eolas ar Scéim úr Glas atá fógartha, polasaithe úra a bhéas a gcur i bhfeidhm ag Coimisiún na hEorpa leis an Eoraip a dhéanamh neodrach ó thaobh na haeráide de.

Tithíocht le feabhsú

Táthar dóchasach go gcuirfear tús leis an obair fheabhsúcháin ar Aonaid Tithíochta ar leis an eagraíocht Respond ar an Chlochán Liath go luath.  

Tá tairiscintí a lorg ó Chonraitheoirí Tógála faoi láthair leis an obair a chur i gcrích ar 8 n-aonad tithíochta ina mbeidh dhá sheomra codlata i ngach Aonad.  

Cuirfear na tithe ar fáil do dhaoine atá ar liosta feithimh tithíochta na Comhairle Contae.

Dúirt an Comhairleoir Micheál Choilm Mac Giolla Easpaig go bhfáiltíonn sé roimh an scéala, ach dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach anois brú a chur ar an eagraíocht Clúid a bhfuil 12 Aonad acu ar an Chlochán Liath leis na hAonaid seo a chur in oiriúint do thithíocht shóisialta chomh maith.

Campas oideachais

Tá sé socraithe cruinniú a ghairm go luath idir Comhairle Contae Dhún na nGall, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall agus oifigigh ón Roinn Oideachais le plé a dhéanamh ar na pleananna campas oideachais ar a mbeidh trí scoil lonnaithe a fhorbairt i mBun Crannacha.  

Deir an Comhairleoir Contae Jack Murray go bhfuiltear ag glacadh leis anois nach féidir a leithid de champas a fhorbairt agus thrácht sé dona deacrachtaí suíomh a aimsiú a bheadh fóirsteanach don champas.  

Dúirt an Comhairleoir Murray, atá ar bhord bainistíochta Choláiste Crana, gur an príomhaidhm atá ag Coláiste Crana nó foirgneamh úr a fháil don scoil, forbairt a bhfuil géarghá leis ag Coláiste Crana.

Cead pleanála

Aontaíodh gur cheart do Chomhairleoirí Contae Dhún an nGall castáil le Teachtaí Dála Dhún na nGall leis na deacrachtaí millteanacha atá ag daoine cead pleanála a fháil a phlé.

Dúirt an Comhairleoir Contae Anthony Molloy go gcaithfear rud inteacht a dhéanamh faoi na fadhbanna atá ag daoine cead pleanála a fháil,  go háirithe ar bhealach an N56.  

Dúirt sé nach bhfuil an chumhacht ag an Chomhairle Contae agus go gcaithfear an cheist a thógáil ag leibhéil náisiúnta leis na polasaithe atá leagtha síos a athrú.  

Dúradh ag an chruinniú go bhfuil go leor teaghlaigh óga ar mhaith leo teach a thógáil ar a dtalamh féin ach go bhfuil deacrachtaí millteanacha acu cead pleanála a fháil.

N56

Tá an obair atá ar siúl ar bhealach an N56 ón Chlochán Liath go dtí na Gleanntaí ag leanstan ar aghaidh go maith, a dúirt Fergus Towey, Innealtóir Sinsearach le hOifig Deartha na mbóithre Náisiúnta, ag cruinniú de Choiste Ceantar Bardais na nGleanntach an tseachtain seo.  

Dúirt sé go bhfuil Bonneagair Iompar Éireann thar a bheith sásta leis an obair agus go mbeidh plé go luath an scéim a leathnú.

Dúirt Fergus Towey go gcuirfear tús leis an obair ón Chlochán Liath go dtí'n Chloch Bhuile i gceann cúpla seachtain, agus go gcuirfear tús leis an obair ar an phíosa bealaigh idir Cill Riain agus Leitir Fhilligh sa tSamhradh.  

Dúirt sé go ndéanfar plé ansin ar obair dheisiúcháin a dhéanamh ar  phíosaí bealaigh eile mar an bealach ón Chlochán Liath go Gaoth Dobhair agus an bealach ag Five Points go Cill Riain.    

Árainn Mhór

Beidh feidhmeannaigh ó Roinn na Gaeltachta ag castáil le pobal oileán Árainn Mhór inniu le haiseolas a fháil uathu faoi riachtanais an oileáin.  

Tabharfar deis inniu do phobal Árainn Mhór cur síos a dhéanamh ar na dúshláin atá bainteach le cónaí ar oileán le cois na riachtanais atá acu mar phobal oileáin.  

Is ó 11.30 go dtí'n 1.00 a bheas sé seo ar siúl i gCultúrlann an oileáin.  

Casfaidh feidhmeannaigh na Roinne le daltaí agus foireann teagaisc Ghairmscoil Mhic Diarmada ar an oileán ar maidin inniu.

Deir Bainisteoir Chomharchumann Oileán Árainn Mhór, Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh, gur deis iontach é seo do phobal an oileáin lena dtuairimí a chur os comhar Roinn na Gaeltachta.

Bhí an seisiún seo le bheith ar siúl ar an 14ú lá den mhí s'chuaigh thart, ach cuireadh ar ceal é ag an am.

Beo

Scoth an Déardaoin

Scoth an Déardaoin

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Caitlín Ní Chualáin;Tair an Ghaillimh

Caitlín Ní Chualáin;Tair an Ghaillimh

 
Doireann Ní Ghlacáin agus Brian O Loughlin; caint agus ceol

Doireann Ní Ghlacáin agus Brian O Loughlin; caint agus ceol

 
Cárthach Mac Craith;Athchúrsáil ar bheoir!

Cárthach Mac Craith;Athchúrsáil ar bheoir!

 
An Saol ó Dheas 13ú Lúnasa 2020

An Saol ó Dheas 13ú Lúnasa 2020

 
Deirdre Ni Bhraonáin, ó Chluain na dTor.

Deirdre Ni Bhraonáin, ó Chluain na dTor.

 
Bríd Connor as Bun Dobhráin.

Bríd Connor as Bun Dobhráin.

 
Micheál Ó Duibhir ón GTeic ar Pháirc Gnó Ghaoth Dobhair.

Micheál Ó Duibhir ón GTeic ar Pháirc Gnó Ghaoth Dobhair.

 
An Dr. Eamonn Coyle, Dochtúir Teaghlaigh i Leitir Ceanainn.

An Dr. Eamonn Coyle, Dochtúir Teaghlaigh i Leitir Ceanainn.

 
Joseph Molloy ó Ollmhargadh Molloys, sna Doirí Beaga agus Eddie Mac Pháidín, ó Ollmhargadh Centra ar an Fhál Carrach.

Joseph Molloy ó Ollmhargadh Molloys, sna Doirí Beaga agus Eddie Mac Pháidín, ó Ollmhargadh Centra ar an Fhál Carrach.

 
Frances Nic Geadaigh ó seomra na Nuachta.

Frances Nic Geadaigh ó seomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár Iomlán, 13/08/2020.

Barrscéalta, Clár Iomlán, 13/08/2020.

 
Póilín Ní Chiaráin, Iriseoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, Iriseoir, Béal Feirste.

 
Nuala Ní Chonghaile, Tuairisceoir RTÉ Raidió na Gealtachta.

Nuala Ní Chonghaile, Tuairisceoir RTÉ Raidió na Gealtachta.

 
Frances Nic Géadaigh, Tuairisceoir RnaG, & Shane Smyth, Oifigeach Turasóireachta Bhun Dobhráin.

Frances Nic Géadaigh, Tuairisceoir RnaG, & Shane Smyth, Oifigeach Turasóireachta Bhun Dobhráin.

 
An Dr. Paul Morrison, Dochtúir Teaghlaigh.

An Dr. Paul Morrison, Dochtúir Teaghlaigh.

 
An tOllamh Breandán Mac Suibhne, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

An tOllamh Breandán Mac Suibhne, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

 
Irial Ó Ceallaigh, Déiseach i mBéal Feirste.

Irial Ó Ceallaigh, Déiseach i mBéal Feirste.

 
Daithí Ó Cualáin, Comhairleoir Contae.

Daithí Ó Cualáin, Comhairleoir Contae.

 
Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.

Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmaidin: Déardaoin 13 Lúnasa 2020.

Adhmaidin: Déardaoin 13 Lúnasa 2020.

 
Seán Ó Ceallaigh; Ómós don dTeachta Dála PJ Sheahan atá ar lár

Seán Ó Ceallaigh; Ómós don dTeachta Dála PJ Sheahan atá ar lár

 
Risteard Ó Fuaráin;Cros i mBaile Uí Thaidhg

Risteard Ó Fuaráin;Cros i mBaile Uí Thaidhg

 
Seán Óg Ó Duinín;Prappáil d'oscailt na scoile

Seán Óg Ó Duinín;Prappáil d'oscailt na scoile

 
Tuairisc ar imeachtaí 1920 i gCorcaigh.

Tuairisc ar imeachtaí 1920 i gCorcaigh.

 
Aoife Grainbhéil;Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne.

Aoife Grainbhéil;Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne.

 
An Saol ó Dheas 12ú Lúnasa 2020

An Saol ó Dheas 12ú Lúnasa 2020

 
Margaret Doohan, ó Lóistín na Seamróige ar an Fhál Carrach

Margaret Doohan, ó Lóistín na Seamróige ar an Fhál Carrach

 
Paddy Browne, comhairleoir talmhaíochta le Teagasc.

Paddy Browne, comhairleoir talmhaíochta le Teagasc.

 
Seán Ó Daimhín, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Condae Dhún na nGall.

Seán Ó Daimhín, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Condae Dhún na nGall.

 
Seán Ó Conacháin, as an Fhál Carrach.

Seán Ó Conacháin, as an Fhál Carrach.

 
Áine Ní Bhreisleáin, sheomra na nuachta.

Áine Ní Bhreisleáin, sheomra na nuachta.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 12/08/2020

Barrscéalta, Clár iomlán, 12/08/2020

 
Nóirín Ní Mhaoldomhnaigh, Bainisteoir Chomharchumann Árainn Mhóir

Nóirín Ní Mhaoldomhnaigh, Bainisteoir Chomharchumann Árainn Mhóir

 
Breandán Mac Gearailt, Comhairleoir Contae.

Breandán Mac Gearailt, Comhairleoir Contae.

 
Breandán Ó Dufaigh, Príomhoide Choláiste Oiriall i Muineachán.

Breandán Ó Dufaigh, Príomhoide Choláiste Oiriall i Muineachán.

 
Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Teanga.

Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Teanga.

 
Pádraig Mac an Iomaire, Comhairleoir Condae.

Pádraig Mac an Iomaire, Comhairleoir Condae.

 
Majella Uí Ghallachóir, Acaill.

Majella Uí Ghallachóir, Acaill.

 
Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.

Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé Céadaoin 12 Lúnasa 2020.

Adhmhaidin: Dé Céadaoin 12 Lúnasa 2020.

 
An Saol ó Dheas 11ú Lúnasa 2020

An Saol ó Dheas 11ú Lúnasa 2020

 
Sonia Nic Giolla Easpaig ó Choiste 'Bád Eddie'.

Sonia Nic Giolla Easpaig ó Choiste 'Bád Eddie'.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís